Committee Reports::Report - Extension of the use of Irish in the house of the Oireachtas::26 October, 1994::Report

RÉAMHRÁ

1.1Faoi réir Alt 2 (a) d’Orduithe Tagartha an Chomhchoiste, tá cumhacht ag an gComhchoiste athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ó am go chéile i dtaobh:


“úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach”.


1.2Tá athbhreithniú déanta ag an gComhchoiste don Ghaeilge ar an dul chun cinn i ndáil leis an nGaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, ón am a bunaíodh an chéad Chomhchoiste i 1985. Deineadh athbhreithniú ach go háirithe ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm moltaí na gComhchoistí a bhí ann roimhe seo. Ba léir don Chomhchoiste nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta déanta maidir le cur i bhfeidhm na moltaí sin.


1.3Is é cuspóir na tuarascála seo ná moltaí praiticiúla, insroichte a dhéanamh chun:


atmaisféar dátheangach a chothú i dTithe an Oireachtais


Teachtaí agus Seanadóirí a spreagadh chun tuilleadh Gaeilge a úsáid in imeachtaí na dTithe.


ATMAISFÉAR DÁTHEANGACH A CHOTHÚ

2.1Tuigeann gach uile dhuine gur féidir gnó a dhéanamh trí Bhéarla i dTithe an Oireachtais, ach caithfear céimeanna ar leith a ghlacadh ionas go mbeidh sé soiléir gur féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge chomh maith. Caithfidh sé a bheith soiléir go bhfuil an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla má táthar chun fíor-atmaisféar dátheangach a chothú i dTithe an Oireachtais. Tá na moltaí a leanas dírithe ar an aidhm sin a chur i gcrích.


2.2Is minic gurb ar an nguthán is túisce a dhéantar teagmháil leis an bpobal. Moltar go b’fhreagrófaí an guthán le beannacht cosúil le “Tithe an Oireachtais” nó “Teach Laighean” seachas “Leinster House”. Cé gur deineadh an moladh seo i bhfad ó shin, is minic a bhfreagraítear an guthán faoi láthair leis an mbeannacht “Leinster House”.


2.3Aithníonn an Comhchoiste go bhfuil dul chun cinn déanta i ndáil le comharthaíocht dhátheangach a chur ar fáil. Ag an am céanna, ní chloítear leis an nós seo i gcónaí nuair atá comharthaí nua á gcur suas. Moltar, chomh luath agus is féidir, comhartha dátheangach a chur in áit aon chomhartha atá fós i mBéarla amháin.


2.4Tuigeann an Comhchoiste nach mbíonn dóthain spáis i gcónaí ar chomharthaí beaga (m.s. na comharthaí i ndáil le caitheamh tobac ar na táblaí sa bhialann) le haghaidh teachtaireacht dhátheangach. Is í tuairim an Chomhchoiste go dtuigfeadh gach duine na teachtaireachtaí simplí seo dá mbeidís i nGaeilge amháin.


2.5Moltar na suaitheantais do chuairteoirí, oifigigh na Ranna agus clann na gComhaltaí a bheith dátheangach. Muna bhfuil dóthain spáis ar na suaitheantais le haghaidh teachtaireacht dhátheangach, moltar iad a bheith i nGaeilge amháin.


2.6Moltar oifigeach amháin ar a laghad a bheith i ngach oifig a bheadh in ann plé le hobair na hoifige trí Ghaeilge agus go mbeadh ainm an duine sin ag Comhaltaí agus ag an bhfoireann i gcoitinne. D’fhéadfaí na hoifigigh le cumas dátheangach a shonrú san eolaire gutháin inmheánach.


2.7Ag cur san áireamh go mbíonn Comhaltaí, mar aon leis an bpobal, i dteagmháil laethúil leis an Oifig Ghinearálta agus le hOifig na bhFiosruithe, moltar go ndéanfaí iarracht ar leith a chinntiú gur féidir plé a dhéanamh leis an dá oifig sin go dátheangach. Moltar comharthaí a bheith sa dá oifig sin ag cur in iúl gur féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus ag cur fáilte roimh Ghaeilge.


