Committee Reports::Report No. 05 - Influence of Computerisation on the Irish Language::01 December, 1988::Report

1 Réamhrá

1.1.1Níl ann ach tríocha bliain ó tháinig an chéad ríomhaire chun na tíre seo nuair a thug Comhlacht Siúicre Éireann ríomhaire isteach go Durlas Éile i 1958. As sin go ceann deich mbliana nó mar sin, is mall an fhorbairt a bhí ar úsáid na ríomhairí anseo. Cuireadh an chéad ríomhaire isteach ins an Státchóras ag Na Coimisinéirí Ioncaim i 1963 agus i 1967 fuarthas ríomhairí do Choimisiún na Talún agus don Roinn Chosanta. Ins an bhliain 1969 bhí 59 ríomhairí ins an tír ar fad, a mbunús ins na hiolscoileanna, ins na comhlachtaí leath-Stát, ins an státseirbhís agus ag fíor bheagán de chomhlachtaí príobháideacha.


1.1.2Is ríomhairí iad seo uilig a bhí dírithe ar chúrsaí gnó agus go príomha ar mheilt uimhreacha. Ríomhairí móra agus iad costasach agus cumasach ins an mhéid gur fhéad siad cuid oibre fhoireann chléireachais a chur díobh in achar anghoirid. Go hiondúil bhain siad leis an chúl-oifig, agus ní raibh teacht orthu ach ag líon beag daoine - lucht an ionformeolais a ghníomhódh mar eadránaithe chun mian na n-úsáideoirí a aimsiú agus a thabhairt i gcrích ar an inneallra. De ghnáth, níor léir don phobal i gcoitinne go raibh a leithéid de ghléas ag gníomhú ar chúl stáitse na hoifige, go dtí gur tháinig mearbhall éigin ar an inneall, nó ar lucht a bhiathaithe, agus gur chualthas na scéinscéalta faoi na billí ar mhilliún punt, nó ar náid, fiú!


1.1.3D’fhág an dofheictheacht seo draíocht ag baint leis na ríomhairí seo, iad faoi stiúir speisialtóirí agus iad ag stiúradh an tsaoil laethúla againn féin ar bhealach dhiamhair éigin. Agus b’fhíor do chuid den eagla seo ar ndóigh, nó fhad is a bhiodh na hinnill seo ann agus gan radharc nó tuiscint orthu ag an ghnáth dhuine, b’amhlaidh a ba mhó a d’fhéadfaí an uilechumhacht a shamhlú leo. B’ann do thoradh an ríomhaire ach níorbh ann do na ríomhairí iad féin i ndearcadh an-chuid daoine.


1.2.1Tháinig réabhlóid ar shaol na ríomhaireachta tuairim is ar deich mbliain ó shin, nuair a chéad-nocht an micriríomhaire, nó an ríomhaire pearsanta mar a tugadh air. Is sainchomhartha an leasainm seo ar an athrú bhunúsach i ndearcadh an phobail i leith na ríomhairí a thug an ré úr seo isteach. Anois, in ionad na mór-ríomhairí ins an chúlseomra, is ríomhaire saor ar dheasc na hoifige atá againn, é sofheicthe, soláimhsithe agus, rud is tábhachtaí fós, é faoi riar an úsáideora amháin. Leanadh ar aghaidh i rith an ama le leathnú na mór-ríomhairí agus thig linn a bheith measra cinnte faoi mhéid agus úsáid a leithéide de threalamh, ach níl áireamh ceart le fáil ar líon na ríomhairí pearsanta nó ar na réimsí de ríomhchláir éagsúla a bhíonn in úsáid orthu. Tá againn, mar shampla, go raibh cumhacht de 600MB de lárchuimhne ag ríomhairí ins an Státchóras fá dheireadh na bliana 1986. Le tamall anuas, tá fás de thart ar 35% ins an bhliain ar úsáid na ríomhairí ag an Stát agus is le meilt uimhreacha a bhíonn a bhfurmhór seo gafa go fóill. Ach gan dul taobh amuigh de shaol na hiarbhunscolaíochta, meastar go bhfuil meán de dheich micriríomhaire i ngach scoil ins an tír agus raidhse ábhar á ionramháil orthu.


1.2.2Thug an tsaoirse úr seo athrú eile ar úsáid na ríomhairí, nó is le teanga seachas uimhreacha a bhíonn an cine daonna ag plé go hiondúil ina chuid smaointí. Is cumarsáid agus teagmháil le ríomhairí trí mheán ghnáth-theanga a bhíonn ann don chuid is mó i gcás na ríomhairí pearsanta agus tugann an t-athrú seo na micriríomhairí níos congaraí do lár an stáitse in intinn an phobail. Anois, agus sinn ag féachaint ar thodhchaí na ríomhaireachta, feicimid gur dlúithe go mór a bheidh an caidreamh teanga eadrainn agus an t-inneallra seo.


1.3.1Chomh luath is a thosnaímid ag cuimhneamh ar chúrsaí teanga ins an chumarsáid seo le ríomhairí, ní mór dúinn aird a dhíriú ar chás na Gaeilge ina leith. Faoi mar a mhíneofar thíos, is as saol an Bhéarla go príomha a d’fhás eolaíocht na ríomhaireachta agus fágann seo gur ar an teanga sin is mó a bhíonn aon chaidreamh le ríomhairí bunaithe. Ba mhian leis an Chomhchoiste ins an Tuairisc seo cuid de na fadhbanna a chuireann an suíomh seo romhainn a mheas agus roinnt mholtaí a dhéanamh a mhaolódh cuid de na fadhbanna sin i dtaca leis an Ghaeilge de. Is léir dúinn uilig go bhfuil tionchar thar an choitiantacht ag an nuatheicneolaíocht seo ar intinn an phobail, go háirid ar na daoine óga. Muna ndéanfar beart cuí go luath chun staid agus stádas na Gaeilge i leith na teicneolaíochta seo a ardú agus a chinntiú, is léir gur thíos go mór leis a bheidh an teanga i ndearcadh na glúine óige agus gur boichte saol na tíre seo dá bharr. Ach más urrainn dúinn an beart seo a thabhairt i gcrích, is saibhriú a bheidh ann dúinn, ní amháin don teanga ach d’fhorbairt an ionformeolais chomh maith.


1.3.2Ba mhaith le baill an Chomhchoiste buíochas a chur in iúl do gach eagraíocht agus do gach duine, a bhfuil a n-ainmneacha luaite in Aguisín 1 thíos, a chuir aighneachtaí ar fáil nó a thug eolas dúinn agus sinn ag plé leis an cheist seo. Táimid buíoch chomh maith don Dr Cathair Ó Dochartaigh a bhí ag feidhmiú mar Chomhairleoir don Chomhchoiste, do Chléireach an Chomhchoiste, Seosamh Ó Riain, Uasal, agus dá chúntóir, as an obair taighde a rinneadar in ullmhú agus i scríobhadh na Tuairisce seo.


2 Dúshraith don Ghaeilge

2.1.1Ó tharla gurb í an phríomh-aidhm san Tuairisc seo díriú ar ionramháil na Gaeilge ar ghléasanna ríomhaireachta, caithfear a bheith cinnte de ar dtús go bhfuil na bun riachtanais ar fáil chuige seo. Is é an príomh riachtanas díobh sin, go mbeidh an ríomhaire in ann téacs, nó bailiúchán ar bith carachtar, a láimhseáil de réir ghnáth mhodhanna na teanga ina bhfuil an téacs sin. Tá an chumhacht seo ins an ríomhaire bunaithe ar chóras chódála uimhríoch. Is é sin le rá, go ndéantar coibhneas inmheánach idir shraith áirithe uimhreacha agus litreacha na haibítre agus baintear úsáid as an cheangal seo le carachtair agus téacs a ionramháil.


2.1.2Is é atá i gceist leis an ionramháil seo ar théacs, an cumas a chur ar fáil ins an ríomhaire chun litreacha a láimhseáil i gcomhthéacs focal agus focal a láimhseáil i sraitheanna fada - abairtí, altanna, leabharthaí, srl. Is féidir linn an cumas seo a cur i gcomparáid leis an chumas atá ins an ríomhaire chun uimhreacha a láimhseáil i gcomhthéacsanna éagsúla - suimiú agus méadú, mar shampla. Mar dhúshraith do na cumais seo, caithfear áiseanna éagsúla a bheith ar fáil ins an ríomhaire.


2.1.3Is féidir na riachtanais seo a mheas ó thaobh na gcrua-earraí ríomhaireachta agus ó thaobh na mbogearraí a cheanglaítear leo, ach caithfear a thuiscint go bhfuil dlúthbhaint idir an dá réimse seo agus nach féidir ceann amháin díobh a phlé gan an dara a thabhairt san áireamh.


2.1.4In aon obair le ríomhairí, is féidir trí réimse a aimsiú ina mbíonn ionramháil carachtar i gceist. Is iad seo, an méarchlár a mbaintear úsáid as don inchur, an stóras uimhríoch inmheánach ins an ríomhaire féin ar na carachtair éagsúla agus ins an tríomhadh áit, an t-aschur - sé sin na carachtair mar a tchítear iad ar an scáileán nó mar a chuirtear amach ar an phrintéir iad. Chomh maith leis seo, tá béim níos mó á leagan faoi láthair ar an chomhcheangal idir ríomhairí, agus caithfear a bheith cinnte de gur féidir le córas amháin ríomhaireachta ábhar agus téacs a mhalartú go furas le haon chóras eile. Tráchtfar ar na réimsí seo faoi seach anseo thíos.


2.1.5Ós rud é gur tháinig tús agus fás ré na ríomhaireachta as saol an Bhéarla, ní hionadh gur ar mhaithe le riachtanais na teanga sin amháin a dearaíodh na ríomhchláir agus na crua-earraí uilig a bhaineann leo. Ar ndóigh, níl de dhifear idir an teanga sin agus an Ghaeilge ó thaobh na haibítre de ach an síneadh fada ar na gutaí agus cúpla litir (k, w) gan a bheith i n-úsáid in aibítir na Gaeilge. Ach ó thaobh ionramháil na gcarachtar de, fágann na difríochtaí seo nach féidir na ríomhchláir úd a dearaíodh ar mhaithe le struchtúr aibítir an Bhéarla, nach féidir iad a úsáid go réidh nó go furas don Ghaeilge. Chomh maith leis na bundifríochtaí seo ins an aibítir, tá difríochtaí eile ann idir an dá theanga. Mar shampla, caithfear aird a thabhairt ar athruithe tosaigh na bhfocal má bhítear chun an Ghaeilge a láimhseáil mar is ceart i gcomthéacs phróiseálaí focal.


2.1.6B’fhéidir gurb í ceist an tsínidh fhada an bheocheist is géire a tógadh ins na haighneachtaí a fuaireamar ó dhreamanna éagsúla i dtaca le láimhseáil na Gaeilge ar ríomhairí. (Féach Aguisín 2 mar a fhoilsítear cuid den fhianaise a fuaireamar.) Nuair a tosaíodh cúpla bliain ó shin ar mhicriríomhairí a thabhairt isteach go coitianta i measc an phobail ins an tír seo (.i. ins na scoileanna agus i gcúrsaí gnó, nó i gcumarsáid leis an phobal), is beag aird a tugadh ar riachtanais na Gaeilge agus is iad na córais a bhí feiliúnach don Bhéarla amháin a tugadh isteach, idir chrua-earraí agus bhogearraí.


2.1.7Sampla de seo an cinneadh a rinneadh ins an Roinn Oideachais ar thacaíocht a thabhairt do chóras áirithe ríomhaireachta ins na scoileanna. Nuair a bhí an conradh don bheartas seo á phlé ins an Roinn, níor deineadh na fadhbanna a bhaineann leis an Ghaeilge a iniúchadh go mion. D’fhág an easpa pleanála seo nach féidir bogearraí oideachasúla a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ar na ríomhairí áirithe sin.


2.2.1Is é an príomh riachtanas ins na cúrsaí seo, an bun stóras a bhaineann leis na carachtair éagsúla ins an ríomhaire féin. Caithfear seo a mheas roimh aon ghné eile, nó is ar an chóras inmheánach seo a bhunófar an ceangal idir an ríomhaire agus an saol maguairt. Mar a dúramar thuas, déantar coibhneas inmheánach ins an ríomhaire idir shraith uimhreacha agus sraith charachtar in aibítir. An cód is coitianta chuige seo i saol micriríomhaireachta an Bhéarla, is é an cód ASCII é (American Standard Code for Information Interchange). Is cód é seo atá tógtha ar choibhneas a bhunú idir na carachtair agus uimhreacha ins an tsraith 0 - 127. Is don Bhéarla amháin a chéad-dearaíodh an cód seo deich mbliana agus breis ó shoin. Idir an dá linn, ámhach, tá dul chun cinn mór déanta de réir mar a leathnaigh úsáid na ríomhairí, go háirithe na micriríomhairí, amach ó shaol an Bhéarla, agus tá córais éagsúla chódála molta ó shin le freastal ar na riachtanais i gcuid mhór teangacha.


