Committee Reports::Report No. 01 - Recommendations regarding the proposed advertising campaign in connection with the Irish language::18 February, 1988::Report

1. RÉAMHRÁ

1.1.1 Mar chuid de na tograí atá le cur i gcrích ó thaobh na Gaeilge de as an airgead a chuirfear ar fáil ón gCrannchur Náisiúnta i 1988 tá £400,000 le caitheamh ar fheachtas fógraíochta ar mhaithe le cur chun cinn na teanga ar fud na tíre. Féachann na comhaltaí den Chomhchoiste don Ghaeilge ar an bhfeachtas seo mar chéim an-tábhachtach ar aghaidh faoi mar a bheidh soiléir ina dhiaidh seo.


1.2.1 Sa tuarascáil ghairid seo tá beartaithe ag na comhaltaí den Chomhchoiste tuairimí a nochtadh agus moltaí a dhéanamh faoin bhfeachtas sin. Tá na comhaltaí ag déanamh na moltaí sin faoi réir Mhír 2 (b) de na hOrduithe Tagartha .i.


“athbhreithniú agus moltaí [a dhéanamh] ó am go ham i dtaobh . . . . . cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne”.


1.2.2 Faoi mar a luadh roimhe seo is tuarascáil ghairid atá anseo. Is í an chúis atá leis sin ná go bhfuil teorainn leis an méid ama atá ar fáil do na comhaltaí toisc go bhfuil deifir leis na réamh-shocruithe i dtaobh an fheachtais. Tá scéal faighte ag na comhaltaí ón Taoiseach agus ó Aire na Gaeltachta — a bheidh i gceannas ar an bhfeachtas — go gcaithfear tosú ar an réamh-obair go han-luath agus go gcaithfidh aon mholtaí bheith istigh gan mhoill dá réir.


1.2.3 In ainneoin na srianta ama a luaitear tá na comhaltaí den tuairim go bhféadfar moltaí praiticiúla a dhéanamh agus sin atá sa tuarascáil seo. Ní mór a lua ag an tús nach bhfuil beartaithe ag na comhaltaí dul isteach go mion i gcúrsaí an fheachtais. Is ceist í do na saineolaithe fógraíochta tabhairt faoi sin agus glacann na comhaltaí leis go ndéanfar amhlaidh le fonn agus le fuinneamh. Tá beartaithe sa tuarascáil seo moltaí a dhéanamh faoin bhfeachtas i gcoitinne agus faoi na seirbhísí tacaíochta a bheidh riachtanach chun toradh buan a bhaint amach. Beidh na comhaltaí ag díriú ar ghnéithe éagsúla de shaol na tíre agus ar an gcaoi a d’fhéadfaí dul i gcion orthu ó thaobh na Gaeilge de agus, faoi mar a luadh roimhe seo, beidh an-bhéim á leagan ar ghníomhaíochtaí praiticiúla.


1.3.1 Ba mhaith leis na comhaltaí den Chomhchoiste buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh leo chun an tuarascáil seo a ullmhú agus le Seosamh Ó Riain, Cléireach don Chomhchoiste agus dá chúntóir Áine Ní Shomacháin ach go háirithe


2. CÚLRA AN FHEACHTAIS

2.1.1 Nuair a cuireadh an Crannchur Náisiúnta ar bun socraíodh go gcuirfí céatadán áirithe den airgead a thuillfí as ar fáil ar mhaithe leis an nGaeilge. Fógraíodh ar an 19 Samhain 1987 conas a dháilfí airgead an Chrannchuir do na blianta 1987 (fuílleach) agus 1988.


2.1.2 Cuireadh £4 mhilliún ar fáil ón gCrannchur ar mhaithe leis an nGaeilge go díreach agus as an méid sin bhí 10 faoin gcéad le caitheamh ar fheachtas náisiúnta fógraíochta i ndáil le cur chun cinn na teanga. Tugadh le fios go raibh socraithe ag an Rialtas go gcaithfí an t-airgead sin i 1988 agus go mbeadh sé mar aidhm ag an bhfeachtas go músclófaí agus go gcothófaí suim an phobail sa teanga.


2.2.1 Is léir do na comhaltaí den Chomhchoiste go raibh gá le feachtas mar seo chun an pobal a spreagadh agus fáiltíonn siad roimhe. Feictear do na comhaltaí go bhfuil an pobal i gcoitinne báúil don teanga tríd is tríd — más féidir bheith muiníneach as torthaí suirbhéanna éagsúla atá curtha i gcrích le blianta beaga anuas — ach nach bhfuil a leithéid léirithe acu go suntasach tríd an teanga a úsáid níos minicí ina ngnáth-shaol.


2.2.2 Glacann na comhaltaí leis go mbeidh úsáid na Gaeilge a leathadh mar theanga labhartha i measc an phobail i gcoitinne mar phríomhsprioc ag an bhfeachtas seo agus aontaíonn siad gur cheart díriú air sin. Tuigtear go mbainfear úsáid as an teilifís, an raidió agus na nuachtáin chun an pobal a mhealladh ar thaobh na Gaeilge agus aithnítear go rachaidh an méid sin i gcion ar an bpobal suas go dtí pointe áirithe. Ach, ag féachaint dó go bhfuiltear ag iarraidh an Ghaeilge agus a húsáid mar theanga labhartha a “dhíol” leis an bpobal, beidh gá le níos mó ná sin má táthar chun toradh fiúntach, buan a bhaint amach. Is ar na nithe breise a bheidh riachtanach atá aghaidh le tabhairt agus déanfar é sin ina dhiaidh seo.


3. CUR CHUN CINN NA TEANGA

3.1.1 I dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste is gá i dtús báire bheith soiléir faoi cad é go díreach atá i gceist le “cur chun cinn na teanga” agus cad í an aidhm atá ag an bhfeachtas fógraíochta atá beartaithe.


3.1.2 Sa chaibidil seo den tuarascáil tá beartaithe ag na comhaltaí breathnú ar an gceist sin agus iarracht a dhéanamh chun í a shoiléiriú agus chun í a mhíniú de réir mar a fheictear dóibh í.


3.2.1. Deir an seanfhocal gur beatha teanga í a labhairt. I gcás na Gaeilge tá sí fós á labhairt mar ghnáth-theanga an phobail ach tá líon na gcainteoirí dúchais Gaeilge ag dul i laghad de réir a chéile. Cé gur trua é sin is fíric é agus caithfear breathnú air ar an gcaoi sin, faraoir.


