Committee Reports::Report - Proposals for Legislation to Amend the Constitution::26 November, 1926::Report

TUARASGABHAIL AN CHOISTE.

1. Do ecapadh an Rogha-Choiste (de dheichniúr Teachtaí) le hOrdú do dhin an Dáil an 17adh Mí na Samhna, 1926, chun molta dhéanamh i dtaobh tairisgintí áirithe i gcóir reachtúcháin chun an Bunreacht do leasú, agus chun tuairisciú don Dáil ar dháta nár dhéanaí ná ladh Mí na Nodlag. Le hOrdú eile do dhin an Dáil ar an dáta céanna do ceapadh an Ceann Comhairle mar Chathaoirleach ar an gCoiste.


D’ainmnigh an Coiste Roghnathóireachta na Teachtaí seo a leanas chun an Choiste:—


An tAire Airgid; an Rúnaí Páirliminte don Aire Airgid; Peadar O Dubhghaill, Conchubhar O hOgáin, Tomás Mac Eoin, Liam Mag Aonghusa, Risteárd O Maolchatha, Liam Thrift agus Mícheál O Tighearnaigh.


Le hOrdú eile do dhin an Dáil an 18adh Mí na Samhna, 1926, do méaduíodh líon baill an Rogha-Choiste go dtí aon duine déag agus i dteanta na dTeachtaí do hainmníodh ag an gCoiste Roghnathóireachta do ceapadh Liam Mac Réamoinn chun an Choiste.


2. Tháinig an Coiste le chéile trí huaire.


3. Ag seo mar leanas na tairisgintí do cuireadh fé bhráid an Choiste chun a mbreithnithe:—


(a) Tairisgint chun an Bunreacht do leasú le socrú speisialta do chur ann i dtreo go dtoghfar i dToghachán Generálta an Ball san de Dháil Eireann do bhí ina Chathaoirleach ar Dháil Eireann díreach sarar scuireadh an tOireachtas den uair dheireanach roimhe sin.


(b) Tairisgint chun an Bunreacht do leasú tríd an méid sin le n-a bhforáltar go bhfógrófar lá. Toghacháin Ghenerálta ina lá saoire puiblí do bhaint as.


(c) Tairisgint chun an Bunreacht do leasú tríd an tréimhse is sia dlightear Dáil Eireann do leanúint do chur i bhfaid o cheithre bliana go dtí cúig bliana.


(d) Tairisgint chun an Bunreacht do leasú tríd an líon is mó dlightear don Ard-Chomhairle do mhéadú o sheachtar go dtí dáréag ball.


Do shocruigh an Coiste ar na ceithre tairisgintí do bhreithniú scriatim maraon leis an méid difre dhéanfadh na tairisgintí seo do phuíntí eile sa Bhunreacht, agus ar mholta do dhéanamh dá réir sin.


(i) An té atá ag dul as oifig mar Chathaoirleach Dháil Eireann d’ath-thoghu i dToghachán Generálta.

Measann móráireamh den Choiste gur mhaith an rud Cathaoirleach Dháil Eireann d’fhanúint amach ar feadh a théarma oifige o bhaint do bheith aige le haon pháirtí; gur mór an deacracht a bhainfidh sa chás san le n-a thogha in aon dáilcheanntar chun na céad Dála eile; agus dá bhrí sin isé a dtuairim gur mhaith an rud an Bunreacht do leasú sa phuínte sin.


Do dhiúltuigh an Coiste do thairisgint a bhí difriúil leis an gceann do cuireadh fé bhráid an Choiste chun a bhreithnithe, cadhon, tairisgint á rá dá leasuítí an Bunreacht i dtreo go mbeadh socrú speisialta ann maidir leis an gCathaoirleach gur cheart gur leasú é chun leigint don Dáil duine dá baill féin no duine nár bhall di do thogha mar Chathaoirleach ar an Dáil. Molann an Coiste don Dáil glaca leis an tairisgint atá sa Bhille Bunreachta (Leasú Uimh. 2), 1926.


(ii) Lá Toghacháin Ghenerálta d’fhurógairt ina lá saoire puiblí.

Tá an Coiste go léir ar aon intinn nár cheart é bheith riachtanach do réir an Bhunreachta lá Toghacháin Ghenerálta d’fhurógairt ina lá saoire puiblí. Mara ndintear lá an toghacháin d’fhurógairt ina lá saoire puiblí, isé tuairim an Choiste gur cheart na huaire vótála d’atharú i dtreo go ndéanfí na saoráidí a caillfí amhlaidh do thabhairt thar n-ais tré uaire níos oiriúnaí do cheapa chun vótála.


(iii) Téarma Dháil Eireann.

Isé tuairim an Choiste gur mhaith an rud an Bunreacht do leasú do réir na tairisgeana so, ach in ionad cúig bliana do shocrú mar an téarma is sia mar atá ráite sa tairisgint molaid sé bliana do bheith sa téarma is sia do Dháil Eireann do réir an Bhunreachta ach gur cheart tréimhse is giorra ná san do shocrú le gnáth-reachtúchán.


(iv) An líon is mó dlightear don Ard-Chomhairle do mhéadú.

Molann an Coiste an tairisgint seo don Dáil.


(Sighnithe) MÍCHEÁL O hAODHA,


Cathaoirleach an Choiste.


26adh Mí na Samhna, 1926.