2.2.2Nuair a thosaigh déantúsóirí ríomhairí ag plé leis na micriríomhairí, d’fhág an chódáil ASCII a bhí i bhfeidhm saoirse éigin dóibh le carachtair eile a fhí isteach ins an choibhneas inmheánach. Is é sin le rá, go rabhthas in ann úsáid a bhaint as uimhreacha ins an tsraith 128 - 255 chun carachtair eile seachas cuid charachtar an Bhéarla a chódáil. Mar thoradh ar an tsaoirse seo, dhearaigh na príomhdhéantúsóirí córais difriúla choibhneasta ins an ‘spás’ a fágadh acu. Mar shampla, ní hionann an córas códála atá ag Wang agus an chódáil atá ag Apple ins an réimse seo.


2.2.3Is dóiche gurb é an IBM PC a d’imir an tionchar a ba mhó ar fhorfhás na ríomhaireachta i measc an phobail i gcoitinne agus is í an chódáil a cuireadh ar fáil do na hinnill sin atá bunaithe anois - ar líon na n-úsáideoirí - mar chaighdeán de facto. Ins an chóras seo, tá teacht ar réimse carachtar le haghaidh teangacha éagsúla ina mbaintear úsáid as leagan éigin den aibítir romhánach. Ó thaobh na Gaeilge de, tá na gutaí beaga ar fáil le síneadh fada orthu ach ar na mór-ghutaí, níl tugtha ach É. Le seifteanna éagsúla, is féidir teacht thart ar na deacrachtaí a chuireann a leithéid de chódáil romhainn ach ní ró-shásúil mar réiteach iad.


2.2.4Ins an chóras mhicriríomhaireachta is úire ó IBM cuirtear roghanna níos leithne ós comhair lucht a úsáide. Leis seo, is féidir sraitheanna éagsúla carachtar, ar rogha an úsáideora, a chur isteach ins an ghléas, agus tá cúpla ceann díobh seo, Code Page 850 agus 860, go hiomlán sásúil chun riachtanais na Gaeilge a shású. Is trua linn a thabhairt faoi dear ó cháipéisí a fuaireamar ó IBM, ámhach, nach bhfuil an chódáil ar na leathanaigh seo ag teacht go hiomlán leis an chaighdeán idirnáisiúnta atá mar bhunús don chaighdeán úr Éireannach a bhaineann le códáil inmheánach na gcarachtar (féach Aguisín 4). Molaimid gur chóir d’IBM, mar dhéantúsóir de facto de chaighdeáin ríomhaireachta, féachaint chuige go gcuirfear sraith chódála ar fáil a leanfadh don chaighdeán idirnáisiúnta (ISO 8859/1) agus tríd sin, don chaighdeán Éireannach. Is caighdeán é seo a chlúdaíonn na sraitheanna carachtar do chuid mhór de theangacha na hEorpa agus dá guirfí i bhfeidhm go forleathan é ins an Chomhphobal Eorpach, réiteodh sé seo an-chuid fadhbanna. Molann an Comhchoiste chomh maith go gcuirfeadh na déantúsóirí eile ríomhaire córais chódála ar fáil a leanfadh do na treoracha idirnáisiúnta.


2.2.5Fáiltíonn an Comhchoiste roimh na treoracha ón Roinn Airgeadais (Tagairt E 167/2/88 - féach Aguisín 4 thíos) i dtaca le códáil na gcarachtar de, agus tá súil againn go gcloífear leo tríd an Státchóras go léir. Ba mhaith linn aird An Roinn Oideachais go háirithe a tharraingt ar a bhfuil ráite ins an doiciméad sin agus a mholadh go gcuirfear na treoracha i bhfeidhm i gcúrsaí ríomhaireachta ins na scoileanna a luaithe agus is féidir.


2.2.6Cé go mbaineann na treoracha seo leis an Státchóras amháin, is í barúil an Chomhchoiste gur cheart do sheirbhísí eile ins an earnáil phoiblí cloígh leo. Ba chóir go mbeadh aon dream a bhíonn ag baint úsáid as ríomhairí agus iad ag plé leis an phobal a bheith in ann litreacha, srl., a chur amach i nGaeilge. Cé go bhfacamar liosta fada ríomhairí, idir mhór agus eile, atá in úsáid ins na hÚdaráis Áitiúla, deirtear faoina bhfurmhór nach féidir leo an síneadh fada a láimhseáil. Ina choinne seo, deir an Stiúrthóir ar An Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil linn go gcreidtear go bhfuil na gléasanna a mholtar, agus a mholfar amach anseo, in ann aschur Gaeilge a chur ar fáil ach iarratas chuige seo d’fháil ó lucht a n-úsáide. Ba mhian leis an Chomhchoiste aird An Roinn Chomhshaoil agus aird na nÚdarás Áitiúil a tharraingt ar an ráiteas seo agus a mholadh go ndéanfar leathnú ar na treoracha ón Roinn Airgeadais amach tríd an earnáil phoiblí ina hiomláine.


2.2.7Cé gur cúis uchtaigh do bhaill an Chomhcoiste na moltaí seo ón Roinn Airgeadais, is é ár meas go bhféadfaí treisiú leo lena gcur i bhfeidhm ins an tír seo trí Ionstraim Reachtúil a rith ag an Aire Tionscail agus Tráchtála. Chuirfeadh a leithéid de chinneadh feidhm dhlithiúil leis na moltaí agus d’fhágfadh seo go mbeadh gach trealamh ríomhaireachta a bheadh ar díol anseo ar aon dul lena chéile ó thaobh ionramháil na Gaeilge de. Ós rud é go mbaineann an chódáil atá molta le caighdeán idirnáisiúnta, bheadh buntáiste eile ag baint léi ins an mhéid is go mbeadh na ríomhairí in ann déileáil le teanga ar bith eile de chuid na hEorpa. Is é ár meas go mbeidh brú ag teacht orainn ón Chomphobal Eorpach, beag bheann ar chúis na Gaeilge, a dhul ins an treo seo agus sinn ag druidim leis an ‘mhargadh oscailte’ i 1992. Ní mór dúinn a dhéanamh lán chinnte de go ndéanfaí soláthar sonrach don Ghaeilge i gcinneadh ar bith a chuirfear i bhfeidhm.


2.3.1Na gnéithe eile den cheist seo faoi láimhseáil na Gaeilge, baineann siad leis na heanáireáin fhisiciúla idir an ríomhaire agus lucht a úsáide. Is é an chéad cheann díobh seo an méarchlár a mbaintear feidhm as chun ábhar téacs nó eile a inchur. Is ó mhéarchlár an chlóscríobháin a d’eascair méarchlár an ríomhaire ar ndóigh agus tá rian na staire go láidir air. Ins an tír seo is é an méarchlár QWERTY atá in úsáid agus baintear feidhm as seifteanna éagsúla chun freastal ar riachtanais na Gaeilge. Is dóiche gurb é an nós is coitianta ‘méar marbh’ a bheith ar fáil ar an mhéarchlár: buailtear seo agus ina dhiaidh sin buailtear an guta cuí. Tá seifteanna eile ar fáil chomh maith, mar shampla, dob fhéidir sraith de chúig méar ar bheagán úsáid a chur ar leataobh ag freagairt do na gutaí fada, idir mhion agus mhór.


2.3.2Is féidir aon cheann de na córais thuas a chur i gcrích i mbunús na ríomhairí tríd na bogearraí a úsáidtear leo. Ag cur ins an áireamh a bhfuil de sholúbacht i gcúrsaí bogearraí, feictear do bhaill an Chomhchoiste nár cheart dóibh aon tsocrú faoi leith a mholadh i gcás an mhéarchláir. Fhad agus a bhíonn an chódáil inmheánach ag freagairt don chóras chaighdeánach idirnáisiúnta a moladh thuas, b’fhearr linn na roghanna faoi leagan amach an mhéarchláir a fhágáil faoi lucht a úsáide. Chuige seo, ámhach, ba mhaith linn a threisiú gur fearrde go mór do na húsáideoirí dá gcuirfí na roghanna éagsúla seo go hoscailte os a gcomhair ag lucht díolta na ríomhairí agus dá dtabharfaí faill cheart dóibh a rogha féin a dhéanamh.


2.3.3Taobh amuigh den mhéarchlár, tá bealaí eile ann le hábhar a sholáthar don ríomhaire. An t-aon cheann díobh seo a bhfuil tábhacht ar bith ag baint leis ó thaobh na Gaeilge de, is é an léitheoir optach carachtar é. Gléas é seo le téacs a léamh go díreach isteach don ríomhaire ó pháipéar nó ó leabhar, gan a dhul i muinín an mhéarchláir ar chor ar bith. Má táthar chun a leithéid a úsáid le hábhar Ghaeilge, is ceart go dtabharfar aird ins na bogearraí a ghabhann leis ar an tsíneadh fhada ar ghutaí, le cinntiú nach ndéanfaidh an léitheoir neamhshuim dó.


2.4.1Más é an méarchlár an príomhbhealach isteach don ríomhaire ag an úsáideoir, is iad an scáileán agus an printéir an dá mhór fhoinse atá ann don aschur. An chéad cheann díobh seo, an scáileán, is córas díomuain é, ach ábhar ar bith a chuirtear amach ar an phrintéir, is ábhar é atá buan ar pháipéar. Fágann an difríocht seo idir an dá mheán aschuir gur ghá iad a mheas neamhspleách ar a chéile.


2.4.2Is fuinneog ar chuimhne inmheánach an ríomhaire í an scáileán (an t-aonad taispeána) a bheireann seans don ríomhoibritheoir aiseolas ar an toirt a fháil ar a bhfuil curtha isteach tríd an mhéarchlár nó eile. Ciallaíonn seo go gcaithfidh na carachtair a fheictear ar an scáileán a bheith inléite go furas. Ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir a chinntiú go bhfuil na gutaí sin a bhfuil síneadh fada ortha idirdhealaithe go soiléir ó na gutaí goiride agus nach gcuirtear stró breise súl ar an úsáideoir. Níor mhiste, mar a tharlaíonn in amannaí faoi láthair, go mbeadh an guta le síneadh fada beagáinín níos lú ina chrut ná a chomhshamhail ghoirid, d’fhonn an difríocht idir an bheirt a shoiléiriú. Go háirithe i gcás ‘i’ fada, ní i gcónaí a bhíonn seo idirdhealaithe go glan ón ghuta ghoirid. Measann an Comhchoiste gur ceist í don úsáideoir a dhéanamh cinnte de go bhfuil cibé córas a sholáthrófar in oiriúint don úsáid a bhainfear as.


2.5.1Cé go ndeirtear go minic go bhfuiltear ag dul go tiubh i dtreo na hoifige dípháipéir, is léir go bhfuil nuatheicneolaíocht na hoifige go fóill ag cur leis na gnáthmhollta páipéar. Tá trí mhórshaghas printéir go coitianta in úsáid le ríomhairí ins an am i láthair, agus a mbuanna féin ag gach ceann díobh. Is iad sin, an printéir poncmhaitrís, an printéir rothach agus an léasar-phrintéir. An chéad cheann agus an ceann deireanach díobh seo, is féidir de ghnáth sraith carachtar, ar rogha an úsáideora, a chur isteach iontu le haghaidh an aschuir. Fágann an fhéidireacht seo nach bhfuil sé thar chumas an úsáideora, nó an díoltóra, na gutaí le síneadh fada a chur ar fáil don Ghaeilge. Dá réir sin, fáiltíonn an Comhchoiste roimh an mholadh ón Roinn Airgeadais, gur le lucht a soláthair a luíonn sé na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar phrintéirí (Aguisín 4).


2.5.2Is é an printéir poncmhaitrís an ceann is saoire go hiondúil, agus é ar fáil go forleathan mar ghleás chun cóipeanna gasta d’ábhar a chur amach. Mar a dúradh thuas, is furas agus is saor an t-athrú é ar chuid mhór de na printéirí seo cuid carachtar na Gaeilge a chur ar fáil. Fiú munar féidir an guta le síneadh fada a chlóbhualadh mar charachtar aonair, go hiondúil is féidir é a aschur mar chomhcharachtair den bunghuta móide síneadh fada buailte os a cheann.


2.5.3Bíonn caighdeán níos airde ar fáil ón phrintéir rothach agus baintear úsáid as a leithéid de ghnáth le haghaidh litreacha agus doiciméid eile a chuirtear ar fáil don phobal. Tá sé tábhachtach, mar sin, go mbeadh na hinnill seo in ann an síneadh fada ar ghutaí a láimhseáil go cumasach. Arís, baineann na treoracha ins an Státchóras lena leithéid de phrintéir agus glacann an Comhchoiste leis go gcuirfear na hathruithe cuí i bhfeidhm orthu seo chomh maith leis na gléasanna eile a bhaineann leis an nuatheicneolaíocht seo.


2.5.4Tá an caighdeán is airde priontála le fáil ins an am i láthair ar léasar-phrintéir agus is cosúil go mbeidh an déantús seo de réir a chéile ag teacht in úsáid níos leithne fós. Cé go mbíonn a leithéid de phrintéir cuid mhaith níos daoire ná bunús na saghsanna eile, tá cúpla buntáiste ag baint leis: luas priontála, ardchaighdeán an aschuir agus solúbacht i ndearadh na gcarachtar agus in rogha na bhfhoirne cló. Ní fheiceann an Comhchoiste aon deacracht i dtaca leis an Ghaeilge a láimhseáil ar léasar-phrintéir ach an gléas a bheith curtha in oiriúint mar is cuí de réir na moltaí thuas.


