Committee Reports::Report No. 01 - Recommendations regarding the proposed advertising campaign in connection with the Irish language::18 February, 1988::Appendix

AGUISÍN A

COIMRIÚ AR NA MOLTAÍ SA TUARASCÁIL

1. Go gcuirfidh an Taoiseach agus Aire na Gaeltachta tús oifigiúil leis an bhfeachtas trí óráid ghairid dhátheangach a chraoladh ar an teilifís agus ar an raidió ag míniú cad atá i gceist, na fáthanna atá leis, cad atá ag teastáil chun toradh buan a bhaint amach agus ag leagan béim anláidir ar thábhacht na Gaeilge agus a caomhnú i saol na tíre (4.2.6 (a)).


2. Go mbeidh deis ag na cinnirí nó na hurlabhraithe ó na Páirtithe eile teachtaireachtaí a chraoladh ag tacú leis an nGaeilge agus ag míniú a tábhachta do phobal na tíre (4.2.6 (b)).


3. Go mbeidh sé glactha leis go poiblí mar pholasaí ag Airí ach go háirithe agus ag urlabhraithe ó Pháirtithe eile go ndéanfaidh siad iarracht leanúnach ó thosach an fheachtais ar aghaidh chun níos mó Gaeilge a úsáid ina ngnáth-imeachtaí (4.2.6 (c)).


4. Ba cheart do R.T.É. clár mór amháin, ar a laghad, i mBéarla a chraoladh i dtaobh na Gaeilge le linn an fheachtais (anuas ar aon chláracha a dhéanfaí i nGaeilge) (4.2.6 (d)).


5. Go ndéanfadh na meáin chumarsáide iarracht suntasach chun níos mó aird a thabhairt d’imeachtaí i nGaeilge — go háirithe i dTithe an Oireachtais — mar aitheantas do na hiarrachtaí breise a bheadh ar siúl ar mhaithe leis an teanga (4.2.7).


6. Ba cheart don Taoiseach comórtas a fhógairt agus tairiscintí a lorg ó chomhlachtaí fógraíochta i leith an fheachtais (4.3.2).


7. B’fhiú a iarraidh ar chomhlachtaí fógraíochta comhairle a chur ar a gcuid custaiméirí faoin bhfeachtas fógraíochta agus a mhíniú dóibh go bhféadfadh buntáistí a bheith ann dóibh trí fhógraí a ghlacadh i nGaeilge (nó go dátheangach, fiú) ag an am sin (4.3.3).


8. B’fhearr díriú ar fhógraí gairide ar chostas íseal agus a bheadh os comhair an phobail go rialta a úsáid in ionad fógraí fada, costasacha nach mbeadh le feiceáil ach go hannamh (4.3.4).


9. Ba cheart fógraí a ghlacadh le hirisí atá ag díriú ar shain-ghrúpaí agus ba cheart a iarraidh orthu, mar áis dá léitheoirí, liostaí gairide de théarmaí i nGaeilge (atá ar fáil cheana) a fhoilsiú go rialta (4.3.6 (a)).


10. Ba cheart teagmháil a dhéanamh leis na nuachtáin áitiúla go léir agus a iarraidh orthu roinnt altanna i nGaeilge a fhoilsiú gach seachtain ó thús an fheachtais ar aghaidh (4.3.6 (b)).


11. Ní mór d’eagrais atá ag plé go príomha le cúrsaí cultúrtha breathnú ar an méid atá ar siúl acu faoi láthair ar mhaithe leis an teanga féachaint an bhféadfaidís an ról sin a leathnú agus a fheabhsú (4.4.4).


12. Ba cheart do na heagrais dheonacha Gaeilge suim a mhúscailt sa phobal ag an leibhéal áitiúil trí:


(a)cruinnithe a thionól féachaint an bhféadfaí grúpaí nó craobhacha nua a bhunú;


(b)ranganna Gaeilge a thionól; agus


(c)ócáidí oiriúnacha a reachtáil go rialta chun deis a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh (4.4.5).


13. Níor mhiste do dhaoine mór le rá i ngach réimse de shaol na tíre a bhfuil aithne orthu go forleathan agus a bhfuil suim ach sa Ghaeilge páirt ghníomhach a ghlacadh san fheachtas chun an pobal a mhealladh (4.4.9).


14. Ba chóir do R.T.É. tuilleadh cláracha a bheadh dírithe ar ghnéithe dár n-oidhreacht agus a bhfuil ceangal láidir acu leis an teanga a chraoladh le linn an fheachtais (4.5.3).


15. Dá ndéanfadh roinnt siopaí leabhar ar fud na tíre, a dhíolann leabhair as Gaeilge, iarracht chun taispeántas tarraingteach a chur ar bun le linn an fheachtais, i gcomhar leis na foilsitheoirí, chuirfeadh sé an pobal ar an eolas go bhfuil réimse leathan leabhar ann agus go bhfuil an fhoilsitheoireacht i nGaeilge beo agus bríomhar (4.5.4. (a)).


16. I ngach leabharlann ar fud na tíre ba cheart go ndéanfaí tréaniarracht chun aitheantas níos feiceálaí a thabhairt do na leabhair atá ar fáil as Gaeilge (4.5.4 (b)).


