|
SEANAD ÉIREANNTuarasgabhail ón mBuan-Choiste ar Bhuan-Órduithe.(Report of Special Committee on Standing Committees.)Do ceapadh an Coiste seo le Rún den tSeanad ar an 25° Eanair, 1923, do réir Airtiogail 70 de sna Buan-Orduithe Sealadacha, ata mar leanas:— “I dtosach gach Siosóin ceapfaidh an Seanad Coiste ar Bhuan-Orduithe ar a mbeidh an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach ex officio agus ceathrar Seanadóiri an chuid is mo dhe.” Siad so leanas atá ar an gCoiste do ceapadh amhlaidh:—An Tiarna Lann Abhaidh, Séamas Dubhglas, Aindrias Mac Séamais, Sean Ó Fearghail, Pádraig Ó Cionaodha, Sir Seán Ó Catháin. Do chuir an Coiste Tuarasgabhail ós comhair an tSeanaid ar an 15° Márta, 1923, agus do glacadh leis. Do dhin an Coiste léir-mhachtnamh ar na Bhuan-Órduithe ó shoin, agus do shocruigheadar an Dréacht so leanas do mhola don tSeanad, i n-ionad na mBuan Órduithe ata i bhfeidhm fé láthair. Sighnithe, Glenavy. James G. Douglas. Andrew Jameson. John T. O‘Farrell. Patrick W. Kenny. John Keane. |
||||||||||||