2.5.5Mar fhocal scoir ar cheist na bprintéirí, ba mhian leis an Chomhchoiste aird a dhíriú ar fhéidireacht amháin eile ó thaobh na Gaeilge de. I gcás na bprintéirí rothach a oibríonn ar nós an chlóscríobháin, ní bhíonn ach sraitheanna réamhchumtha carachtar ar fáil don chló. Ach, mar a luamar thuas, bíonn sé éasca go maith i gcás na bprintéirí poncmhaitrís nó na léasar-phrintéirí sraitheanna eile carachtar a dhearadh agus a úsáid iontu. Fágann an tsaoirse seo gur féidir éaló beagáinín ó chuibhrigh an chlóscríobháin agus triail a bhaint arís as an chló Ghaelach le haghaidh aschur ábhair, más é sin mian an phobail Ghaelaigh. Ní chuirfeadh a leithéid d’aschur poinn le costas, agus d’fhéadfaí an cló seo a thriail ar dtús mar mhaisiúchán ar ábhar ghinearálta chlóbhuailte: i dteidil, ar cheannlíntí, srl.


2.6.1Cé gur ar ríomhairí féinsheasta is mó a rinneadh plé go dtí seo, caithfear a aithint chomh maith go mbíonn córais éagsúla ríomhaireachta ag malartú ábhair - ar dhioscaí, ar théipeanna agus le ceangal díreach ar línte. An tríú cheann díobh seo, is ag dul i dtábhacht a bheidh a leithéid de tharchur eolais de réir mar a cheanglófar ríomhairí le chéile ar ghréasáin. Chomh maith leis seo, cuirfear níos mó lárionaid ionformeolais ar fáil, agus teacht orthu seo ag lucht úsáide na micriríomhairí baile. Is gá córas caighdeánach tarchurtha téacs le go mbeidh an pobal in ann tarraingtas aon ábhar Ghaeilge ins na hionformlanna seo.


2.6.2Chuige seo, molann an Comhchoiste, i gcás go gcuirfear pacáiste bogearraí ar fáil le haghaidh seachadadh ábhair, gur cheart go mbeadh an pacáiste sin in ann plé leis an chódáil inmheánach ríomhaire atá molta cheana. Is é sin le rá, gur ghá dó a bheith in ann idirmhalartú a dhéanamh idir cibé córas inmheánach atá ar bun ins an ríomhaire ar a dírítear é agus an córas idirnáisiúnta a luadh thuas.


2.7.1Tá gné amháin eile d’ionramháil carachtar arbh fhiú a phlé ins an chomhthéacs seo agus sin sórtáil téacs de réir ord éigin aibítre. Is ar chódáil inmheánach na gcarachtar a bhunaítear sórtáil téacs ar bith ar ríomhaire agus cuirtear na carachtair in ord cheart na haibítre de réir na háite a bhíonn acu ar shraith uimhir na códála (ins an réimse 0 - 255). Cé gur le cúrsaí bogearraí is mó a bhaineann sé seo, is féidir a lua anseo ó tharla dlúthbhaint a bheith aige le códáil inmheánach na gcarachtar.


2.7.2Má táthar chun leanstan do na moltaí a rinneadh i dtaca leis na gutaí le síneadh fada a chódáil de réir an chaighdeáin Éireannaigh, ciallaíonn sé sin nach féidir na gutaí seo a shortáil don áit cheart ins an tsraith aibítreach leis na gnáth ríomhchláir shórtála. Cuireann na cláir seo, atá bunaithe ar ord aibítre an Bhéarla, na gutaí le síneadh fada ar dhireadh na haibítre, tar éis na litre ‘z’. Molann an Comhchoiste gur chóir go gcuirfear ar fáil na ríomchláir chun plé le gutaí seo na Gaeilge. Cé nach féidir na cláir a dearaíodh don Bhéarla a úsáid don Ghaeilge, is féidir a mhaIairt - is sin le rá nár ghá ach an t-aon chlár sórtála amháin a chlúdódh an dá theanga.


2.7.3Ach is ríomhchlár simplí go leor é clár sórtála mar seo, agus é bunaithe ar shórtáil ag leibhéal na gcarachtar aonar. Ní chlúdódh a leithéid de ríomhchlár na fadhbanna uilig a bhaineann le cúrsaí sórtála i dtéacsanna Gaeilge, mar a bhfuil an fleiscín, an uaschamóg, an réamh-h agus h an tséimhithe, srl., le tabhairt ins an áireamh chomh maith. Pléifear cuid de na deacrachtaí seo ins an chéad chaibidil eile.


2.8.1Ag seasamh siar beagán dúinn ó na fadhbanna teicniúla a pléadh thuas, feicimid bunriachtanas eile a bhaineann le hábhar. Is é sin, ceist na téarmaíochta nua-aoisí a chaithfear a sholáthar don teanga le go mbeifear in ann plé leis na réimsí fada eolais atá á mbrú orainn. Chuige seo, is í barúil an Chomhchoiste gur cheart go gcuirfidh An Roinn Oideachais ar fáil a luaithe agus is féidir sraith liostaí nó lámhleabhair de théarmaí ríomhaireachta. Tuigtear dúinn go bhfuil An Coiste Téarmaíochta tar éis liosta de théarmaíocht ríomhaireachta a shocrú agus go bhfuil bunús na hoibre a bhaineann leis an chumadh seo déanta. D’fhéadfaí na liostaí nó na leabhair seo a dhíriú ar dhreamanna éagsúla ina cheann agus ina cheann - mar shampla, leabhar nó leabhair do na scoileanna, lámhleabhar oifige, liostaí teicniúla le haghaidh taighdeoirí nó múinteoirí, srl. Dá ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfaí na téarmaí seo a fhí isteach ins na meáin chumarsáide ins an dóigh is go gcuirfí iad in aithint do phobal na Gaeilge, mar chuid eile de bhrú chun cinn an ríomhchultúir agus na ríomhthaithí.


2.9.1In ár gcomhráití agus in ár gcuid teagmhálacha leis na comhlachtaí móra ríomhaireachta ins an tír, níor bhraitheamar doicheall ar bith in éadan na Gaeilge. Tuigtear dóibh go bhfuil riachtanais bhunúsacha ann agus tá siad sásta aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna a pléadh thuas. Is léir gur dreamanna Stáit nó poiblí is mó a cheannaíonn ábhar ríomhaireachta agus go bhfuil sé de dhualgas orthu siúd a dhéanamh cinnte de go mbíonn an trealamh sin in oiriúint don Ghaeilge. Ach ba mhaith linn a threisiú gur ag brath ar phobal na Gaeilge atá sé an Ghaeilge a iarraidh ar an earnáil Stáit agus ar an earnáil phoiblí. Chomh maith leis seo, caithfidh siad na háiseanna cuí ríomhaireachta a iarraidh ar dhíoltóirí na n-inneall nó, muna ndéanfar amhlaidh, ní tharlóidh aon dul chinn agus is boichte saol na teanga dá bharr.


3 Bogearraí don Ghaeilge

3.1.1Tá trí chos ar thriantán na ríomhaireachta. An chéad cheann díobh na crua-earraí nó an ríomhaire féin nach bhfuil ann ach creatlach leictreonach. Is í an dara chos na bogearraí a chuireann ar chumas an ríomhaire gníomhú de réir ríomhchláir éigin a dearaíodh roimh ré. Is air seo is mó a bhí ár n-aird ins an chaibidil deireanach, nuair a phléamar go bunúsach na fadhbanna a bhaineann leis an dlúthcheangal idir na bogearraí agus na crua-earraí. Tráchtfar anseo ar an choibhneas a bhíonn idir an úsáideoir, an tríú chos den triantán, agus an ríomhaire. Is trí mheán na mbogearraí i gcónaí a bhíonn an caidreamh seo agus caithfear díriú ar na ríomhairí ar an taobh amháin agus ar lucht a n-úsáide ar an taobh eile. Is ar an cheangal idir na bogearraí agus an úsáideoir a bheimid ag díriú anseo.


3.2.1Faoi mar a míníodh roimhe, is tríd an Bhéarla a d’fhás bunús an dul chun cinn atá déanta i saol na hionformaitice, go háirithe mar a bhaineann seo le cúrsaí ríomhaireachta. Fágann an cúlra seo mar uacht orainn gur trí mheán an Bhéarla is mó a déantar caidreamh le ríomhairí. Is é sin le rá, is é an Béarla is mó a fheictear agus an t-úsáideoir ag plé le pacáistí éagsúla bogearraí ar ríomhaire. Baintear úsáid as an teanga sin ar an scáileán le roghachláir a chur ar fáil nó le rábhaidh a thabhairt faoi fhadhbanna. Baintear úsáid as chomh maith nuair a bhítear ag idirghníomhú le stór sonraí. Cé gur réimsí teoranta teanga a bhíonn i gceist ins an idirphlé dheireanach seo, tá cuid mhór taighde ar siúl ins an am i láthair chun na heanáireáin úsáideora seo a thabhairt níos deise do theanga nádúrtha - is é sin le rá, Béarla coitianta.


3.2.2Is í barúil an Chomhchoiste gur cheart do phobal na Gaeilge a bheith in ann an teanga sin a fheiceáil agus a úsáid agus iad ag gníomhú ar ríomhaire, pé acu le próiseálaí focal, le stór sonraí nó le haon phacáiste bhogearraí eile. Is buncheist í seo a bhaineann le stádas na teanga i gcomhthéacs na ríomhairí. Munar féidir a thuiscint go bhfuil an Ghaeilge lán chomh héifeachtach mar theanga chumarsáide leis na nua-áiseanna ionformeolais, is boichte í dá bharr agus brúfar a thuilleadh chun na himill í.


3.3.1Chun a bheith cinnte go gcuirfear na háiseanna cuí ar fáil tríd an Ghaeilge, tá gá le roinnt chéimeanna a ghlacadh ar mhaithe leis na bogearraí de. An chéad cheann díobh seo, baineann sí leis na roghachláir a chuirtear ar an scáileán d’fhonn mian an úsáideora a aimsiú. Bíonn a leithéid de roghachlár le feiceáil i roinnt phróiseálaithe focal agus ar chuid mhór phacáistí a bhaineann le stórtha sonraí.


3.3.2I gcás na micriríomhairí de, molann an Comhchoiste go gcuirfear ar fáil sraith de ríomhchláir ina mbeadh an Ghaeilge in úsáid mar theanga chumarsáide idir an ríomhaire agus lucht a úsáide. Ní mheasann an Comhchoiste gur cheart acmhainní a chur amú ag dearadh pacáistí bogearraí as an úr ar fad. B’fhearr dá ndéanfar aistriúchán go Gaeilge ar phacáistí atá seanbhunaithe cheana féin agus in úsáid go forleathan ar mhicriríomhairí. Ar na bogearraí a bhfuil feidhm leo ina leithéid d’fheachtas, tá próiseálaí focal, scairbhilleog agus stór sonraí. Chomh maith leo seo, beidh gá amach anseo le pacáiste cumarsáideach, le go mbeidh ríomhairí in ann teagmháil lena chéile agus ábhar a mhalartú.


3.3.3Mar bhreis air seo, beidh gá le haistriúcháin ar na lámhleabhair a bhaineann leis na pacáistí éagsúla, le go mbeidh an suíomh agus an stádas céanna ag an Ghaeilge agus atá ag an Bhéarla ins na cúrsaí seo.


3.4.1Taobh amuigh de réimse na micriríomhairí, beidh an pobal ag teacht i dteagmháil le ríomhairí i gcomhthéacs an ionformeolais go ginearálta. Sampla suntasach de seo, is í an chatalóg ar líne í atá á tabhairt isteach i leabharlanna faoi láthair. Léi seo déanann an t-úsáideoir leabhar a chuardach, ní ar chartaí na catalóige ach trí mhéarchlár agus scáileán an ríomhaire. Molann an Comhchoiste ins an chás seo go mbeadh rogha ag daoine pé acu Gaeilge nó Béarla is mian leo a úsáid agus iad ag cuardach eolais (féach 5.3.3).


3.5.1I dtaca le riachtanais na Gaeilge féin de, tuigtear do bhaill an Chomhchoiste go bhfuiltear ag obair faoi láthair ar ullmhú chóras phromhlitrithe gur féidir a úsáid máille le próiseálaí focal ar mhicriríomhairí (féach Aguisín 3.3). Fáiltíonn an Comhchoiste roímh an scéim seo agus tá súil acu go gcuirfear an áis seo ar fáil go luath.


3.5.2Baineann an taighde a bheidh de dhíth ar son a leithéid seo de phacáiste phromhlitrithe chomh maith le ceisteanna sórtála agus ord aibítreach a luadh ins an chaibidil deireanach. Beidh gá le bogearraí don Ghaeilge a thugann suntas do shainchomharthaí na teanga, mar shampla na hathruithe tosaigh ar fhocail. Ba mhian leis an Chomhchoiste chomh maith dá gcuirfí ar fáil pacáiste bogearraí a chuideodh le fleiscíniú focal go huathoibreach agus a bheadh in ann an fleiscín a láimhseáil mar is ceart ar phróiseálaí focal.


