Committee Reports::Report No. 05 - Influence of Computerisation on the Irish Language::26 May, 1988::Appendix

Aguisín 4

Litir agus treoir ón Roinn Airgeadais


Tagairt E 167/2/88

26 Bealtaine 1988

Do gach Oifigeach Pearsanra


Teicneolaíocht an Eolais agus Riachtanais na Gaeilge


A Chara,


Tá ordú agam ón Aire Airgeadais a rá go bhfuil breithniú déanta aige ar riachtanais a bhaineann leis an nGaeilge i dtaca le léiriú agus cur i láthair gutaí le síneadh fada, agus ábhair ghaolta eile, sa chomhthéacs go bhfuil leas forleathan á bhaint anois ag Ranna/Oifigí as próiseáil focal agus áiseanna eile ríomhaireachta chun téacs a láimhseáil.


Moltar do gach Roinn/Oifig


(a)Chomh fada agus is féidir an trealamh ríomhaireachta atá acu faoi láthair a chur in oiriúint le bheith in ann, laistigh dá gcuid feidhmeanna próiseála agus láimhseáil téacs, an síneadh fada a inchur agus a aschur ar gach cáipéis, a bhfuil téacs i nGaeilge mar chuid de, a seoltar chuig an bpobal.


(b)Nuair a bheidh trealamh nua nó trealamh feabhsaithe á fháil acu go ndéanfar tagairt san Iarratas ar Thairiscint do na caighdeáin is cuí do léiriú carachtair ghrafacha i dtreo go mbeidh na háiseanna atá ag teastáil ar fáil sa trealamh sin.


Na Ranna/Oifigí sin a bhíonn ag malartú téacs le hEagraíochtaí Stáit eile trí mheán Teicneolaíochta an Eolais níor mhiste dóibh forálacha an chiorcaláin seo a thabhairt faoi aird na nEagraíochtaí sin d’fhonn malartú mar atá luaite a éascú amach anseo.


San aguisín leis seo tugtar tuilleadh eolais faoi conas an córas atá i bhfeidhm faoi láthair a chur in oiriúint agus faoi na caighdeáin ar cheart tagairt a dhéanamh dóibh in Iarratais ar Thairiscintí le haghaidh trealamh nua nó trealamh feabhsaithe.


Tabhair an litir seo agus an t-aguisín seo faoi aird gach Oifigeach atá freagrach as oibriú agus ordú Aiseanna Teicneolaíochta an Eolais, le do thoil.


Mise le meas,


E. Embleton


Rúnaí Cúnta