Committee Reports::Report - Extension of the use of Irish in the house of the Oireachtas::26 October, 1994::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

(Lenar glacadh ar 1 Aibreán, 1993)


(1)Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste (dá ngairfear an Comhchoiste don Ghaeilge).


(2)Go ndéanfaidh an Comhchoiste ath-bhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh


(a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus


(b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,


agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do dhá Theach an Oireachtais uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe den dá ní sin.


(3)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhair a chuimsítear le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin.


(4)Go mbeidh an chumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhair a chuimsítear le mír (2).


(5)I gcás comhalta den Chomhchoiste (nó d’fhochoiste) is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí nó an grúpa de réir bhrí Bhuan-Ordú 89 lena mbaineann an comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.


(6)Go ndéanfaidh an Comhchoiste agus gach fochoiste roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.


(7)Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(8)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach fochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí na fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(9)Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach, agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú, i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.


(10)Gur ceathrar is córam don Chomhchoiste, agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghadh díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann, agus gur triúr is córam do gach fochoiste, agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

(Lenar glacadh ar 7 Aibreán, 1993)


(1)Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 4 chomhalta de Sheanad Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun bheith ina Chomhchoiste (dá ngairfear an Comhchoiste don Ghaeilge).


(2)Go ndéanfaidh an Comhchoiste ath-bhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh


(a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus


(b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,


agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do dhá Theach an Oireachtais uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe den dá ní sin.


(3)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhair a chuimsítear le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin.


(4)Go mbeidh an chumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhair a chuimsítear le mír (2).


(5)I gcás comhalta den Chomhchoiste (nó d’fhochoiste) is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí nó an grúpa de réir bhrí Bhuan-Ordú 89 lena mbaineann an comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.


(6)Go ndéanfaidh an Comhchoiste agus gach fochoiste roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.


(7)Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(8)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach fochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí na fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(9)Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach, agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú, i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.


(10)Gur ceathrar is córam don Chomhchoiste, agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghadh díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann, agus gur triúr is córam do gach fochoiste, agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.


COMHALTAÍ AN CHOMHCHOISTE

MEMBERS OF THE JOINT COMMITTEE

Teachtaí


Máire Ní Chochláinn


Joe Costello


Padraic McCormack


Dinny McGinley


Robert Molloy


Donal Moynihan


Éamon Ó Cuív


Seanadóirí


Paddy Burke


Willie Farrell


Tom Fitzgerald


Mary Kelly


Ag an gcruinniú den Chomhchoiste a tionóladh ar 17 Meitheamh, 1993, toghadh an Teachta Máire Ní Chochláinn mar Chathaoirleach agus an Teachta Dinny McGinley mar Leas-Chathaoirleach.


At the meeting of the Joint Committee held on 17 June, 1993, Deputy Máire Ní Chochláinn was elected as Chairperson and Deputy Dinny McGinley was elected as Vice-Chairperson.