|
1. RÉAMHRÁ1.1.1 Tá an Dara Comhchoiste don Ghaeilge i mbun oibre ó 30 Meán Fómhair 1987 agus tá go leor ama caite ó shin ag plé le ceist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Bhain furmhór na hoibre sin leis an Dara Tuarascáil ón gComhchoiste.i. “Moltaí i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus laistigh de na Páirtithe Polaitíochta.” a foilsíodh ar an 12 Bealtaine 1988. 1.1.2 Luadh sa Tuarascáil sin go raibh beartaithe ag an gComhchoiste seo leanúint ar aghaidh leis an obair a thosaigh an Chéad Chomhchoiste i ndáil le Tithe an Oireachtais. Bhí sé soiléir do na comhaltaí den Chomhchoiste seo agus iad ag dul i mbun oibre go raibh dul chun cinn teoranta déanta i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge. Bíodh is nach raibh an dul chun cinn sin róshuntasach léirigh sé go raibh deireadh curtha leis an meath agus go rabhthas ar an mbóthar ceart arís. Tuar dóchais a bhí ansin ar ndóigh ach bhí sé soiléir nach raibh an obair ach ag tosú. 1.2.1 D’fhonn cur leis an iarracht chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh de na Tithe shocraigh na comhaltaí go gcaithfí eolas a fháil ó na Comhaltaí den dá Theach. Thug na comhaltaí faoi deara go raibh iarracht déanta cheana chun na críche sin ag an gCéad Chomhchoiste ach go raibh teipthe air. Chuir an Comhchoiste sin ciorclán chuig gach Comhalta ag lorg tuairimí ach feictear ón Tuarascáil Bhliantúil a foilsíodh ar an 16 Iúil 1986: “[nach] raibh an Comhchoiste sásta le líon na bhfreagraí a fuarthas.” 1.2.2 Chun a chinntiú go mbeadh toradh níos fearr ar aon iarracht chun eolas a fháil ó na Comhaltaí den dá Theach cinneadh gurbh fhiú suirbhé a dhéanamh agus tá cur síos sa tuarascáil seo ar na nithe seo a leanas: —An cúlra don suirbhé; —An nós imeachta a úsáideadh; agus —Na torthaí. 1.3.1 Ag tús na Tuarascála seo teastaíonn ó na comhaltaí den Chomhchoiste buíochas a ghabháil le gach duine agus le gach eagras a chabhraigh leo ag gach pointe nuair a bhí an suirbhé agus an tuarascáil seo á n-ullmhú. Tá buíochas ar leith ag dul do gach Comhalta den dá Theach a sheol freagra ar ais, do Ghearóid Ó Casaide Uasal i Rannóg an Aistriúcháin agus do Chléireach an Chomhchoiste, Seosamh Ó Riain Uasal agus dá chúntóir Áine Ní Shomacháin Uasal. 2. AN CÚLRA DON SUIRBHÉ2.1.1 Faoi mar atá luaite roimhe seo ba é an rud a spreag an suirbhé seo ná an fonn a bhí ar na comhaltaí den Chomhchoiste chun eolas, a bheadh úsáideach dóibh ina gcuid oibre, a bhailiú. Mheas siad gurb é sin an bealach ab éifeachtaí chun toradh fiúntach a fháil. 2.2.1 D’fhéadfaí an cheist a chur faoin saghas eolais a bhí de dhíth ar na comhaltaí agus is air sin a thugtar aghaidh anois. 2.2.2 Bhí sé mar phríoracht ag na comhaltaí den Chomhchoiste go leanfaí leis na hiarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna Tithe. Bhí an méid sin mar aidhm ag na comhaltaí den Chomhchoiste ach an raibh fonn ar Chomhaltaí eile den dá Theach bheith páirteach san iarracht, an raibh suim acu sa Ghaeilge fiú, an raibh tuairimí fiúntacha acu faoina cur chun cinn? Níl ansin ach roinnt de na ceisteanna a bhí ag cur as do na comhaltaí nuair a chinn siad ar an suirbhé a ullmhú. 2.2.3 Cheap na comhaltaí den Chomhchoiste go raibh sé mar bhunriachtanas go mbeadh oiread eolais agus ab fhéidir ar fáil dóibh faoi chumas Gaeilge na gComhaltaí den dá Theach agus faoin dearcadh a bhí acu ina leith. Dá bhrí sin cinneadh gurbh fhearr díriú ar an eolas a d’fhéadfaí an úsáid is mó a bhaint as a bhailiú. 2.3.1 D’fhonn a chinntiú nach mbeadh suirbhé, faoi mar a bhí beartaithe, ag teacht salach ar rialacha na dTithe ghlac na comhaltaí comhairle leis an gCeann Comhairle agus le Cathaoirleach an tSeanaid. Thug siad siúd le fios nach mbeadh locht acu ar a leithéid agus bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach an tSeanaid ina litir dar dáta 4 Samhain 1987: “fáiltím roimh an suirbhé i ndáil leis an nGaeilge atá ar intinn agat a dhéanamh.” 3. AN CUR CHUIGE LEIS AN SUIRBHÉ3.1.1 Is brú ama an fhadhb is mó atá ag Comhalta ar bith den dá Theach agus b’éigean do na comhaltaí den Chomhchoiste suntas mór a thabhairt don méid sin nuair a bhí leagan amach an tsuirbhé faoi chaibidil acu. Baineann an chuid seo den tuarascáil leis na deacrachtaí a bhí ag comhaltaí nuair a bhí an suirbhé á ullmhú acu. 3.2.1 De bharr an bhrú ama a luaitear roimhe seo shocraigh na comhaltaí go gcaithfí líon na gceisteanna a theorannú go mór agus go gcaithfí na ceisteanna a choinneáil díreach agus gonta. Anuas air sin, ar ndóigh, í a fhios ag na comhaltaí go gcaithfí leagan dátheangach a úsáid — rud eile a chuirfeadh leis an mbrú ar spás. 3.2.2 Ag cur na constaicí uile san áireamh shocraigh na comhaltaí go gcaithfí díriú ar shimplíocht agus ar thapúlacht sna ceisteanna. Sna cúinsí sin leagadh béim ar cheisteanna gairide a d’fhéadfaí a fhreagairt go héasca agus gan ach marc (“X” mar shampla) a bheith riachtanach mar fhreagra i ngach cás. Ar an gcaoi sin bhí na comhaltaí sásta nach gcuirfeadh an suirbhé isteach go rómhór ar am na gComhaltaí agus go bhféadfaí bheith ag súil le líon suntasach freagraí dá réir. 3.2.3 Ó tharla go raibh constaicí móra ó thaobh spáis de aontaíodh go gcaithfí díriú ar na hábhair ba ghéire riachtanais. Tar éis dóibh an cheist sin a scrúdú go mion d’aontaigh na comhaltaí gurb iad na hábhair ba thábhachtaí ná: (a)Cumas Gaeilge na gComhaltaí den dá Theach; (b)Úsáid na Gaeilge; (c)Constaicí i dtaobh úsáid na Gaeilge; (d)Fonn na gComhaltaí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus/nó a chleachtadh; (e)Modhanna chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus/nó a fheabhsú; (f)Áiseanna d’fhoghlaim na Gaeilge; agus (g)Tuairimí ó na Comhaltaí faoi chur chun cinn na Gaeilge. 