3.6.1Mar bhreis ar na bogearraí éagsúla a luaitear thuas, bíonn pacáistí eile ann a mbaintear úsáid astu le haghaidh traenáil ar ríomhairí. Orthu seo tá cúrsaí le haghaidh eolas agus aithne a chur ar na ríomhairí iad féin, cúrsaí le cleachtadh a dhéanamh ar chlóscríbhneoireacht, agus an iliomad de phacáistí oideachasúla do na scoileanna. Arís anseo, measann an Comhchoiste gur ghá go mbeadh an leithéid seo d’ábhar ar fáil agus an Ghaeilge a bheith ina gléas chumarsáide ann. Tráchtfar i gCaibidil 4 ar na riachtanais scolaíochta agus ar na fadhbanna faoi leith a bhaineann leis an réimse seo.


3.6.2Tá réimse mór amháin eile anseo a ba mhaith leis an Chomhchoiste aird a tharraingt air, nó bíonn tionchar thar an choitiantacht aige ar fhorbairt na suime i gcúrsaí ríomhaire ag daoine óga. Is é sin na cluichí éagsúla a imrítear ar ríomhairí, go háirithe iad siúd a dtugtar ‘cluichí eachtra’ orthu. Ins na cluichí seo, bíonn an t-imritheoir ag plé go díreach leis an ríomhaire, ag cur ceisteanna, ag bailiú eolais agus ag tabhairt orduithe don ‘phearsanra’ atá á stiúradh aige. Baintear úsáid as leagan teoranta den teanga Bhéarla ins an idir-phlé seo leis an ríomhaire. Is é meas an Chomhchoiste gur féidir cluichí mar seo a chur ar fáil agus an Ghaeilge mar bhunús do na teachtaireachtaí uilig, cluichí a d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu comh maith ar mhaithe le cleachtadh ar an teanga féin.


3.7.1Is é an réimse is mó taighde ins an am i láthair ar an eanáireán seo idir na ríomhairí agus lucht a n-úsáide, an iarracht chun cumarsáid labhartha a bhunú. Leis seo, d’fhéadfadh an ríomhaire caint nádúrtha a thuiscint agus gníomhú de réir orduithe labhartha in áit na n-orduithe a gheibhtear faoi láthair trí mheán an mhéarchláir. Chomh maith leis seo, bheadh an ríomhaire féin in ann labhairt - ar chuma éigin - leis an úsáideoir, in ionad teachtaireachtaí a chur ar an scáileán.


3.7.2Is casta agus is deacair an réimse seo agus is léir don Chomhchoiste nach bhfuil an bun taighde ins an treo seo ó thaobh na Gaeilge á dhéanamh ins an am i láthair. Is comhcheangal idir lucht ríomhaireachta agus teangeolaíochta is mó atá de dhíth do seo agus molaimid gur chóir tacaíocht a thabhairt do scéim ar bith taighde, in institiúid tríú leibhéal nó eile. Is léir dúinn, ón taithí i dtíortha eile, go mbíonn na déantúsóirí móra ríomhaire ag tacú lena leithéid seo de thaighde, agus ba mhaith linn aird a tharraingt ar na féidireachtaí anseo le haghaidh cúnamh airgid.


3.8.1Taobh thiar de na moltaí seo uilig, ámhach, tá buncheist na n-áistriúchán - cé thabharfadh faoi seo agus cén cur chuige is fearr? Cé go mbaineann cuid de na moltaí thuas le cúrsaí oideachais agus cé gur féidir an-úsáid a bhaint as na pacáistí éagsúla, próiseálaí focal nó scairbhilleog mar shampla, ins na scoileanna, is dóigh leis an Chomhchoiste go bhfuil feidhmiú níos leithne ná an t-oideachas i gceist anseo. Ba chabhair í an bhunfhreagracht maidir leis an tsoláthar seo a shuíomh in aon fhoinse amháin.


3.8.2Is an-suim le baill an Chomhchoiste an saothrú ins an ghort seo atá curtha ar bun cheana féin ag An Fhoras Ríomheolais, dream deonach de Ghaeilgcoirí ar spéis leo an caidreamh idir an teanga agus cúrsaí ríomhaireachta (féach Aguisín 3.1), agus a bhfuil ceangal acu le GCOMM Teoranta. Is fo-chomhlacht é seo de chuid Údarás na Gaeltachta a bunaíodh d’fhonn áiseanna traenála ar ríomhairí a chur ar fáil (Aguisín 3.2). Molann an Comhchoiste go nglacfaí cuid ar a laghad d’obair seo an áistriúcháin faoi scáth An Fhoras Ríomheolais agus gur cheart go mbainfear úsáid as áiseanna agus saineolas lucht foirne GCOMM agus eile ins an tsaothar seo chun na bogearraí cuí a luadh thuas a chur ar fáil tríd an Ghaeilge.


4 An t-oideachas agus an nuatheicneolaíocht

4.1.1Is léir gurb é an córas oideachais is tábhachtaí ó thaobh tionscnamh na ríomhaireachta go forleathan ins an tír. Tá freagracht ar leith ar na scoileanna, ní amháin ó tharla gur tríd an aos óg is mó a bhíonn na ríomhairí á dtabhairt isteach, ach caithfear chomh maith ríomhthaithí agus oideachas dá réir a chur ar fáil. Is cinnte go mbeidh tionchar agus brú na nua-theicneolaíochta ag dul i méid ins na blianta atá romhainn agus ní mór dúinn a dhéanamh cinnte de go bhfuil aos óg na tíre go hiomlán in ann déileáil go cumasach léi. Sin nó is ar an bhallán chúil a bheidh siad i gcomparáid lena gcomhaoisigh i dtíortha eile. Ins an chaibidil seo, pléifear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an nuatheicneolaíocht i saol na scoile agus ar an bhealach gur féidir an ríomhthaithí nó an ríomhlitearthacht a chur i bhfeidhm i gcúrsaí oideachais.


4.1.2Go bhfios dúinn, níl aon ríomhchlár ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil mar chuid lárnach dó in úsáid i scoil ar bith ins an tír, biodh sí ina hA-scoil nó eile. Má leantar don staid seo, is cinnte go gcreidfidh na daltaí, agus an t-aos oideachais i gcoitinne, nach bhfuiltear in ann an teanga a chur in oiriúint don teicneolaíocht seo agus buailfidh an nua-aoiseachas táirne eile i gcónair na Gaeilge. Ina éadan seo, tá an Comhchoiste den bharúil go bhfuil réimsí éagsúla inar féidir an teicneolaíocht a úsáid d’fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn ag leibhéal na scoile. Tá seo fíor, ní amháin ó thaobh an teagaisc agus an chleachtaidh de, ach mar chuid den ríomhchultúr go ginearálta agus mar fhreagra éigin ar chuid d’fhadhbanna struchtúrtha na scoileanna lánGhaeilge.


4.1.3Is í an tuiscint atá againn don ríomhthaithí seo ag leibhéal na scolaíochta, gur cheart do gach duine, idir dhalta agus mhúinteoir, a bheith in ann triail éigin a bhaint as áiseanna ríomhaireachta chun a gcuid fadhbanna a mhaolú. Tá sé seo indéanta ag leibhéil éagsúla: an páiste féin, ag cuardach eolais ó stór sonraí agus ag scríobh aiste bunaithe ar an eolas sin; an múinteoir ag ullmhú ábhair do rang agus an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an ríomhaire i dteagasc an ranga sin; an príomhoide ag obair ar amchlár don bhliain nó ag ullmhú tuarisce bliantúla. Go dtí go mbeidh glacaithe ag an ríomhaire agus ag na gléasanna úra cumarsáide i gcoitinne taobh istigh de chlós na scoile, ní bheidh an tionchar ceart á imir ag an ríomhchultúr ar chóras an oideachais.


4.2.1Sul a thosaímid ag plé na ceiste seo, caithfear díriú ar fhadhb amháin atá mar bhac ar fhíorfhorbairt na ríomhaireachta ins na scoileanna in Éirinn. Is é sin, an meascán de ríomhairí éagsúla atá ar fáil do na daltaí faoi láthair. D’eascair an staid seo de tairbhe an easpa chomhoirdnithe ins an chóras oideachais. Nuair a chuir An Roinn Oideachais ríomhaire amháin isteach i ngach meánscoil tamall de bhlianta ó shin, is de dhéantús Apple na gléasanna a fuarthas. Ach is cosúil gur chuir na scoileanna iad féin le líon na ríomhairí agus meastar anois gur thart ar dheich ríomhaire atá i ngach meánscoil. Ar na ríomhairí breise seo, tá BBC, Commodore agus IBM, agus níl aon cheann díobh seo a oibríonn ar an chóras chéanna leis an cheann eile, nó le ríomhairí Apple a bhí ann cheana. Ní fadhb rómhór í seo do na scoileanna sin ina bhfuil an Béarla in úsáid mar mheán teagaisc agus cumarsáide, nó tá flúirse ábhar ríomhaireachta atá dírithe ar shaol an oideachais le fáil do gach córas díobh seo thuas. Ach is bac é ar fhorbairt ríomhchlár oiriúnacha oideachais dírithe ar líon beag scoileanna lán Ghaeilge.


4.2.2Is cosúil nach bhfuil cinneadh ar bith déanta fós faoin chóras ríomhaireachta a mholfar do na scoileanna ins an chéad bhabhta eile de cheannach ábhar. Tá dhá príomhchóras ar fáil ar mhicriríomhairí ins an am i láthair, córas Macintosh agus córas MS-DOS (ar a bhfuil cuid ríomhairí IBM agus a n-iontamhla bunaithe). Is í barúil an Chomhchoiste gur chóir, in aon obair ar bhogearraí a chur ar fáil tríd an Ghaeilge, aird a dhíriú ar an dá phríomhchóras seo amháin. Muna ndéanfar amhlaidh, is ag scaipeadh acmhainní a bheimid a bheith ag iarraidh freastal ar réimse chomh fada sin ríomhairí ó thaobh dhearadh na mbogearraí de.


4.3.1Mar a dúradh thuas, is féidir leis an nuatheicneolaíocht seo páirt mhór a imir i saol na scoile. Ar an chuid is lú de, beidh pacáistí bogearraí ag teastáil ins na raonta sin a pléadh cheana ins an chaibidil deireanach den Tuairisc seo. Orthu seo tá próiseálaí focal agus pacáistí le haghaidh ionramháil sonraí, idir fhiricí agus uimhreacha. Cé go bhfuil a leithéid seo ar aon dul, tríd is tríd, leis na ríomhchláir phroifisiúnta a moladh thuas, caithfidh na cláir do na scoileanna a bheith go hiomlán oiriúnach do dhaltaí scoile, i mblianta éagsúla. Mar sin, ní mór a dhéanamh cinnte de go ndíreofar ar riachtanais na bpáistí agus na bogearraí seo á n-ullmhú agus á n-aistriú.


4.3.2Ach ní leor bogearraí iontu féin, gan aon ábhar a bheith acu le plé leis. Ó thaobh an phróiseálaí fhocal de, is féidir seo a fhágáil faoi lucht a úsáide: ní fada go mbraithfear a luachmhaire agus a bhíonn áis mar seo i ngnáthobair na scoile. Más pacáiste ionramhála shonraí atá i gceist, caithfear aird a thabhairt ar an chinéal ábhair a d’oirfeadh do ranganna éagsúla agus a chuideodh le cur chun cinn próiséas an oideachais. Tá gá le tobar, nó le tobair éagsúla, as ar féidir sonraí a thaomadh agus a ionramháil, nó is mar seo a thiocfaidh na daltaí i dtaithí ar cheisteanna a chur, ábhar a bhailiú agus freagraí a lorg dóibh féin. Is ag brath ar na múinteoirí a bheidh sé ábhar a rogha agus a chur ar fáil ins na réimsí éagsúla teagaisc: stair, tíreolas, eolaíocht, Gaeilge agus eile. Ach ba chóir do dtabharfar an oiread cúnaimh agus is féidir dóibh. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh scéim An Roinn Oideachais chun airgead a chur ar fáil le haghaidh taighde ar bhogearraí a chuideodh leis an dea-theagasc in ábhair éagsúla. Molaimid gur chóir do na scoileanna lánGhaeilge a dhul i gcomhar le chéile d’fhonn ábhar cuí a aimsiú nó a dhearadh.


4.4.1Ach is i seomra an ranga féin a fheicimid na féidireachtaí is mó ó thaobh úsáid na n-áiseanna úr seo. Tá an iliomad bogearraí ar fáil ins an am i láthair agus iad dírithe ar raonta éagsúla eolais a theagasc trí mheán an ríomhaire. Baineann seo leis an bhunscoil chomh maith leis an mheánscoil agus clúdaítear bunús gach ábhar atá á chur os comhair na bpáistí, ón mhatamaitic go dtí cleachtadh teanga, ón tuiscint ar an stair go dtí láimhseáil ábhair i rang na bitheolaíochta. Is léir ó fhigiúirí a fuaireamar ón Roinn Oideachais go bhfuil an-suim ag múinteoirí i dtionchar na ríomhaireachta ins na scoileanna agus bíonn siad sásta freastal ar chúrsaí inseirbhíse chun cur lena gcuid eolais agus taithí.


