Committee Reports::Report - Proposals for Legislation to Amend the Constitution::24 November, 1926::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 24adh Mí na Samhna, 1926.

Wednesday, 24th November, 1926.

1. Tháinig an Coiste le chéile ar a 4 p.m., i Seomra Coiste Uimh. 106.


2. I láthair:—An Ceann Comhairle (i gCeannas); an tAire Airgid; an Rúnaí Páirliminte don Aire Airgid; Peadar O Dubhghaill, Risteárd O Maolchatha, Liam Thrift, Tomás Mac Eoin, Mícheál O Tighearnaigh, Conchubhar O hOgáin agus Liam Mag Aonghusa.


3. Do lean an Coiste ar na tairisgintí do cuireadh fé n-a mbráid do bhreithniú.


(i) An té atá ag dul as oifig mar Chathaoirleach Dháil Eireann d’ath-thogha i dToghachán Generálta.


Do thairg Tomás Mac Eoin:


“That the Committee is of opinion that it is not desirable to alter the Constitution for the purpose of making special provision for securing that the Deputy who has acted as Ceann Comhairle should become a member of a new Dáil without election.”


Do faisnéiseadh go raibh buaidhte ar an tairisgint—níor aontuigh Tomás Mac Eoin ná Liam Mag Aonghusa leis an mbreith sin.


Do thairg an tAire Airgid:


“That the Committee consider that it is desirable that the Ceann Comhairle of the Dáil should keep himself entirely clear of party affiliations during his term of office; that the difficulty in these circumstances of his securing election in any constituency to the subsequent Dáil will tend to be great; and they are therefore of opinion that a change in the Constitution is desirable.”


Do faisnéiseadh go raibh glactha leis an tairisgint—níor aontuigh Tomás Mac Eoin ná Liam Mag Aonghusa leis an mbreith sin.


Do thairg Tomás Mac Eoin:


“That if an alteration of the Constitution is to be made so as to make special provision in respect to the election of Chairman, it should be to allow the Dáil to appoint its own Chairman from either inside or outside the Dáil.”


Do faisnéiseadh go raibh buaidhte ar an tairisgint—níor aontuigh Tomás Mac Eoin ná Liam Mag Aonghusa leis an mbreith sin.


Do thairg an tAire Airgid:


“That the Committee is of opinion that the Constitution (Amendment No. 2) Bill should be proceeded with.”


Do faisnéiseadh go raibh glactha leis an tairisgint—níor aontuigh Tomás Mac Eoin ná Liam Mag Aonghusa leis an mbreith sin.


(ii.) Lá Toghacháin Ghenerálta d’fhurógairt ina lá saoire puiblí.


Tar éis don Choiste socrú ar a mhola go gcuirfí deire le lá Toghacháin Ghenerálta do bheith ina lá saoire puiblí, do chromadar ar bhreithniú do dhéanamh, leis, ar ath-shocrú ar na huaire vótála, i gcás deire do bheith curtha leis an lá saoire puiblí. D’aontuigh an Coiste ar a mhola, de thurus na huaire, na huaire atharuithe do bheith o n-a 12 meán lae go dtí n-a 10 p.m.


(iii) Téarma Dháil Eireann.


Do shocruigh an Coiste ar a mhola gur sé bliana a bheadh sa téarma ba shia do Dháil Eireann do réir an Bhunreachta, ach gur cheart tréimhse ba ghiorra ná san do shocrú le gnáth-reachtúchán. B’é tuairim an Choiste gur cheart a fhágaint fén Dáil a shocrú cadé an fhaid a bheadh an tréimhse ghearaid sin.


(iv) Airí nách Baill den Ard-Chomhairle.


Do shocruigh an Coiste ar a mhola go raghfí ar aghaidh leis an mBille Bunreachta (Leasú Uimh. 5).


4. D’iarr Tomás Mac Eoin go gcuirfí ar breaca gurb é a thuairim nách am oiriúnach é seo chun an Bunreacht do leasú agus fós nár cruthuíodh dar leis aon dithineas do bheith ann maidir leis na tairisgintí do cuireadh fé bhráid an Choiste.


5. Do socruíodh an chéad chruinniú eile, chun Dreacht-Tuarasgabháil an Chathaoirligh do bhreithniú, do bheith ag an gCoiste ar a 3 p.m. Dé hAoine, 26adh Mí na Samhna.


Do cuireadh an Coiste ar athló ar 6.20 p.m.