Committee Reports::Report No. 01 - Procedure and Privileges (the Incapacity of James Larkin for Membership of the Oireachtas)::07 March, 1928::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 7adh Márta, 1928.

Wednesday, 7th March, 1928.

1. Do tháinig an Coiste le chéile ar 11.20 a.m. i Seomra Coiste a 106.


2. Bhí na baill seo leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (i gCeannas); Proinnsias O hAodhagáin, Gearóid O Beolláin, Brian Cúipéir, Eamon O Dúgáin, Peadar O Dubhghaill, Seán Mac an tSaoi, Tadhg O Donnabháin, Séan O hAnnluain agus Gearóid O Súilleabháin.


Bhí an Leas-Cheann Comhairle i láthair ag an gcruinniú leis.


3. Maidir le Seamus O Lorcain.


Do breithníodh an Rún do rith an Dáil Dé hAoine, 2adh Márta, 1928.


Do chuaidh an Coiste i gcomhairle.


Orduithe: A iarraidh ar Lorcán Scorlóg, LL.D., Fo-Shirriam Chathair Bhaile Atha Cliath teacht i láthair an Choiste ag cruinniú ar 10 a.m. amáireach (Déardaoin) 8adh Márta, chun é do cheistniú i dtaobh nithe le n-a mbaineann téarmaí tagartha an Choiste, agus, go sonnrách, i dtaobh cé hé Séamus O Lorcáin a hainmníodh mar iarrthóir do Dháilcheanntar Bhuirge Bhaile Atha Cliath Thuaidh i dToghachán Ghenerálta Mheán Fhomhair, 1927 [Gearóid O Súilleabhain.]


9. Do cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.50 p.m. go dtí 10 a.m. maidin amáireach.