Committee Reports::Report No. 03 - Survey amongst the Members of the Houses of the Oireachtas in connection with the Irish language::20 July, 1988::Proceedings of the Joint Committee

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 20 Iúil, 1988

Wednesday, 20 July, 1988

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.00 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Tomás Mac Gearailt (i gCeannas), na Teachtaí Liam Mac Gearailt, Donncha Mac Fhionnlaoich, Máirín Ní Chuill, an Seanadóir Tomás Mac Alastraim (i láthair thar ceann an tSeanadóra Nioclás Ó Conchubhair).


3. Breithniú na Dréacht-Tuarascála.


D’athchrom an Coiste ar bhreithniú na Dréacht-Tuarascála.


(i) Aontaíodh Míreanna 4.11.1 go 5.2.2 go huile.


(ii) Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil agus don Seanad.


4. Críochnú Gnó.


Críochnaíodh gnó an Choiste ar 4.30 p.m.