Committee Reports::Interim Report No. 02 - Appropriation Accounts 1993::12 December, 1994::Proceedings of the Joint Committee

DÉARDAOIN 8 NOLLAIG 1994

THURSDAY 8 DECEMBER 1994

1.Chruinnigh an Coiste ar 11.30am.


2.Comhaltaí i láthair:-


Na Teachtaí S.Mistéal (i gCeannas), Ó Bracháin, A.Ó Broin, Ó Dochartaigh, Mac Dhurcáin, Ó Foghlú, Mac Cormaic, B.Ó Caoimh, Ó Máille, Upton.


3.Breithniú na gCuntas Leithreasa 1993.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1993. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:-


Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta.


Cuireadh an Cuntas seo a leanas ar athló:-


Oifig an Ard-Aighne.


4.Breithniú ar an modh ar a gcinntear táillí dlí.


D’athchrom an Coiste ar a gcuid pléití.


5.Finnéithe a Ceistíodh:-


N.Doraigh (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), M.Ó Ruiséal (Cúntóir Dlí Sinsearach, Oifig an Ard-Aighne), M.Ó Dúnlaing (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta), S.Ó Fearghall (An Roinn Airgeadais), An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6.Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 2.15pm go dtí 11am Déardaoin 15 Nollaig 1994.