Committee Reports::Report - Select Committtee on Social Affairs, For the period 7 April, 1993 to 31 December 1994::18 September, 1995::Appendix

APPENDIX II

Orders of Reference and other Relevant Orders

DÁIL ÉIREANN

1. ORDUITHE TAGARTHA

7 Aibreán, 1993:—Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a dtabharfar an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta ar a mbeidh 30 comhalta de Dháil Éireann, mar aon leis na comhaltaí ex officio den Choiste dá dtagraítear i mír (3), chun breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas a bhaineann le leas sóisialach, sláinte, oideachas, saothar, dlí, an Ghaeltacht agus comhionannas, eadhon—


(i)na Meastacháin i gcomhair Seirbhísí Poiblí is iomchuí do na hábhair thuasluaite,


(ii)an tionchar atá ag polasaí agus reachtaíocht, is iomchuí do na hábhair thuasluaite, ar chomhionannas,


(iii)Céim an Choiste de cibé Billí arna dtionscnamh i ndáil leis na hábhair sin a fhéadfar a tharchur chuig an Roghchoiste faoi Bhuan-Ordú 70 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí,


(iv)cibé tuarascálacha is iomchuí do na hábhair sin a tharchuirfidh Dáil Éireann chuig an Roghchoiste chun iad a phlé agus le haghaidh tuairimí agus moltaí,


agus go dtabharfaidh sé tuarascáil orthu do Dháil Éireann.


(2) Go mbeidh cumhacht ag an Roghchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ní atá cuimsithe le mír (1) a tharmligean chun fochoiste.


(3) Go mbeidh an comhalta den Rialtas a bheidh i gceannas na Roinne a ndéileáiltear leis an dlí reachtúil ina leith i mBille a tharchuirfear chuig an Roghchoiste nó chuig fochoiste dá chuid, nó a mbreithníonn an Roghchoiste nó fochoiste dá chuid na Meastacháin i gcomhair Seirbhísí Poiblí don Roinn sin, ina chomhalta ex officio den Choiste nó den fhochoiste sin ach go bhféadfaidh an comhalta sin den Rialtas Aire nó Aire Stáit a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio den sórt sin ina ionad.


(4) Go ndéanfar an tuarascáil ón Roghchoiste ar gach Bille a tharchuirfear chuige a chur síos do Chéim na Tuarascála i nDáil Éireann.


(5) Go dtabharfaidh an Roghchoiste tuarascáil bhliantúil do Dháil Éireann ina sonrófar


(i)an obair a bheidh déanta ag an gCoiste,


(ii)an obair a bheidh ar siúl ag an gCoiste,


(iii)na taifid i leith freastail agus vótála ag cruinnithe den Choiste,


(iv)a chlár oibre san am a bheidh le teacht, agus


(v)cibé nithe eile is iomchuí leis an gCoiste.


(6) Go mbeidh cumhacht ag an Roghchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon fhochoiste dá chuid breithniú a dhéanamh ar aon ní atá cuimsithe le mír (1).


(7) Go bhféadfaidh an Roghchoiste aighneachtaí i scríbhinn a lorg, má mheasann an Coiste gur gá sin a dhéanamh, ar dhaoine nó ar chomhlachtaí leasmhara maidir le haon ní atá cuimsithe le mír (1).


(8) Sula ndéanfaidh an Roghchoiste breithniú ar Chéim an Choiste de Bhille, go seolfar seisiún nó seisiúin eolais idir oifigigh na Roinne iomchuí agus comhaltaí den Roghchoiste (nó den fhochoiste, de réir mar a bheidh) agus gur go príobháideach a sheolfar an seisiún eolais sin.


(9) I gcás comhalta a bheith as láthair ó chruinniú áirithe den Roghchoiste (nó d’fhochoiste), go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann, arna ainmniú ag an bPáirtí nó ag grúpa de réir bhrí Bhuan-Ordú 89 lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.


(10) Go ndéanfaidh an Roghchoiste agus gach fochoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige nó aici ach vóta amháin.


(11) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Roghchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí, go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(12) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Roghchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an Roghchoiste, a leagan faoi bhráid Dháil Éireann láithreach, mar aon le haon doiciméad a bhaineann leis an gcéanna a bheartaíonn an Roghchoiste a fhoilsiú, agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Roghchoiste an tuarascáil sin agus an doiciméad nó na doiciméid sin, de réir mar a bheidh, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.


(13) D’ainneoin mhír (12), i gcás go mbeidh Céim an Choiste de Bhille críochnaithe ag an Roghchoiste, go mbeidh cumhacht aige an Bille sin, mar a leasaíodh é, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú, más iomchuí.


(14) Gur 11 is córam don Roghchoiste agus gurb é is córam do gach fochoiste líon a chinnfidh an fochoiste nuair a bheidh an fochoiste sin ceaptha.


