Committee Reports::Report No. 02 - Extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of the Houses::24 April, 1986::Report

1 Réamhrá

1.1.1 Ó tionóladh an chéad chruinniú den Chomhchoiste don Ghaeilge an 29 Bealtaine 1985 tá béim ar leith leagtha ag na Comhaltaí ar an gcéad Téarma Tagartha, eadhon:


“úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach”.


Cé go bhfuil roinnt oibre curtha i gcrích faoin dara Téarma Tagartha, eadhon:


“ceist na Gaeilge i gcoitinne”


tá beartaithe leanúint ag díriú ar an gcéad cheann mar, i dtuairim an Chomhchoiste, tá gá le dea-shampla agus caithfidh a leithéid teacht ó na Comhaltaí den Oireachtas i dtosach báire. Ach dul chun cinn fiúntach á dhéanamh laistigh de Thithe an Oireachtais féadar díriú ansin ar an gceist níos leithne faoin nGaeilge i gcoitinne.


1.2.1 Sa chéad tuarascáil faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais, a leagadh faoi bhráid na dTithe an 17 Iúil 1985, rinneadh roinnt moltaí bunúsacha, insroichte maidir le:


(i)labhairt na Gaeilge; agus


(ii)aitheantas feiceálach don Ghaeilge


sna Tithe. Tugadh cur síos chomh maith ar na tograí don todhchaí a bhí ar intinn ag an gComhchoiste ag an bpointe sin. Beidh tuairisc iomlán ina dhiaidh seo faoi fheidhmiú na moltaí agus na dtograí sin.


1.3.1 Tríd is tríd níl ach dul chun cinn teoranta déanta le feidhmiú na moltaí sa chéad tuarascáil agus is cúis díomá don Chomhchoiste é sin. Dá ainneoin sin, áfach, tá iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh chun na moltaí a chur i bhfeidhm go luath agus faoin am seo tá geallúintí faighte go ndéanfar amhlaidh gan mórán moille.


1.3.2 Ag éirí as na tograí don todhchaí sa chéad tuarascáil is cúis sásaimh don Chomhchoiste an méid comhoibrithe a fuarthas ó Pharlaimintí eile, ó Choistí eile agus ó na Comhaltaí den dá Theach i gcoitinne.


1.4.1 Meastar gur tráthúil cur síos a dhéanamh ag an bpointe seo ar chuid de na gníomhaíochtaí atá curtha i gcrích ag an gComhchoiste maidir leis an nGaeilge i dTithe an Oireachtais ó glacadh leis an gcéad tuarascáil.


1.4.2 Toisc go raibh moill ar na tuairimí agus ar na moltaí praiticiúla ó na Comhaltaí den dá Theach eisíodh ciorclán eile tamall ó shin. Cé go bhfuarthas go leor tuairimí agus moltaí ó Chomhaltaí ba chúis díomá don Chomhchoiste líon na gComhaltaí a chuir freagraí ar aghaidh. Tá tuilleadh faoi seo thíos (3.1.1).


1.4.3 Cuireadh fógraí sna nuachtáin náisiúnta an 13 agus an 14 Deireadh Fómhair 1985 ag lorg aighneachtaí ón bpobal agus ó eagrais éagsúla faoi Théarmaí Tagartha an Chomhchoiste. Sna fógraí sin leagadh béim ar leith ar an dara Téarma Tagartha ach, dá ainneoin sin, fuarthas neart moltaí fiúntacha maidir leis an nGaeilge i dTithe an Oireachtais freisin. Chuir líon na n-aighneachtaí a fuarthas gliondar ar an gComhchoiste agus tá bhíochas ag dul dóibh siúd uile a chuir na haighneachtaí ar fáil.


1.4.4 Ag éirí as na fiosrúcháin a rinneadh le Parlaimintí eile fuarthas go leor eolais faoi na bealaí trína n-éiríonn leo siúd plé go héifeachtach le dhá theanga nó níos mó ina gcuid oibre agus ba chabhair mhór don Chomhchoiste an t-eolas sin le linn an tuarascáil seo a ullmhú.


