Committee Reports::Report - Proposals for Legislation to Amend the Constitution::26 November, 1926::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

Orduithe: Go gceaptar Rogha-Choiste a bheidh có-dhéanta de dheichniúr Teachtaí chun molta do dhéanamh maidir le tairisgintí áirithe chun dlithe do dhéanamh chun an Bunreacht do leasú.


Orduithe: Gurb é an Ceann Comhairle a bheidh mar Chathaoirleach ar an gCoiste.


Orduithe: Gur seisear a bheidh mar quorum don Choiste, agus go dtuairiscighidh an Coiste don Dáil ar dháta nách déanaí ná ladh Mí na Nodlag.


Orduithe: Go n-ainmnighidh an Coiste Roghnathóireachta naonúr Teachtaí chun fónamh ar an Rogha-Choiste.


18adh Mí na Samhna, 1926:—Do hainmníodh na Teachtaí seo leanas chun an Choiste:—An tAire Airgid; an Rúnaí Páirliminte don Aire Airgid; Peadar O Dubhghaill, Conchubhar O hOgáin, Tomás Mac Eoin, Liam Mag Aonghusa, Risteárd O Maolchatha, Liam Thrift agus Mícheál O Tighearnaigh.


18adh Mí na Samhna, 1926: Líon baill an Rogha-Choiste méaduithe go haon duine déag, agus Liam Mac Réamoinn ceaptha chun an Choiste.