Committee Reports::Report - Proposals for Legislation to Amend the Constitution::23 November, 1926::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Máirt, 23adh Mí na Samhna, 1926.

Tuesday, 23rd November, 1926.

1. Tháinig an Coiste le chéile ar a 3 p.m., i Seomra Coiste 106.


2. I láthair:—An Ceann Comhairle (i gCeannas); an tAire Airgid; an Rúnaí Páirliminte don Aire Airgid; Tomás Mac Eoin, Risteárd O Maolchatha, Liam Thrift, Mícheál O Tighearnaigh, Peadar O Dubhghaill agus Conchubhar O hOgáin.


3. Do bhreithnigh an Coiste an nós-imeachta a leanfidís.


4. Do shocruigh an Coiste, Tomás Mac Eoin ina choinnibh, ar na ceithre tairisgintí do bhreithniú seriatim maraon leis an méid difre dhéanfidís do phúintí eile sa Bhunreacht, agus ar mholta do dhéanamh dá réir sin.


(i) An té atá ag dul as oifig mar Chathaoirleach Dháil Eireann d’ath-thogha i dToghachán Generálta.


Do breithníodh an tairisgint seo agus tar éis díospóireachta do shocruigh an Coiste ar bhreith fhuirmeálta ar an gceist do chur ar athló go dtí an chéad chruinniú eile.


(ii) Lá Toghacháin Ghenerálta d’fhurógairt ina Lá Saoire Puiblí.


Bhí an Coiste go léir ar aon intinn nár cheart lá Toghacháin Ghenerálta d’fhurógairt ina lá saoire ach, dá gcuirtí deire leis an lá saoire, gur cheart atharú do dhéanamh ar na huaire vótála a ceapadh leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923, i dtreo go ndéanfí na saoráidí a caillfí amhlaidh do thabhairt thar n-ais tré uaire níos oiriúnaí do cheapa chun vótála.


(iii) Téarma Dháil Eireann.


B’é tuairim an Choiste nár mhiste a mhola gur sé bliana a bheadh sa téarma ba shia do Dháil Eireann do réir an Bhunreachta, agus gur cheart forálacha bheith sa dlí Toghacháin a chimeádfadh tréimhse Pháirliminte gan bheith níos sia ná cúig bliana no ceithre bliana—ach gan mola do dhéanamh fé láthair i dtaobh faid na tréimhse sin.


5. Do cuireadh an Coiste ar athló ar 5.30 p.m. agus do socruíodh ar theacht le chéile arís amáireach (Dé Céadaoin) díreach tar éis an Dáil do bheith curtha ar athló.