4.4.2Is féidir na sainriachtanais ó thaobh na Gaeilge de a mheas ins an bhunchóras agus ins an mheánchóras neamhspleách ar a chéile. Ach fiú má déantar amhlaidh, ní mór a chuimhniú nach dá chóras faoi leith an dís seo ach dréimire amháin leanúnach do na páistí. Tá gá le comhoirdniú agus le treoir a nascfaidh an dá shaol seo agus a chinnteoidh fás an eolais agus forbairt na hintinne agus na daltaí ag plé le ríomheolas agus le ríomhairí trí mheán na Gaeilge.


4.5.1Is oth leis an Chomhchoiste a chluinstin ón Roinn Oideachais nach bhfuil aon bhogearraí oideachasúil oiriúnach ann fós chun an Ghaeilge a chur chun cinn ins na bunscoileanna le húsáid an ríomhaire. Is doiligh orainn seo a thuiscint: fiú muna ndéanaimid ach staid na tíre seo a chur i gcomparáid le suíomh Ghàidhlig na hAlban, is léir go bhfuil níos mó dul chun cinn déanta ansin, in ainneoin na ndeacrachtaí airgid agus eile. Is trua linn chomh maith nach bhfuil scéim ar bith beartaithe ag An Roinn Oideachais chun feidhm a bhaint as ríomhairí ins an bhunscoil, mar gheall ar chostais. Tuigimid gur cuireadh scéim phíolótach ar ríomhairí ar bun ins na scoileanna náisiúnta idir 1984 agus 1986 agus go bhfuil torthaí na scéime sin á meas ag an Roinn. Fáiltímid roimh an mholadh ó na cigirí gur chóir don Roinn cúnamh a chur ar fáil chun bogearraí oideachasúla a fhorbairt a bheadh oiriúnach do Churacalam na Bunscoile. Glacann an Comhchoiste leis gur pléadh ceist na Gaeilge ins an tuairisc a ullmhaíodh agus go dtabharfar aird dá réir ar riachtanais na teanga.


4.5.2Ach taobh amuigh de na ríomhchláir sin atá dírithe ar chleachtadh teanga, tá géarghá le ríomhábhar a chuideodh leis an oideachas trí Ghaeilge. Is ábhar uileghabhálach atá de dhíth chuige seo, i réimsí éagsúla, ó chleachtadh ar an chlog do na naíonáin, go cleachtadh ar an mhatamaitic ins an tséú rang ag leibhéal na bunscoile.


4.6.1Nuair a bhreathnaímid ar na hiarbhunscoileanna, go háirid na scoileanna lán Ghaeilge, is measa fós an staid ina bhfuil an teanga ar aghaidh na ríomhaireachta amach. Bíonn níos mó ábhar teagaisc i gceist, bíonn caighdeán na deacrachta ag dul i méid agus is lú fós an meitheal múinteoir atá againn. Arís, mar a bhí í gcás ins na bunscoileanna, tá ábhar de dhíth go práinneach i seomra an ranga féin. Is féidir úsáid a bhaint as pacáistí bogearraí mar a bhfuil an Béarla ina theanga chumarsáideach leis an ríomhaire. Ach mar a mhíníomar cheana, is droch-nós síceolaíochta é seo le bunú in intinn na ndaltaí.


4.7.1Is léir dúinn nach bhfuil na hacmhainní againn ins an tír ins an am i láthair chun freastal ar na riachtanais seo uilig as ár stuaim féin. Is é sin le rá, nach bhfuil ar ár gcumas a dhul go hiomlán i dtreo cheapadh bogearraí as an úr ar fad. Mar fhreagra éigin ar chuid de na deacrachtaí seo i measc na scoileanna lánGhaeilge, molaimid scéim atá ar siúl le tamall de bhlianta anuas i nGwynedd na Breataine Bige, le hábhar cuí bogearraí a aimsiú agus a aistriú go Breathnais chun úsáid na scoileanna.


4.7.2Is scéim í seo atá maoinithe ag an Údarás Áitiúil Oideachais agus ag an Swyddfa Gymreig agus tá ag éirí léi réimsí d’ábhar feiliúnach a chur amach. Is í is bunaidhm don aonad inar bunaíodh í, réimse polasaithe a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an easpa acmhainní, idir airgead, foireann, agus trealamh. Baineann na polasaithe seo le cur chun cinn na ríomhthaithí agus an ríomhoideachais ins na scoileanna i nGwynedd. Chuige seo, tá curtha ar fáil cheana 150 de ríomhchláir oideachasúla le haghaidh na mbunscoileanna. Rinneadh seo trí dhul i dteagmháil le lucht díolta na mbogearraí Béarla sul ar cuireadh isteach do na scoileanna iad, féachaintle cead a n-aistrithe a fháil. Fágann sé seo go mbíonn an Bhreathnais ar chomhchéim leis an Bhéarla ó thaobh na bpáistí de, agus iad ag idirphlé leis an ríomhaire agus leis na bogearraí trí mheán na Breathnaise.


4.7.3Is í barúil an Chomhchoiste gur sampla oiriúnach don tír seo í an scéim seo, ar a laghad mar thús agus sinn ag plé le bunú na ríomhthaithí ins na hA-scoileanna. Bheadh dúil againn chomh maith go bhféadfadh an saineolas a d’fhéadfaí a fhorbairt ina leithéid de scéim a dhul chun tairbhe na scoileanna eile ins an tír, agus iad ag dréim le forbairt na hionformeolaíochta ag gach leibhéal de shaol na scoile, idir bhun agus eile. Ach cé gur ag moladh aistriúchán atáimid anseo mar a rinneamar cheana i gcás na bpacáistí bogearraí do lucht ghnó, ba mhian linn a threisiú nach mbeadh i gceist anseo ach an chéad chéim. Go dtí go mbeimid in ann an saineolas cuí a fhorbairt ins an tír lenár gcuid ríomhchlár féin a dhearadh, ríomhchláir a fhoireas dúinn féin agus do chultúr na tíre seo, i mBéarla agus i nGaeilge, ní bheimid inár mball ceart de shaol na nuatheiceolaíochta.


4.7.4Faoi mar atá An Gúm ag gníomhú go leanúnach chun ábhar leabhar a chur ar fáil ins an Ghaeilge do na scoileanna, molann an Comhchoiste gur chóir don Roinn Oideachais an dualgas céanna a chomhlíonadh i leith ábhar bogearraí.


Caithfear an moladh seo a cheangal le polasaithe dearfa agus le clár ama cinnte bunaithe ar shuirbhé ar na riachtanais mar a léireofar iad ag leibhéal na scoileanna agus is dóigh leis an Chomhchoiste gur ar An Roinn Oideachais a luíonn an fhreagracht as a leithéid de pholasaí a aimsiú agus a chur i bhfeidhm. Ba cheart go gcuirfí na hacmhainní ar fáil don Ghúm chuige seo, idir chrua-earraí ríomhaireachta agus fhoireann de réir an ghá. Sin, nó is ísliú céime don Ghaeilge í gan ríomhchláir chumasacha oideachasúla a bheith ar fáil ins an teanga sin.


4.7.5Le freastal ar riachtanais na scoileanna lánGhaeilge ó thaobh an ríomheolais nó an ionformeolais féin de, molaimid go gcuirfear téacsleabhair i nGaeilge ar fáil, chomh maith leis na bogearraí a luaitear thuas, a líonfadh na bearnaí atá le brath go follasach faoi láthair. Ar na bearnaí seo, tá díth ábhair le páistí a thabhairt isteach ar na réimsí seo ag an bhunleibhéal, mar shampla, leagan Gaeilge den ríomhchlár LOGO, nó leabhar simplí le cur síos ar na ríomhairí i gcoitinne. Ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta tá práinn le cúrsa cuimsitheach ar an ríomheolas agus ar an ionformaitic, i gcruth is nach bhfágfar cuid daltaí na scoileanna seo ar aon easpa i gcomparáid lena gcomhaoisigh.


4.7.6Ba mhian leis an Chomhchoiste aird na ranna Gaeilge ins na coláistí tríú leibhéil a tharraingt ar na féidireachtaí anseo chomh maith. Ba mhór againn dul chun cinn éigin a fheiceáil i measc na gcoláistí seo i dtaca le cúrsaí Gaeilge agus ríomheolas de. Muna mbíonn teagasc, taithí chuí agus taighde á mbrú ar aghaidh ins na réimsí seo ag an tríú leibhéal, is lú arís an seans a bheidh ann amach anseo ar aon fheabhas a chur le staid na Gaeilge i leith na n-ábhar seo ins na scoileanna eile.


4.8.1Cé gur le ceisteanna oideachasúla ríomhaireachta ins an chiall is cúinge a bhíomar ag plé go dtí seo, is féidir úsáid a bhaint as na háiseanna úra seo i réimsí eile chomh maith. Ar na fadhbanna is géire a bhaineann leis na hA-scoileanna, is ábhar feiliúnach don teagasc is mó a bhfuil gá leis. Ábhar é seo i nGaeilge a chlúdódh na raonta teagaisc ins na scoileanna sin, agus is tearc mar ábhar é ins an am i láthair, go háirithe agus scéimeanna úra teagaisc á dtabhairt isteach. Is iad na múinteoirí i seomra na ranga is mó a chrothnaíonn an t-ábhar teagaisc seo, agus is iadsan is mó a bhíonn thíos leis ó thaobh dhearadh na gceachta de.


4.8.2Bíonn dá phríomhfhadhb ag na hiarbhunscoileanna lánGhaeilge: a laghad díobh atá ann agus a scoite a bhíonn siad óna chéile. Fágann an chéad deacracht díobh seo gur doiligh téacsleabhair agus ábhar eile teagaisc a choinneáil leis na scoileanna seo, ar chostas réasúnta. Cuireann an dara fhadhb baic roimh aon dlúthchóras chomhoibrithe idir mhúinteoirí gur féidir a mholadh. Ba mhian leis an Chomhchoiste a mholadh go dtabharfaí aghaidh ar na deacrachtaí seo arís, i gcomhthéacs na n-áiseanna ríomhaireachta agus cumarsáide atá anois ar fáil.


4.8.3Tá cúpla buntáiste ag ríomhairí a d’fhéadfadh cuid den talamh achrannach seo a réiteach beagán. Is iad seo, a éasca a bhíonn sé ábhar a cheapadh agus a athrú de réir an ghá ar phróiseálaí fhocal, agus a fhurasta agus a shaoire a bhíonn sé ábhar ar dhioscaí a idirmhalartú. Fágann an dá bhua seo gur féidir le gréasán de mhúinteoirí comhoibriú chun ábhar ranga a dhearadh agus a cheapadh, dá ndéanfaí an obair seo ina hiomláine ar ríomhairí. D’fhéadfadh a leithéid de ríomhmheitheal ceachta, srl., a ullmhú mar seo, bunaithe ar dhioscaí a chuirfí thart ó dhuine go duine le haghaidh meastóireachta agus athbhreithnithe. Do b’fhéidir an t-ábhar a thriail ins na ranganna de réir a chéile agus theacht ar chomhréiteach faoi. Ach buntáiste eile faoi, go bhfágfadh cur chuige mar seo an tsaoirse ag an mhúinteoir féin le cibé athruithe a bhí de dhíth le haghaidh ranganna áirithe a chur i bhfeidhm go furas.


4.8.4I dtaobh aschur an ábhair seo de, do b’fhéidir úsáid a bhaint as léasar-phrintéir i lárionad éigin. Tá mar bhuntáiste leis seo gur féidir caighdeán ard cló a bheith ar an aschur, a bheadh ar aon dul leis an chineál ábhair a chuirtear amach i mBéarla, agus nár ghá ach ábhar a phriontáil de réir líon na ndaltaí ar ar díríodh é. Chomh maith leis an tsábháil ar chostais a bheadh i gceist anseo, ní thiocfadh seargadh ar ábhar a d’fhéadfaí a athrú ó bhliain go bliain.


4.9.1Má bhítear chun an ríomheolas féin a fhorbairt ins na scoileanna seo, is cinnte go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an fhadhb a bhaineas leis an easpa de threalamh chuí. Ag cur ins an áireamh leithlis na scoileanna seo óna chéile, b’fhéidir go mbeidh gá a dhul i dtreo dianchúrsaí nó brúchúrsaí seachtaine a chur ar fáil trí chóras soghluaiste éigin - ríomhbhus, mar shampla. D’fhéadfadh a leithéid d’áis a bheith ina fhoinse taca do scoileanna aonair, dá ndéanfaí seo go cumasach i gcomhar leis na múinteoirí.


4.9.2Mar aon leis an scéim atá molta thuas le haghaidh ábhar teagaisc a dhearadh, molann an Comhchoiste chomh maith gur féidir gréasán cumarsáide a bunú idir na daltaí ins na hA-scoileanna. D’fhéadfaí seo a leagan ar an bhunús chéanna a luadh cheana: ríomhiris á cur ar fáil ag na daltaí iad féin, í inaistrithe ó scoil go scoil ar dhioscaí agus faill ag duine ar bith de na páistí cur leis an ábhar a bheadh ann. Is samhail í seo ar na scáileáin fhaisnéise atá coitianta ag lucht ríomhaireachta na laethanta seo agus a mbaintear úsáid astu go príomha d’fhonn eolas a idirmhalartú.


