Committee Reports::Report No. 01 - Recommendations regarding the proposed advertising campaign in connection with the Irish language::18 February, 1988::Appendix

AGUISÍN B

Aitheasc an Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta faoin bhfeachtas fógraíochta i Seanad Éireann an 25 Samhain 1987:


“Cuirfear £400,000 ar fáil i 1988 ar mhaithe le feachtas fógraíochta chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.


Mhúsclódh feachtas mar sin suim an phobail sa teanga agus thabharfadh sé eolas, dea-shampla (trí aird a tharraingt ar dhaoine mór le rá a úsáideann Gaeilge) agus spreagadh don phobal chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid.


Tá sé beartaithe fógraíocht a dhéanamh ar theilifís, ar raidió agus ar na nuachtáin.”