Committee Reports::Interim Report and Final Report - Home Grown Tobacco Duties::23 March, 1926::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

10 Feabhra, 1926:—Orduithe, Go gceaptar Coiste Speisialta, a bheidh có-dhéanta d’ochtar Teachtaí a hainmneofar ag an gCoiste Roghnathóireachta agus ’nar leor ceathrar díobh mar quorum, chun féachaint ar mhaith an rud aon luíodú eile i nDiúité Máil do dheona do lucht tobac do shaothrú sa tSaorstát, ach, i dteanta nithe eile, aire a thabhairt do thácht an cheárdais sin i gcomórtas le ceárdaisí eile, do mhéid agus do nádúir na fostaíochta a ghabhann leis, d’aon fhás is dóichí a raghaidh don éileamh ar thobac a saothruítear agus a hoibrítear sa tSaorstát, agus do conus oibreoidh sé ar an Ioncum aon atharú do dhéanamh ar an Diúité atá anois ann.


Orduithe, Go mbéidh comhacht ag an gCoiste chun fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin.


Orduithe, Go dtuairisceoidh an Coiste don Dáil ar dháta nách déanaí ná 23adh Márta so chughainn.


12 Feabhra, 1926:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste ar a raibh Pádraig O Maoilmheana, Donnchadh O Guaire, Seán Mac Cumhaill, Liam Mac Sioghaird, Risteárd Béimis, Pádraig Mac Aodhagáin, Osman Mac Easmuinn agus Eamon O Dubhghaill,


26 Feabhra, 1926:— Do ceapadh Mícheál O Dubhghaill ar an gCoiste in ionad Dhonnchaidh Uí Ghuaire d’eirigh as.


23 Márta, 1926:—Orduithe, An t-am chun tuairisciú do dhéanamh do shíne go dtí Dé hAoine, 26adh Márta.