Committee Reports::Interim Report and Final Report - Home Grown Tobacco Duties::23 March, 1926::Report

TUARASGABHAIL DEIRIDH.

1. Tá an Coiste Speisialta tar éis éisteacht le fínnéacht o sna daoine seo: Sir Nuinseann Everard, Seanadóir; R. H. Goodbody, Eibhlín Conntaois Disirt, Seanadóir; Séamus Mac Gafraidh, Mícheál O Marcaigh agus Mícheál O Caoláin (ag ionadú The Meath Tobacco Growers’ Association), Bearnárd Mac Aindriú, Seán Mac Naoimhín, An Maor R. Everard, An tAthair J.F. Suatman, O.S.B.; G.N.O Céilleachair, Eolgach i nGnóthaí Tobac fén Roinn Tailte agus Talmhaíochta, agus F. C. Hassell, Cigire Maoirseoireachta, Custuim agus Mál.


Fo-Scríbhinn I. (B).


Goodbody, 153.


Fo-Scríbhinn I. (C).


Chun fínnéacht d’fháil ó dhéantóirí tobac sa Saorstát tugadh cuire don Chomhlachas Déantóirí Tobac chun ionadaí uatha do theacht os cóir an Choiste. Lasmuich de R. H. Goodbody, adubhairt ná raibh sé ag ionadú éinne ach amháin a thigh gnótha féin, níor tháinig fínné ar bith eile i láthair. Dhin an Coiste iarracht chun teacht i dteangmháil leis an Imperial Tobacco Company chun na críche céanna, ach toisc a luíod ama a bhí ag an gCoiste chun dul i ndáilchomhairle, níorbh fhéidir tuairimí na Cuideachtan san d’fháil ar na nithe a bhí fé bhreithniú.


Fo-Scríbhinn I. (A).


Thug an Coiste cuire freisin do Chomhlachas mhiondíoltóirí tobac Bhaile Atha Cliath chun fínnéacht do thabhairt uatha ach do dhiúltuíodar san d’aon fhínnéacht do thairsgint mar gheall ar gan aon tsuim a bheith acu á chur sa gceist.


Sr. Everard, 5. O Céilleachair, 451, 458-462., Goodbody, 128. An Maor Everard, 618. Goodbody, 156. Suatman, 477-8.


2. On bhfínnéacht a tairgeadh, sé tuairim an Choiste gur féidir tobac de chineál cuibheasach maith do shaothrú in Eirinn, agus go bhfuil sé oiriúnach chun a mheasctha le cineálacha áirithe de thobac Mheirioca ina rotha agus ina spolla. Tá sé oiriúnach leis i gcóir “Shag-thobac,” tobac a gcaithtar ana-chuid de sa Bhreatain Mhóir. Sé dheabhruíonn an scéal, mar an gcéanna, ná gur féidir cineálacha tobac a bheadh oiriúnach chun déanamh seiriútanna saora do shaothrú agus tora maith dá bharr.


Fo-Scríbhinn II.


Maidir leis sin, níor cheart dearmhad a dhéanamh de go raibh tionnscal an tobac in Eirinn ag dul ar aghaidh go hiontach maith nuair a chuir Rialtas na Breataine cose leis sa bhliain 1830; agus deirtar gur in Eirinn a saothruíodh an chuid is mo den tobac a caitheadh sa Bhreatain Mhóir sna blianta roimh 1830.


O Céilleachair, 401.


3. Toisc a mhinicí a hathruíodh polasaí an Rialtais, ní féidir a rá gur tugadh caoi chothrom chun fás ar bhun thionnsgalaí do shaothrú an tobac ó hathbheoadh é sa bhliain 1898. I rith na tréimhse de 22 bhliain anuas go 1923, bhí roinnt trialach ar siúl fé chúram agus le congnamh an Stáit. On mbliain 1904 bhí bonus 1s. 0d. sa phunt ag dul do sna saothruitheoirí, agus hathruíodh san ina dhiaidh sin go dtí congnamh airgid de £50 an t-acra; agus ina dhiaidh sin arís luíoduíodh an congnamh airgid sin go dtí £25. Is amach as deontas speisialta de £70,000 no timpal an méid sin as an gCiste Fás-Saothrúcháin a soláthruíodh an congnamh deiridh sin. Sa bhliain 1923, stadadh de sna trialacha, do dineadh an deontas do réir an acra do tharrac siar agus tugadh anonn don Saorstát mar pháirt den tsocrú an farasbár den deontas ná raibh caithte as an gCiste Fás-Saothrúcháin. An bhliain ina dhiaidh sin, deonadh maitheamh do réir an séú cuid d’iomlán an diúité máil do thobac a saothruíodh in Eirinn agus tugann an méid sin, i dteanta 2d. liúntas máil, tosaíocht de 1s. 6d. an punt do thar gach tobac a hiomportáltar. On dáta san, d’fhéadfaí a rá gur athruigh saothrú an tobac in Eirinn o chéim na trialach go céim an tionnscail.