(15) Nach ndéanfar aon doiciméad a bheidh faighte ag Cléireach an Roghchoiste nó fochoiste dá chuid a choimeád siar, a aistarraingt ná a athrú i ngan fhios don Choiste nó don fhochoiste, de réir mar is iomchuí, agus gan toiliú uaidh.


28 Aibreán, 1993:—Ainmníodh dá réir sin Coiste arb iad a bhí air na Teachtaí Treasa Uí Eachthiarna, Micheál Ó hEachthairn, Bearnard Ó hAilín, Micheál de Bheil, Pól de Bradford, Maitiú Ó Braonáin, Micheál Críod, Nollaig Ó Dobharáin, Síle de Valera, Proinséas Mhic Gearailt, Máire Ní Fhlaithbheartaigh, Cathal Ó Flannagáin, Tomás Ó Sionnaí, Pádraig Ó Gallchóir, Séamus Ó hUiginn, Seán Ó Cionnaith, Micheál P. Ó Ceit, Séamus Ó Lionnáin, Eilís Mhic Mhánais, Tomás Ó Moffat, Domhnall Ó Muimhneacháin, Bríd Ní Mhuimhneacháin-Cróinín, Eilís Ní Dhomhnaill, Ruairí Ó hAnnluain, Séamus Mac Pháidín, Máirín Ní Chuill, Eoin Ó Riain, Róisín Ní Shoirtéil, Dónal de Bhailis agus Máire De Bhailís.


29 Aibreán, 1993:—Urscaoileadh an Teachta Dónal de Bhailis agus ceapadh an Teachta P. S. Ó Muraile ina ionad.


3 Samhain, 1994:—Urscaoileadh an Teachta Máirtín Ó Cuilinn agus ceapadh an Teachta Máirín Ní Chuill ina ionad.


30 Samhain, 1993:— Urscaoileadh na Teachtaí Máirín Ní Chuill agus Eilís Ní Dhomhnaill agus ceapadh na Teachtaí Eibhlín Nic Eochaidh agus Máirtín Ó Cuilinn.


11 Bealtaine, 1993:—Ordaíodh: D’ainneoin mhíreanna (1) d’Orduithe Tagartha na Roghchoistí um Reachtaíocht agus Slandáil, um Airgeadas agus Gnóthaí Ginearálta, um Ghnóthaí Sóisialta, agus um Fhiontraíocht agus Straitéis Eacnamaíochta, go ndéanfar na Meastacháin i gcomhair na Seirbhísí Poiblí do na Ranna seo a leanas a tharchur chuig na Roghchoistí lena mbreithniú de réir an tábla seo a leanas, agus sa chás go ndéantar an meastachán i gcomhair Roinne a tharchur chuig Roghchoiste, go ndéanfar na meastacháin eile go léir atá ábhartha don Roinn sin a tharchur chuig an gCoiste sin freisin:


TÁBLA


An Roghchoiste um Reachtaíocht agus Slándáil:


Cosaint


Comhionannas agus Athchóiriú Dlí


Dlí agus Ceart


An Roghchoiste um Airgeadas agus Gnóthaí Ginearálta:


Taoiseach


Tánaiste


Comhshaol


Airgeadas


An Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta:


Ealaíona, Cultúr agus an Ghaeltacht


Sláinte


Oideachas


Leas Sóisialach


An Roghchoiste um Fhiontraíocht agus Straitéis Eacnamaíochta:


Talmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht


Fiontraíocht agus Fostaíocht


Iompar, Fuinneamh agus Cumarsáid


Turasóireacht agus Trádáil


Muir


9 Meitheamh, 1993:—Ordaíodh: Go dtiocfaidh an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta le chéile Dé hAoine, 11 Meitheamh, 1993 ag 10.15 a.m. chun na Meastacháin go léir is iomchuí maidir leis an Roinn Oideachais a bhreithniú agus a thabhairt chun críche.


15 Meitheamh, 1993:—Ordaíodh: Go dtiocfaidh an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta le chéile Déardaoin, 17 Meitheamh, 1993, chun na Meastacháin go léir is iomchuí maidir leis an Roinn Sláinte a bhreithniú agus a thabhairt chun críche, más féidir agus le comhaontú an Aire.


29 Meitheamh, 1993:—Ordaíodh: Go leasófar Orduithe Tagartha na Roghchoistí um Reachtaíocht agus Slándáil, um Fhiontraíocht agus Straitéis Eacnamaíochta, um Airgeadas agus Gnóthaí Ginearálta, agus um Ghnóthaí Sóisialta tríd an mír seo a leanas a chur leo i ndiaidh mhír (15) i ngach cás:


“(16) Go bhféadfaidh Comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Roghchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh in imeachtaí an Roghchoiste agus a fhochoistí gan ceart vótála a bheith acu.”