4.10.1Tríd is tríd, braithimid gur féidir d’áiseanna seo na nuatheicneolaíocht a bheith ina gcuidiú go mór do staid na Gaeilge ins na scoileanna. Dá gcuirfí chuige mar is ceart agus an úsáid chuí a bhaint as na gléasanna agus as na hacmhainní atá ar fáil faoi láthair, agus a bheidh ag teacht isteach ar shaol na scoile go luath, beimid in ann na daltaí a thabhairt chun tuisceana ar an tsaol atá á fhorbairt thart orthu. Agus comh maith leis seo, beidh an Ghaeilge in ann a háit chuí féin a ghlacadh ins an domhan úr seo. Is ar a leithéid de thimpeallacht tacúil shíceolaíochta atá todhchaí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag brath.


5 Nuatheicneolaíocht agus pobal na Gaeilge

5.1.1Cé gur ar na scoileanna is mó a chaithfear a dhíriú agus sinn ag tógáil na dúshraithe, is taobh amuigh de chlós na scoile a fheicfear toradh na hoibre sin. Is léir anois go bhfuil tionchar na nuatheicneolaíochta le braith go follasach thart orainn. Ríomhairí, idir mhion agus mhór, agus an chumarsáid eatarthu; ionform-innealtóireacht agus a mbaineann léi ó thaobh eolas a stóráil agus a ionramháil; na mórmheáin chumarsáide agus an t-eolas a chuireann siad ar fáil dúinn: iad seo uilig ag cruthú gréasáin chomhnascaithe chumarsáide ag a bhfuil cumhacht as cuimse orainn inár saol laethúil féin.


5.1.2Bíonn an pobal i dteagmháil leis na tobair eolais seo uilig ar iomad mhodhanna, go áirithe tríd na meáin chumarsáide, raidió, teilifís, nuachtáin agus irisí. Chomh maith leis seo, ámhach, bíonn tionchar fomhothaithe ag an teicneolaíocht seo orainn. Mar shampla, i gcás na siopadóireachta gheibhtear léargas ar an leas a bhaintear as cumhacht cheilte ríomhaireachta, ó na ‘soilsí taistil’ le fógraíochta a dhéanamh, go dtí na hadmhálacha a bheirtear amach ag an scipéad. Bunús an ama orthu seo tchítear an Béarla in úsáid mar ghnáthmheán chumarsáide ach i gcoitinne bíonn sé lán chomh furas an Ghaeilge a bheith ar taispeán chomh maith, taobh le taobh leis an Bhéarla. Mar bharr air seo, aon áit ina mbíonn an pobal i dteagmháil le cúrsaí riaracháin de chineál ar bith (go hiondúil ins an earnáil phoiblí), is féidir le ríomhairí a theacht i gceist: ag cuardach eolais, ag scríobh litreacha nó ag clárú firící faoi dhaoine.


5.1.3Ins an chaibidil seo, ba mhaith leis an Chomhchoiste súil a thabhairt ar chuid de na réimsí seo agus áit na Gaeilge iontu a phlé. Tá an oiread sin de threalamh éagsúil ann, a bhfuil baint aige leis an oiread sin ghnéanna dár saol laethúil, agus nach cumas dúinn anseo ach sracfhéachaint a thabhairt ar chuid de. Chomh maith leis seo, tá an teicneolaíocht ag gluaiseacht ar aghaidh chomh tapaidh sin agus nach acmhainn dúinn ach cuid de na féidireachtaí a lua, nó is ionann aisling inniu agus gnáthamh amárach.


5.2.1I gcás na mór mheán cumarsáide, ar nós na teilifíse nó an raidió, ní thig linn mórán a rá ach aird a tharraing ar na féidireachtaí a bheidh ag baint leis na hathruithe atá ag tuitim amach ins an réimse seo faoi láthair. Orthu seo, luaimid cás an raidió nó na teilifíse áitiúla a d’fhéadfaí a úsáid mar mheáin chun roghanna níos leithne de chláir Ghaeilge a chur ar fáil don phobal. Sin, nó d’fhéadfadh a leithéid de thionscnamh an-dochar a dhéanamh do chúis na teanga, dá ligfí dó, gan aird chuí a thabhairt ar riachtanais an phobail i leith na Gaeilge. Chomh maith leis seo, is cinnte go mbeidh bagairt bhreise ar stádas na teanga nuair a thiocfaidh forfhás ar líon na miaschainéal nó na cainéil teilifíse ar líne, nuair a chuirtear ins an áireamh a gcomhionannas de chultúr iasachta.


5.2.2Is dócha gur i gcúrsaí foilsitheoireachta na Gaeilge is mó a fheicfear tionchar na nuatheicneolaíochta. Mar a dúramar cheana i gcás na scoileanna lánGhaeilge, is fíorbheag an líon léitheoirí atá ann agus is amhlaidh is daoire a bhíonn sé freastal ceart a dhéanamh orthu. D’fhéadfadh cuid de na háiseanna úra priontála, ar nós ‘mionfhoilsiú’, a theacht i gcabhair anseo. Mar a luadh cheana, is féidir lena leithéid de chóras rití goiride ar leabhair a cheadú ar luachanna nach mbeadh ró ard agus fágann sé seo áiméar úr ag scríbhneoirí chun lucht léite níos leithne a áimsiú dá gcuid oibre.


5.2.3Is í barúil an Chomhchoiste gur cheart go bhféachfaí le lárionad a chur ar fáil mar áis do scríbhneoirí, áit ina bhféadfaí ábhar a ullmhú agus a thriail ar ríomhaire agus léasar-phrintéir. Is é atá i gceist againn anseo, seomra nó oifig lárnach ina mbeadh teacht ag scríbhneoirí ar threalamh na mionfhoilsithe, le go mbeidís in ann freagracht iomlán a ghlacadh as a gcuid oibre féin, ó cheapadh go díol. Bheadh de shaoirse acú go bhféadfaidís na háiseanna seo a úsáid go cruthaitheach i gcur i láthair a gcuid ceapadóireachta féin agus nach mbeidís i dtólamh i dtuilleamaí na seanmhodhanna chlódóireachta, mhaisithe, cheangail agus díolacháin.


5.2.4Ó tháinig an t-athrú ón chló Ghaelach go dtí an saghas romhánach i gclódóireacht na Gaeilge, tá mórán de phobal na teanga nach bhfuair faill cheart ar cuid den tsaibhreas litríochta ó bhlianta tosaigh an chéid seo a léamh. D’imthigh mórchuid de na leabharthaí úd as cló ach fiú má bhíonn teacht orthu, cuireann an sean litriú agus an cló bac roimh léitheoirí a hoileadh leis an litriú agus leis an chló nua. Dá gcuirfí sraith de na leabhair is fearr ón tréimhse úd isteach ar ríomhaire, trí úsáid léitheoir optach nó eile, d’fhéadfaí eagarthóireacht a dhéanamh orthu le cuidiú roinnt ríomhchlár lena gcur in ord agus in eagar do léitheoirí na haoise seo.


5.2.5Tá sampla suntasach amháin againn den úsáid is féidir a bhaint as an nuatheicneolaíocht, agus sin an Foclóir Gaeilge-Béarla a foilsíodh i 1977 faoi eagar Niall Ó Dónaill. Traoslíonn an Comhchoiste an cinneadh a rinne An Gúm an tráth úd, a bhí chomh luath sin i bhforbairt na ríomhaireachta, nuair a beartaíodh ar an chló a chur suas ar an fhoclóir seo le cuidiú ón ríomhaire. D’fhág an réamhphleanáil seo gur féidir, gan mhórán stró, athruithe agus breiseanna a chur leis an fhoclóir agus eagrán úr á ullmhú. Mar bharr air seo, tá bunchloch bhreá leagtha ar son fhoclóir úrnua Béarla-Gaeilge (féach fosta Aguisín 3.3 thíos).


5.3.1Ach bíonn an pobal ag plé leis an nuatheicneolaíocht ar an iliomad dóigheanna, cuid díobh sofheicthe agus cuid eile gan a bheith chomh follasach sin. Mar a luamar cheana, bíonn na hÚdaráis Áitiúla i ndlúth theagmháil leis an phobal agus fágann sé seo freagracht faoi leith orthusan i dtaca le caomhnú na Gaeilge de. Cé gur ar litreacha agus fógraí is mó a bhíomar ag díriú cheana, bíonn caidreamh eile idir an earnáil seo agus an pobal. Sampla de seo is iad na foirmeacha iarratais a bheirtear amach ó gach oifig phoiblí ins an tír agus sampla eile is í an leabharlann áitiúil í mar a mbíonn pobal ag tarraingt ag cuardach eolais de chineál ar bith.


5.3.2Molann an Comhchoiste an dul chun cinn atá déanta ag Comhairle Contae an Chláir le leaganacha dátheangacha d’fhoirmeacha poiblí a chur ar fáil. Dearaíodh na foirmeacha seo agus cuireadh ar stóras ríomhaire iad agus tá siad anois inshroichte go furas le hathruithe a chur i bhfeidhm orthu más gá. Chomh maith leis seo, is éasca agus is saor an obair í cóipeanna breise a chlóbhualadh ón stóras ríomhaireachta. Is í barúil an Chomhchoiste gur chóir do gach Údarás Áitiúil agus do gach Roinn agus Eagras Stáit an deis seo a thapú chun leaganacha dátheangacha d’fhoirmeacha a dhearadh agus a phriontáil dóibh féin - go háirithe i bhfianaise an Bhreithiúnais ón Bhreitheamh Ó hAnluain ins an Ard Chúirt faoin ábhar seo le déanaí.


5.3.3Is cinnte amach anseo go mbeidh leabharlanna ag dul i dtreo catalógú ar ríomhaire, nó fiú comhcheangal a dhéanamh le hollstórais data. Ins an chás seo, molann an Comhchoiste gur cheart dóibh freastal a dhéanamh ar riachtanais na Gaeilge agus iad ag dearadh na n-eanáireán do lucht a n-úsáide. Ní obair ró mhór nó ró chostasach í an Ghaeilge a bheith ar chomhchéim leis an Bhéarla ar na heanáireáin seo. Is í barúil bhall an Chomhchoiste gur féidir an áis seo a chur ar fáil ins na leabharlanna poiblí agus i leabharlanna na gcoláistí.


5.3.4Taobh amuigh den earnáil phoiblí, de réir mar a bheidh úsáid na ríomhairí ag leathnú i measc an phobail i gcoitinne, beidh tarraingt ag daoine ar fhoinsí lárnacha eile, le cuidiú ó na ríomhairí nó trí ghléasanna eile ar nós na teilifíse. Tá sampla againn den dara cheann ins an chóras Aertel atá tagaithe ar na mallaibh don tír seo agus lenar féidir eolas agus sonraí a aimsiú ar ghléas teilifíse sa bhaile. Is cinnte go dtiocfaidh fás ar na modhanna cumarsáide seo agus ba chóir go dtabharfaí a háit chuí féin don Ghaeilge orthu. Is féidir seo a dhéanamh trí faill a thabhairt don phobal úsáid a bhaint as an teanga agus iad ag idirghníomhú leis na córais seo, chomh maith le hábhar téacsa i nGaeilge a bheith ar fáil ar na seirbhísí seo.


5.3.5Sampla den idirghníomhú seo le ríomhairí, tá sé le feiceáil gach uair a mbaintear úsáid as na gléasanna uathsheirbhíse ins na bainc nó ins na cumainn fhoirgníochta. Bheirtear roghachlár don úsáideoir agus baintear feidhm as réimse de chnaipí chun roghanna éagsúla a dhéanamh. Dob fhéidir go furas i gcás mar seo a shocrú go gcuirfí teachtaireachtaí agus roghachláir Ghaeilge ar taispeán ar scáileán an úsáideora, nó is córas le freagraí teoranta atá i gceist.


5.4.1Luamar ceist na n-oifigí cheana agus mholamar go gcuirfí pacáistí oiriúnacha bogearraí ar fáil dóibh siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid ar ríomhairí. Ach tá buntáistí eile ag baint le stóras ríomhaireachta, ar féidir a n-úsáid mar thaca i gcúrsaí oifige mar a mbíonn mórchuid litreacha caighdeánacha á gcur amach, iad bunaithe ar shraitheanna teoranta de fhrásaíocht. Tá ríomhphacáistí ar an mhargadh cheana féin do lucht ghnó a cheadaíonn dóibh a mian a thógáil as roghachlár de fhrásaí oiriúnacha i mBéarla agus ligean don ríomhaire na comhiontrálacha Francise, Gearmáinise nó eile a aschur don litir. Chuirfeadh a leithéid de phacáiste, é dearaithe le haghaidh Béarla-Gaeilge, ar chumas lucht oifige, fiú iad siúd ar bheagán Ghaeilge, litreacha slachtmhara ins an teanga a chumadh agus a úsáid.


