Committee Reports::Report No. 01 - Procedure and Privileges (the Incapacity of James Larkin for Membership of the Oireachtas)::09 March, 1928::Report

CEAD THUARASGABHAIL ON gCOISTE.

1. Na ceisteanna do cuireadh chun an Choiste leis an Rún do rith an Dáil Dé hAoine, an 2adh lá de Mhárta, 1928—


(1) an éinne amháin Séamus O Lorcáin go bhfuil Halla na hAondachta 31 Sráid Mhaoilbhrighde i gCathair Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairisc air agus do luaidh an Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar Bhuirge Bhaile Atha Cliath Thuaidh ina fhreagra mar dhuine den ochtar do toghadh chun fónamh sa Dáil don Dáilcheanntar san sa Toghachán Ghenerálta do bhí ann an 15adh lá de Mheán Fhomhair 1927 agus Séamus O Lorcáin go bhfuil 54 Slí na Beithchoille Raghnallach i gContae Bhaile Atha Cliath Timthire Oibreachais curtha síos mar thuairisc air agus ar ar thug Cúirt cheart-údaráis i Saorstát Eireann breith é do bheith ina dhuine ghnó-bhriste an 21adh lá de Mhí na Samhna 1924; agus


(2) más éinne amháin Séamus O Lorcáin go bhfuil Halla na hAondachta 31 Sráid Mhaoilbhrighde i gCathair Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairisc air agus Séamus O Lorcáin go bhfuil 54 Slí na Beithchoille Raghnallach i gContae Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairise air ar dhuine gnó-bhriste fé bhreith Chúirte ceart-údaráis i Saorstát Eireann ar an 15adh lá de Mheán Fhomhair 1927 Séamus O Lorcáin sin go bhfuil Halla na hAondachta 31 Sráid Mhaoilbhrighde i gCathair Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairisc air,


tá an Coiste tar éis féachaint isteach ionta.


Cna. 1-22.


2. Do scrúduigh an Coiste fíleanna oifigiúla áirithe agus d’éisteadar fínnéacht ón gCeann Comhrimh do Dháilcheanntar Bhuirge Bhaile Atha Cliath Thuaidh i dToghachán Ghenerálta Mheán Fhomhair 1927.


3. De bharr an scrúduithe sin, agus de bharr na fínnéachta do tugadh i láthair an Choiste, tuairiscíonn an Coiste gur deimhin leis gur dhuine gnó-bhriste fé bhreith Chúirte ceart-údaráis i Saorstát Eireann ar an 15adh lá de Mheán Fhomhair, 1927, Séamus O Lorcáin go bhfuil Halla na hAondachta, 31 Sráid Mhaoilbhrighde i gCathair Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairisc air agus do luaidh an Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar Bhuirge Bhaile Atha Cliath Thuaidh ina fhreagra mar dhuine den ochtar do toghadh chun fónamh sa Dáil don Dáilcheanntar san sa Toghachán Ghenerálta do bhí ann ar an dáta san.


4. Dá dhruim sin tugann an Coiste freagra aontuitheach ar an dá cheist do cuireadh chuige sa Rún do rith an Dáil Dé hAoine, 2adh Márta, 1928.


(Sighnithe)


MÍCHEÁL O hAODHA.


Cathaoirleach.


9adh Márta, 1928.