Committee Reports::Interim Report No. 02 - Appropriation Accounts 1993::12 December, 1994::Proceedings of the Joint Committee

DÉARDAOIN 1 NOLLAIG 1994

THURSDAY 1 DECEMBER 1994

1.Chruinnigh an Coiste ar 11.00am.


2.Comhaltaí i láthair:-


Na Teachtaí S.Mistéal (i gCeannas), Ó Bracháin, A.Ó Broin, Ó Dochartaigh, Mac Dhurcáin, Ó Foghlú, Mac Cormaic, B.Ó Caoimh, Ó Máille, Ó Coinín.


3.Breithniú ar an modh ar a mbailítear fíneálacha páirceála.


Rinne an Coiste breithniú.


4.Breithniú ar an modh ar a gcinntear táillí dlí.


Rinne an Coiste breithniú.


5.Breithniú na gCuntas Leithreasa 1993.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1993. Cuireadh na Cuntais seo a leanas ar athló:-


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.


6.Finnéithe a Ceistíodh:-


B.Ó Donnchú (Rúnaí, An Roinn Comhshaoil), T.Ó Dáltúin (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), P.Ó Maoilearca (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), M.Ó Ruiséal (Cúntóir Dlí Sinsearach, Oifig an Ard-Aighne), M.Ó Lideadha (Cúntóir Dlí Sinsearach, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí), An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7.Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 2.55pm go dtí 11am Déardaoin 8 Nollaig 1994.