3.2.2 In ainneoin go bhfuil líon na gcainteoirí dúchais Gaeilge ag dul i laghad is cosúil go bhfuil líon na ndaoine a mhaíonn go bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu — bíodh sí lag nó láidir — ag dul i dtreis. Mar sin, bheifí ag ceapadh go mbeadh borradh ag teacht, diaidh ar ndiaidh, ar úsáid na Gaeilge i measc an phobail. Níl cruthúnas daingean ann go bhfuil a leithéid ag tarlú.


3.2.3 Faoi mar is léir ón méid sin roimhe seo caithfear dul i bhfeidhm ar an bpobal faoi úsáid na Gaeilge ina ngnáth-imeachtaí. Is é atá i gceist leis sin ná go bhféadfadh duine a bhfuil suim aige/aici sa teanga agus fonn air/uirthi chun í a úsáid aon rud a dhéanamh trí Ghaeilge atá á dhéanamh aige/aici trí Bhéarla anois, dá mba mhaith leis/léi é sin.


3.2.4 I láthair na huaire bheadh sé an-deacair d’aon duine saol iomlán a chaitheamh trí Ghaeilge agus ní mór maireachtáil ar bhonn dátheangach ar a laghad. Níl na comhaltaí den Chomhchoiste ag fáil locht air sin per se ach tá siad den tuairim gur cheart tabhairt faoi na deacrachtaí a bhaineann le húsáid na Gaeilge. D’fhéadfaí é sin a chur chun cinn trí éileamh a mhúscailt i measc an phobail agus tá na comhaltaí den tuairim láidir gur cheart díriú ar an ngné sin san fheachtas atá le teacht. Mura bhfuil gach duine atá ag éileamh formhór a shaol a chaitheamh trí Ghaeilge in ann é sin a dhéanamh gan mórán stró agus gan mórán frustrachas (ar a laghad) agus, ar ndóigh, mura bhfuil na heagrais uile atá ag tabhairt seirbhísí sásta iarracht mhacánta a dhéanamh chun freastal ar dhaoine mar sin go fáiltiúil, tar éis an fheachtais, beidh teipthe air cuid mhaith. Mar sin, caithfidh sé bheith mar phríoracht ag an bhfeachtas na daoine uile a mhealladh ar thaobh na Gaeilge agus a mhíniú dóibh gur rud nádúrtha a húsáid i ngnáth-imeachtaí: ní fhéachtar uirthi mar sin faoi láthair agus is athrú meoin atá fíor-riachtanach. Má éiríonn leis an bhfeachtas an t-athrú meoin sin a bhaint amach beidh éacht déanta.


3.3.1 Feictear do chomhaltaí an Chomhchoiste nach í seo an chéad uair a cuireadh feachtas mar seo ar bun. Tuigtear go raibh a leithéid ar siúl cheana ag deireadh na seachtóidí agus gur éirigh go maith leis tríd is tríd — cé nach bhfuil mórán mion-eolais ar fáil faoi na torthaí a baineadh amach.


3.3.2 Má bhreathnaítear ar an méid eolais atá ann is léir go raibh torthaí mar seo a leanas le haithint ina dhiaidh, eadhon:


(a)bhí níos mó eolais ag an bpobal i gcoitinne faoin nGaeilge;


(a)bhí tuiscint níos fearr ag an bpobal ina leith; agus


(c) léiríodh i suirbhéanna, etc., a cuireadh i gcrích i ndiaidh an fheachtais go raibh níos mó daoine sásta a rá go raibh Gaeilge acu agus fonn orthu chun í a úsáid.


3.3.3 In ainneoin gur tháinig feabhas ar staid na Gaeilge i ndiaidh an fheachtais ní léir gur imigh sé i gcion go mór ar an bpobal i gcoitinne agus caithfidh toradh i bhfad níos fiúntaí ón taobh sin de teacht as an gcaiteachas suntasach atá beartaithe anois.


3.4.1 San fheachtas seo caithfear díriú ar gach gné den teanga. Caithfidh gach eagras agus gach duine a bhfuil suim acu sa teanga bheith sáite san iarracht. Is ar an gcaoi sin amháin a dhéanfar dul chun cinn, i dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste, agus beifear ag díriú ar na nithe sin ina dhiaidh seo.


4. MOLTAÍ FAOIN bhFEACHTAS FÓGRAÍOCHTA

4.1.1 Tá beartaithe ag na comhaltaí den Chomhchoiste díriú ar an bhfeachtas féin sa chaibidil seo agus moltaí praiticiúla a dhéanamh ina leith. Is moltaí ginearálta a dhéanfar agus ní bheifear ag iarraidh dul isteach go mion i gcúrsaí a bhaineann go príomha le saineolaithe.


4.1.2 Sula dtéann na comhaltaí ar aghaidh chun a gcuid moltaí a dhéanamh tá siad den tuairim go bhfuil sé den riachtanas go dtuigfí nach bhfuil san fheachtas fógraíochta agus san airgead a chuirfear ar fáil chuige ach tús. Cuirfear a lán oibre i gcrích leis an airgead sin ach tá sé tábhachtach a thuiscint go bhféadfar a lán tairbhe a bhaint amach leis an airgead atá ar fáil cheana féin, as foinsí éagsúla, ar mhaithe leis an nGaeilge.


4.1.3 Faoi mar a luadh roimhe seo caithfidh gach duine agus gach eagras a bhfuil suim acu sa teanga bheith páirteach san obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá an straitéis sin lárnach do na moltaí atá le déanamh ag na comhaltaí ina dhiaidh seo. Gan tacaíocht fhorleathan ó ghnáth-dhaoine ar spéis leo an teanga — agus is le chuile dhuine í ar dheireadh thiar — ní fiú bheith ag tabhairt faoin bhfeachtas.


4.2.1 Cuirtear i leith ionadaithe tofa an phobail go minic nach bhfuil mórán suime acu sa Ghaeilge agus nach bhfuil siad lán-dáiríre faoina hathbheochan agus a cur chun cinn. Is ar na Comhaltaí den dá Theach a leagtar an milleán is mó agus caithfear a admháil go bhfuil cuid den fhírinne ansin bíodh is nach é sin an scéal iomlán.


4.2.2 Sa bhlian 1984 glacadh le tairiscintí sa dá Theach chun An Comhchoiste don Ghaeilge a bhunú d’fhonn, inter alia:


“athbhreithniú agus moltaí [a dhéanamh] ó am go ham i dtaobh úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach”.


Chruthaigh an méid sin go raibh fadhb aimsithe agus go raibh iarracht dháiríre á dhéanamh chun tabhairt fúithi.