1.5.1Tugadh le fios sa chéad tuarascáil go raibh i gceist ag an gComhchoiste:


“na fadhbanna atá le sárú a ionsaí ar bhonn pleanáilte agus dul chun cinn a dhéanamh diaidh ar ndiaidh”.


Tá an Comhchoiste fós den tuairim chéanna agus is cuid den phróiseas chun dul chun cinn a dhéanamh foilsiú na tuarascála seo. Ar ndóigh, tá moltaí níos cuimsithí agus níos doimhne sa tuarascáil seo ná mar a bhí sa chéad cheann agus tá spriocanna ama leagtha amach freisin do nithe éagsúla. Is gá a leithéid a dhéanamh, i dtuairim an Chomhchoiste, i dtreo is go mbeidh clár ann chun dul chun cinn — nó easpa dul chun cinn, fiú — a thomhas agus a aithint de réir mar a théann an obair ar aghaidh.


1.6.1 Is mian leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil go foirmiúil le gach duine agus le gach eagras a chabhraigh leis ina chuid oibre go dtí seo agus tá súil aige go mbeidh an dea-thoil agus an comhoibriú céanna le fáil amach anseo.


2. Atmaisféar don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais

2.1.1 Is gá i dtosach ceist a chur faoi cad atá ar intinn ag an gComhchoiste le “atmaisféar don Ghaeilge” sna Tithe. Mar fhreagra ní mór a rá go bhfeictear don Chomhchoiste go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist, eadhon:——


(i)an Ghaeilge a bheith le cloisteáil agus í á labhairt go nádúrtha ag Comhaltaí agus ag foireann na dTithe ina ngnó agus ina gcaidreamh sóisialta; agus


(ii)an Ghaeilge a bheith le feiceáil go forleathan ar na fógraí, na comharthaí, na suaitheantais agus na doiciméid uile a úsáidtear sna Tithe.


2.1.2 Tá i gceist sna hailt ina dhiaidh seo na nithe sin a scrúdú agus moltaí sonracha a dhéanamh ina leith.


2.2.1 Ní minic a chloistear an Ghaeilge á labhairt i gceachtar den dá Theach — cé go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal le blianta beaga anuas, agus is annamh a chloistear í i ndorchlaí Theach Laighean i gcoitinne ach an oiread. Tá sé deacair a leithéid a chreidiúint i bhfianaise an lín daoine i dTeach Laighean — idir Chomhaltaí agus fhoireann, a bhfuil an Ghaeilge acu, bíodh sí líofa, measartha nó lag, ach tá sé fíor agus caithfear tabhairt faoina réiteach. Chun na críche sin tá an Comhchoiste den tuairim go bhfuil páirt le glacadh ag gach duine i dTeach Laighean san obair seo agus go bhfuil freagracht ar leith ar na Comhaltaí ceannaireacht a thabhairt sna gníomhaíochtaí atá le déanamh. Bíonn gach tosach lag agus ní bheadh sé réalaíoch bheith ag súil le dul chun cinn thar na bearta laistigh d’achar gairid ama ach fós d’fhéadfaí a lán rudaí beaga a dhéanamh láithreach chun tús a chur leis an obair — mar shampla, beannachtaí a thabhairt go rialta i nGaeilge, fiosrúcháin ghairide a dhéanamh leis an bhfoireann ar nós “An bhfuil aon phost/Teachtaireachtaí ann dom” agus mar sin de. Ní gá go dtosódh gach duine ag labhairt i nGaeilge an t-am ar fad agus, b’fhéidir, dá dtosófaí uirthi diaidh ar ndiaidh, go bhféadfadh toradh níos buaine bheith ann.


2.3.1 Tuigtear don Chomhchoiste go bhfáilteodh líon áirithe Comhaltaí roimh dheiseanna chun an Ghaeilge a chleachtadh. Chun na críche sin tá iarrtha, tamall ó shin, ar Údaráis na dTithe seomra agus téipthaifeadán a chur ar fáil chun a chumasú do Chomhaltaí téipeanna teagaisc Gaeilge — a bheadh le fáil ón Leabharlannaí —— a úsáid d’fhonn a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Iarrtar leis seo arís go gcuirfí na háiseanna sin ar fáil a luaithe is féidir ach roimh shos an tSamhraidh ar a dhéanaí.


