|
SEANAD ÉIREANN.Tuarasgabhail ón mBuan-Choiste ar Bhuan-Órduithe.(Report of Standing Committee on Standing Orders.)Do ceapadh an Coiste seo le Rún den tSeanad ar an 25° Eanair, 1923, do réir Airtiogail 70 de sna Buan-Orduithe Sealadacha, atá mar leanas:— “I dtosach gach Siosóin ceapfaidh an Seanad Coiste ar Bhuan-Orduithe ar a mbeidh an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach ex officio agus ceathrar Seanadóiri an chuid is mó dhe.” Siad so leanas atá ar an gCoiste do ceapadh amhlaidh:—An Tiarna Lann Abhaidh, Séamas Dubhglas, Aindrias Mac Séamais, Sean Ó Fearghail, Pádraig Ó Cionaodha, Sir Seán Ó Catháin. Do chuir an Coiste Tuarasgabhail ós comhair an tSeanaid ar an 9° Bealtaine, 1923, agus do glacadh leis. D’iarr an Seanad ar an gCoiste tuille machtnaimh do dhéanamh ar Ordú 56; do dhein an Coiste amhlaidh agus sin iad a molta:— (1) The Committee recommend the deletion of the last sentence of Order 56, and the substitution therefor of the words “A Joint Committee shall fix its own quorum.” (2) The Committee further recommend the insertion at the end of Orders 100 and 103 of the words “the proceedings for such election to begin de novo.” Signithe, Glenavy, Cathaoirleach an Choiste, Chairman of Committee. |
||||||||||||