3.2.4 Mheas na comhaltaí go bhféadfaí go leor eolais fhiúntaigh a bhailiú trí dhíriú ar na ceisteanna sin roimhe seo agus ar deireadh thiar socraíodh go mbeadh deich (10) gceisteanna san iomlán sa suirbhé. Tá cóip den suirbhé ag gabháil leis an tuarascáil seo mar Aguisín A. 4. NA TORTHAÍ AR AN SUIRBHÉ4.1.1 Sa chaibidil seo den Tuarascáil tá beartaithe ag na comhaltaí den Chomhchoiste cur síos a thabhairt ar thorthaí an tsuirbhé, coimriú a thabhairt ar na freagraí ar gach ceist agus scagadh agus anailís a dhéanamh ar na freagraí uile. 4.1.2 Tá beartaithe ag na comhaltaí na torthaí ar an suirbhé sa dá Theach a scrúdú neamhspleách ar a chéile ó tharla go meastar go dtabharfadh sé sin pictiúr níos iomláine agus níos cruinne. 4.2.1 An chéad rud atá le rá faoin suirbhé i gcoitinne, sula dtéann na comhaltaí ar aghaidh go dtí an scrúdú mion ar na torthaí sa dá Theach, ná gur chúis mhí-shástachta dóibh an líon freagraí a fuarthas ar ais. I gcás na Dála níor sheol ach 49% de na Comhaltaí freagraí ar ais agus bhí an scéal níos measa fós sa Seanad — 43%. 4.2.2 Tá na figiúirí roimhe seo dona go leor nuair a smaoinítear gur eisíodh an suirbhé ar an 10 Nollaig 1987 agus gur eisíodh dhá (2) mheabhrúchán ina dhiaidh sin — ar an 20 Eanáir 1988 agus ar an 8 Márta 1988. Ar an taobh eile den scéal tá na torthaí seo i bhfad níos fearr ná mar a bhí ar an gciorclán a scaip an Chéad Chomhchoiste — féach mír 1.2.1. 4.2.3 In ainneoin an líon freagraí a fuair na comhaltaí ar ais an babhta seo tá siad sásta go bhfuil fiúntas leis an eolas atá bailithe faoi mar a bheidh soiléir ina dhiaidh seo sa Tuarascáil. Ní mór a lua go bhfuil na céatadáin ina dhiaidh seo bunaithe ar an líon freagraí a fuarthas ar ais: níl siad leasaithe chun bheith bunaithe ar bhallraíocht iomlán na dTithe. 4.3.1 Is suirbhé rúnda a bhí ann agus tá na comhaltaí sásta go raibh sé sin níos fearr ná ceann ina mbeadh ar Chomhaltaí iad féin a ainmniú. Bhain an chéad cheist, mar sin, le haitheantas agus is í a bhí ann ná
(Cuir sa bhosca cuí: place in appropriate box)” 4.3.2 Faoi mar atá luaite roimhe seo chuir 49% de na Teachtaí agus 43% de na Seanadóirí freagra ar ais. 4.4.1 Bhain an dara ceist le cumas Gaeilge na gComhaltaí den dá Theach. Bhí sí leagtha amach chun eolas a fháil faoi chumas na gComhaltaí i labhairt, i scríobh agus i léamh na Gaeilge mar seo a leanas: “2. Do chumas Gaeilge i do thuairim féin: your own view of your competence in Irish. (Cuir sna boscaí cuí: place in appropriate boxes).
4.4.2 Is mar seo a leanas a bhí an toradh: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
4.4.4 Maidir le labhairt na Gaeilge is léir nach bhfuil an scéal go maith ar chor ar bith. Díobh siúd a chuir freagraí ar ais níl ach 8% i gcás na Dála agus 11% i gcás an tSeanaid atá líofa sa teanga. Is cainteoirí ó dhúchas iad siúd go príomha glactar leis agus bheadh na céatadáin sin ag teacht leis — nó beagáinín níos fearr ná — an líon daoine sa tír a bhfuil an caighdeán sin Gaeilge acu. Tá líon measartha suntasach sa dá Theach — go háirithe sa Dáil — a bhfuil labhairt na Gaeilge go maith acu. Is bonn an-mhaith an líon sin daoine chun tógáil air amach anseo. Maíonn líon mór Comhaltaí sa dá Theach go bhfuil labhairt na Gaeilge go measartha acu. Is tuar dóchais é sin do chomhaltaí an Chomhchoiste mar léiríonn sé go bhfuil líon suntasach daoine ann a bhfuil caighdeán teoranta acu i labhairt na teanga. Le spreagadh agus le cleachtadh ní fheictear cén fáth nach bhféadfaí cur lena gcumas siúd diaidh ar ndiaidh. Tá an líon Comhaltaí atá lag ó thaobh labhairt na Gaeilge de beagnach mar an gcéanna sa dá Theach agus é a bheith ard go maith. San áireamh anseo bheadh daoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu agus iad siúd atá in ann roinnt abairtí a úsáid. Caithfidh sé bheith mar chuspóir ag na Páirtithe agus ag Údaráis na dTithe an líon seo a spreagadh oiread agus is féidir. Deirtear gur “beatha teanga í a labhairt” agus tar éis an t-eolas atá curtha ar fáil sa chás seo a chur san áireamh tá a lán oibre le déanamh fós má tá an Ghaeilge labhartha le bheith slán i dTithe an Oireachtas. Ar an taobh eile den scéal is tuar dóchais í go bhfuil labhairt na Gaeilge go measartha — nó níos fearr — ag céatadán ard dóibh siúd a sheol freagraí ar ais. 4.4.5 Chomh fada agus a bhaineann sé le scríobh na Gaeilge tá na torthaí suimiúil go maith — go háirithe nuair a smaoinítear ar an mbéim a bhíodh — agus atá i gcónaí — sna scoileanna, ar scríobh na Gaeilge. Thug an céatadán céanna de na Comhaltaí agus a bhí líofa sa Ghaeilge le fios sa chás seo go raibh siad an-chumasach i scríobh na teanga. Cuireann sé seo leis an tuairim atá nochtaithe cheana féin faoin líon daoine a bhfuil an Ghaeilge acu ó dhúchas. I gcás na Dála tá an céatadán dóibh siúd atá cumasach (go maith) i scríobh na Gaeilge beagáinín níos lú ná an céatadán atá cumasach i labhairt na teanga — a mhalairt atá fíor i gcás an tSeanaid. Tá líon Comhaltaí níos lú sa dá Theach atá measartha ag scríobh na Gaeilge ná mar atá ag labhairt na teanga. Faoi mar atá luaite roimhe seo tá an toradh seo suimiúil i gcomhthéacs na scolaíochta. Maidir leo siúd atá lag i scríobh na Gaeilge tá an céatadán sa Dáil an-ard — 6% níos airde ná an líon Comhaltaí atá lag ag labhairt na teanga. Is cúis imní í seo ó tharla go mbeifí ag súil leis go bhféadfadh Comhaltaí óráidí agus Ceisteanna Dála a ullmhú as a stuaim féin. Níl aon difríocht idir an líon Comhaltaí atá lag i labhairt agus i scríobh na teanga sa Seanad. 4.4.6 Is cúis áthais do chomhaltaí an Chomhchoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil líon maith de na Comhaltaí sa dá Theach — agus sa Seanad ach go háirithe — a bhfuil cumas an-mhaith acu i léamh na Gaeilge. I gcás an dá Theach tá cumas níos airde i léamh na Gaeilge ná mar atá i labhairt agus i scríobh na teanga. Léiríonn an méid seo go bhfuil líon suntasach Comhalta a bhfuil stór cuimsitheach focal acu. Maidir le léamh na Gaeilge tá difríocht an-mhór idir an líon Comhaltaí atá go maith ón taobh sin de i gcomparáid leis an líon atá go maith ag labhairt agus ag scríobh na teanga. Ar ndóigh, tá an patrún céanna le haithint sna figiúirí a bhaineann leo siúd atá measartha agus lag ag léamh na Gaeilge i gcomparáid leis na scileanna teanga eile. Is comhartha é seo, áfach, go bhfuil stór maith focal ag Comhaltaí a d’fhéadfaí tógáil air amach anseo agus is tuar dóchais mór é dá réir. 4.5.1 Le ceist uimhir a trí lorgaíodh eolas faoi úsáid na Gaeilge. Socraíodh gurbh fhearr é seo a dhéanamh trí cheannteidil éagsúla a roghnú mar seo a leanas, eadhon: (a)Minicíocht; (b)An saghas oibre ina n-úsáidtear an Ghaeilge; agus (c)Na fáthanna nach n-úsáidtear an Ghaeilge níos minicí. 4.5.2 Seo a leanas an téacs iomlán de cheist a trí, eadhon: “3.An úsáideann tú Gaeilge in imeachtaí na dTithe? Do you use Irish in the proceedings of the Houses? (Cuir sa bhosca cuí: place in appropriate box) (a)Minicíocht: Frequency
