Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1984::15 March, 1988::MIONTUAIRISC NA FINNEACHTA / Minutes of Evidence

AGUISÍN 7

COMHARCHUMANN GAELTACHTA

26 Samhain 1986


Rúnaí An Choiste um Chuntais Phoiblí


A Chara


Maidir le litir an 13 Samhain uait seo a leanas na sonraí breise a gheall mé don Choiste.


Le cead na Roinne Airgeadais tugadh iasachtaí speisialta sa tréimhse 1 Eanáir 1977 go 31 Nollaig 1983 do 10 gcomharchumann Gaeltachta. Is mar airgead tarrthála a cuireadh an chuid is mó de na hiasachtaí sin ar fáil. Ba léir ón tús, áfach, gur beag seans a bhí ann go n-éireodh leis na comharchumainn aisíocaíochtaí a dhéanamh. Chomh maith leis na hiasachtaí d’ioc an Roinn gnáthdheontais reachtála leo agus tugadh deontais chaipitil dóibh chun innealra, gléasra, etc., a cheannach ó thráth go céile.


Theip ar 3 chomharchumann i nGaeltacht na Gaillimhe agus ag deireadh na bliana 1983 bhí fostaíocht mar a leanas sna comharchumainn sin agus i gcomhlachtaí etc. dá gcuid:


Comharchumann Chois Fharraige Teo

30 lánaimseartha


5 ar sheachtain 3 lá


2 páirtaimseartha

Comharchumann Forbartha na nOileán

27 lánaimseartha

Comharchumann Árainn Teo (Inis Mór)

10 lánaimseartha


3 páirtaimseartha

Maidir leis na comharchumainn eile, agus comhlachtaí etc. dá gcuid, seo a leanas sonraí faoina bhfostaíocht anois:


Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo

26 lánaimseartha


12 páirtainmseartha

Comharchumann Inis Meáin Teo

4 lánaimseartha


* 16 páirtaimseartha

Comhar Caomhán Teo (Inis Oírr)

4 lánaimseartha


* 17 páirtaimseartha

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo

12 lánaimseartha


4 páirtaimseartha

Comharchumann Naomh Fhionáin Teo

12 lánaimseartha

Comharchumann Chléire Teo

6 lánaimseartha


7 páirtaimseartha

Comharchumann Ráth Cairn Teo

7 lánaimseartha


5 páirtaimseartha

Mise le meas


SEÁN OLDEN


Rúnaí,


Roinn na Gaeltachta.


[*Tá na daoine seo fostaithe faoin Scéim Fostaiochta Sóisialta de chuid na Roinee Saothair.]