5.4.2Mar áis dóibh siúd a bhíonn ag plé le cúrsaí ríomhaireachta in oifigí trí mheán na Gaeilge, molann an Comhchoiste go gcuirfí ar fáil a luaithe agus is féidir, lámhleabhar oifige a thabharfadh léargas agus eolas ar na réimsí éagsúla a bhaineann le húsáid na nuatheicneolaíochta i ngnáthshaol na hoifige. Bheadh lámhleabhar mar seo ina thaca riachtanach do chúrsaí traenála oifige agus do b’fhéidir a úsáid chomh maith mar áis ins na scoileanna le blas éigin den ríomhthaithí a chur os comhair na ndaltaí. Mar a dúramar thuas (2.8.1), tá an bhuntéarmaíocht ar fáil chuige seo cheana agus molaimid gur chóir go ndéanfaí teagmháil le cuid de na comhlachtaí móra ríomhaireachta, féachaint lena dtarraingt isteach in ullmhú an lámhleabhair seo.


5.5.1Mar chlabhsúr ar an chaibidil seo, ba mhian le baill an Chomhchoiste a threisiú go bhfuil an nuatheicneolaíocht seo á brú orainn uilig, dár ndeoin nó dár n-ainneoin. Ní hiad an gnáthphobal a dhearaigh nó a chuartaigh an teicneolaíocht seo ach is iad is túisce a bheidh thíos nó thuas léi. Munar féidir leis an phobal seo greim a fháil uirthi agus í a mhúnlú dá gcuid riachtanas féin, is mó dá ndochar nó dá sochar a rachaidh sí. Ach más urrainn dóibh, agus más ceadmhach dóibh, an chéim seo a ghlacadh, is amhlaidh is fearr a bheidh siad as agus is túisce a dhéanfaidh siad an teicneolaíocht a fhí isteach lena saol laethúil féin.


6 Roinnt scéimeanna agus féidireachtaí

6.1.1Ins an chaibidil seo, ba mhian le baill an Chomhchoiste aird a dhíriú ar chuid de na féidireachtaí a bheireann an nuatheicneolaíocht dúinn i dtaca le scagadh agus anailís riachtanach ar an Ghaeilge a thabhairt i gcrích. Bíonn buntáistí móra ag ríomhairí agus iad ag plé le réimsi fada ábhair mar a bheadh i gcás le bailiúchán d’ábhar teanga. Is iad sin, nach n-éiríonn na ríomhairí tuirseach, nach ndéanann siad meancógaí agus go mbíonn siad i bhfad níos sciopa ag ionramháil an ábhair. Fágann na buanna seo gur féidir úsáid a bhaint as an nuatheicneolaíocht i gcásanna áirithe d’fhonn eolais riachtanaigh a chur ar fáil do lucht oideachais nó taighde, ón dream a bhíonn ag dearadh bunchúrsaí Gaeilge go dtí iad siúd a bhíonn ag ullmhú ábhair le haghaidh teagaisc ag an leibhéal is airde.


6.1.2I ndomhain an Bhéarla, mar shampla, is fada siar a théann obair seo an taighde ar chúrsaí teanga, ó scéimeanna foclóireachta go ceapadh ábhair le haghaidh ranganna Béarla d’fhoghlaimeoirí. Ar ndóigh, b’fhiú go mór a leithéid seo d’obair a dhéanamh, nó bhí, agus tá, margadh ollmhór ar an tsaol don ábhar Bhéarla seo uilig. Ní hionann cás don Ghaeilge, ar ndóigh, nó d’aon mhionteanga eile dá bhfuil ann. Fágadh sinne agus ár gcomhpháirtithe ar an ghannchuid de thairbhe an easpa acmhainní seo - easpa airgid agus easpa foirne. Ach ní raibh i gceist le bunús na hoibre teangeolaíochta úd ach dearg-sclábhaíocht: friotháil na bhfocal agus anailís na n-abairtí. Cuireann an nuatheicneolaíocht ar chumas dúinn a theacht thart ar mhórchuid den obair mhaslach seo, tríd an ríomhaire a úsáid in ionramháil ábhair teanga faoi stiúir an tsaineolaí.


6.2.1Mar bhunús faoi aon obair dá leithéid ar theanga, caithfear a dhéanamh cinnte de go mbíonn réimsí oiriúnacha ábhair ar fáil chuice. Mar shampla, má bhítear chun aon scagadh a thabhairt i gcrích ar mhinicíocht na bhfocal i sraith téacsanna Gaeilge, le gur féidir eolas a chur ar fáil do lucht cheaptha téacsleabhar, ní mór do na téacsanna úd a bheith inshroichte ar an ríomhaire. Chuige seo, molann baill an Chomhchoiste go gcuirfí téacslann ar bun ins an tír seo chun freastal ar riachtanais na Gaeilge i dtaca le hionramháil téacsanna de. Is é atá i gceist againn leis seo, lárionad a bhunú ina gcuirfí ar chaomhnú téacsanna nó ábhar foilsithe ar bith i nGaeilge, ábhar a bheadh inléite ag ríomhaire.


6.2.2Bunús gach leabhar a fhoilsítear ins an am i láthair, is trí chóras chlóchuradóireachta ríomhaireachta a chuirtear an cló suas dó. Gineann an córas seo téip nó diosca ríomhaire mar thoradh air agus is é an toradh seo a shamhlaímid mar bhunábhar don téacslann. Is ábhar é atá cruthaithe ag ríomhaire agus é inléite ag ríomhaire ar bith eile. Mar sin is buntús don taighde é a d’fhéadfaí a chur ar fáil do dhream ar bith a bheadh ag plé le hanailís nó le scagadh taighdeach ar an teanga. Is dóigh le baill an Chomhchoiste gur chóir d’institiúid éigin ag an tríú leibhéil cúram a dhéanamh don téacslann seo mar bhrú chun an taighde a ghineadh ar an ábhar a bhaileofaí.


6.2.3Is í barúil bhall an Chomhchoiste gurb é an bealach is éasca chun ábhar a sholáthar don lárionad seo, a thabhairt ar fhoilsitheoir ar bith de chuid ábhair Ghaeilge, cóip den diosca nó den téip ríomhaire a chur ar chaomhnú ins an téacslann, dá mba rud é gur cuireadh an cló suas le ríomhchlóchuradóir. Is é an fásach atá againn do seo an córas ins an am i láthair chun cóip de gach leabhar atá faoi chóipcheart a chur ar fáil do Leabharlann Choláiste na Tríonóide (i measc leabharlanna eile). Ní chuirfeadh seo ach pinginí beaga le costais an fhoilsithe agus laghdódh a leithéid de shocrú costais reatha na téacslainne. Is é ár meas gur féidir a leithéid de shocrú a leagan mar dhualgas ar fhoilsitheoir ar bith a gheobhadh deontas Stáit le haghaidh leabhair Ghaeilge.


6.2.4Chomh maith leis na leabhair, molann an Comhchoiste go gcuirfí ábhar ar fáil don téacslann ó na hirisí agus ó na nuachtáin Ghaeilge, más amhlaidh go mbaintear úsáid as ríomhairí le próiseálaí focal chun an t-ábhar a ullmhú dóibh seo. Cé gur ábhar teanga é seo a bhíonn beagáinín luaineach i gcomparáid le hábhar leabhair, is de dhúchas na teanga é agus caithfear a thabhairt ins an áireamh in aon obair thaighde.


6.2.5Ach ní bheadh i gceist leis seo uilig ach tús a chur leis an téacslann, nó tá an t-uafás ábhair ann a foilsíodh le céad bliain anuas agus a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis. Ní mór a bheith cinnte go gcuirfí an t-ábhar seo uilig (nó cuid mhór de) i gcrut a bheadh inléite ag ríomhaire agus molann an Comhchoiste gur chóir do riarthóirí na téacslainne féachaint chun scéim fhadtéarmach a dhearadh chuige seo agus a thabhairt i gcrích.


6.3.1Tá Foclóir na Nua-Ghaeilge á ullmhú le tamall de bhlianta anuas faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann agus traoslaíonn an Comhchoiste leis na heagarthóirí as an iarracht atá déanta acu cheana chun an ríomhaire a úsáid mar ghléas taighde ins an obair seo. Tuigeann baill an Chomhcoiste go mbeidh an obair ag dul chun castachta amach anseo de réir mar a thig fás ar líon an ábhair as a mbítear ag tarraingt ar son an fhoclóra. Is í barúil an Chomhchoiste gur féidir na hacmhainní ríomhaireachta atá ag an Acadamh faoi láthair a leathnú chun cuidiú, ní amháin le stóras an bhunábhair ach le scagadh agus anailís a dhéanamh air. Is suim linn a chlos faoin tacaíocht taighde agus crua-earraí a tugadh ins an Bhreatain ag comhlacht ríomhaireachta don Oxford English Dictionary nuair a bhí seo á ullmhú le haghaidh léasar-dhiosca agus molaimid gur chóir don Acadamh triail a bhaint as fhoinsí tacaíochta mar seo i ndearadh na mbogearraí agus na gcrua-earraí a bheidh uathu don obair leanúnach seo.


6.3.2De bhreis ar an bhunábhar seo d’fhoclóir na Nua-Ghaeilge, tuigtear do bhaill an Chomhcoiste go bhfuil foinsí eile foclóireacht ins an ábhar a bailíodh le haghaidh chartlann na gcánúna i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath. Molann an Comhchoiste gur féidir an t-ábhar seo a ullmhú don ríomhaire le go ndéanfaí innéacsú agus scagadh air. Dá ndéanfaí amhlaidh, ba mhaisiú breise é an t-ábhar seo ar ábhar na téacslainne agus d’fhéadfaí an dá fhoinse seo a chomhcheangal in aon bhunstóras a mháin mar áis taighde. Cuireadh ar ár súile dúinn chomh maith go bhfuil obair taighde ar fhoclóireacht stairiúil ar siúl cheana féin ins an Institiúid Árd Léinn i mBaile Átha Cliath le cuidiú ón ríomhaire agus tchítear don Chomhchoiste gur féidir an réimse seo taighde a leathnú agus a fhorbairt.


6.4.1I réimsí seo na foclóireachta ba mhian le baill an Chomhchoiste aird a dhíriú ar na riachtanais a bhaineann le cúrsaí téarmaíochta na Gaeilge. Tá seo i gceist, ní amháin i gcás An Choiste Téarmaíochta ins An Roinn Oideachais atá ag gníomhú le sraitheanna téarmaí a chur ar fáil do shaol an oideachais, ach i gcás dreamanna eile ag a mbíonn gá úsáid a bhaint as na nuathéarmaí. Orthu seo, luaimid Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais ag a bhfuil bailiúchán mór téarmaíochta, agus ar ndóigh, na meáin chumarsáide, na nuachtáin agus na hirisí Gaeilge agus Raidió Teilifís Éireann, go áirithe Raidió na Gaeltachta.


6.4.2Le freastal ar na riachtanais seo, ní mór go gcuirfí ar fáil ábhar téarmaíochta a luaithe is a cheapfar a leithéid ag An Choiste Téarmaíochta. Tuigtear do bhaill an Chomhchoiste go bhfuil scéim á beartú ag An Choiste Téarmaíochta agus ag lucht téarmaíochta eile chun na liostaí téarmaí atá ar stóras acu faoi láthair a eagrú agus a chur suas ar ríomhaire. D’fhéadfadh tionscadal mar seo na dreamanna éagsúla a bhfuil suim acu ins an réimse seo a thabhairt le chéile. Orthu seo tá Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Institiúid Ard Léinn Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile Gaillimh, mar aon leis An Choiste Téarmaíochta féin. D’fhágfadh áis mar seo na téarmaí i riocht a bheadh inshroichte ag úsáideoirí agus chomh maith, chuideodh sí le foilsiú na dtéarmaí amach anseo. Is í barúil an Chomhchoiste gur chóir don Choiste Téarmaíochta an scéim áirithe seo a eagrú agus a thabhairt i gcrích gan mhórán moille le comhoibriú ó na heagraíochtaí eile a bhíonn ag plé le cúrsaí téarmaíochta. Ba mhian le baill an Chomhchoiste aird An Roinn Oideachais, atá i gceannas ar obair seo na téarmaíochta, a tharraingt ar na riachtanais ins an réimse seo agus a mholadh gur cheart féachaint le cabhair bhreise airgid a lorg más gá.


6.5.1De réir mar a thuigtear dúinn, tá bailiúchán ollmhór ar stóras ag Roinn Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, nach mbíonn teacht air go héasca in aon obair thaighde ar chúrsaí foclóireachta. Molaimid gur chóir go gceapfaí tionscadal chun an t-ábhar seo uilig a ullmhú le haghaidh stóras ríomhaireachta d’fhonn innéacsú agus anailís a dhéanamh air. Arís anseo, ba mhaith linn aird a tharraingt ar chuid de na féidireachtaí a bhaineann le maoiniú thionscadal taighde ag comhlachtaí ríomhaireachta.


6.5.2Tá logainmneacha na tíre seo á staidéar le blianta fada anuas agus cuireadh ar ár súile dúinn go bhfuil géarghá le ríomhairiú a dhéanamh ar an ábhar atá ar caomhnú faoi láthair. Is suim le baill an Chomhchoiste a chluinstin go bhfuil obair ar siúl ar na logainmneacha ins na sé contaetha agus go bhfuiltear ag úsáid stóras ríomhaireachta chuice seo. Molann an Comhchoiste gur chóir d’Oifig na Logainmneacha scéim a dhearadh, i gcomhpháirt leis an obair atá ar siúl i Roinn na Ceiltise, Ollscoil na Ríona más féidir, chun logainmneacha na tíre a chur suas ar ríomhaire. Is dóigh linn gur féidir ábhar mar seo a bheith ina fhoinse thábhachtach do ranganna ins na scoileanna agus chomh maith, go mbainfear feidhm as i ndearadh stóras data le haghaidh cuairteoírí nó lucht ginealaigh agus taighde.