(b)An saghas oibre ina n-úsáideann tú an Ghaeilge: Type of work in which you use Irish. (Cuir sa bhosca cuí: Place in appropriate box).
(c)Mura n-úsáideann tú an Ghaeilge go rialta an bhfuil fáth ar leith leis sin: If you are not a regular user of Irish is there a particular reason for this? (Cuir sa bhosca cuí: Place in appropriate box).
4.5.3 Maidir le 3 (a) bhí an toradh seo a leanas ann: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
Chomh fada agus a bhaineann sé le húsáid na Gaeilge go rialta is cúis imní do chomhaltaí go bhfuil difríocht chomh mór idir na torthaí sa dá Theach. As na Comhaltaí a chuir freagraí ar ais bhí breis agus dhá oiread níos mó Seanadóirí ná Teachtaí ag maíomh gur bhain siad úsáid as an nGaeilge go rialta. Bhí an leibhéal sin ard go maith sa Seanad agus léiríonn sé dea-thoil i dtaobh na teanga. Ar ndóigh, tá sé suntasach go bhfuil 19% de na Seanadóirí a sheol freagraí ar ais sásta an Ghaeilge a úsáid go rialta cé gur léiríodh nach raibh ach 11% dóibh líofa sa teanga. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil níos mó ná Comhaltaí atá líofa sa teanga sásta an iarracht riachtanach a dhéanamh. I gcás na Dála is ionann an líon atá líofa agus an líon a úsáideann an teanga go rialta. Maidir leis na leibhéil eile tá an Seanad an-seasmhach ach tá an scéal go dona sa Dáil. Díobh siúd a chuir freagraí ar ais ní úsáideann 43% díobh an Ghaeilge riamh. Tá an figiúr sin scanrúil agus ní haon chomhar- tha dóchais é. Léiríonn sé, áfach go gcaithfear cur go suntasach leis na hiarrachtaí atá ar bun cheana féin d’fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn. 4.5.4 Bhí an toradh seo a leanas ar 3 (b): (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
Is cúis díoma do chomhaltaí nach raibh ach 10% de na Teachtaí a chuir freagra ar ais ag cur síos Ceisteanna Dála i nGaeilge. I dtuairim na gcomhaltaí tá sé sin ró-íseal ar fad ach léiríonn sé an riachtanas anmhór do sheirbhísí tacaíochta do Chomhaltaí chun a leithéid a ullmhú. Bhí an scéal níos fearr i gcás na n-óráidí sa Dáil agus i gcás an tSeanaid bhí an líon Comhalta a úsáideann an Ghaeilge in óráidí an-sásúil. Léiríonn na torthaí sin go bhfuil fonn ar Chomhaltaí roinnt Gaeilge a úsáid agus is bonn maith é chun tógáil air. Bhí na torthaí faoi thairiscintí/rúin a mholadh measartha sásúil agus ní fhéadfaí locht ró-mhór a fháil ar na figiúirí faoi úsáid “eile”. Caithfear suntas a thabhairt do na figiúirí a bhaineann leo siúd nár chuir aon fhreagra ar an gceist seo. I gcás na Dála níl an líon chomh hard leis an gceann a luadh dóibh siúd nach n-úsáideann an Ghaeilge riamh ach a mhalairt atá fíor i gcás an tSeanaid. 4.5.5 I gcás 3 (c) bhí an toradh seo a leanas ann: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
Tá na torthaí ar an gceist seo an-suimiúil i dtuairim na gcomhaltaí agus is fiú iad a scrúdú go mion. An chéad rud atá le tabhairt faoi deara ná an líon mór Comhaltaí sa dá Theach a deir gurb é easpa cumais an fáth nach n-úsáideann siad an Ghaeilge níos minicí. Tá sé deacair glacadh leis sin ag féachaint don líon díobh a bhí cumasach, dar leo féin, i labhairt na teanga. Dealraíonn sé nach bhfuil Comhaltaí muiníneach as an gcumas atá acu sa teanga agus go bhfuil cleachtadh ar bhonn rialta de dhíth orthu. Cinnte ní ghlactar leis go bhfuil an scéal chomh dona agus a léirítear sa chás seo. Ar ndóigh, tá gné shuimiúil eile leis an toradh seo agus baineann sé le easpa poiblíochta. Tá gearáin cloiste go rialta ó Chomhaltaí den dá Theach faoin easpa poiblíochta a bhaineann le gnó trí Ghaeilge sna Tithe. Tuigeann na comhaltaí iad féin na deacrachtaí sin ach an bhfuil cúrsaí chomh dona agus a deirtear? — tar éis an t-eolas atá tugtha anseo a chur san áireamh ní fhéadfaí a rá go bhfuil siad. Go minic roimhe seo tá curtha i leith na gComhaltaí den dá Theach nach bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Ní thugann an toradh sa chás seo aon chreidiúint don tuairim sin agus beidh sé sin níos soiléire fós amach anseo. Sa cheist seo iarradh ar Chomhaltaí an raibh aon fháthanna eile nach n-úsáideann siad an Ghaeilge. Tugadh go leor eolais i ndáil leis sin agus is iad na pointí seo a leanas is mó a luadh, eadhon: (a)Easpa cleachtadh; (b)Eagla; (c)Easpa deiseanna oiriúnacha; (d)Tá gach rud as Béarla cheana agus bheadh sé deacair iad a aistriú go Gaeilge; (e)Easpa éilimh ar Ghaeilge ó Dháilcheantair; (f)Éadulaingt i measc Gaeilgeoirí; (g)Ní fheictear aon duine eile ag úsáid na Gaeilge; agus (h)Ar eagla go ndealródh sé nach bhfuil in úsáid na Gaeilge ach geáitsíocht chun poiblíocht a fháil. Léiríonn cuid de na nithe seo meon suimiúil i dtaobh na Gaeilge sa mhéid is gur léir go bhfuil dea-thoil ann ach gurb é scanradh nó náire is cúis go príomha leis an easpa úsáide a bhaintear as an teanga. Feictear gurb é éadulaingt i measc Gaeilgeoirí atá ag cur as do Chomhaltaí áirithe. Is trua gurb amhlaidh an scéal mar níl amhras ach go gcuireann a leithéid daoine i gcoinne na teanga. Tharla sé seo go ró-mhinic cheana agus níor cheart ligint dó tarlú arís. 4.6.1 Bhí sé tábhachtach go bhfaighfí amach cén dearcadh a bhí ag Comhaltaí den dá Theach faoi chonstaicí a bhain le húsáid na Gaeilge agus is ar an ábhar sin a bhí ceist uimhir a ceathar (4) dírithe, eadhon: “4.Na constaicí is mó i do thuairim ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de i dTithe an Oireachtais: The greatest constraints as regards the promotion of Irish in the Houses of the Oireachtas in your view. (Cuir in ord ó 1 go 4: Place in order 1 to 4).