4.2.3 Chuaigh an Comhchoiste sin i mbun oibre i 1985 agus d’éirigh leis dul chun cinn fiúntach a dhéanamh san achar gairid a bhí sé i mbun oibre. Beidh cur síos iomlán faoi seo sa chéad tuarascáil eile ón gComhchoiste, a fhoilseofar go luath amach anseo. Ar aon nós, tá na comhaltaí den Chomhchoiste sásta go bhfuil tús maith curtha leis an obair, go bhfuil sí ag dul ar aghaidh — bíodh is go bhfuil sé sin mall — agus go bhfuil dóchas ann faoi thodhchaí na teanga sa dá Theach.


4.2.4 I láthair na huaire tá suirbhé á dhéanamh ag an gComhchoiste i measc na gComhaltaí den dá Theach faoin nGaeilge. Tá an suirbhé sin ar siúl i gcónaí agus ní bheidh na foirmeacha go léir faighte ar ais agus scagadh déanta orthu go ceann tamaill eile. Rud amháin atá an-soiléir ó na foirmeacha atá faighte ar ais ná mí-shuaimhneas na gComhaltaí faoin easpa tacaíochta a thugann na Páirtithe Polaitíochta dóibh ó thaobh na Gaeilge de. Ar ndóigh, is cuid den easpa chinnireachta é seo a léirítear i leith na Gaeilge ag an leibhéal náisiúnta agus ní mór tabhairt faoi san fheachtas atá romhainn.


4.2.5 De réir mar a fheictear do na comhaltaí den Chomhchoiste é, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh cinnireacht náisiúnta á thaispeáint i dtaobh na Gaeilge. Toisc nach bhfuil a leithéid ag tarlú faoi láthair ar bhonn suntasach tá na comhaltaí den tuairim láidir gur an-seans é an feachtas fógraíochta chun tús a chur leis.


4.2.6 Go sonrach is iad na moltaí atá ag na comhaltaí chuige sin ná:


(a)go dtabharfaidh An Taoiseach agus Aire na Gaeltachta — a bheidh i gceannas ar an bhfeachtas — tús oifigiúil leis trí óráid ghairid dhátheangach a chraoladh ar an teilifís agus ar an raidió ag míniú cad atá i gceist, na fáthanna atá leis, cad atá ag teastáil chun toradh buan a bhaint amach agus ag leagan béim an-láidir ar thábhacht na Gaeilge agus a caomhnú, i saol na tíre. Déantar a leithéid go rialta cheana féin i gcás cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta agus níl fáth ar bith nár cheart an rud céanna a dhéanamh i gcás na Gaeilge — dáiríre tá sé thar am rud mar seo a dhéanamh agus ní bheidh deis níos fearr ar fáil amach anseo;


(b)go mbeidh deis ag na cinnirí nó na hurlabhraithe ó na Páirtithe eile teachtaireachtaí a chraoladh chomh maith ag tacú leis an nGaeilge agus ag míniú a tábhacht do phobal na tíre;


(c)go mbeidh sé glactha leis go poiblí mar pholasaí ag Airí ach go háirithe agus ag urlabhraithe ó Pháirtithe eile go ndéanfaidh siad iarracht leanúnach ó thosach an fheachtais ar aghaidh chun níos mó Gaeilge a úsáid ina ngnáth-imeachtaí. Trí iarrachtaí roimhe seo — “Lá na Gaeilge” (a tionóladh faoi dhó cheana) ach go háirithe — tá cruthaithe go bhfuil an cumas ann chun é sin a dhéanamh ach tabhairt faoi go toilteanach agus go fonnmhar; agus


(d)anuas ar na fógraí a n-íocfar astu tríd an bhfeachtas tá na comhaltaí den tuairim gur cheart do R.T.É. clár mór amháin, ar a laghad (i mBéarla) a chraoladh i dtaobh na Gaeilge le linn an fheachtais .i. anuas ar aon chláracha a dhéanfaí i nGaeilge. D’fhéadfadh a leithéid bheith i bhfoirm scannán faisnéise nó i bhfoirm díospóireachta beo i stiúideo le cainteoirí céimiúla. Bheadh a leithéid an-tarraingteach don phobal i gcoitinne mar is rud suimiúil agus reatha a bheadh ann. Ar ndóigh, bheadh cinnirí na tíre páirteach in aon chlár mar sin.


4.2.7 Ó tharla go bhfuil sé luaite sa chuid seo den tuarascáil gur cheart do chinnirí polaitiúla na tíre níos mó Gaeilge a úsáid tá na comhaltaí den tuairim go gcaithfidh an lucht nuachta níos mó suntas a thabhairt d’óráidí, etc. i nGaeilge. I dTithe an Oireachtais ach go háirithe bheadh sé riachtanach go dtabharfaí níos mó aird ar imeachtaí i nGaeilge agus a thabhairt le fios go ndearnadh plé ar chúrsaí sa teanga sin.


4.2.8 Trí na moltaí roimhe seo a fheidhmiú chuirfí le stádas na Gaeilge agus bheadh an chinnireacht náisiúnta, atá ag teastáil go géar, á thaispeáint.


4.3.1 Tá suim mhór airgid á chur ar fáil as fáltais an Chrannchuir ar mhaithe leis an bhfeachtas fógraíochta agus caithfear a chinntiú go bhfaighfear an luach is fearr air. Chuige sin tá na comhaltaí den tuairim gur cheart don Taoiseach comórtas a fhógairt agus tairiscintí a lorg ó chomhlachtaí fógraíochta i leith an fheachtais.


4.3.2 I bhfianaise roinnt scéimeanna ina raibh comórtais cheana tá cruthaithe go bhfuil buntáistí ar leith ag dul lena leithéid, ar a n-áirítear:


(a)nuair a fhógraítear comórtas léirítear suim an phobail ann agus faigheann sé poiblíocht ann féin .i. rud a chuireann leis an iarracht iomlán ar deireadh thiar; agus


(b)nuair a fhógraítear comórtas léirítear an-suim ann i measc na gcomhlachtaí fógraíochta de ghnáth. Déanann siad an-iarracht chun conradh céimiúil, mar a bheadh anseo, a bhaint amach agus bíonn an-rogha ag ard-chaighdeán ann.


Mar sin, molann na comhaltaí go láidir go reachtálfaí comórtas i leith an chonartha a bhronnfar sa chás seo.


4.3.3 De bharr an fheachtais bheadh suim ar leith ag na comhlachtaí fógraíochta sa Ghaeilge agus b’fhiú go maith, i dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste, go n-iarrfaí orthu go foirmiúil suim a gcuid custaiméirí a mhúscailt san fhógraíocht trí Ghaeilge nó ar bhonn dátheangach, ar a laghad. Ar ndóigh, thuigfeadh na fógróirí na buntáistí a ghabhfadh leis an bhfógraíocht trí Ghaeilge le linn an fheachtais ach go háirithe.