O Céilleachair, 403.


Anuas go 1919 níor dheacair marga d’fháil do thobac na hEireann, ach le tabhairt isteach na Tosaíochta Impiriúla sa bhliain sin, chuaidh an tionnscal ar gcúl go han-tapaidh go dtí go raibh sé imithe in eug beagnách. Agus níor leor coinneáil na tosaíochta so a dhin Saorstát Eireann i 1924 i gcóir tobac a saothruíodh sa Saorstát chun cose do chur leis an dul-in-eug fé mar is léir ó sna figiúirí seo leanas:—


Fo-Scríbhinn III.


IOMLAN NA nACRAI FE THOBAC.

1914

...

...

...

...

217¾

 

1919

...

...

...

...

76½

 

1922

...

...

...

...

51¼

 

1923

...

...

...

...

33¼

 

1924

...

...

...

...

20½

 

1925

...

...

...

...

15¾

 

4. Sé rud fé ndeár an dul-in-eug so i dTobac na hEireann ná:


O Céilleachair, 436.


(1) Déantóirí Eireannacha do dhiúltú don tobac a saothruítear sa Saorstát do cheannach ar an luach is ísle is féidir do shaothruitheoirí a ghlaca, mar gheall air ná fuil éinní le n-a mealla chun é do cheannach ach timpal deich per cent. d’iomlán an chostais, agus áirítear an diúité ar sin i dteanta luach an tobac ar an marga.


Sr. Everard, 2.


(2) Oibriú na Tosaíochta Impiriúla ar ráta 2s. 0d. an punt sa Bhreatain Mhóir, rud as a dtagann marga na Breataine do bheith lán de thobac shaor as na hIndiacha agus as na Cóilíneachtaí Briotáineacha a saothruítear ag oibritheoirí dúthchais na dtíortha san.


Hassell, 536.


An Maor Everard, 640.


Tá tora barraí mórán blian, timpal 140,000 lbs., i mbanna-stóras fé láthair, nách féidir aon mharga d’fháil do in Eirinn, agus dá ndíoltaí sa Bhreatain Mhóir é do bheadh an saothruitheoir caillte go mór leis.


5. Tá an Coiste tar éis breithniú cúramach do dhéanamh ar a tháchtaí atá saothrú tobac i gcomparáid le barraí eile do shaothrú, agus ar a luachmhaireacht do lucht Talmhaíochta más féidir é dhéanamh gan airgead do chailliúint dá dheascaibh. Táid tar éis a thabhairt fé ndeara:—


(1) gur mó i bhfad an méid oibreachais is gá chun tobac do shaothrú ná mar is gá i gcóir aon bharra eile a saothruítear de ghnáth sa tír seo. Táthar tar éis deighleáil leis an taobh so den cheist i Mír 1 den Chéad Thuarasgabháil Interim o Choimisiún na Talmhaíochta, 1923;


Mac Gafraidh, 226.


(2) gur barra é an tobac atá ana-oiriúnach ar fad don bhfeirmeoir beag, toisc gur féidir le lucht a theaghlaigh féin mórán den obair a bhaineann leis do dhéanamh, go mór mór i rith na haimsire ná bíonn mórán cúramaí eile ortha;


Sr. Everard, 23.


(3) nách foláir, chun an tobac do shaothrú, ana-chuid tailimh do chur fé bharraí eile, d’fhonn sealaíochta, agus is cabhair é sin don churadóireacht;


Mac Gafraidh, 245, 247.


(4) gur barra é an tobac le n-a mbaineann dian-shaothrú agus go saibhríonn san an talamh agus uime sin gur mó an tora a gheibhtear as na barraí a bhíonn ar an talamh san dá éis; san am gcéanna is fearrde slite talmhaíochta an tsaothruitheora tobac do shaothrú. Do dhin na saothruitheoirí beaga a tháinig os cóir an Choiste tagairt speisialta don oideachas a ghabhann le saothrú tobac.


Is léir nách féidir luach na mbuntáistí seo do chur síos go cruinn i dtéarmaí airgid; ach isé tuairim an Choiste gur bhfiú cuid d’ioncum an Stáit do mhaitheamh go ceann tamaill d’fhonn tionnscal do chimeád ’na bheathaidh a chabhródh go mór chun cuireadóireacht do chur ar aghaidh agus chun obair do mhéadú san am atá le teacht.


Fo-Scríbhinn II.


Tá mar thaca leis an dtuairim sin go bhfuil os cionn 200 saothruitheoirí ar fuaid na hEireann tar éis cleachta agus eolas d’fháil i saothrú tobac agus dá mba rud é ná cimeádfaí an tionnscal ’na bheathaidh go gcaillfí a bhfuil foghlumtha as obair chostasúil 25 mblian, obair a chuir mórán feabhais ar mhianach an tobac féin. Dá dtéigheadh saothrú an tobac i ndíse anois ba dheacra-de ath-thosnú do dhéanamh de dheascaibh foghluim an lae iniu de bheith caillte, agus go mór mór de dheascaibh an duadh a bhainfeadh leis an mí-mhuinín agus leis an nea-shuim a leanann teip do chur ar ceal.