4.6.2 Bhí na torthaí seo a leanas ar an gceist, eadhon: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
4.6.3 Tá na torthaí sa dá Theach cothrom go maith ó thaobh na céatadáin de i gcás easpa seirbhísí tacaíochta agus easpa tacaíochta ó na Páirtithe ach faoi na teidil eile tá difríochtaí suntasacha ann. Braitheann cuid mhaith den difríocht sin leis an mbrí a baineadh as “eile” agus scrúdófar é sin go mion thíos. 4.6.4 I gcás na Dála tá easpa tacaíochta ó na Páirtithe sa chéad áit le 28%. Tá an toradh seo suimiúil sa mhéid is go léiríonn sé go gceapann Teachtaí go bhféadfadh na Páirtithe i bhfad níos mó a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus nach bhfuil siad ag déanamh a ndóthain cheana féin. Is toradh suntasach é seo agus léiríonn sé go bhfuil géarghá le feidhmiú na moltaí a rinne na comhaltaí den Chomhchoiste i ndáil leis an nGaeilge sna Páirtithe sa dara tuarascáil. Faoin teidil “eile”, ag uimhir a dó san ord tosaíochta, bhí 27% míshásta agus luadh na fáthanna seo a leanas don fhreagra sin, eadhon: (a)Easpa cumais; (b)Easpa dea-thola i measc cainteoirí líofa Gaeilge chun cabhrú leo siúd atá ar bheagán Gaeilge; (c)An méid ama a thógann sé chun gnó a dhéanamh trí Ghaeilge seachas trí Bhéarla; (d)Easpa áiseanna teagaisc; (e)Géar-ghá le háiteanna agus amanna nuair a bheadh an Ghaeilge amháin in úsáid; (f)Mórán Teachtaí naimhdeach don Ghaeilge; (g)Níos mó taithí ag Teachtaí ar an mBéarla; (h)Easpa muiníne as an méid Gaeilge atá acu; (i)Níl aon phlean forbartha fadtéarmach i ndáil le húsáid na Gaeilge in obair na dTithe; agus (j)Fíor-easpa suime na meán cumarsáide i ngnó trí Ghaeilge. Luadh easpa seirbhísí tacaíochta i nGaeilge ag uimhir a trí le 21%. Ceist oscailte a bhí anseo agus iarradh ar Chomhaltaí sonraí a thabhairt faoi na nithe a bhí i gceist dar leo. Tugadh na freagraí seo a leanas, eadhon: (a)An gá le traenáil don fhoireann i nGaeilge; (b)Áiseanna traenála cuimsithí do Chomhaltaí a bheith ar fáil; (c)Géar-ghá le cinnireacht agus le stuaim i dtaobh na teanga; (d)Deacrachtaí móra toisc nach bhfuil an Ghaeilge ag rúnaithe atá ag obair do Chomhaltaí agus nach bhfuil siad in ann clóscríbhneoireacht a dhéanamh i nGaeilge; agus (e)An gá le seirbhís chun leaganacha Gaeilge de dhoiciméid i mBéarla a ullmhú go tapaidh. Ag uimhir a ceathar san ord tosaíochta le 12% tá easpa áiseanna aistriúcháin. Tá an céatadán sin an-íseal ag féachaint don tábhacht a bhaineann leis an ábhar — go háirithe i gcomparáid leis an Seanad (féach thíos) — agus meastar gurb iad na fáthanna atá leis ná: (a)Go bhfuil córas aistriúcháin chomhuainigh sa Dáil; agus (b)Gur cuireadh an t-ábhar seo san áireamh faoi cheannteidil eile. 4.6.5 Sa chéad áit i gcás an tSeanaid bhí easpa áiseanna aistriúcháin le 27%. Tá an figiúr seo ard go maith agus is é is cúis leis go príomha ná nach bhfuil seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ar fáil sa Seanad faoi láthair. Tuigtear do na comhaltaí den Chomhchoiste go gcuirfear córas mar sin isteach sa Seanad le linn na n-oibreacha feabhsúcháin atá ar siúl agus meastar go gcabhróidh sé sin leis an scéal a shonraítear sa toradh seo a leigheas. Bhí easpa tacaíochta ó na Páirtithe go hard san ord tosaíochta ag uimhir a dó le 25%. Baineann na nithe céanna agus a luadh i gcás na Dála leis an scéal seo. Luaigh 23% gurb easpa seirbhísí tacaíochta i nGaeilge a chuir as dóibh. Mar fhreagra ar an gceist faoi shonraí a thabhairt luadh na nithe seo a leanas eadhon. (a)Easpa ranganna agus fístéipeanna oideachasúla; (b)Gan aon chúrsa traenála a bheith ar fáil; (c)An-deacrachtaí toisc nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag rúnaithe; agus (d)Easpa seirbhísí comhairleoireachta faoi ghnó trí Ghaeilge. Ag uimhir a ceathar san ord tosaíochta le 15% luaitear “eile”. Is é an bhrí a bhain Seanadóirí as sin ná: (a)Easpa áiseanna simplí chun an Ghaeilge a úsáid; (b)An-ghá le grúpaí beaga chun an teanga a chleachtadh; (c)Easpa spreagadh; (d)Easpa poiblíochta i ndáil le himeachtaí i nGaeilge; (e)Easpa cumais i measc na gComhaltaí; (f)Easpa iarrachta daingne i measc na gComhaltaí; (g)Easpa cumais chun gnó bunúsach a dhéanamh trí Ghaeilge; agus (h)Gaeilgeoirí atá ró-dhíograiseach ag brú na teanga ar Chomhaltaí. 4.6.6 Tá go leor ábhar machnaimh sna torthaí ar an gceist seo agus b’fhéidir gurb iad na nithe is suimiúla ná na tuairimí a nochtaigh na Comhaltaí iad féin. Ar ndóigh tá aghaidh tugtha ag na comhaltaí den Chomhchoiste ar formhór na nithe sin cheana féin ach ní mór díriú ar na cinn eile gan mhoill. 4.7.1 I gcás ceist uimhir a cúig bhí eolas á lorg faoi cé chomh toilteanach agus a bheadh Comhaltaí chun níos mó Gaeilge a úsáid amach anseo. Seo a leanas téacs na ceiste eadhon: “5.An mbeifeá sásta iarracht a dhéanamh chun níos mó Gaeilge a úsáid amach anseo: would you be prepared to try to use more Irish in the future? (Cuir sa bhosca cuí: place in appropriate box).