4.3.4 Aithníonn na comhaltaí den Chomhchoiste gur ceist í do na saineolaithe fógraíochta leagan amach an fheachtais a shocrú agus níl mórán le rá acu faoi sin seachas, b’fhéidir, gurbh fhearr díriú ar fhógraí gairide ar chostas íseal agus a bheadh os comhair an phobail go rialta a úsáid in ionad fógraí fada, costasacha nach mbeadh le feiceáil ach go hannamh. Óna dtaithí féin tá na comhaltaí sásta go mbíonn toradh níos buaine ar a leithéid d’fhógraíocht.


4.3.5 Faoi mar a luadh roimhe seo glactar leis go mbainfear úsáid as na meáin chumarsáide mhóra go léir san fheachtas fógraíochta — ar a n-áirítear na nuachtáin náisiúnta. Níor cheart dearmad a dhéanamh ar na nuachtáin áitiúla ná ar irisí atá dírithe ar ghrúpaí ar leith ós rud é go bhféadfaidís siúd tionchar nach beag a bheith acu ar an bpobal.


4.3.6 Tá na comhaltaí den tuairim go bhféadfaí an-fheidhm a bhaint as an dá fhoinse sin agus molann siad go scrúdófaí na moltaí seo a leanas go cúramach, eadhon:


(a)tá liostaí de théarmaí eisithe ag an gCoiste Téarmaíochta, de chuid na Roinne Oideachais, faoi réimse ábhar an-leathan agus níl amhras ach go mbeadh irisí atá ag díriú an ghrúpaí ar leith sásta roinnt téarmaí Gaeilge, a bheadh úsáideach dá léitheoirí, a fhoilsiú go rialta. I gcásanna áirithe e.g. na feirmeoirí, d’fhéadfadh a leithéid dul i gcion go mór ar líon suntasach daoine. Mar sin, moltar go nglacfaí fógraí le hirisí dá leithéid agus go niarrfaí orthu, mar áis dá léitheoirí, liostaí gairide d’abairtí a fhoilsiú go rialta; agus


(b)d’fhéadfadh na nuachtáin áitiúla an-tionchar a bheith acu ar an bpobal. Is ar éigean go bhfuil teaghlach ar bith sa tír nach gceannaíonn nuachtán áitiúil amháin, ar a laghad, gach seachtiarrfaí ain. Bíonn mion-eolas sna nuachtáin sin ar chúrsaí reatha, spóirt agus eile ina gceantar feidhme agus léirítear an-dúil iontu. Sna cúinsí sin tá na comhaltaí den tuairim gur cheart teagmháil a dhéanamh leis na nuachtáin áitiúla go léir agus a iarraidh orthu a chinntiú go mbeidh roinnt Gaeilge iontu gach seachtain ó thús an fheachtais ar aghaidh. Níl amhras ach go léireofaí suim in alt gairid, scríofa i nGaeilge shimplí, faoi chúrsaí an cheantair. Ar ndóigh, d’fhéadfadh na nuachtáin bheith i dteideal cúnaimh ó Roinn na Gaeltachta i leith a leithéid chomh maith.


4.3.7 Mar sin, is gá go bhfaighfí luach fónta ar an gcaiteachas atá beartaithe agus tá na comhaltaí sásta go gcabhródh na nithe roimhe seo chun an aidhm sin a bhaint amach.


4.4.1 Tá sé tábhachtach, i dtuairim na gcomhaltaí, go dtuigfí go gcaithfear níos mó ná mar a dhéanfar san fheachtas a chur i gcrích má táthar chun dul i gcion ar an bpobal ó thaobh na Gaeilge de.


4.4.2 Cheana féin tá a lán eagras ag feidhmiú ag leibhéal an phobail a bhfuil baint dhíreach (e.g. na heagrais dheonacha Gaeilge) nó indíreach (e.g. Coistí Gairmoideachais a reachtálann ranganna san oíche) acu leis an nGaeilge. Is beag duine sa tír nach mbíonn baint ag na heagrais sin leis nó léi am éigin agus sin an bunús atá leis an méid ina dhiaidh seo.


4.4.3 Is ar na heagrais atá ag plé le Gaeilge go lán-aimseartha a bheifear ag brath go príomha, ar ndóigh, chun gníomhaíochtaí a chur ar bun ag leibhéal an phobail. Tá a leithéid ar siúl acu cheana agus tá sain-eolas ar leith acu ar obair dá leithéid a d’fhéadfaidís a chur ar dhaoine a mbeadh fonn orthu tograí nua a chur ar bun ina bpobal féin. Ar ndóigh, bheadh comhairle agus eolas le fáil ó na hEagrais Stáit chomh maith.


4.4.4 Ní mór a lua go bhféadfadh Comórtas Glór na nGael ach go háirithe dul i gcion go mór ar an bpobal agus an teanga a chur chun cinn. Tá struchtúr cumasach ann cheana féin agus tuigtear do chomhaltaí go bhfuil ag éirí go maith leis. Ar ndóigh, leis an gcúnamh mór breise atá ceadaithe don chomórtas as airgead an Chrannchuir beifear ag súil le borradh mór agus is léir go bhféadfadh sé sin na mílte duine eile a mhealladh ar thaobh na Gaeilge. Níor cheart, áfach, díriú ar phobal na Gaeilge amháin — caithfear iarracht a dhéanamh chun daoine a bhfuil suim acu sa teanga (bíodh is nach bhfuil siad in ann í a labhairt go fóill) a mhealladh chun bheith páirteach chomh maith. Le cinnireacht agus le spreagadh ní fada go bhféadfadh daoine dá leithéid bheith cumasach sa teanga. Is cuma faoi cad eile a deintear níor cheart brú a chur ar aon duine mar beidh toradh diúltach air sin agus cuirfear daoine i gcoinne na teanga.


4.4.5 Chun an Ghaeilge a chur chun cinn ag leibhéal an phobail beidh sé riachtanach suim a mhúscailt sna gnáth-dhaoine. Is féidir le heagrais é sin a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil trí:


(a)cruinnithe a thionól féachaint an bhféadfaí grúpaí nó craobhacha nua a bhunú;


(b)ranganna Gaeilge a thionól; agus


(c)ócáidí oiriúnacha a reachtáil go rialta chun deis a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh.


Ar ndóigh, tá céimeanna dá leithéid á nglacadh ag eagrais áirithe cheana féin agus d’fhéadfaidís iarracht leanúnach — agus níos treise, b’fhéidir — a dhéanamh amach anseo.