6.6.1I gcúrsaí taighde a bhaineann leis an ionformeolas go ginearálta, ba mhaith leis an Chomhchoiste a mholadh go ndéanfar gach iarracht ar áit na Gaeilge a mheas ins na scéimeanna atá á gceapadh faoi láthair. Is scéimeanna iad seo atá á gcur chun tosaigh le haghaidh maoinithe ag an Chomhphobal Eorpach nó ag dreamanna taighde eile ins an tír seo nó thar lear, agus in amannaí is féidir, gan mhórán dua, freastal a dhéanamh ar chuid de riachtanais na teanga agus na pleananna seo á ndearadh. Molann an Comhchoiste gur cóir d’EOLAS aird a thabhairt ar na riachtanais seo agus iad ag meas nó ag plé le cur chin cinn aon tionscadal taighde ina bhféadfaí an Ghaeilge a fhí isteach. Is é atá i gceist againn anseo, tionscnaimh thaighde a bhaineann le cúrsaí ionformeolais in oifigí nó ar stórais data, nó scéimeanna taighde a bhaineann le hanailís nó le scagadh teangeolaíochta trí chuidiú na ríomhaireachta, mar shampla, ríomhaistriúchán nó taighde ar dhearadh bhogearraí nó crua-earraí le haghaidh ríomhchainte.


7 Todhchaí: stiúir agus struchtúir

7.1.1Faoi mar a dúramar cheana, níor chuireamar romhainn ins an Tuairisc seo ach cuid de réimsí seo na nuatheicneolaíochta a phlé chomh fada is a bhaineann siad le cúrsaí na Gaeilge. Is léir go bhfuil an saol ag athrú inár dtimpeall: mar a luadh ins an chéad chaibidil, tá fás de thar 35% ins an bhliain le tamall anuas ar mhéid na ríomhairí atá in úsáid ins an tSeirbhís Phoiblí ins an tír seo. Cuireann an brú seo dualgas orainn a bheith faichilleach. Ar an taobh amháin, gan ligean do thíoránacht na teicneolaíochta greim a fháil orainn agus ar an taobh eile, ní cheart dúinn ligean do thaibhse na teicneolaíochta sinn a chur ar strae ar fad ón rud atá indéanta. Ní mór dúinn gan sinn féin a cheangal ar dhóigh ar bith - le cur chuige caite nó le haisling bhréagach.


7.1.2Rinneamar iarracht ins an Tuairisc thuas ar shraith de mholtaí praicticiúla inshroichte a chur chun cinn, moltaí nach mbeadh an iomarca costais ag baint leo agus nach nglacfadh barraíocht ama lena gcur i gcrích. Níl ins an mhórchuid de na moltaí atá luaite ach coiscéimeanna i dtreo stádas ceart agus cóir a chur faoin Ghaeilge agus an teanga sin i dteagmháil le saol na ríomhaireachta. Is cinnte go gcosnóidh a bhfuil molta againn airgead chun a thabhairt i gcrích ach ba mhaith linn a threisiú nach ró shuimeanna atá i gceist anseo agus gur féidir cuid mhór maitheasa a dhéanamh ar bheagán airgid, ach an maoiniú sin a úsáid go ciallmhar. Chomh maith leis seo, is féidir mórchuid athruithe a bhrú ar aghaidh taobh istigh d’achar ghoirid, ach cur chuige ar bhealach éifeachtach.


7.2.1Cé gur luadh réimsí éagsúla moltaí ins an Tuairisc, baineann a lán díobh go díreach leis na ríomhairí iad féin agus lena gcuid riachtanas siúd ó thaobh na Gaeilge de. Is í barúil bhall an Chomhchoiste gur chóir do dhream amháin cúram a dhéanamh don obair a bheidh de dhíth anseo agus is dóigh linn gurb é An Foras Ríomheolais is fearr chuige seo. Is breá leis an Chomhchoiste a bhfuil déanta go dtí seo ag an ghrúpa áirithe seo trí dhaoine a thabhairt le chéile ó shaol na Gaeilge agus ón oideachas, ó shaol na tionsclaíochta agus na ríomhaireachta araon (féach Aguisín 3.1). Ós rud é go bhfuil a leithéid de chomhoibriú bunaithe cheana, feictear don Chomhchoiste nach ceart a dhul i dtreo struchtúr breise nó comhthreomhar a mholadh. Ba maith linn aird An Fhoras Ríomheolais a tharraingt ar na moltaí atá leagtha amach romhainn anseo agus a aird a dhíriú ar chuid de na féidireachtaí a bhaineann le maoiniú dul chun cinn na Gaeilge ins an tír (mar shampla, deontais ón Chrannchur Náisiúnta).


7.2.2Ach mar a mhíní omar cheana, is leithne an raon seo ná cúrsaí ríomhaireachta amháin agus caithfear súil ghéar a choinneáil ar thionchar breise na nuatheicneolaíochta ina hiomláine ar an Ghaeilge. Tógaimid mar shampla an teilifís ó shaitilít, córas a d’fhéadfaí a úsáid go furas ins na scoileanna le maisiú a chur ar na gnáthcheachtanna agus le breis a chur le heolas agus le taithí na bpáistí. Muna bhfeicimid chuige ins an tír seo go mbíonn torthaí na seirbhíse seo ag teacht lenár dtoil féin, is buille chun donais seachas chun sonais a bheidh ann do na daltaí le Gaeilge. Is é atá ar intinn ag an Chomhchoiste, go mbeimid in ann na córais úrnua seo a mheas de réir mar a bheidh siad ag teacht chun tosaigh, le gur féidir linn a dtionchar ar an teanga a mheas go cúramach. Chomh maith leis seo, bheadh sé i gceist ag baill an Chomhchoiste suíomh na Gaeilge ar aghaidh na nuatheicneolaíochta amach a mheas arís tar éis tamaill de bhliain nó mar sin. Is é a bheadh i gceist againn leis seo, torthaí na Tuairisce seo a mheas i gcomhthéacs a mbeidh déanta agus na riachtanais a bhraithfear an uair úd.


7.3.1Ní neart go cur le chéile a bhiodh mar mhana againn ariamh agus ní taise do shaol na nuatheicneolaíochta é. Braitheann aon dul chun cinn ar chomhcheangail a bhunú idir ghrúpaí agus idir dhaoine aonair, nó sin mar is fearr a chluinfear ár nguth. Luamar cheana a thábhachtaí is atá sé comhoibriú a bhunú ins an tír seo féin lenár gcuid riachtanas agus fadhbanna a chur i láthair lucht na teicneolaíochta. Ach ní leor sin amháin, nó caithfear a admháil nach bhfuil ionainn mar phobal na Gaeilge ach dreancaid ar chorp an nua-aoiseachais seo. Ach is iomaí miontír agus mionteanga eile atá ag fulaingt na bhfadhbanna céanna agus is iad seo a chaithfear a eagrú chun catha. Is dóigh leis an Chomhchoiste nárbh fearr a d’fhéadfaí a dhéanamh ná gréasáin eolais agus chaidrimh a bhunú - taobh istigh den tír agus taobh amuigh di. Is féidir seo a thabhairt chun tosaigh mar thús lenár gcomhpháirtithe de mhionteangacha eile ins an Chomhphobal Eorpach. Trína leithéid de chomhnascadh tiocfaidh neart agus fuinneamh agus torthaí. Tuigimid uílig gur ghann go leor iad na hacmhainní atá againn faoi láthair, idir acmhainní foirne agus acmhainní maoine. Ach ní tearc don dóchas agus is uaidh a ghinfear an lá amárach - cuirimid chuige!


(Sínithe) Tomás Mac Gearailt


An Seanadóir Tomás Mac Gearailt Cathaoirleach


1 Nollaig 1988


8 Achoimriú ar na moltaí is tábhachtaí

I gcás na gcrua-earraí go gcuirfear na moltaí seo a leanas i bhfeidhm:


1Go gcuirfidh déantúsóirí na ríomhairí agus na bprintéirí códáil inmeánach ar charachtair ar fáil a leanfadh don chaighdeán idirnáisiúnta agus don chaighdeán Éireannach a shíolraíonn uaidh. D’fhágfadh seo go mbeadh teacht ag lucht a n-úsáide ar na gutaí le síneadh fada, ar an ríomhaire féin agus ar phrintéir ar bith a cheanglaítear leis. (2.2.4)


2Go gcuirfear an caighdeán Éireannach seo i bhfeidhm trí Ionstraim Reachtúil a rithfeadh an tAire Tionscail agus Tráchtála. (2.2.7)


Chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí bogearraí, na moltaí seo:


3Gur cheart do dhéantúsóirí na mbogearraí ríomhchláir oiriúnacha a chur ar fáil le haghaidh sortáil na gcarachtar Gaeilge. (2.7.2)


4Go gcuirfear ar fáil sraith de ríomhchláir ina mbeidh an Ghaeilge in úsáid mar theanga chumarsáide idir an ríomhaire agus lucht a úsáide. (3.3.2)


5Gur trí aistriúcháin ó ríomhchláir iasachta a dhéanfar an soláthair seo ar dtús agus gur ar An Fhoras Ríomheolais a ba cheart an fhreagracht seo a leagan ins an chéad áit. (3.8.2)


I saol an oideachais, go gcuirfear na moltaí seo a leanas i bhfeidhm:


6Go gcuirfear pacáistí éagsúla bogearraí i nGaeilge ar fáil do na scoileanna, trí leathnú ar obair an Ghúim i dtaca le téacsleabhar na Gaeilge de. (4.3.1 agus 4.7.4)


7Go bhfoilseoidh An Roinn Oideachais téacsleabhair oiriúnacha le haghaidh na scoileanna lán Ghaeilge, a chlúdódh réimse na hionformaitice go ginearálta. (4.7.5)


8Go gcuirfear scéim ar bun ins na scoileanna lán Ghaeilge chun ábhar teagaisc agus eile a ullmhú, trí ríomhairí a chur ar fáil níos forleithne ins na scoileanna seo. (4.8.3)


9Go mbunófar gréasán cumarsáide ar ríomhaire idir na scoileanna lánGhaeilge. (4.9.2)


10Gur cheart don Roinn Oideachais, tríd An Ghúm, lámhleabhar de théarmaíocht ríomhaireachta a fhoilsiú a luaithe agus is féidir. (2.8.1)


11Go mbunófar stóras lárnach de nuathéarmaíocht ar a bhfuiltear ag obair go leanúnach ins An Choiste Téarmaíochta agus in áiteanna eile. (6.4.2)


Ins an earnáil phoiblí:


12Na treoracha i leith an tsínidh fhada ar ríomhaire a tháinig i bhfeidhm i mbliana ins an Státchóras, go leathnófar amach tríd an earnáil phoiblí go léir iad. (2.2.6)


13Go gcuirfidh Ranna Stáit, Údaráis Áitiúla agus Eagrais Stáit leaganacha dátheangacha d’fhoirmeacha ar fáil. (5.3.2)


14Go gcuirfear lámhleabhar ar fáil chun áit na Gaeilge ins an nuatheicneolaíocht oifige a threisiú. (5.4.2)


15Go ndéanfar cinnte de gur féidir an Ghaeilge a úsáid ar Aertel agus ar chóras ar bith úr den tsaghas seo a thiocfaidh isteach. (5.3.4)


Ginearálta:


16Go gcuirfear téacslann ar bun ina gcaomhnófar cóipeanna a bheadh inléite ag ríomhaire de leabhair agus d’irisí na Gaeilge a fhoilseofar amach anseo. (6.2.3 agus 6.2.4)


17Go gcuirfear ar bun lárionad do scríobhaithe ina mbeadh áiseanna ríomhaireachta le haghaidh mionfhoilsithe. (5.2.3)


18Go ndéanfar leathnú ar áiseanna ríomhaireachta Acadamh Ríoga na hÉireann chun obair na foclóireachta a bhrostú, le cuidiú ó dhreamanna seachtracha más féidir. (6.3.1)


19Go gcuirfear ar ríomhstóras a bhfuil d’ábhar Ghaeilge ag Roinn an Bhéaloidis. (6.5.1)


20Go gcruthófar stóras data de logainmneacha na tíre mar scéim chomhoibrithe idir Oifig na Logainmneacha agus Roinn na Ceiltise in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. (6.5.2)


21Go bhféachfaidh EOLAS chuige go ndéanfar soláthar don Ghaeilge a fhad agus is féidir, agus scéimeanna ins an ionformaitic á bplé acu. (6.6.1)


22Go ndéanfar comhcheangal agus comhoibriú ins na réimsí seo a bhunú le mionteangacha eile taobh istigh den Chomhphobal Eorpach agus taobh amuigh de, le gur féidir moltaí comhoirdnithe a chur faoi bhráid déantúsóirí na ríomhairí agus lucht na Rialtas. (7.3.1)