2.3.2 D’fhéadfaí seomra den sort sin a úsáid freisin, dá mbeadh sé ar fáil, le haghaidh ranganna Gaeilge foirmiúla — má bhíonn éileamh amach anseo ar a leithéid a chur ar bun — agus chun ócáidí sóisialta i nGaeilge a thionól ó am go ham.


2.4.1 Óna dtaithí i dTeach Laighean tá a fhios ag Comhaltaí an Chomhchoiste go bhfuil an Ghaeilge ag furmhór na foirne agus fonn orthu í a úsáid. Caithfear spreagadh a thabhairt don fhoireann a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus, mar a luadh roimhe seo (2.2.1), chabhródh an dea-shampla ó na Comhaltaí go mór leis sin.


2.4.2 D’fhéadfadh Údaráis na dTithe an fhoireann a spreagadh chomh maith trí shuim a mhúscailt iontu páirt níos gníomhaí ná mar atá faoi láthair a ghlacadh in imeachtaí Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí i.e. trí fhreastal ar ranganna, ócáidí sóisialta, agus cúrsaí deireadh seachtaine agus trí iarratas a dhéanamh ar scoláireachtaí chuig an nGaeltacht.


2.4.3 Moltar go dtabharfaí gach poiblíocht is féidir d’imeachtaí Gaeleagrais i measc na foirne feasta agus go dtabharfaí gach deis dóibh páirt iomlán a ghlacadh sna himeachtaí a thionólfar ó am go ham.


2.5.1 Rinneadh moltaí sonracha sa chéad tuarascáil faoi chomharthaí i gcoitinne agus moladh freisin go mbeadh suaitheantais a úsáidtear sna Tithe i nGaeilge a luaithe ab fhéidir. Is trua leis an gComhchoiste a thabhairt le fios nach bhfuil dul chun cinn sásúil faoi na nithe sin le feiceáil in ainneoin go leor meabhrúchán chuig na húdaráis chuí. Tá geallúintí faighte go gcuirfidh Oifig na nOibreacha Poiblí na comharthaí ar fáil go luath ach níor tugadh aon spriocdháta. Ba cheart go gcuirfí ar fáil iad anois gan tuilleadh moille.


2.5.2 Toisc an tábhacht a bhaineann leo ó thaobh cuairteoirí de ach go háirithe, moltar go gcuirfí comharthaí ar fáil láithreach sna hoifigí fáilte ag na geataí agus i dTeach Laighean ag cur in iúl go soiléir go bhféadfar gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus go bhfuil fáilte roimpi.


2.5.3 Toisc go mbaineann cuairteoirí úsáid as an seomra feithimh go rialta, moltar go mbeadh cóipeanna d’irisí Gaeilge ar fáil ann i gcónaí feasta.


2.6.1 Feictear ón tuarascáil is déanaí faoin dul chun cinn maidir le feidhmiú an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 gur iarr Roinn na Seirbhíse Poiblí ar Ranna Stáit eile i 1983:


“coistí forbartha don Ghaeilge a bhunú agus oifigigh fhreagracha a cheapadh ar bhonn páirtaimsire”.


Níor bunaíodh coiste den sórt sin ná níor ceapadh oifigeach den sórt sin i dTeach Laighean ó tharla nach Roinn Stáit atá ann. Ó tharla go bhféadfadh go leor maitheasa teacht as obair a dhéanfadh Coiste den sórt sin agus oifigeach den sórt sin molann an Comhchoiste go ndéanfadh na húdaráis chuí scrúdú go luath chun féachaint an bhféadfaí coiste den sórt sin a bhunú agus oifigeach den sórt sin a cheapadh i dTeach Laighean.


2.7.1 Go dtí seo tá tagairt déanta ach go háirithe do na Comhaltaí den dá Theach agus d’fhoireann na dTithe i.e. na Státseirbhísigh. Ar ndóigh, tá i bhfad níos mó daoine ná iad siúd ag obair i dTeach Laighean agus caithfear smaoineamh ar na fostaithe sin in aon iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é an grúpa is mó ná foireann na bPáirtithe Polaitiúla agus ina dhiaidh siúd tá na fórsaí slándála (Gardaí agus saighdiúirí) agus na hionadaithe ó na meáin chumarsáide.