4.7.2 Bhí an toradh seo a leanas ar an gceist eadhon: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
4.7.3 Ceist shimplí a bhí anseo agus rinneadh é seo d’aon ghnó chun iachall a chur ar Chomhaltaí freagra díreach a thabhairt. Dá ainneoin sin shleamhnaigh 8% de Chomhaltaí an tSeanaid as freagra díreach a thabhairt ar an gceist. 4.7.4 Tá an céatadán de Chomhaltaí atá sásta iarracht a dhéanamh chun níos mó Gaeilge a úsáid an-sásúil. Is gá a lua arís go bhfuil na figiúirí sin bunaithe ar an líon daoine a sheol freagraí ar ais ach dá ainneoin sin tá siad fós go han mhaith agus cruthaíonn sé an dearcadh atá ag na comhaltaí den Chomhchoiste nach easpa dea-thola is cúis leis an bhfíor-bheagán úsáide a bhaintear as an nGaeilge in obair na dTithe. Tá comhartha eile anseo go bhfuil cinnireacht agus spreagadh i dtaobh na teanga á lorg ag na Comhaltaí den dá Theach agus caithfidh sé sin teacht ó na Páirtithe Polaitíochta. Tá an toil i measc na gComhaltaí ach tá struchtúr ag teastáil go géar chun an spreagadh, an chinnireacht agus an deis a thabhairt dóibh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh. Tá a lán moltaí déanta ag na comhaltaí den Chomhchoiste seo agus ag na comhaltaí den chéad Chomhchoiste chun na críche sin ach cad a tharla? Cén fáth nach bhfuil na Páirtithe ag cur na moltaí sin i bhfeidhm go diongbháilte nuair atá na Comhaltaí den dá Theach ag éileamh gníomh cruthaitheach go géar faoi mar atá cruthaithe anseo? 4.7.5 Anuas ar na torthaí ar cheist uimhir a dó tugann na freagraí sa chás seo le fios go bhfuil comharthaí dóchais ann. Tá dea-thoil cruthaithe agus tá sé sin tábhachtach mar chéad chéim. Mura bhfuil dea-thoil ann ní bheidh fonn ar aon duine gníomhú ach nuair atá sé ann tá bonn ar fáil láithreach chun tógáil air. Ní léir go mbeidh an dea-thoil ann go deo agus caithfidh na Páirtithe agus Údaráis na dTithe gníomhú anois. 4.8.1 Le ceist uimhir a sé bhí eolas sonrach á lorg ó Chomhaltaí den dá Theach faoin bhfiúntas a bhaineann le níos mó Gaeilge a úsáid in obair na dTithe. Seo a leanas téacs na ceiste eadhon: “6.An fiú níos mó Gaeilge a úsáid in imeachtaí na dTithe: is it worth using more Irish in the proceedings of the Houses? (Cuir sa bhosca cuí: place in appropriate box).
4.8.2 An toradh seo a leanas a bhí ar an gceist, eadhon: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
4.8.3 I gcás an dá Theach bhí na torthaí ar an gceist seo an-sásúil. Léirítear an-bhá don teanga agus bréagnaítear an tuairim nach bhfuil áit don Ghaeilge in obair uile na dTithe. Tacaíonn an toradh sa chás seo leis na torthaí ar cheisteanna eile faoi dhea-thoil na gComhaltaí do chur chun cinn na teanga. 4.8.4 Bhí 74% de na Teachtaí a chuir freagraí ar ais den tuairim gurbh fhiú nó gurbh fhiú go mór níos mó Gaeilge a úsáid in obair na dTithe. Is an-chomhartha dóchais é sin agus léiríonn sé arís an t-éileamh ó Chomhaltaí ar chinnireacht i dtaobh na teanga. Rud amháin faoin toradh sa Dáil atá ina chúis imní do chomhaltaí an Chomhchoiste ná an céatadán measartha ard — 17% — de Theachtaí a shéanann gurbh fhiú níos mó Gaeilge a úsáid in obair na dTithe. Ní fios go díreach cad is cúis leis sin ach b’fhéidir go mbaineann na fáthanna seo a leanas leis eadhon: (a)Easpa cinnireachta i dtaobh na teanga ó na Páirtithe — féach an freagra ar cheist 4; (b)Easpa cumais sa teanga — féach an freagra ar cheist 3 (c) — nó (c)Aon cheann de na fáthanna a luaitear sna freagraí ó Theachtaí ar cheist 3(c). An rud is tábhachtaí faoin toradh áirithe seo ná go bhfuil gá le gníomh go han-luath mura bhfuil an dea-thoil atá ann faoi láthair chun dul i laige go suntasach. 4.8.5 Tá an scéal níos fearr sa Seanad ná sa Dáil sa mhéid is go bhfuil céatadán níos airde de na Comhaltaí a chuir freagraí ar ais den tuairim gurbh fhiú nó gurbh fhiú go mór níos mó Gaeilge a úsáid in obair na dTithe. Ar ndóigh tá sé suntasach nach raibh aon Seanadóir a sheol freagra ar ais den tuairim nárbh fhiú níos mó Gaeilge a úsáid. Admhaítear go bhfuil céatadán measartha ard — 15% — nach raibh aon tuairim acu faoin gceist seo (i gcomparáid le 8% sa Dáil) ach ar a laghad ní raibh siad seo diúltach ina ndearcadh. 4.9.1 Bhí ceist uimhir a seacht an-tábhachtach i dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste toisc gur bhain sí le fonn na gComhaltaí den dá Theach chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó an méid a bhí acu a fheabhsú. Úsáideadh an téacs seo a leanas eadhon: “7.Ar mhaith leat an Ghaeilge a fhoghlaim nó an méid atá agat a fheabhsú: would you like to learn Irish or to improve on your present capability? (Cuir sa bhosca cuí: place in appropriate box).
