Committee Reports::Report No. 05 - Influence of Computerisation on the Irish Language::01 December, 1988::Orders of Reference

BAILL DEN CHOMHCHOISTE

25 Meitheamh 1987

Teachtaí tof a mar chomhaltaí:

Coughlan, Mary T.

Fitzgerald, Liam

Higgins, Michael D.

Kenny, Enda

McGinley, Denis

O’Donoghue, John

Quill, Máirín

25 Meitheamh 1987

Seanadóirí tof a mar chomhaltaí:

Fitzgerald, Tom

Kelleher, Peter

Ó Conchubhair, Nioclás

Ryan, Brendan

Ag an gcruinniú den Chomhchoiste a tionóladh an 30 Meán Fómhair 1987 toghadh an Seanadóir Tomás Mac Gearailt mar Chathaoirleach agus an Teachta Donncha Mac Fhionnnlaoich mar Leas-Chathaoirleach.

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

(Mar a glacadh leo an 18 Meitheamh 1987)

(1)Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 comhalta de Dháil Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheap Seanad Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge.

(2)Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh

(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach agus

(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne, agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais - ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).

(3)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhar atá cuimsithe le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin.

(4)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhar a chuimsítear le mír (2).

(5)I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.

(6)Go ndéanfaidh an Comhchoiste, agus gach fochoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.

(7)Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.

(8)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach fochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste na miontuairiscí fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.

(9)Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.

(10)Gur ceathrar is córam don Chomhchoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann agus gur triúr is córam do gach fochoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.

SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

(Mar a glacadh leo an 24 Meitheamh 1987)

(1)Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 4 comhalta de Sheanad Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheap Dáil Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge.

(2)Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh

(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach agus

(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne, agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais - ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).

(3)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhar atá cuimsithe le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin.

(4)Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhar a chuimsítear le mír (2).

(5)I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Sheanad Éireann le húdaráis ón gcomhalta a bheidh as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.