2.7.2 Is ceist í do na Páirtithe Polaitiúla iad féin an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid imeachtaí agus i measc a gcuid oibrithe agus beidh an Comhchoiste ag súil go leanfar leis na hiarrachtaí chun é sin a dhéanamh.


2.7.3 Ní fheictear go mbeidh deacracht ag na fórsaí slándála páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí d’fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn sna Tithe.


2.7.4 Maidir leis na hionadaithe ó na meáin chumarsáide tá a fhios ag an gComhchoiste go bhfuil an Ghaeilge ag a bhfurmhór agus go bhféadfaidís cabhrú go mór leis na hiarrachtaí chun an t-atmaisféar don Ghaeilge sna Tithe a fheabhsú.


2.8.1 Tá a lán daoine i dTeach Laighean a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ach nach fios don saol mór go bhfuil sí acu. Sna cúinsí sin measann an Comhchoiste go bhféadfaí an fhadhb sin a réiteach dá gcaithfí an Fáinne Nua go rialta. Moltar do gach duine a bhfuil an Ghaeilge aige nó aici an Fáinne Nua a chaitheamh chomh minic agus is féidir feasta.


2.9.1 Is gá iarracht suntasach, leanúnach a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna Tithe agus is cuid bhunúsach de sin an t-atmaisféar a athrú agus a dhíriú i dtreo na Gaeilge. D’fhéadfadh gach duine sna Tithe páirt a ghlacadh san obair sin agus tá súil ag an gComhchoiste go ndéanfaidh siad amhlaidh le fonn agus le fuinneamh.


3. An Ghaeilge in Imeachtaí na dTithe

3.1.1. Chun cuidiú leis an gComhchoiste an chéad Téarma Tagartha a chomhlíonadh iarradh ar na Comhaltaí den dá Theach tuairimí agus moltaí praiticiúla a chur ar fáil. Eisíodh ciorclán i mí Iúil 1985 agus toisc go raibh moill ar na freagraí eisíodh meabhrúchán i mí Feabhra 1986. Cé go bhfuil go leor moltaí faighte anois is cúis díomá don Chomhchoiste a laghad Comhaltaí a chuir freagraí ar fáil. Baineann na freagraí a fuarthas le Riar na hOibre, le Tráth na gCeisteanna agus leis an nGaeilge in obair na dTithe i gcoitinne.


3.2.1 Iarradh ar an gCeann Comhairle tuairimí a chur ar fáil freisin agus tá freagra faighte uaidh ag míniú gur chinn an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí gur ar an gComhchoiste don Ghaeilge a thit sé chun moltaí i dtaobh na Gaeilge a dhéanamh. Anuas air sin tá curtha in iúl ag an gCeann Comhairle go mbeidh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí sásta breathnú go fabhrach agus go báúil ar mholtaí ón gComhchoiste.


3.3.1 Maidir leis an nGaeilge in imeachtaí na dTithe tá deacrachtaí áirithe aimsithe agus tá cur síos orthu ina dhiaidh seo.


3.3.2 Tá curtha in iúl go minic don Chomhchoiste ag Comhaltaí den dá Theach gur beag poiblíochta a bhíonn le fáil as an nGaeilge a úsáid in imeachtaí na dTithe agus go bhfuil seans níos fearr ann má labhraíonn siad as Béarla. Ba chúis imní don Chomhchoiste é sin agus tionóladh cruinniú neamh-fhoirmiúil le Coiste Áiléar an Phreasa san Oireachtas chun an fhadhb a phlé. Ag éirí as an gcruinniú sin ba léir nach raibh aon chlaonadh i gcoinne na Gaeilge sa tuairisceoireacht agus gur ceist eagarthóireachta a bhí inti go príomha. Tá beartaithe ag an gComhchoiste cruinniú foirmiúil a thionól le hionadaithe ó na meáin chumarsáide amach anseo chun an fhadhb a phlé tuilleadh.


