Committee Reports::Report - Proceedings and Minutes of Evidence - Exclusion of Certain Duly Authorised Visitors::11 April, 1934::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 11° Abrán, 1934.

Wednesday, 11th April, 1934.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: An Cathaoirleach (i gCeannas), an Leas-Chathaoirleach, Siobhán Bean an Phaoraigh, Séamus Dubhglas, Tomás Mac Eoin, Muiris O Mórdha, Brian O Ruairc agus Risteárd Mac Liam.


3. An leitir d’orduigh an Coiste d’ullamhú agus do dhíriú chun Cléireach na Dála, do cuireadh fé bhráid an Choiste í agus do haontuíodh léi agus do horduíodh í do chur ar aghaidh.


Tá an leitir seo cló-bhuailte in alt 22 de Thuarasgabháil an Choiste.


4. Do thairg Tomás Mac Eoin:


“That the Clerk of the Dáil be supplied with a transcript of those parts of the evidence given by the Superintendent of the Oireachtas on which the letter addressed to the Clerk of the Dáil was based.”


Ceist curtha agus diúlta.


Do thairg Séamus Dubhglas:


“That if the Clerk of the Dáil asks for a transcript of the relative parts of the evidence to be supplied to him he shall be furnished with them.”


Ceist curtha agus aontuithe.


5. Chinn an Coiste a iarraidh ar an gCathaoirleach tuarasgabháil ar an bhfianaise do bhí faighte ag an gCoiste go dtí sin d’ullamhú agus í do chur fé bhráid an Choiste ag an gcéad chuinniú eile.


6. Chuaidh an Coiste ar ath-ló 12.15 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Céadaoin, 18° Abrán.