9 Iúil, 1993:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 94 (1) de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí agus de réir mhíreanna (1) (iii) d’Orduithe Tagartha na Roghchoistí um Reachtaíocht agus Slándáil, um Fhiontraíocht agus Straitéis Eacnamaíochta agus um Ghnóthaí Sóisialta, na Billí seo a leanas a tharchur chuig na Roghchoistí sin de réir an Tábla seo a leanas agus gur ar an dáta a luaitear a thionólfar an chéad chruinniú de gach coiste ar leith ag a mbreithneofar na Billí sin:


TÁBLA


An Roghchoiste um Reachtaíocht agus Slándáil:


An Bille um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1993 — Dé Máirt, 13 Iúil


An Roghchoiste um Fhiontraíocht agus Straitéis Eacnamaíochta:


An Bille um Údarás Eitlíochta na hÉireann, 1993 — Dé Máirt, 13 Iúil


An Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta:


An Bille um Theach an Phósta, 1993 — Déardaoin, 15 Iúil


agus go dtuairisceoidh na Coistí don Dáil ar an gcéad lá suí tar éis sos an tsamhraidh, gan an lá a thiocfaidh an Dáil le chéile le haghaidh chuairt Phríomh-Aire na hAstráile a áireamh.


25 Samhain, 1993:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 94 (1) de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí agus de réir mhír (1) (iii) d’Orduithe Tagartha an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, an Bille Leasa Shóisialaigh (Uimh 2), 1993 a tharchur chuig an Roghchoiste sin.


1 Nollaig, 1993:—Ordaíodh: Gur treoir é don Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, i gcás an Bhille Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1993, go bhfuil de chumhacht aige socrú a dhéanamh sa Bhille do leasú na gcoinníollacha maidir le Sochar Dífhostaíochta agus Sochar Míchumais a fháil chun go mbeifear in ann oibrithe forbartha saorálacha atá cáilithe le haghaidh sochar den sórt sin a íoc de réir na rátaí caighdeánacha.


1 Nollaig, 1993:—Ordaíodh: D’ainneoin aon ní sna Buan-Orduithe, go bhfuil de chumhacht ag an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, i gcás an Bhille Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1993 socrú a dhéanamh sa Bhille do leasú alt 62 d’Acht na bPinsean, 1990.


2 Nollaig, 1993:—Ordaíodh: Go dtabharfaidh an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta tuarascáil do Dháil Éireann ar an mBille Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1993, faoin Máirt, an 7 Nollaig, 1993.


7 Nollaig, 1993:—Ordaíodh: Go ndéanfaidh na Roghchoistí um Airgeadas agus Gnóthaí Ginearálta, um Ghnóthaí Sóisialta, Reachtaíocht agus Slándáil agus um Fhiontraíocht agus Straitéis Eacnamaíochta agus an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann faoin Déardaoin, an 16 Nollaig, 1993, ar an Vóta Barrachais don tSaotharlann Stáit i gcomhair 1991 agus ar aon Mheastacháin Fhorlíontacha nó Bhreise i gcomhair na bliana dar críoch an 31 Nollaig, 1993.


22 Feabhra, 1994:— “D’ainneoin mhíreanna (14) d’Orduithe Tagartha na Roghchoistí um Reachtaíocht agus Slándáil, um Airgeadas agus Gnóthaí Ginearálta, um Ghnóthaí Sóisialta, agus um Fhiontraíocht agus Straitéis Eacnamaíochta, gur ochtar is córam do gach Roghchoiste.


2 Márta, 1994:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 94 (1) de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí agus de réir mhír (1) (iii) d’Orduithe Tagartha an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, an Bille Leasa Shóisialaigh, 1994 a tharchur chuig an Roghchoiste sin.


9 Márta, 1994:—Ordaíodh: D’ainneoin aon ní sna Buan-Orduithe go bhfuil cumhacht ag an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta i gcás an Bhille Leasa Shóisialaigh, 1994, foráil a dhéanamh sa Bhille chun a chumasú don Aire Leasa Shóisialaigh conarthaí, comhaontuithe agus comhfhiontair a dhéanamh chun comhairleacht, oiliúint agus seirbhísí conartha a chur ar fáil do chomhlachtaí thar lear.


30 Márta, 1994:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 94 (1) de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí agus de réir mhír (1) (iii) d’Orduithe Tagartha an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, Bille na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1993 a tharchur chuig an Roghchoiste sin.


12 Deireadh Fómhair, 1994:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 94 (1) de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí agus de réir mhír (1) (iii) d’Orduithe Tagartha an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, Bille na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha (Leasú), 1994 a tharchur chuig an Roghchoiste sin.


12 Deireadh Fomhair, 1994:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 94 (1) de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí agus de réir mhír (1) (iii) d’Orduithe Tagartha an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, an Bille um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Leasú), 1994 a tharchur chuig an Roghchoiste sin.


27 Deireadh Fómhair, 1994:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 94 (1) de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí agus de réir mhír (1) (iii) d’Orduithe Tagartha an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, an Bille um Chosaint Mháithreachais, 1994 a tharchur chuig an Roghchoiste sin.