4.4.6 Le linn an fheachtais d’oirfeadh sé do na heagrais dheonacha Gaeilge níos mó eolais faoina gcuid gníomhaíochtaí a scaipeadh. Bíonn na heagrais ar a ndícheall i gcónaí ar son na teanga ach is beag eolais nó tuiscint atá ag an ngnáth-phobal faoi cad go díreach atá idir lámha acu. Ba cheart dóibh an deis a thapú chun iad féin agus a gcuid gníomhaíochtaí a fhógairt agus a chur os comhair an phobail nuair a bheidh suim sa Ghaeilge i gcoitinne ag ard-leibhéal.


4.4.7 Mar chuid dá n-iarrachtaí d’fhéadfadh na heagrais dheonacha, i gcomhar leis na hEagrais Stáit, eolairí a scaipeadh ar Choistí Forbartha Pobail agus eagrais eile atá gníomhach i gceantracha áirithe. D’fhéadfaí é a dhéanamh ar bhonn chontae, mar shampla, agus, i dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste, ba chabhair shuntasach a leithéid do chur chun cinn na teanga ag leibhéal an phobail.


4.4.8 Foilsítear go leor irisí i nGaeilge agus go deimhin tá ábhar léitheoireachta ar fáil go rialta idir nuachtáin sheachtainiúla agus irisí a fhoilsítear go míosúil. Is beag a chloistear faoi na hirisí sin agus is trua gurb amhlaidh an scéal mar tá siad tarraingteach agus fiúntach. Tá na comhaltaí den tuairim mar sin gur cheart don lucht foilsitheoireachta iarracht a dhéanamh chun níos mó poiblíochta a bhaint amach dóibh féin agus a ndáiliúcháin a mhéadú dá réir.


4.4.9 Ní mór a lua ag an bpointe seo gur cúis áthais do na comhaltaí den Chomhchoiste a fheiceáil go bhfuil beartaithe san fheachtas aird a tharraingt ar dhaoine mór le rá a úsáideann an Ghaeilge — per aitheasc an Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta agus é ag labhairt i Seanad Éireann ar an 25 Samhain 1987 (Aguisín B). Tá tionchar nach beag ag daoine céimiúla i ngach réimse de shaol na tíre ar an bpobal i gcoitinne agus caithfear a iarraidh orthu siúd páirt ghníomhach a ghlacadh san fheachtas. Caithfear díriú ach go háirithe orthu siúd a bhfuil tionchar acu ar an óige — mar shampla, lucht ceoil nua-aimseartha.


4.5.1 Faoi mar a míníodh cheana féin tá a lán grúpaí atá ag plé le Gaeilge go díreach agus go hindíreach. Rinneadh plé roimhe seo ar na grúpaí atá ag plé léi go díreach agus caithfear aghaidh a thabhairt anois orthu siúd atá ag plé léi go hindíreach.


4.5.2 Sa réimse eagras atá ag plé le Gaeilge go hindíreach caithfear aon ghrúpa atá ag plé leis an gcultúr Gaelach i gcoitinne a lua. Níl a gcuid imeachtaí siúd dírithe ar chur chun cinn na teanga go príomha ach tá ról nach beag acu ina leith ag an am gcéanna. Ní mór dóibh breathnú ar an méid atá ar siúl acu faoi láthair ar mhaithe leis an teanga agus féachaint an bhféadfaidís an ról sin a leathnú agus a fheabhsú. D’fhéadfadh iarrachtaí mar sin dul i gcion go mór ar an bpobal. Tá iarrachtaí ar siúl cheana ach is gá cur leo agus bheith á leathnú amach má tá an rath ceart le bheith ar an obair.


4.5.3 Maidir le cúrsaí cultúrtha i gcoitinne tá na comhaltaí den Chomhchoiste den tuairim láidir go gcaithfidh R.T.É. cláracha fiúntacha a chraoladh go rialta ina mbeidh béim ar ghnéithe dár n-oidhreacht. Trí bhéim a leagan ar an gcultúr dúchais bheadh sé éasca an teanga a shnaidhmiú isteach chomh maith agus bheadh an dá ghné os comhair an phobail go rialta ansin.


4.5.4 Sa réimse gnó agus seirbhíse tá go leor eagras agus comhlachtaí — idir phríobháideach agus phoiblí — a d’fhéadfadh cur leis an iarracht chun an teanga a chur chun cinn. Mar shamplaí de sin is féidir a lua:


(a)tá siopaí leabhar ar fud na tíre a dhíolann leabhair as Gaeilge. Dá ndéanfadh roinnt díobh siúd iarracht chun taispeántas tarraingteach a chur ar bun le linn an fheachtais, i gcomhar leis na foilsitheoirí, bheadh a fhios ag an bpobal go bhfuil réimse leathan leabhar ann do dhaoine ag gach leibhéal cumais. Thuigfeadh an pobal chomh maith, ar ndóigh, go bhfuil an fhoilsitheoireacht i nGaeilge beo agus bríomhar agus thabharfadh a leithéid misneach dóibh;


(b)i ngach leabharlann phoiblí ar fud na tíre tá neart leabhar as Gaeilge. Ba cheart go mbeadh tréan-iarracht i ngach contae chun aitheantas níos feicéalaí a thabhairt do na leabhair atá ar fáil as Gaeilge d’fhonn suim na ndaoine a spreagadh in ábhair léitheoireachta i nGaeilge;


(c)ó tharla go bhfuil ceangal láidir idir an Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil na tíre agus aitheantas mar náisiún meastar go n-oirfeadh sé do chomhlachtaí atá ag déanamh earraí Éireannacha agus ag cruthú fostaíochta roinnt fógraíochta a dhéanamh trí Ghaeilge le linn an fheachtais, mar thús, agus leanacht de ansin. Rachfadh a leithéid chun a dtairbhe féin agus chun tairbhe na teanga; agus


(d)cuirtear ranganna oíche uilechineálacha ar fáil i mbeagnach gach paróiste sa tír i rith an gheimhridh ach ní bhíonn an Ghaeilge go hard san ord tosaíochta de ghnáth. Caithfidh cibé eagras Stáit atá i bhfeighil an fheachtais fógraíochta iarracht a dhéanamh chun dul i gcion ar an lucht eagraíochta do na ranganna oíche do dhaoine fásta ag an leibhéal náisiúnta agus iad a mhealladh chun béim a leagan ar an nGaeilge i measc na bfo-eagraíochtaí ar fud na tíre.


