Committee Reports::Interim Report and Final Report - Home Grown Tobacco Duties::23 March, 1926::Report

TUARASGABHAIL INTERIM.

An Coiste Speisialta a ceapadh chun féachaint ar mhaith an rud aon luíodú eile i nDiúité Máil do dheona do lucht tobac do shaothrú sa Saorstát, ach, i dteanta nithe eile, aire do thabhairt do thácht an cheárdais sin i gcomórtas le ceárdaisí eile, do mhéid agus do nádúir na fostaíochta a ghabhann leis, d’aon fhás is dóichí a raghaidh don éileamh ar thobac a saothruítear agus a hoibrítear sa Saorstát, agus do conus oibreoidh sé ar an Ioncum aon atharú do dhéanamh ar an Diúité atá anois ann, táid tar éis aontú leis an Tuarasgabháil Interim seo leanas:—


Tá an Coiste Speisialta tar éis dul-ar-aghaidh do dhéanamh i mbreithniú na nithe a cuireadh fé n-a mbráid, ach ós rud é ná beidh sé ar a gcumas tuairisciú do dhéanamh um an 23adh Márta fé mar a hOrduíodh dóibh, iarraid ar an Dáil an t-am chun tuairisciú do dhéanamh do shíne go dtí Dé hAoine, 26adh Márta.


(Sighnithe),


O. GRATTAN ESMONDE,


Cathaoirleach an Choiste.


23adh Márta, 1926.