3.3.3 Ag am ar bith bíonn deacrachtaí ag a lán daoine labhairt go poiblí ar ábhair éagsúla ina ngnáth-theanga. Tuigfear, mar sin, go mbíonn sé i bhfad níos deacra do dhaoine dá leithéid labhairt ar ábhar i dteanga eile agus ní bhíonn siad sách muiníneach as a gcuid Gaeilge chun triail a bhaint asti — fiú má bhíonn sí go maith acu. Caithfidh na daoine sin cleachtadh a fháil i dtreo is go mbeidh siad muiníneach as an méid Gaeilge atá acu agus go mbeidh siad sásta í a úsáid. Tá moltaí déanta roimhe seo chun an fhadhb áirithe seo a réiteach (2.3.1).


3.3.4 Ón taithí atá ag Comhaltaí an Chomhchoiste féin agus ó na gearáin a fuarthas ó Chomhaltaí eile, dealraíonn sé go gcuireann an droch-chóras fuaime sa Dáil as do go leor daoine a bheadh sásta bheith páirteach i ndíospóireachtaí i nGaeilge. Gan trácht ar an maitheas a thiocfadh as ó thaobh na Gaeilge de ní mór an fhadhb sin a réiteach agus moltar go láidir don Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí í a scrúdú gan mhoill.


3.3.5 Cé go dtuigeann an Comhchoiste nach bhfuil an scéal amhlaidh agus gurb é a mhalairt atá fíor i ndáiríre, tá tuairim fhorleathan ann nach bhfuil suim ag na Comhaltaí den dá Theach sa Ghaeilge. Caithfear gníomh éigin a dhéanamh d’fhonn an tuairim sin a bhréagnú agus moltar do na Páirtithe Polaitiúla bearta cuí a ghlacadh chuige sin gan mhoill.


3.4.1 Tá Tráth na gCeisteanna ar cheann de na hinstitiúidí is tábhachtaí sa Dáil agus glacann gach Comhalta páirt ann go fonnmhar. Sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 rinneadh an moladh seo a leanas (Mír 4.6. (i)) faoi Thráth na gCeisteanna:


“sa chás go mbeadh ceisteanna as Gaeilge curtha ar an gclár, go dtógfaí ceist amháin ar a laghad as Gaeilge gach lá a mbíonn Tráth na gCeist sa Dáil láithreach, agus dhá cheist ar a laghad as Gaeilge tar éis tréimhse bliana”.


Luadh 1983 mar spriocdháta ach, faraoir, níor cuireadh an moladh i bhfeidhm go fóill.


3.4.2 Ní mór a lua go bhfuil sé de cheart ag Comhaltaí ceisteanna a chur síos i cibé teanga a oireann dóibh agus nach ceart brú d’aon saghas a chur orthu ceisteanna a chur i nGaeilge seachas i mBéarla. Agus sin ráite, tá an Comhchoiste den tuairim go bhféadfadh a lán Comhaltaí ceisteanna, a chuirtear i mBéarla faoi láthair, a chur i nGaeilge feasta gan mórán stró agus bheadh an toradh céanna ann dóibh féin sa deireadh. Tá sé riachtanach go léireofaí go soiléir gur féidir beo-cheisteanna de gach saghas a phlé i nGaeilge agus sna cúinsí sin chabhródh sé go mór dá gcuirfeadh Comhaltaí ceisteanna ó bhéal agus i scríbhinn síos faoi ábhair éagsúla go rialta. Dá gcuirfeadh gach Comhalta a bhfuil an Ghaeilge aige/aici ceist amháin síos i nGaeilge gach seachtain mar thús bheadh sé soiléir go bhfuil an Ghaeilge beo agus á húsáid. Moltar mar sin go ndéanfaidh gach Comhalta a bhfuil an Ghaeilge aige/aici ceist amháin, ar a laghad, a chur síos i nGaeilge gach seachtain amach ón gcéad seachtain de mhí an Mheithimh 1986. Idir sin agus sos an tSamhraidh ba cheart go dtógfaí ceist amháin i nGaeilge gach lá a bhíonn Tráth na gCeisteanna sa Dáil. Tar éis shos an tSamhraidh ba cheart go dtógfaí dhá cheist, ar a laghad, i nGaeilge gach lá.


