Committee Reports::Report No. 05 - Influence of Computerisation on the Irish Language::01 December, 1988::Appendix

Aguisín 3

Athchoimriú ar roinnt scéimeanna don Ghaeilge


1. An Foras Ríomheolais


Bunaíodh an grúpa seo mar thoradh ar sheimineár a tionóladh ag Muintearas na nOileán i 1987 d’fhonn tionchar na nuatheicneolaíochta ar an Ghaeilge a mheas. Is fóram cumarsáide atá ann agus tá teacht aige ar réimse de shaineolas oideachais, ríomhaireachta agus teangeolaíochta. Tá ionadaíocht air ó Roinn na Gaeltachta, An Roinn Oideachais, Údarás na Gaeltachta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Coláiste Oideachais Thuamhumhan, agus saineolaithe ó Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil na Ríona agus Ríomhairí Rath Cairn. Ag eascairt as an mholadh a rinneadh thuas (3.8.2), is dóigh leis an Chomhchoiste gur chóir don Fhoras Ríomheolais tógáil ar an dúshraith seo de shaineolas atá aimsithe cheana agus é féin a chur chun cinn mar bhrúghrúpa agus mar lárionad i ngréasán eolais agus chumarsáide dóibh siúd a bhíonn ag plé le cúrsaí ríomhaireachta trí Ghaeilge. Is é an sampla a bheadh againn do seo, na grúpaí úd d’úsáideoirí na ríomhairí atá coitianta anois, go háirithe i Meiriceá. D’fhéadfaí seo a dhéanamh trí nuachtlitir, trí fhógraíocht agus trí ‘ríomhthimirí’ a aimsiú go forleathan ar fud na tíre, daoine a ghníomhódh mar shíoladóirí i gcúis na ríomhthaithí i dtaca leis an Ghaeilge de.


2. GCOMM Teo


Fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta é seo, a bunaíodh le cur chun cinn na nuatheicneolaíochta a fhorbairt ins an Ghaeltacht. Tá sé ar intinn acu trí ionad a chur ar bun ins an Ghaeltacht, i gConamara, i dTír Chonaill agus i gCiarraí, agus bainfear leas astu seo mar lárionaid traenála le háiseanna teagaisc agus cúrsaí ar úsáid na ríomhaireachta a thabhairt don phobail ins na ceantair seo. Beifear ag iarraidh ionformeolas a fhorbairt ins an Ghaeltacht trí dhaoine a spreagadh chun obair ins an bhaile. Beidh na lárionaid seo comhcheangailte ar ghréasán teileachumarsáide ríomhaireachta agus cuirfear seirbhísí gnó (stóras agus ionramháil data agus is dóiche, teileachruinnithe) ar fáil tríd an ghréasán seo. Is mogallra é seo a d’fhéadfaí a úsáidamach anseo mar chuid de ghréasán chumarsáide idir-scoileanna, mar a ndéanfar comhcheangal tríd na hionaid lárnacha agus ar aghaidh chuig scoileanna eile.


3. GLÉACHT


Tionscadal é seo atá maoinithe ina iomláine ag Gael-Mheiriceánach, Pádraig Ó Maoilreanaigh, fear a bhfuil ard-taithí agus cúlra leathan ríomhaireachta air. Tionscnamh taighde é, dírithe ar chúrsaí foclóireachta na Gaeilge agus bunaithe go príomha ar Fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill. Is trí chomhoibriú ón Ghúm agus ó’n Roinn Oideachais atá sé ag dul ar aghaidh agus is é atá ar intinn ann, réimsí d’ábhar Ghaeilge don ríomhaire a chur ar fáil. Orthu seo beidh córas promhlitrithe agus foclóir Béarla-Gaeilge ar ríomhaire comhcheangailte le próiseálaí focal. Beifear in ann chomh maith a bheith ag tarraingt as toradh na hoibre seo mar bhuntús d’fhoclóir úr Béarla-Gaeilge, a thiocfaidh amach tríd An Roinn Oideachais. Ginfear cuid mhór eolais agus ríomhchlár mar thoradh ar an obair seo agus tá sé i gceist gur féidir úsáid a bhaint astu seo le hanailís agus scagadh a dhéanamh ar raon mhór de nuathéacsanna na Gaeilge. D’fhágfadh a leithéid de scagadh mar bhua againn go mbeadh teacht ar an eolas seo ar mhinicíocht na bhfocal agus ar phatrúin na n-abairtí i litríocht nua-aoiseach na Gaeilge ag taighdeoirí agus ag lucht eagair ar théacsleabhair, rud a chuirfeadh ar a gcumas siúd sraitheanna d’ábhar oiriúnach breise do na scoileanna a chur ar fáil.