4.9.2 Bhain an toradh seo a leanas leis an gceist, eadhon: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
4.9.3 Bhí an toradh an-sásúil sa dá Theach agus léiríonn sé an meas atá ag na Comhaltaí a chuir freagraí ar ais ar an teanga. Is comhartha eile an toradh seo den riachtanas a bhaineann le tacaíocht cruthaitheach ó na Páirtithe agus ó Údaráis na dTithe do Chomhaltaí. Dealraíonn sé go bhfuil an dea-thoil ann agus go bhfuil fonn ar Chomhaltaí a gcuid Gaeilge a fheabhsú ach cá bhfuil na háiseanna chun an t-éileamh sin a shásamh nó cé na bearta atá á nglacadh chun freastal air? Faoi mar a dúradh cheana tá gá le gníomh anois. Ar ndóigh, luaigh na comhaltaí den Chomhchoiste é seo cheana sa dara tuarascáil, eadhon: “[Tá] ré na cainte i bhfad thart agus go bhfuil ré na gníomhaíochta buailte linn” ach ní fheictear an leibhéal gnímh atá riachtanach — fós ar aon nós. Caithfidh feabhas teacht ar an scéal nó d’fhéadfadh an sár-deis atá ann faoi láthair a bheith caillte. Ba thrua dá dtarlódh a leithéid. 4.10.1 Lean ceist uimhir a hocht ar aghaidh ó cheist uimhir a seacht sa mhéid is gur leagadh béim inti ar na modhanna i múineadh na teanga a bhí de dhíth ar na Comhaltaí den dá Theach. Bhíothas ag glacadh leis roimh ré go mbeadh fonn orthu í a fhoghlaim agus b’shin mar a thit an scéal amach. Seo a leanas téacs na ceiste, eadhon: “8.Más mian leat an Ghaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú cad é an bealach is fearr a d’oirfeadh duit: if you wish to learn Irish or to improve it what method would suit you best? (Cuir sa bhosca cuí: place in appropriate box).
” 4.10.2 Baineadh amach na torthaí seo a leanas, eadhon: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
4.10.3 Sa dá Theach bhí an tromlach díobh siúd a sheol freagraí ar ais den tuairim gurbh fhiú úsáid a bhaint as sraith téipeanna agus leabhair teagaisc chun na Ghaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú. Luaigh a lán Comhaltaí go n-oirfeadh sé dóibh ach go háirithe bheith in ann caiséidí teagaisc a fháil ar iasacht chun éisteacht leo ina gcuid gluaisteán. Ó tharla go ndéanann gach Comhalta den dá Theach a lán taistil d’fhéadfadh antairbhe teacht as scéim mar seo agus tá sé éasca a thuiscint cén fáth go bhfuil an-éileamh ar a leithéid. 4.10.4 Cé nach raibh an t-éileamh chomh mór ar ranganna foirmiúla agus a bhí ar théipeanna teagaisc bhí sé ard go leor ag an am céanna — 31% de na Teachtaí agus 38% de na Seanadóirí a sheol freagraí ar ais á lorg. Ina lán cásanna ina luadh ranganna bhí tuairimí breise fúthu le nochtadh ag Comhaltaí. Luadh na nithe seo a leanas ach go háirithe, eadhon: (a)Cúrsaí nua-aimseartha a bhainfeadh úsáid as áiseanna teagaisc suas chun dáta .i. fístéipeanna, etc. a sholáthar; (b)Ba cheart go mbeadh béim ar labhairt na teanga; (c)Ba cheart go mbeadh grúpaí beaga ann; (d)Ní mór na ranganna a thionól le linn sosanna na dTithe; (e)Anuas ar ranganna i dTeach Laighean ba chóir go dtionónólfaí dian-chúrsaí cónaithe sa Ghaeltacht ó am go ham; agus (f)D’fhonn cabhrú le Comhaltaí ba cheart go n-eagrófaí cúrsaí speisialta ath-chleachtadh ó am go ham. Ar ndóigh, is tuairimí an-fhiúntach iad sin agus is é an rud is fearr fúthu ná go bhfuil siad ag teacht ó na Comhaltaí den dá Theach iad féin. Tacóidh na comhaltaí den Chomhchoiste leis na moltaí atá déanta ag Comhaltaí oiread agus is féidir. 4.10.5 Faoin teideal “eile” léirigh Teachtaí níos mó samhlaíochta ná na Seanadóirí ó thaobh smaointí de ach fós féin bhí an céatadán a luaigh nithe, seachas téipeanna ná ranganna, íseal ag 15% (3% sa Seanad). Dá ainneoin sin luadh a lán tuairimí fiúntacha, faoi mar a bheidh soiléir ó na nithe ina dhiaidh seo, eadhon: (a)An Ghaeilge a úsáid i ngrúpaí beaga chun ábhair éagsúla a phlé; (b)Uair an chloig in aghaidh an lae a chaitheamh sa dá Theach ag plé le gnó trí Ghaeilge; (c)Go mbeadh tuiscint, suim agus iarracht ag teacht i gcónaí uathu siúd atá cumasach sa teanga; (d)Go dtionólfaí imeachtaí sóisialta i nGaeilge ar bhonn rialta; (e)Go gcuirfí cóipeanna d’irisí i nGaeilge ar fáil do Chomhaltaí; (f)Níos mó cainte i nGaeilge le foireann na dTithe; (g)Go leanfaí le feachtas chun a iarraidh ar Chomhaltaí agus ar fhoireann na dTithe oiread Gaeilge agus ab fhéidir a úsáid go rialta; agus (h)Ba cheart go bhfreastalódh Comhaltaí ar dhian-chúrsaí Gaeilge. 4.11.1 Bhí na comhaltaí den Chéad Chomhchoiste don Ghaeilge ag éileamh ar Údaráis na dTithe go gcuirfí seomra speisialta ar fáil do na Comhaltaí den dá Theach agus rinneadh é sin ar bhonn páirtaimseartha. Thóg na comhaltaí den Chomhchoiste seo an cheist sin arís agus tá sí á plé i gcónaí. Rith sé leis na gcomhaltaí gurbh fhearr tuairimí na gComhaltaí den dá Theach a fháil faoin ábhar sin sula rachfaí ró-fhada leis agus b’shin a rinneadh le ceist uimhir a naoi. Roinneadh an cheist ina dhá leath chun eolas a fháil faoi dhearcadh na gComhaltaí i dtaobh an tseomra agus faoin úsáid a bhainfí as. Seo a leanas téacs na ceiste: “9.Maidir le seomra ar leith a sholáthar i dTeach Laighean ar mhaithe leis an nGaeilge: in relation to the provision of a special room in Leinster House for the benefit of Irish (Cuir sa bhosca cuí: place in appropriate box). (a)An gceapann tú gurbh fhiú a leithéid: do you think that same would be worthwhile?
(b)Dá mbeadh a leithéid ann an mbainfeá úsáid as: if such was available would you use it?