3.4.3 Faoi láthair is féidir le gach Comhalta dhá cheist a chur isteach sa chrannchur do cheisteanna a thógfar ó bhéal gach lá. Mar spreagadh dóibh chun ceisteanna i nGaeilge a chur síos moltar go dtabharfaí cead do Chomhaltaí ceist bhreise a chur isteach sa chrannchur más mian leo gach lá ar choinníoll go mbeadh sí i nGaeilge. Níor cheart go mbainfeadh an socrú seo le Roinn na Gaeltachta.


3.4.4 Anuas ar na gnáth-cheisteanna a chuirtear síos caithfear aird a dhíriú ar na cinn a mbíonn uain sonraithe dóibh. B’inmholta an ní é dá dtógfaí ceist amháin den sórt sin i nGaeilge gach lá i dtosach agus dhá cheann nó níos mó ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, ba cheart go mbainfeadh an scála ama céanna leis an moladh seo a bhaineann leis an gceann ag 3.4.2.


3.4.5 Toisc an tábhacht a bhaineann leis an bpost ba cheart go gcuirfí ceist amháin i nGaeilge chun an Taoisigh feasta gach lá a mbeidh ceisteanna á bhfreagairt aige. D’fhéadfaí tosú ar an gcóras seo ó thosach mhí an Mheithimh 1986.


3.4.6 D’fhonn na moltaí sin roimhe seo a chur i bhfeidhm caithfidh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí glacadh leo. Moltar don Choiste sin gníomhú amhlaidh a luaithe is féidir.


3.5.1 Bhí na moltaí seo a leanas sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 (Mír 4.6 (ii)-(iii)) maidir le hóráidí i nGaeilge:


“go labhródh cainteoir amháin ar a laghad as gach páirtí as Gaeilge den chuid is mó de, ar an dara céim de gach Bille a thógfaí sa Dáil nó sa Seanad agus go mbeadh mír as Gaeilge in óráidí scríofa an dara céim ón Rialtas agus ón bhfreasúracht,” agus


“go molfadh an Rialtas do gach Aire ar ócáidí oiriúnacha a mbeadh tuairisc ghinearálta ar obair a Roinne á tabhairt aige don Dáil nó don Seanad (mar shampla, nuair a bhíonn meastacháin na Roinne á bplé)—


(a)go dtabharfadh sé cuntas ar fheidhmiú pholasaí na Gaeilge sa Roinn, agus


(b)go mbeadh an mhír seo nó mír shubstaintiúil eile dá óráid i nGaeilge.”


Níl locht ag an gComhchoiste ar na moltaí sin agus is ceart don Rialtas agus do na Páirtithe freasúrachta iad a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir.


3.5.2 Mar a dúradh roimhe seo níor cheart go gcuirfí brú ar Chomhaltaí gníomh a dhéanamh i leith na Gaeilge: ba cheart go ndéanfaidís é sin go deonach, toilteanach, fonnmhar agus tá an Comhchoiste sásta go ndéanfaí amhlaidh dá mbeadh an spreagadh ceart ann dóibh. Chun na críche sin bheadh gá leis na nithe seo a leanas:


(i)cleachtadh. Tá moltaí déanta faoi seo thuas (2.3.1).


(ii)bunleabhair thagartha — foclóirí Béarla-Gaeilge, Gaeilge Béarla, “Maidir le do litir”, agus “An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir” a bheith ar fáil in oifigí Chomhaltaí an dá Theach. Moltar go gcuirfí ar fáil iad — thar thréimhse más gá, ach go mbeadh siad ar fáil i ngach oifig roimh dheireadh 1987 ar a dhéanaí.


(iii)lámhleabhar dátheangach a bheith ar fáil de na habairtí sin a úsáidtear go rialta in obair na dTithe. Bhíodh lámhleabhar mar sin ann ach tá sé as cló anois: tuigtear ón gCeann Comhairle go bhfuil sé i gceist é a athbhreithniú agus a athfhoilsiú. Ba cheart go mbeadh an leagan nua den lámhleabhar sin ar fáil, ar a dhéanaí, roimh fhilleadh na gComhaltaí tar éis shos an tSamhraidh i 1986.