2.8Moltar na foirmeacha go léir a úsáidtear i dTithe an Oireachtais a bheith dátheangach.


ÚSÁID NA GAEILGE SA DÁIL AGUS SA SEANAD

3.1Má táthar chun úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na dTithe, caithfear timpeallacht oiriúnach d’úsáid na Gaeilge a chruthú ar dtús agus ansin céimeanna a nglacadh chun Comhaltaí a spreagadh chun í a úsáid.


3.2.1Is é dearcadh an Chomhchoiste go bhfuil na nithe a leanas riachtanach chun timpeallacht oiriúnach d’úsáid na Gaeilge a chruthú:


seirbhís aistriúcháin chomhuainigh


áis aistriúcháin le haghaidh óráidí


ranganna Gaeilge rialta


lámhleabhar d’abairtí a úsáidtear go rialta in obair na dTithe.


3.2.2Is cúis sásaimh don Chomhchoiste go bhfuil seirbhís aistriúcháin chomhuainigh d’ardchaighdeán ar fáil sa Dáil agus sa Seanad. Is í tuairim an Chomhchoiste ná gurb í an tseirbhís aistriúcháin chomhuainigh an príomhriachtanas i ndáil le timpeallacht oiriúnach d’úsáid na Gaeilge in imeachtaí na dTithe a chruthú. Moltar cur leis an tseirbhís mar a leanas:


(a)Seirbhís a chur ar fáil i Seomraí na gCoistí


(b)Cluasán a chur ar fáil in oifig na dtuairisceoirí polaitiúla.


3.2.3D’eagraigh an Dara Comhchoiste don Ghaeilge suirbhé i measc Comhaltaí an Oireachtais i ndáil leis an nGaeilge. Ghlac thart ar 50% de na Comhaltaí sa dá Theach páirt sa suirbhé. Léirigh torthaí an tsuirbhé sin gur mheas breis is 50% dóibh siud a ghlac páirt sa suirbhé go raibh caighdeán Gaeilge maith\measartha acu. I dtuairim an Chomhchoiste, is minic a bhíonn drogall ar a leithéid de dhuine óráid nó sliocht as óráid a thabhairt i nGaeilge, toisc nach bhfuil siad sásta go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu. Moltar go mbeadh cúnamh ar fáil do Chomhaltaí chun óráid nó sliocht as óráid a ullmhú i nGaeilge.


3.2.4De bharr moladh ón gComhchoiste, eagraíodh ranganna Gaeilge do Chomhaltaí i dtosach na bliana reatha. Ghlac 22 Chomhalta páirt sna ranganna sin. Feictear don Chomhchoiste go bhféadfaí tógáil ar an tosach seo agus ranganna agus cúrsaí eile ar chaighdeáin éagsúla a eagrú sa todhchaí. Moltar, mar shampla, cúrsa dírithe ar Chomhaltaí le cumas Gaeilge réasúnta ard a eagrú, bunaithe ar “plé leis na meáin chumarsáide”.


3.2.5Moltar go ndéanfaí ócáidí Gaelacha a eagrú i dTithe an Oireachtais ó am go chéile. (Lón trí Ghaeilge, mar shampla).


3.2.6Tamall de bhlianta ó shin, bhí lámhleabhar dátheangach ar fáil do Chomhaltaí ar na habairtí sin a úsáidtear go rialta in obair na dTithe, ach tá sé as cló le fada an lá. Moltar go ndéanfaí lámhleabhar dá leithéid a athfhoilsiú go luath. Chabhródh a leithéid de lámhleabhar an fhadbh dá dtagraítear ag 3.2.3 thuas a réiteach.


3.3.1Fiú le timpeallacht idéalach, aithníonn an Comhchoiste nach dtarlódh méadú suntasach in úsáid na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad gan céimeanna ar leith a ghlacadh chun Comhaltaí atá báúil don Ghaeilge a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid go rialta. Is cúis díomá don Chomhchoiste an méid Gaeilge a úsáidtear in imeachtaí na dTithe faoi láthair nuair nach ábhar atá bainteach leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht atá á phlé. Feictear don Chomhchoiste gurb iad na cúiseanna is mó nach n-úsáidtear níos mó Gaeilge in imeachtaí na dTithe ná:


nósanna agus cleachtais a d’fhás thar na blianta


nach bhfuil dóthain muiníne ag roinnt Comhaltaí as an méid Gaeilge atá acu


an dearcadh gur beag poiblíocht a bhíonn le fáil as an nGaeilge a úsáid in imeachtaí na dTithe.