4.5.5 Le cúpla bliain anuas tá “Lá na Gaeilge” curtha ar bun ar fud na seirbhíse poiblí agus de réir mar a thuigtear do na comhaltaí den Chomhchoiste é, d’éirigh go maith leis an iarracht tríd is tríd. Aithnítear nach bhfuil sna laethanta sin ach tús agus go gcaithfear tógáil orthu. Ar ndóigh, má tá an mór-iarracht atá i gceist ag na comhaltaí le cur i bhfeidhm bheifí ag súil leis go mbeadh “Lá na Gaeilge” ann i bhfad níos minicí — lá amháin in aghaidh na míosa, mar shampla, don chéad bhliain. De réir mar a bheadh an pobal ag teacht i dtaithí ar an nGaeilge bheadh a húsáid ag dul i dtreis agus d’fhéadfaí “Lá na Gaeilge” a leathnú amach tuilleadh ón dara bliain ar aghaidh.


4.5.6 Rud a tharlaíonn uaireanta — ach nach bhfuil go leor de ag tarlú in aon chor i dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste — ná go mbunaítear fo-choistí nó fo-eagrais laistigh d’eagrais mhóra chun tabhairt faoin nGaeilge a chur chun cinn i measc na ballraíochta i gcoitinne. Sampla an-mhaith de seo ná FASACH — cumann na ndlíodóirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus a cur chun cinn i gcúrsaí dlí agus, ar ndóigh, tá cumainn eile dá leithéid ag feidhmiú i ngairmeacha eile chomh maith. Is féidir le cumainn mar sin a lán oibre fiúntach a dhéanamh i ndáil le cur chun cinn na teanga i réimsí speisialta gníomhaíochtaí agus is trua nach bhfuil níos mó díobh ann. Ba mhaith leis na comhaltaí cumann mar sin a fheiceáil ag feidhmiú laistigh de gach cineál gairme agus gnó. Caithfidh go bhfuil daoine cumasacha ann a mbeadh an tsuim riachtanach acu agus ní bheadh le déanamh ach iad siúd a thabhairt le chéile. Mar sin, meastar gur chéim ar aghaidh an-fhiúntach a bheadh ina leithéid agus moltar go láidir go rachfaí i dteagmháil leis na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí gairmiúla agus gnó chun iad a mhealladh i dtreo na Gaeilge.


4.6.1 Thar na blianta tá a lán scríofa agus a lán ráite faoi sheirbhísí gan a bheith ar fáil ón Stát trí Ghaeilge gan stró agus gan frustrachas. Aithnítear nach bhfuil ar chumas an Stáit seirbhís iomlán a thabhairt don phobal trí Ghaeilge agus cé go bhfuil iarrachtaí leanúnacha ar bun chun an fhadhb bhunúsach seo a réiteach ní léir go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh agus níl sé sin inghlactha. Caithfear tabhairt faoin bhfadhb le tuilleadh dáiríreachta agus tá na comhaltaí den tuairim gur deis an-mhaith atá san fheachtas fógraíochta chun foirne na Ranna agus na nEagras Stáit a spreagadh chun tuilleadh gníomhaíochta ó thaobh na Gaeilge de.


4.6.2 In ainneoin an méid a cheaptar go forleathan, tá na comhaltaí den tuairim go bhfuil go leor Gaeilge ag oifigigh áirithe ar a laghad, atá ag feidhmiú sa Státchóras. Caithfidh gurb amhlaidh an scéal ag féachaint don líon oifigeach a rinne freastal ar chúrsaí Gaeilge faoi scáth Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí ó bunaíodh é agus an líon a ghnóthaigh scoláireachtaí Gaeltachta dá bharr chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú tuilleadh. Mar sin, ní fheictear cén fáth nach bhféadfadh gach Roinn agus gach Eagras Stáit seirbhís éigin a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ba cheart dóibh, áfach, bheith ag iarraidh ar dhaoine seirbhísí a éileamh trí Ghaeilge.


4.6.3 De réir mar a thuigtear do na comhaltaí den Chomhchoiste é, is ar an Aire Airgeadais atá an fhreagracht faoi láthair i dtaobh na Gaeilge sa Státchóras. Faoi scáth na Roinne sin feidhmíonn An Lár-Aonad Forbartha atá i mbun comhordú na n-iarrachtaí ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge sna Ranna agus sna hEagrais Stáit. Is léir ón méid sin nach bhfuil aon fhreagracht ar Airí aonaracha i dtaobh na Gaeilge ina Ranna féin agus sna hEagrais a fheidhmíonn faoina scáth. Is locht bunúsach é sin i dtuairim na gcomhaltaí mar dá mbeadh an fhreagracht sin ar Airí go díreach, tá seans níos fearr ann go gcinnteodh siad:


(a)go mbeadh polasaí dearfach i leith na Gaeilge ag feidhmiú sna Ranna agus sna hEagrais;


(b)go mbeadh leaganacha Gaeilge dá n-ainmneacha á n-úsáid ag Comhlachtaí Stát-tionscanta;


(c)go mbeadh níos mó Gaeilge i dtuarascálacha bliantúla ó na Comhlachtaí Stát-tionscanta; agus


(d)go mbeadh áit níos feiceálaí ag an nGaeilge in obair na Ranna agus na nEagras a fheidhmíonn faoina scáth i gcoitinne.


4.6.4 Tá gá le hathrú sa struchtúr i dtaobh na Gaeilge sa Státchóras faoi mar a luaitear roimhe seo agus molann na comhaltaí den Chomhchoiste go gcuirfí na leasuithe ina dhiaidh seo i bhfeidhm ag an am gcéanna agus a chuirfear tús leis an bhfeachtas fógraíochta. Ar an gcaoi sin breathnófar ar na leasuithe mar chuid eile den mhór-iarracht ar mhaithe le cur chun cinn na teanga. Is iad moltaí sonracha na gcomhaltaí ná:


(a)go mbeadh dualgas sonrach ar gach Aire faoin nGaeilge agus a cur chun cinn ina Roinn/Ranna féin agus i ngach Comhlacht Stát-tionscanta faoina scáth. San áireamh anseo bheadh gá le pleananna forbartha a fhorbairt agus a fheidhmiú;


(b)go mbeadh gach Aire freagrach don Taoiseach agus Aire na Gaeltachta i ndáil leis an dualgas a luaitear roimhe seo faoinnGaeilge agus go n-ullmhófaí tuarascáil chuimsitheach gach sé mhí ag tabhairt le fios cad a bhí ag tarlú, an dul chun cinn a rinneadh agus ag sonrú spriocanna nár sroicheadh agus na cúiseanna a bhí leis sin (móide na socruithe a bheadh i gceist chun é sin a leigheas);


(c)go mbeadh sé mar pholasaí ag Airí sleachta cuí d’óráidí a bheith i nGaeilge go rialta (lasmuigh agus laistigh de Thithe an Oireachtais); agus


(d)go dtabharfadh Airí gach spreagadh agus tacaíocht do Chomhaltaí den dá Theach chun an Ghaeilge a úsáid.