3.5.3 Ach an spreagadh a bheith ann dóibh tá an Comhchoiste cinnte go bhféadfadh na Comhaltaí den dá Theach óráidí a thabhairt i nGaeilge nó, ar a laghad, ar bhonn dátheangach, tairiscintí a mholadh i nGaeilge agus ceisteanna a chur i nGaeilge, gan stró, faoi ábhair ar bith. Tá an méid sin insroichte laistigh d’achar réasúnta ama agus tá beartaithe ag an gComhchoiste faireachas a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na haidhmeanna sin a bhaint amach.


3.6.1 Tá páirt an-mhór le glacadh ag na Páirtithe Polaitiúla a mhéid a bhaineann leis na nGaeilge a chur chun cinn in imeachtaí na dTithe. D’fhonn an méid sin a chur ina luí orthu agus chun dul chun cinn fiúntach a dhéanamh tá beartaithe ag an gComhchoiste bualadh go luath le Ceannairí na bPáirtithe Polaitiúla a bhfuil ionadaíocht acu sna Tithe faoi láthair.


4. An Córas Aistriúcháin

4.1.1 Déanfar plé sa chaibidil seo ar chúrsaí aistriúcháin agus teangaireachta sna Tithe agus pléifear na comparáidí leis na córais i bParlaimintí eile.


4.1.2 I láthair na huaire tá aon oifigeach déag (11) ag obair i Rannóg an Aistriúcháin mar seo a leanas:


Príomh-Aistritheoir (1)


LeasPhríomh-Aistritheoir (1)


Aistritheoir Sinsearach (3)


Aistritheoir Sóisearach (6)


Cailleadh post amháin faoin gcosc ar líonadh folúntas.


4.1.3 Ní mór d’iarratasóirí ar phoist mar Aistritheoir Sóisearach i.e. an grád iontrála, na cáilíochtaí seo a leanas a bheith acu:


(i)a bheith cáilithe le haghaidh Céime Ollscoile aitheanta ina bhfuil an Ghaeilge mar ábhar i scrúdú na céime;


(ii)eolas sármhaith ar an nGaeilge idir scríobh agus labhairt; agus


(iii)eolas maith ar an mBéarla idir scríobh agus labhairt.


4.1.4 Is é an príomh-chúram atá ar Rannóg an Aistriúcháin ná leagan Gaeilge a chur ar fáil de Reachtanna, d’Ionstraimí Reachtúla, de Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta, de Chonarthaí Idirnáisiúnta, de dhoiciméid don Dáil agus don Seanad (Riar na hOibre, Imeachtaí na Dála, Imeachtaí an tSeanaid, Tairiscintí agus Tograí le cur os comhair an dá Theach, etc.,) agus d’fhoirmeacha oifigiúla de gach saghas — mar shampla, na foirmeacha a úsáidtear in obair na gCúirteanna, na gCoimisinéirí Ioncaim, etc. Tugtar tosaíocht san obair d’ábhair a bhfuil cáil thábhachtach dlí acu agus práinn leo.


4.1.5 Tá teangaireacht á déanamh ag foireann shóisearach na Rannóige sa Dáil agus tá an obair sin mar dhualgas oifigiúil ar aon duine a ceapadh chun na Rannóige le tamall de bhlianta anuas.


4.1.6 Tuigtear gurb é an Príomh-Aistritheoir, an Leas Phríomh-Aistritheoir agus na hAistritheoirí Sinsearacha a chuireann oiliúint agus teagasc ar fáil do dhaoine a thagann isteach i Rannóg an Aistriúcháin mar Aistritheoirí Sóisearacha.


