Committee Reports::Annual Report - Select Committee on Social Affairs, Volume II::07 June, 1994::Proceedings of the Joint Committee

DÉARDAOIN 19 BEALTAINE 1994

THURSDAY 19 MAY 1994

1.Chruinnigh an Coiste ar 11.10am.


2.Comhaltaí i láthair:-


An Teachta S.De Mhistéal (i gCeannas), Na Teachtaí T.Ó Bracháin, B. Mac Dhurcáin, D.Ó Foghlú, B.O Caoimh, D.Ó Máille, P.Ó Coinín.


3.Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


4.Dréacht Tuarascáil Eatramhach an Cathaoirleach ar na gCuntas Leithreasa don bliain 1992.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a bhreithnithe.


Aontaíodh an Dréacht Tuarascáil


Ordaíodh: Tuairisciú don Dáil dá réir sin.


5.Dréacht Tuarascáil Speisialta an Cathaoirleach ar Eitinn Bhólachta a Scriosadh.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht Tuarascáil faoi bhráid an Choiste chun a bhreithnithe.


Aontaíodh an Dréacht Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuairisciú don Dáil dá réir sin.


6.Breithniú na gCuntas Leithreasa 1992.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1992. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:-


Teachlachas an Uachtaráin, Oifig an Aire Airgeadais, An tSeirbhís Shicréideach, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Méaduithe ar Liúntais agus ar Phinsin, Cuntas Taisce an Chiste Theagmhasaigh, Oifig na nOibreacha Poiblí.


7.Tuarascáil Iniúchta Tionscadail ar Dhilárú.


Críochnaíodh breithniú ar an Tuarascáil.


8.Finnéithe a Ceistíodh:-


S.Ó Croimín (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), S.Ó Mathúna (Cathaoirleach, Oifig na nOibreacha Poiblí), An tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste.


9.Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10pm go dtí 11am Déardaoin 26 Bealtaine 1994.