6. Ba mhór an cheataí don Choiste é gan aon fhinnéacht do bheith le fáil ó sna déantóirí maidir leis an maitheamh ar Dhiúité Máil ba leor a dhéanamh chun iad a mhealla chun tobac an tSaorstáit do cheannach. Leis an méid eolais a bhí ar fáil acu bhí ar chumas an Choiste, ámh, a shocrú cadé an maitheamh ba ghá dar leo chun go bhféadfadh an saothruitheoir Eireannach a chuid tobac do dhíol ar phraghas réasúnta, agus san gan mórán cailliúna ioncuim don Stát.


7. Molann an Coiste an diúité ar thobac na hEireann do luíodú o. 6s. 8d. (no 5/6 den lán-diúité máil) go 5s. 0d. (no 5/8) i gcomparáid le 8s. 2d. an diúité Custum is iníoctha ar thobac iasachta. Tá an Coiste sásta, má dintar an luíodú san, go bhfaghfar marga ná fuil ann anois, do thobac an tSaorstáit agus go bhféadfar é dhíol do réir meán-phraghais 1s. 6d. an punt, agus go bhféadfadh déantóirí Eireannacha meascán saor do sholáthar don chaiteoir, agus dá mba tobac na hEireann 50 per cent. den mheascán san go bhféadfaí i gcionn tamaill é dhíol 1d. an únsa níos lú ná atá an luach miondíola fé láthair, no ½d. níos lú dá mba ná beadh de thobac na hEireann sa mheascán ach 25 per cent.


Níl aon tslí chun na daoine do mhealla chun tobac an tSaorstáit d’úsáid agus chun praghas réasúnta le haghaidh a chostaisí do chur in áirithe don saothruitheoir ach amháin maitheamh substainteach do dhéanamh sa diúité fé mar atá molta, agus d’fhéadfaí a bhuntáistí sin do thabhairt don chaiteoir.


Hassell, 503-4.


8. Le linn don Choiste teacht ar an aigne seo níor dhearmhadadar an difríocht a dhéanfadh an mola san don ioncum. Más 800 lbs. meán-tora acra agus más leor 10 per cent. le haghaidh bhásta, agus dá mba lú-de an méid tobac a hiomportálfaí an méid de thobac an tSaorstáit a húsáidfí sí an chailliúint bhreise a raghadh ar an ioncum, os cionn an ráta tosaíochta atá ann fé láthair, ná timpal £116 in aghaidh gach acra de thobac a saothrófaí agus a díolfaí.


Cé go ndeabhródh an méid seo a bheith ina shuim shubstainteach, ní dócha go raghadh ana-chuid chailliúna ar an ioncum go ceann mórán blian. Ní féidir tuairim chruinn do thabhairt maidir leis an éileamh a bheadh ar thobac na hEireann dá ndintí an maitheamh san sa diúité, óir is ar an úsáid a dhéanfadh na déantóirí Eireannacha den soláthar saor so atá an scéal ag brath; ní bhfuair an Coiste aon fhinnéacht dhireach maidir leis seo.


Sr. Everard, 3-9.


An Maor Everard, 617-8.


9. Is mian leis an gCoiste a rá go molaid an méid seo mar shlí shealadach chun saothrú an tobac do chimeád ón mbás. Ní leigeann a dtéarmaí tagartha dhóibh breithniú do dhéanamh ar aon tslite eile chun deighleáil leis an scéal. Do cuireadh in úil dóibh go láidir gur economiciúla de mhodh chun an tionnseal do chur ar aghaidh méadú do dhéanamh ar an liúntas easportála ar thobac an tSaorstáit agus Stát-mhaoirseoireacht do dhéanamh ar an easportáil, más gá é, toise a luíod atá an marga in Eirinn i gcomparáid leis an ollmharga sa Bhreatain Mhóir, toisc na Tosaíochta Impiriúla de 2s. 0d. an punt a dheoin Rialtas na Breataine do Thobac na hEireann agus toise a oiriúnaí atá tobac na hEireann chun “Shag-thobac” do dhéanamh.


10. Do cuireadh molta eile fé bhráid an Choiste ach ní thagaid laistigh de sna téarmaí tagartha. Dá bhrí sin is mian leo, agus an mola san thuas á dhéanamh acu chun maitheamh do thabhairt i nDiúté Máil, a chur ina luighe go dian gur ceart an staid ina bhfuil saothrú an tobac fé láthair do chur fé iniúcha ag Coiste ’na mbeadh téarmaí tagartha níos leithne acu agus a fhéadfadh dul isteach sa cheist go léir maidir leis an tionnscal do chur ar aghaidh sa mhéid go mbaineann sé le margaí na hEireann agus na Breataine.


(Sighnithe),


O. GRATTAN ESMONDE,


Cathaoirleach an Choiste.


25adh Márta, 1926.