4.6.5 Faoi réir Na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha) (Leasú), 1970 (I.R. Uimh. 164 de 1970) tá dualgas ar Údaráis Áitiúla gan ach comharthaí bóithre i nGaeilge amháin a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta, de réir mar a shonraítear iad in Orduithe na Limistéar Gaeltachta. Óna dtaithí pearsanta níl na comhaltaí den Chomhchoiste sásta go bhfuil feidhm cheart á thabhairt do na Rialacháin a luaitear roimhe seo agus molann siad go láidir don Aire Comhshaoil go ndéanfaí athbhreithniú ar an gceist seo gan mhoill. Ach iarracht mhacánta a dhéanamh chun feidhm a thabhairt do na Rialacháin ó thús an fheachtais ar aghaidh chruthódh sé dea-thoil agus léireodh sé dáiríreacht i dtaobh na teanga.


4.6.6 Ar ndóigh, tá reachtaíocht eile ann freisin ar mhaithe leis an nGaeilge nach bhfuil feidhm iomlán á thabhairt di agus molann na comhaltaí den Chomhchoiste do na hAirí cuí go ndéanfaí athbhreithniú uirthi gan mhoill féachaint conas is féidir an scéal a fheabhsú ina leith. Céim dhearfach i dtaobh na teanga a bheadh ina leithéid chun an stádas is dual di a thabhairt don Ghaeilge. Ar ndóigh, is mar chuid den mhóriarracht i leith na teanga a dhéanfaí é sin.


4.6.7 Baineann na moltaí sa mhír roimhe seo go príomha leis an Rialtas agus an méid a d’fhéadfadh sé sin a dhéanamh. Bheadh sé riachtanach freisin, ar ndóigh, go nglacfadh ionadaithe tofa an phobail ag gach leibhéal páirt ghníomhach chomh maith san iarracht. Beidh tuairimí agus moltaí ó na comhaltaí den Chomhchoiste faoi na pointí sin sa chéad tuarascáil eile a fhoilseofar go luath amach anseo. Beidh an tuarascáil sin foilsithe sula gcuirfear tús leis an bhfeachtas fógraíochta agus féadfar na moltaí a bheidh inti a chur i bhfeidhm ag an am gcéanna agus a bheidh sé sin ar siúl.


4.6.8 Braitheann cur chun cinn na teanga ar a lán rúdaí ach, ó tharla go bhfuil an Státchóras sáite i ngach ghné de shaol na tíre, is féidir leis sin — ag an leibhéal polaitiúil agus ag an leibhéal oifigiúil — a lán maitheasa a dhéanamh. Tá an tuairim ann gurb é a mhalairt atá an Stát a dhéanamh faoi láthair agus, cé nach nglacfadh na comhaltaí den Chomhchoiste leis sin go hiomlán, aontaíonn siad gur gá an córas a leasú go suntasach gan mhoill. Leis na nithe praiticiúla atá molta roimhe seo d’fhéadfaí feabhas a chur ar chúrsaí go luath. Ach na leasuithe atá molta a chur i bhfeidhm ag an am gcéanna leis an bhfeachtas fógraíochta bheadh fonn chun gnímh léirithe ag an Rialtas agus níl amhras ach go gcabhródh sé sin go suntasach leis an iarracht mhór i gcoitinne.


4.7.1 Ag tús na tuarascála seo rinneadh tagairt don chúnamh mór a chuirfear ar fáil ar mhaithe leis an nGaeilge as airgead an Chrannchuir Náisiúnta. Is cúis áthais ar leith do na comhaltaí den Chomhchoiste go mbainfidh sciar suntasach den airgead seo le tograí ar mhaithe le haos óg na tíre agus tá siad sásta go mbeidh toradh an-fhiúntach leis. Beidh formhór an airgid sin á chaitheamh ag an am gcéanna agus a bheidh an feachtas ar siúl agus ní mór iarrachtaí ar leith a dhéanamh chun an dá rud a cheangal le chéile oiread agus is caoithiúil chun toradh níos fearr a fháil.


4.7.2 “Mol an óige agus tiocfaidh sé” a deir an seanfhocal agus is fiú suntas a thabhairt don mhéid sin nuair a bheidh an phleanáil don fheachtas fógraíochta ar siúl. Caithfear gach iarracht a dhéanamh chun daoine óga a mhealladh i dtreo na Gaeilge agus chun a léiriú dóibh gur rud beo í an teanga. Faraoir, feictear do dhaoine óga go minic gur rud acadúil, nach bhfuil feidhm léi sa lá atá inniu ann, í an Ghaeilge agus caithfear an tuairim sin a bhréagnú. Caithfear a chur ina luí ar thuismitheoirí chomh maith cé chomh tábhachtach agus atá sé go dtuigfeadh páistí gur teanga bheo an Ghaeilge ar linn uile í agus ar cheart dúinn í a caomhnú do na glúine atá le teacht.


4.7.3 Tá na moltaí seo a leanas le déanamh ag na comhaltaí den Chomhchoiste i ndáil le cúrsaí na hóige san fheachtas fógraíochta, eadhon:


(a)go n-ullmhófaí pacáistí speisialta do na scoileanna uile agus do na múinteoirí iontu ag míniú thábhacht na Gaeilge, cé chomh riachtanach is atá a caomhnú agus ag moladh céimeanna sonracha a d’fhéadfadh gach dalta agus gach múinteoir a dhéanamh i ndáil le cur chun cinn na teanga;


(b)go ndéanfadh na húdaráis sna scoileanna uile, i gcomhar leis na múinteoirí, socruithe ar leith lena chinntiú go mbeadh oiread Gaeilge agus ab fhéidir le cloisteáil agus le feiceáil i ngnáthimeachtaí na scoileanna;


(c)go n-aithneofaí ag leibhéal an Rialtais go bhfuil éigeandáil ann chomh fada agus a bhaineann sé le téacsleabhair agus ábhair teagaisc i nGaeilge i gcoitinne agus go bhfógrófaí ag tús nó le linn an fheachtais cad atá beartaithe chun an fhadhb sin a réiteach;


(d)d’fhonn cabhrú le tuismitheoirí a mbeadh suim acu tacú lena gcuid leanaí ó thaobh na Gaeilge de bheadh sé ina áis an-mhór dá ndéanfadh R.T.É. ath-chraoladh ar an tsraith “Anois agus Arís” ar an teilifís agus ar an raidió le linn an fheachtais. Ar ndóigh, chabhródh a leithéid leis na daoine óga freisin; agus


(e)go n-ullmhófaí pacáistí speisialta do na heagrais éagsúla atá ag plé le cúrsaí na hóige (i nGaeilge agus i mBéarla) ag míniú thábhacht na teanga agus an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint aisti ina ngníomhaíochtaí.


