Committee Reports::Report No. 01 - Procedure and Privileges (the Incapacity of James Larkin for Membership of the Oireachtas)::09 March, 1928::Orders of Reference

ORDU TAGARTHA.

2adh Márta, 1928:—Beartuithe: Na ceisteanna—


(1) an éinne amháin Séamus O Lorcáin go bhfuil Halla na hAondachta 31 Sráid Mhaoil-bhrighde i gCathair Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairisc air agus do luaidh an Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar Bhuirge Bhaile Atha Cliath Thuaidh ina fhreagra mar dhuine den ochtar do toghadh chun fónamh sa Dáil don Dáil-cheanntar san sa Toghachán Ghenerálta do bhí ann an 15adh lá de Mheán Fhomhair 1927 agus Séamus O Lorcáin go bhfuil 54 Slí na Beithchoille Raghnallach i gContae Bhaile Atha Cliath Timthire Oibreachais curtha síos mar thuairisc air agus ar ar thug Cúirt cheart-údaráis i Saorstát Eireann breith é do bheith ina dhuine ghnó-bhriste an 21adh lá de Mhí na Samhna 1924; agus


(2) más éinne amháin Séamus O Lorcáin go bhfuil Halla na hAondachta 31 Sráid Mhaoil-bhrighde i gCathair Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairisc air agus Séamus O Lorcáin go bhfuil 54 Slí na Beithchoille Raghnallach i gContae Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairisc air ar dhuine gnóbhriste fé bhreith Chúirte ceartúdaráis i Saorstát Eireann ar an 15adh lá de Mheán Fhomhair 1927 Séamus O Lorcáin sin go bhfuil Halla na hAondachta 31 Sráid Mhaoilbhrighde i gCathair Bhaile Atha Cliath curtha síos mar thuairisc air,


do chur chun an Choiste ar Nósimeachta agus Príbhléidí chun fiosrú agus tuairisciú do dhéanamh ortha;


Comhacht do thabhairt don Choiste ar Nós-imeachta agus Príbhléidí fios do chur ar dhaoine ar pháipéirí agus ar bhreacacháin chun crícheanna a fhiosrúcháin.