|
IMEACHTA AN CHOISTE.PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Déardaoin, 8adh Márta, 1928.Thursday, 8th March, 1928.1. Do tháinig an Coiste le chéile ar 10 a.m. i Seomra Coiste a 2. 2. Bhí na baill seo leanas i láthair:— An Ceann Comhairle (i gCeannas); Proinnsias O hAodhagáin, Gearóid O Beolláin, Brian Cúipéir, Eamon O Dúgáin, Peadar O Dubhghaill, Pádraig O Caoilte, Séan Mac an tSaoi, Domhnall O Muirgheasa, Tadhg O Donnabháin, Séan O hAnnluain agus Gearóid O Súilleabháin. 3. Maidir le Seamus O Lorcain: D’athchrom an Coiste ar an Rún do rith an Dáil an 2adh Márta, 1928, do bhreithniú. Do chuaidh an Coiste i gcomhairle. Do glaodhadh agus do ceistníodh Dr. Lorcán Scorlóg, Fo-Shirriam Chathair Bhaile Atha Cliath. Do chuaidh an Coiste i gcomhairle. Do thairg Gearóid O Súilleabháin: “That, after hearing evidence, and after examining certain official files submitted to it, the Committee is satisfied that James Larkin, described as of Unity Hall, 31 Marlboro’ Street, in the City of Dublin, returned by the Returning Officer for the Borough Constituency of Dublin North as one of the eight persons elected to serve in the Dáil for that Constituency at the General Election held on the 15th day of September, 1927, was on that date an undischarged bankrupt under an adjudication by a Court of competent jurisdiction in Saorstát Eireann; “The Committee consequently answer in the affirmative the two questions referred to it in the Resolution of the Dáil of Friday, March 2nd, 1928.” Do thárla Díospóireacht. D’éilimh Gearóid O Súilleabháin a thairisgint, Go gcuirtar an Cheist anois, ach níor thug an Cathaoirleach a chead chuige sin, agus do dhiúltuigh se don Cheist sin do chur an uair sin—Ansan d’athchrom an Coiste ar an Díospóireacht. Orduithe: An Díospóireacht do chur ar ath-ló anois. 4. Ath-la. Orduithe: An Coiste do chur ar ath-ló anois go dtí 10 a.m. amáireach. [Peadar O Dubhghaill.] Do cuireadh an Coiste ar ath-ló dá réir sin ar 11.5 a.m. go dtí 10 a.m. amáireach. |
||||||||||||