4.7.4 Caithfear dul i gcion ar an aos óg má tá an Ghaeilge le maireachtáil. Mar sin, tá na comhaltaí den Chomhchoiste den tuairim gur cheart iarracht ar leith a dhéanamh san fheachtas fógraíochta chun iad siúd a mhealladh chun na teanga.


4.8.1 Go dtí seo sa tuarascáil ní dhearnadh aon tagairt shuntasach don Ghaeltacht. Bheifí ag ceapadh, b’fhéidir, nár ghá a leithéid a dhéanamh ó tharla go bhfuil an Ghaeilge fós beo, bríomhar inti ach ní mar sin a fheictear an scéal do chomhaltaí an Chomhchoiste.


4.8.2 Deirtear gur tobar na Gaeilge í an Ghaeltacht agus is deacair locht a fháil ar an ráiteas sin. Téann na mílte daoine óga go dtí an Ghaeltacht gach bliain chun an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh agus téann turasóirí, ar spéis leo an teanga, chuici chun a hatmaisféar a bhlaiseadh. Is as a stuaim féin a théann formhór mór na gcuairteoirí chun na Gaeltachta agus ní de bharr na fógraíochta a dheineann na heagrais turasóireachta. Le fírinne, is beag fógraíocht a deintear faoin nGaeltacht mar aonad chun saoire a chaitheamh le béim ar leith ar an nGaeilge agus tá na comhaltaí den tuairim go gcaithfear an scéal sin a leigheas.


4.8.3 Maidir le cúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht tá na comhaltaí den tuairim gur cheart na céimeanna seo a leanas a ghlacadh roimh an bhfeachtas fógraíochta nó, ar a dhéanaí, lena linn, eadhon:


(a)go n-ullmhódh na Boird Turasóireachta Réigiúnda cuí pacáistí tarraingteacha dátheangacha i ndáil leis na Gaeltachtaí atá ina gceantar feidhme. Bheadh an bhéim le leagan ar chúrsaí teanga agus cultúrtha ach go háirithe. Ar ndóigh, bheadh na pacáistí sin le bheith ar fáil ar fud na tíre;


(b)go ndéanfaí iarracht chun léarscáileanna a ullmhú i nGaeilge do na ceantair Ghaeltachta a bheadh úsáideach do chuairteoirí; agus


(c)go dtabharfaí poiblíocht ar leith d’imeachtaí i nGaeilge — sa Ghaeltacht agus lasmuigh di — a bheadh tarraingteach do chuairteoirí a mbeadh spéis acu sa Ghaeilge.


4.8.4 Má tá an Ghaeilge le maireachtáil sa Ghaeltacht tá sé fíorriachtanach go mbeadh bonn eacnamúil sásúil fúithi. Cabhraíonn tionscal na turasóireachta leis sin agus tá na comhaltaí den Chomhchoiste sásta go bhféadfaí é sin a leathnú amach go suntasach ach na moltaí atá déanta roimhe seo a fheidhmiú go luath.


4.9.1 Tá sé ráite go minic gurb í an Ghaeilge an seoid is luachmhaire dár n-oidhreacht mar náisiún. Le blianta beaga anuas — agus i mbliana i gcás Bhaile Átha Cliath — tá oidhreachtaí na gcathracha go léir á gceiliúradh. Is rud tábhachtach é sin i saol na ndaoine i gcathair ar bith agus is cúis mhórtais don phobal a leithéid. Mar sin, is deis an-mhaith a leithéid chun aitheantas feiceálach a thabhairt don Ghaeilge.


4.9.2 I mbliana táthar ag ceiliúradh an mhíle bliain i mBaile Átha Cliath agus tá spéis an-mhór léirithe ag an bpobal ann. Ar ndóigh, is cuid d’oidhreacht na cathrach í an Ghaeilge agus ba chóir suntas nach beag a thabhairt dó sin — go háirithe le linn an fheachtais fógraíochta — agus tá na comhaltaí den Chomhchoiste den tuairim gur cheart gníomhaíochtaí ar leith a chur i gcrích chun ceiliúradh an mhíle bliain a cheangal leis an bhfeachtas fógraíochta. Ar ndóigh, fágtar faoi na saineolaithe conas é sin a bhaint amach ach ba cheart go ndéanfaí é.


5. CRÍOCH

5.1.1 Breathnaíonn na comhaltaí den Chomhchoiste ar an bhfeachtas fógraíochta atá beartaithe mar cheann de na tograí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de le fada an lá. Tugann an feachtas deis an-mhaith don Rialtas agus d’aon duine nó eagras a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, gníomh dearfach a chur i gcrích ina leith agus tús a chur le haidhmeanna fiúntacha fadtéarmacha.


5.1.2 Luadh ag tús na tuarascála seo gur ceann gairid a bheadh inti de bharr srianta ama ach go háirithe. Cé go bhfuil an scéal amhlaidh tá na comhaltaí sásta go bhfuil moltaí fiúntacha, atá insroichte agus in-oibrithe, déanta anseo agus tá siad cinnte go rachfadh na tuairimí sin go mór chun tairbhe na teanga dá dtabharfaí feidhm dóibh. Níor theastaigh ó na comhaltaí mion-scrúdú a dhéanamh ar an leagan amach nó ar an méid a bheidh san fheachtas go díreach — sin ceist do na saineolaithe — ach tá siad den tuairim gur gá rud níos leithne a dhéanamh agus sin atá anseo. Tá struchtúr leagtha amach chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre, ar an mbonn is leithne agus is féidir, ag baint úsáid iomlán as an bhfeachtas fógraíochta atá beartaithe.


5.1.3 Is le gach duine sa tír an Ghaeilge ach mura bhfuilimid uile sásta oiread tacaíochta agus is féidir linn a thabhairt di ní mhairfidh sí do na glúine atá le teacht. Beidh seans iontach ar fáil dúinn go luath amach anseo chun mór-iarracht náisiúnta i leith na teanga a chur ar bun: níor cheart dúinn é a ligint tharainn mar b’fhéidir nach mbeidh a leithéid ar fáil arís.


(Sínithe) TOMÁS MAC GEARAILT


Cathaoirleach


An Comhchoiste don Ghaeilge


18 Feabhra 1988.