4.11.2 Seo a leanas na torthaí i gcás ceist 9(a): (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
4.11.3 Léiríonn na torthaí sa chás seo go raibh an ceart ag comhaltaí den dá Chomhchoiste don Ghaeilge an moladh faoin seomra speisialta ar mhaithe leis an nGaeilge a chur ar aghaidh ó tharla go gcruthaíonn na figiúirí thuasluaite go bhfuil éileamh ar a leithéid. Tá éileamh níos mó sa Seanad ná sa Dáil agus níl an oiread céanna naimhdeas don smaoineamh sa Seanad. Ag 25% díobh siúd a sheol freagraí ar ais, tá an céatadán atá den tuairim nárbh fhiú seomra speisialta a bheith ann suntasach go maith i gcás na Dála — go háirithe i gcomparáid leis an Seanad (4%) — ach ní ghlactar leis mar aon chomhartha mór éadóchais. Ó tharla, is dócha, nár sainmhíníodh sa cheist cad go díreach a bheadh i gceist leis an seomra speisialta bhí céatadán measartha ard de na Comhaltaí a sheol freagraí ar ais nach raibh aon tuairim acu ina leith — go háirithe sa Seanad le 23%. Glactar leis gurb shin an fáth a bhí leis an céatadán ard sin agus is trua más amhlaidh an scéal, ach de bharr srianta ar spás, ní raibh an dara rogha ann. 4.11.4 I gcás ceist 9(b) bhí an toradh seo a leanas ann: (a)Dáil Éireann
(b)Seanad Éireann
4.11.5 Más amhlaidh go léiríonn na torthaí ar cheist 9(a) go bhfuil amhras éigin — más beag féin é — ar Chomhaltaí faoin bhfiúntas a bhainfeadh le seomra speisialta don Ghaeilge is léir ó na torthaí ar cheist 9(b) go mbainfidís úsáid as dá mbeadh a leithéid ar fáil. Bhí an líon daoine a dúirt go mbainfeadh siad úsáid as níos mó ná an méid a bhí sásta gurbh fhiú a leithéid a bheith ann. I gcás na Dála bhí titim shuntasach sa líon a dúirt nach mbainfeadh siad úsáid as an seomra i gcomparáid leis an líon a dúirt nárbh fhiú é a bheith ann. Nuair a thógtar an dá rud sin le chéile léiríonn siad arís dea-thoil na gComhaltaí agus an fonn atá orthu chun an teanga a fhoghlaim. I gcás an dá Theach bhí titim shuntasach sa líon daoine a dúirt nach raibh aon tuairim acu faoi úsáid an tseomra i gcomparáid leo siúd nach raibh aon tuairim acu faoina leithéid a bheith ann. 4.11.6 Tugann na torthaí ar an gceist seo dóchas do chomhaltaí an Chomhchoiste agus treisíonn siad a ndearcadh faoi sheomra speisialta a bheith ar fáil ar mhaithe leis an nGaeilge — d’fhéadfaí gach cineál úsáide a bhaint as aon seomra mar sin. Cruthaíonn na torthaí seo go bhfuil éileamh ar a leithéid agus ba cheart é a chur ar fáil go lánaimseartha gan mhoill. 4.12.1 Bhí ceist uimhir a deich oscailte sa mhéid is gur fágadh faoi Chomhaltaí tuairimí dá gcuid féin a chur ar fáil i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge. Aisteach go leor nochtaigh an céatadán céanna de Chomhaltaí sa dá Theach — 23% — a dtuairimí. Seo a leanas téacs na ceiste: “10.Má tá aon tuairimí agat faoin tslí ina bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn sna Tithe tabhair sonraí anseo: If you have any ideas regarding how Irish could be promoted in the Houses please specify:” 4.12.2 Caithfear a rá gur chuir an líon tuairimí agus an éagsúlacht a léiríodh iontu ionadh ar na comhaltaí den Chomhchoiste agus is cúis áthais dóibh an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil leis na Comhaltaí uile anois. Beidh sé feiceálach ón méid ina dhiaidh seo cad is cúis leis an dearcadh seo. 4.12.3 Ní mór a lua i dtús báire, i gcás na Dála, nach raibh na ráitis go léir ó na Comhaltaí fabhrach don Ghaeilge. Dá ainneoin sin bhí na cinn nach raibh fabhrach cruthaitheach agus glacann na comhaltaí den Chomhchoiste leo sa spiorad sin. Is fiú a lua go bhfuarthas cúig oiread níos mó tuairimí difriúla ó Theachtaí ná ó Sheanadóirí. 4.12.4 Baineann na tuairimí seo a leanas leis an Dáil: (a)Ba cheart go mbeadh cuid den obair fhoirmiúil i nGaeilge go rialta; (b)Ní mór cúrsaí teagaisc speisialta a d’oirfeadh d’obair na dTithe a ullmhú agus a chur ar bun do Chomhaltaí go rialta ar bhonn cónaithe. Anuas air sin ba chóir a chinntiú go reachtálfaí cúrsaí ath-chleachtadh go rialta; (c)B’fhiú do Chomhaltaí níos mó Gaeilge a úsáid eatarthu féin agus leis an bhfoireann; (d)Chabhródh sé go mór le Comhaltaí dá mbeadh leaganacha dátheangacha d’óráidí Airí ar fáil mar go bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Béarla agus frásaí a fhoghlaim; (e)Cuireann brú ama isteach ar a lán Comhaltaí. Ní bhíonn an t-am ar fáil chun a chumasú dóibh óráidí etc. i nGaeilge a ullmhú agus tá sé níos éasca an obair a dhéanamh agus a fháil clóscríofa i mBéarla faoi láthair; (f)Mar chomhartha dáiríreachta ba cheart do na Páirtithe córais a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhféadfar scríbhinní a ullmhú agus a dháileadh i nGaeilge; (g)Má tá Comhaltaí chun tuilleadh Gaeilge a úsáid ní mór go mbeadh cúnamh oifigiúil ar fáil chun cabhrú leo óráidí, etc. a ullmhú: is féidir le formhór na gComhaltaí óráidí i nGaeilge a léamh ach tá sé deacair dóibh iad a ullmhú i gceart; (h)Caithfidh na cinnirí ar na Páirtithe dea-shampla a thabhairt do Chomhaltaí. D’fhonn dáiríreacht faoin gceist a thaispeáint ba chóir do na cinnirí teacht le chéile agus feachtas a aontú eatarthu féin chun an Ghaeilge a úsáid ar bhonn níos leithne ina gcuid imeachtaí uile; (i)Ba chóir “Seachtain na Gaeilge” a chur ar bun; (j)Ní mór oíche Ghaelach a chur ar bun i ngach bialann i dTeach Laighean uair sa seachtain; (k)B’fhiú do na Páirtithe bearta a ghlacadh chun Comhaltaí le cumas éagsúil sa Ghaeilge a thabhairt le chéile i ngrúpaí oiriúnacha chun a gcuid deacrachtaí a phlé agus chun modhanna a chumadh d’fhonn na deacrachtaí sin a shárú; (l)Ba cheart go gcuirfí cóipeanna d’irisí