Committee Reports::Report No. 01 - Recommendations regarding the proposed advertising campaign in connection with the Irish language::18 February, 1988::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

(Mar a glacadh leo an 18 Meitheamh 1987)


(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheap Seanad Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge.


(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh


(a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus


(b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,


agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).


(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhair atá cuimsithe le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin.


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhair a chuimsítear le mír (2).


(5) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.


(6) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, agus gach fochoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.


(7) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(8) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach fochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste na miontuairiscí fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(9) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.


(10) Gur ceathrar is córam don Chomhchoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann agus gur triúr is córam do gach fochoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

(Mar a glacadh leo an 24 Meitheamh 1987)


(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 4 chomhalta de Sheanad Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheap Dáil Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge.


(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh


(a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus


(b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,


agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).


(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhair atá cuimsithe le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin.


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag an bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhair a chuimsítear le mín (2).


(5) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Sheanad Éireann le húdaráis ón gcomhalta a bheidh as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.


(6) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, agus gach fochoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.


(7) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(8) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach fochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste na miontuairiscí fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(9) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.


(10) Gur ceathrar is córam don Chomhchoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann agus gur triúr is córam do gach fochoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.


COMHALTAÍ DEN CHOMHCHOISTE

25 Meitheamh 1987: Teachtaí tofa mar chomhaltaí:


Coughlan, Mary T.


Fitzgerald, Liam


Higgins, Michael D.


Kenny, Enda


McGinley, Denis


O’Donoghue, John


Quill, Máirín


25 Meitheamh 1987: Seanadóirí tofa mar chomhaltaí:


Fitzgerald, Tom


Kelleher, Peter


Ó Conchubhair, Nioclás


Ryan, Brendan


Ag an gcruinniú den Chomhchoiste a tionóladh an 30 Meán Fómhair 1987 toghadh an Seanadóir Tomás Mac Gearailt mar Chathaoirleach agus an Teachta Donncha Mac Fhionnlaoich mar Leas-Chathaoirleach.