3.3.2Dar leis an gComhchoiste, tá ról an-tábhachtach le glacadh ag ceannairí na bpáirtithe i ndáil leis na nósanna agus na cleachtais i dtaobh úsáid na Gaeilge in imeachtaí na dTithe a athrú. Moltar do cheannairí na bpáirtithe dea-shampla a thabhairt trí shliocht i nGaeilge a úsáid go rialta in oráidí agus i ráitis ndáil le hábhair nach mbaineann leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht.


3.3.3Chuideodh sé go mór le cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais dá mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil nuair atá óráidí á dtabhairt ar nithe tábhachtacha cosúil leis an mBuiséad an díospóireacht ar an athló i deireadh téarma agus nithe tábhachtacha eile a bhaineann le leas an phobail. Caithfidh Airí agus urlabhraithe na bpáirtithe iarracht ar leith a dhéanamh má táthar chun dul chun cinn a dhéanamh.


3.3.4Moltar go dtógfaí an cheist ar an athló sa dá Theach trí Ghaeilge más ábhar a bhaineann leis an nGaeilge nó le ceantar sa Ghaeltacht atá á phlé.


3.3.5D’fhéadfaí teacht timpeall ar an bhfadbh atá ann maidir leis an muinín atá ag Comhaltaí áirithe i ndáil le óráidí a ullmhú i nGaeilge gan aon chúnamh, dá gcuirfí i bhfeidhm an moladh ag 3.2.3 maidir le áis aistriúcháin a chur ar fáil. Meastar go dtabharfadh sé sin níos mó muiníne d’an-chuid Comhaltaí atá báúil leis an nGaeilge ach nach n-úsáideann go rialta í.


3.3.6Dá gcuirfí i bhfeidhm an moladh ag 3.2.2 (b) maidir le cluasán a chur ar fáil in oifig na dtuairisceoirí polaitiúla, meastar go gcabhródh sé go mór maidir le teacht ar réiteach ar fhadbh na heaspa tuairiscithe sna meáin ar obair na dTithe a dhéantar trí mheán na Gaeilge.


3.3.7Moltar don Choiste Rialaithe Craolacháin plé a dhéanamh le RTÉ chun féachaint chuige go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge ag foireann RTÉ atá ag plé le teilifísiú imeachtaí an Oireachtais.


TRÁTH NA gCEISTEANNA

4.1Is dlúthchuid de ghnó na Dála é Tráth na gCeisteanna. Tugann Tráth na gCeisteanna deis iontach don Dáil feidhmiú go dátheangach. Faoi láthair, is go fíorannamh a chuirtear ceist i nGaeilge seachas ar ábhair a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht. Tá na moltaí a leanas á ndéanamh ag an gComhchoiste mar iarracht chun Comhaltaí a spreagadh chun an cleachtas sin a athrú.


4.2Moltar go dtabharfaí tús áite do cheist amháin trí Ghaeilge chun an Taoisigh gach lá a mbeidh ceisteanna á nglacadh aige.


4.3Moltar go dtabharfaí cead do Chomhaltaí ceist bhreise a chur isteach sa chrannchur do cheisteanna a thógfar ó bhéal gach lá ar an gcoinníoll gur i nGaeilge a bheidh sí.


4.4Faoi láthair, is é an cleachtas atá ann ná ceisteanna a fhreagairt sa teanga ina gcuirtear iad. Chun na moltaí ag 4.2 agus 4.3 a chur i gcrích, aithníonn an Comhchoiste nach bhféadfaí cloí leis an gcleachtas sin i gcónaí.


Moltar cód cleachtais nua a chur i bhfeidhm faoina mbeadh sé inghlactha ceist i nGaeilge a fhreagairt i mBéarla nó ceist i mBéarla a fhreagairt i nGaeilge.