Gaeilge ar fáil do Chomhaltaí; (m)Tá dualgas ar gach Páirtí Comhaltaí a mhealladh chun triail a bhaint as an méid Gaeilge atá acu a úsáid gach lá; (n)Caithfear deiseanna a chur ar fáil do Chomhaltaí atá ar bheagán Gaeilge chun í a chleachtadh; (o)Chabhródh sé go mór le leathadh na Gaeilge dá bhféadfadh Comhaltaí an teanga a úsáid ar ócáidí sóisialta; (p)Má tá fiúntas le teanga ar bith bainfidh sí amach leibhéal úsáide dá cuid féin agus níor cheart í a bhrú ar aghaidh ar mhaithe leis sin amháin, má tá fiúntas le teanga bainfear úsáid aisti: (q)Ó tharla gur cuma le formhór de mhuintir na hÉireann faoin nGaeilge cén fáth go mbeadh na Comhaltaí den dá Theach buartha fúithi? (r)Caithfear cumas na gComhaltaí — agus na nAirí ach go háirithe — a fheabhsú go mór; agus (s)Níor cheart bheith ag súil le Gaeilge atá den chéad scoth i gcónaí. Cloistear droch-Bhéarla go minic agus ní cheartaíonn aon duine é ach má bhaintear úsáid as droch-Ghaeilge bíonn Gaeilgeoirí ró-thapaidh ar fad lena ceartú. Cuireann a leithéid daoine i gcoinne na teanga. 4.12.5 Bhí na moltaí seo a leanas ag na Seanadóirí: (a)Ba cheart go mbeadh laethanta ar leith ann go rialta mar “Lá na Gaeilge”; (b)Ba chóir go dtionólfaí ranganna Gaeilge ar bhonn seachtainiúil; (c)Ba cheart go mbeadh seomra caidrimh ar fáil do Chomhaltaí chun an Ghaeilge a chleachtadh; (d)Ní mór clár forásach a ullmhú chun Comhaltaí a mhealladh d’fhonn frásaí agus abairtí i nGaeilge a úsáid; agus (e)Ba chóir don Taoiseach agus d’Airí mír shuntasach i nGaeilge a bheith acu i ngach óráid agus níor cheart an t-eolas céanna a thabhairt sa chuid sin den óráid a bheadh á thabhairt i mBéarla. 4.13.1 Is gá a lua ag an bpointe seo go bhfuil moltaí cuimsitheacha déanta sa dara tuarascáil ón gComhchoiste maidir le cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus laistigh de na Páirtithe Polaitíochta. Dá gcuirfí na moltaí sin i bhfeidhm go coinsiasach agus go diongbháilte chabhródh sé go mór le stádas na Gaeilge tríd an gcóras polaitíochta i gcoitinne. I dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste ní dhéanfar dul chun cinn sna réimsí sin go dtí go bhfeidhmeofar na moltaí bunúsacha atá déanta. 4.13.2 Tá cruthaithe ag an suirbhé atá curtha i gcrích sa chás seo go bhfuil na Comhaltaí den dá Theach fabhrach don teanga ach go bhfuil: (a)Easpa cinnireachta ó na Páirtithe; (b)Easpa cumais; agus (c)Easpa áiseanna tacaíochta ag cur as dóibh. D’fhonn na deacrachtaí sin a leigheas caithfidh na Páirtithe a gcion féin a dhéanamh. Ní léir go bhfuil sé sin déanta acu ná go bhfuil fonn ró-mhór orthu chun tabhairt faoi. Ní fiú don Chomhchoiste seo bheith ag déanamh scagadh agus anailís ar dheacrachtaí agus ag ullmhú moltaí chun a leithéid a leigheas mura bhfuiltear chun aird a thabhairt orthu agus feidhm a thabhairt dóibh. 4.13.3 Níl beartaithe ag na comhaltaí den Chomhchoiste liosta cuimsitheach moltaí a thabhairt sa tuarascáil seo ó tharla go bhfuil sé sin déanta cheana féin — féach Aguisín D leis seo. Níl i gceist acu ach an méid seo a leanas a rá: (a)Caithfidh na Páirtithe Polaitíochta agus Údaráis na dTithe dáiríreacht a thaispeáint faoin nGaeilge trí fheidhm a thabhairt — diaidh ar ndiaidh más gá — do na moltaí praiticiúla atá déanta cheana féin; (b)Caithfidh na cinnirí ar na Páirtithe dea-shampla leanúnach a thabhairt do na Comhaltaí den dá Theach i dtaobh na Gaeilge; (c)Tá dualgas ar Chomhaltaí a bhfuil an Ghaeilge acu gach cúnamh is féidir a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil cumasach sa teanga; (d)Caithfear áiseanna teagaisc a chur ar fáil mar bheart práinneach chun a chumasú do Chomhaltaí a gcuid Gaeilge a fheabhsú; agus (e)Caithfear seirbhísí tacaíochta riachtanacha a chur ar fáil do Chomhaltaí chun a chumasú dóibh níos mó Gaeilge a úsáid ina ngníomhaíochtaí. 5. CRÍOCH5.1.1 Tar éis do na comhaltaí den Chomhchoiste an suirbhé seo a dhéanamh tá siad sásta gurbh fhiú tabhairt faoi. Tá a lán eolais fhiúntaigh bailithe faoi dhearcadh na gComhaltaí den dá Theach i dtaobh na Gaeilge agus beidh sé sin úsáideach amach anseo. 5.2.1 Léiríonn an suirbhé seo go bhfuil cúiseanna ann chun bheith dóchasach agus éadóchasach faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais amach anseo. An rud is mó atá léirithe i measc na gComhaltaí a chuir freagraí ar ais ná an dea-thoil atá ann don teanga. Ar ndóigh, caithfear an méid sin a chur i gcomparáid leis an bhfíric nár chuir 51% de Theachtaí ná 57% de Sheanadóirí aon fhreagra ar ais. An léiríonn an méid sin gur cuma leo faoin teanga? B’fhéidir, ní fios. Anuas ar an líon mór sin is cúis imní an easpa cumais sa teanga a léiríodh i measc na gComhaltaí a sheol freagra ar ais: ní haon ábhar dóchais é sin ach an oiread. 5.2.2 I dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste tá pointe suntasach sroichte anois i gcás cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus laistigh de na Páirtithe Polaitíochta. Tá an oiread oibre agus is féidir leo déanta ag na comhaltaí den Chomhchoiste sa mhéid is go bhfuil moltaí cuimsitheacha déanta acu agus go bhfuil cruthúnas ann — má bhí gá lena leithéid — go bhfuil gá le gníomh anois má tá an Ghaeilge le maireachtáil sa chóras polaitíochta. Ní thig leis na comhaltaí den Chomhchoiste aon ghníomh eile a dhéanamh: is ceist í sin d’eagrais eile.i. Údaráis na dTithe agus na Páirtithe Polaitíochta. Déanfar breith ar iarrachtaí na n-eagras sin i dtaobh na teanga sna blianta atá romhainn faoi réir a gcuid gníomhaíochtaí. AN SEANADÓIR TOMÁS MAC GEARAILT, Cathaoirleach. 20 Iúil, 1988. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||