17. B’fhiú do chomhlachtaí atá ag déanamh earraí Éireannacha roinnt fógraíochta a dhéanamh trí Ghaeilge le linn an fheachtais mar thús, ó tharla go bhfuil ceangal láidir idir an Ghaeilge mar phríomh-theanga oifigiúil na tíre agus aitheantas náisiúnta (4.5.4 (c)).


18. Caithfear iarracht a dhéanamh chun dul i gcion ar an lucht eagraíochta do ranganna oíche do dhaoine fásta, ag an leibhéal náisiúnta, agus iad a mhealladh chun béim a leagan ar an nGaeilge i measc na n-eagraíochtaí ar fud na tíre (4.5.4 (d)).


19. Ní mór “Lá na Gaeilge” a thionól níos minicí ó thosach an fheachtais ar aghaidh (4.5.5).


20. Roimh thosach an fheachtais, ba chóir do na húdaráis teagmháil a dhéanamh leis na heagrais agus institiúidí gairmiúla agus gnó chun a chur ina luí orthu cé chomh tábhachtach agus a bheadh sé fo-eagrais a bhúnú laistigh díobh chun tabhairt faoin nGaeilge a chur chun cinn i measc na ballraíochta (4.5.6).


21. Ba cheart na leasuithe seo a leanas a chur i bhfeidhm sa struchtúr i dtaobh na Gaeilge sa Státchóras ag an am céanna a chuirfear tús leis an bhfeachtas fógraíochta:


(a)go mbeadh dualgas sonrach ar gach Aire faoin nGaeilge agus a chur chun cinn ina Roinn/Ranna féin agus i ngach Comhlacht Stát-tionscanta faoina scáth (4.6.4 (a));


(b)go mbeadh gach Aire freagrach don Taoiseach agus Aire na Gaeltachta i ndáil leis an dualgas faoin nGaeilge agus go n-ullmhófaí tuarascáil chuimsitheach gach sé mhí ina leith (4.6.4 (b));


(c)go mbeadh sé mar pholasaí ag Airí sleachta cuí d’óráidí a bheith i nGaeilge go rialta (lasmuigh agus laistigh de Thithe an Oireachtais) (4.6.4 (c)); agus


(d)go dtabharfadh Airí gach spreagadh agus tacaíocht do na Comhaltaí den dá Theach chun an Ghaeilge a úsáid (4.6.4 (d)).


22. Ba cheart don Aire Comhshaoil athbhreithniú a dhéanamh faoi fheidhmiú na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha) (Leasú), 1970, maidir le comharthaí bóithre sa Ghaeltacht agus céimeanna a ghlacadh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh Údaráis Áitiúla a ndualgais (4.6.5).


23. Ba cheart do na hAirí cuí athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú reachtaíochta éagsúla atá ann go sonrach ar mhaithe leis an nGaeilge féachaint an bhféadfaí an scéal a fheabhsú (4.6.6).


24. Ar mhaithe le daoine óga go príomha ba chóir na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:


(a)go n-ullmhófaí pacáistí speisialta do na scoileanna uile agus do na múinteoirí iontu ag míniú thábhacht na Gaeilge, etc. (4.7.3 (a));


(b)go ndéanfadh na húdaráis sna scoileanna uile, i gcomhar leis na múinteoirí, socruithe ar leith lena chinntiú go mbeadh oiread Gaeilge agus ab fhéidir le cloisteáil agus le feiceáil i ngnáthimeachtaí na scoileanna (4.7.3 (b));


(c)go bhfógrófaí ag tús nó le linn an fheachtais cad atá beartaithe go sonrach chun na deacrachtaí móra a bhaineann le téacsleabhair agus ábhair teagaisc i nGaeilge i gcoitinne a shárú (4.7.3 (c));


(d)d’fhonn cabhrú le tuismitheoirí agus le daltaí b’fhiú do R.T.É. an tsraith “Anois agus Arís” a athchraoladh ar an teilifís agus ar an raidió le linn an fheachtais (4.7.3 (d)); agus


(e)go n-ullmhófaí pacáistí speisialta do na heagrais éagsúla atá ag plé le cúrsaí na hóige (i nGaeilge agus i mBéarla) ag míniú thábhacht na teanga agus an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint aisti ina ngníomhaíochtaí (4.7.3 (e)).


25. Ó tharla gurb í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge caithfear céimeanna ar leith a ghlacadh d’fhonn daoine a mhealladh chuici chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, eadhon:


(a)go n-ullmhódh na Boird Turasóireachta Réigiúnda cuí pacáistí tarraingteacha dátheangacha i ndáil leis na Gaeltachtaí ina gceantar feidhme le béim ar leith ar an teanga (4.8.3 (a));


(b)go n-ullmhófaí léarscáileanna, etc. i nGaeilge de na ceantair Ghaeltachta a bheadh úsáideach do chuairteoirí (4.8.3 (b)); agus


(c)go dtabharfaí poiblíocht ar leith d’imeachtaí i nGaeilge — sa Ghaeltacht agus lasmuigh di — a bheadh tarraingteach do dhaoine ar spéis leo an teanga (4.8.3 (c)).


26. B’fhiú go maith ceangal a dhéanamh idir an feachtas fógraíochta faoin nGaeilge agus Míle Bliain Bhaile Átha Cliath. Is cuid d’oidhreacht na cathrach sin an Ghaeilge agus ní mór suntas a thabhairt dó sin (4.9.2).