4.1.7 Is léir don Chomhchoiste go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar réimse, ar chineál, ar theicniúlacht agus ar chastacht na hoibre aistriúcháin le blianta beaga anuas. Tá níos mó oibre á láimhseáil anois ná mar a bhí riamh de bharr, ach go háirithe, an mhéadaithe ar líon na nIonstraimí Reachtúla (dhá chéad seachtó (270) i 1965: ceithre chéad daichead a hocht (448) i 1983), ar líon na dtuarascálacha ó Choistí Oireachtais agus ar an obair go léir a bhaineann leis an gComhphobal Eorpach. Cé go bhfuil i bhfad níos mó oibre le déanamh anois níl méadú i líon na n-aistritheoirí chun plé léi mar a léiríonn na staitisticí seo a leanas:


Bliain

Líon Aistritheoirí

1948-1951

14

1951-1973

11

1973-1982

12

1982-1986

11

4.2.1 Mar a luaitear roimhe seo tá sé mar dhualgas oifigiúil ar Aistritheoirí Sóisearacha teangaireacht a dhéanamh sa Dáil nuair is gá. Tá scileanna ar leith ag baint leis an obair seo agus traenáil chuí chuici ag teastáil. Ní léir go gcuirtear an traenáil sin ar fáil faoi láthair ós rud é nach cuid dá bpríomh-dhualgais í — tuigtear, áfach, go gcuireann sí isteach ar na dualgais sin.


4.2.2 Leis an gcóras atá sa Dáil faoi láthair cuirtear aistriúchán comhuaineach ó Ghaeilge go Béarla ar fáil trí chluasáin do Theachtaí, d’Oifigigh chuí agus d’iriseoirí ar Áiléar an Phreasa.


4.3.1 Ag éirí as na fiosrúcháin a rinneadh le Parlaimintí eile is léir go bhfuil córais aistriúcháin agus teangaireachta i bhfad níos sofaisticiúla acu ná mar atá sa tír seo. I gCeanada, mar shampla, tá seirbhís ar fáil do na Comhaltaí den dá Theach ansin trína gcuirtear aistriúcháin ar fáil, inter alia, de na nithe seo a leanas:


(i)sleachta as óráidí (tuairim is míle (1,000) focal) atá le tabhairt faoi ábhair éagsúla laistigh de na Tithe;


(ii)comhfhreagras idir na Comhaltaí agus an pobal;


(iii)doiciméid oibre atá ag teasáil ó na Comhaltaí chun a ndualgais mar reachtóirí a chomhlíonadh.


Ar ndóigh, tá treorlínte an-daingean leagtha síos faoin obair atá inghlactha nó neamhinghlactha, lena haistriú.


4.3.2 Tá idirdhealú soiléir idir aistriúchán agus teangaireacht sna Parlaimintí eile freisin. I bParlaimint na hEorpa, mar shampla, is dhá ghrád ar leith Aistritheoir agus Teangaire le cáilíochtaí difriúla/traenáil dhifriúil agus tá dhá stiúrthóireacht ar leith ina bhfeighil.


4.4.1 Ón eolas atá faighte ag an gComhchoiste ó na hÚdaráis i dTeach Laighean agus ó na hÚdaráis i bParlaimintí eile is léir go bhfuil lochtanna bunúsacha ar an gcóras aistriúcháin atá i bhfeidhm faoi láthair.


4.4.2 Tá daoine atá cáilithe agus oilte i gcúrsaí aistriúcháin ag plé le teangaireacht. Níl sé sin sásúil os rud é gur dhá fheidhm acadúla ar leith iad ar gá a scileanna agus a n-oiliúint féin do gach ceann díobh.


4.4.3 De bharr an mhéid oibre agus a laghad foirne atá ann chun plé léi tá a lán riaráistí ann agus níl sé sin sásúil. Ba cheart go mbeadh leagan Gaeilge d’Achtanna ar fáil díreach tar éis iad a bheith rite — níl an staid láithreach inghlactha ó tharla go mbíonn moill sé mhí nó níos mó uaireanta, ar na leaganacha Gaeilge.


4.4.4 Sa Dáil amháin atá córas teangaireachta ar fáil faoi láthair agus tá na lochtanna seo a leanas aimsithe ann:


(i)níl na cluasáin compórdach;


(ii)bíonn cúl-torann ann i gcónaí mar nach mbíonn an teangaire i seomra fuaimdhíonach; agus


(iii)níl cluasáin ar fáil in Áiléar an Phobail.


4.4.5 I láthair na huaire níl córas teangaireachta ar fáil sa Seanad ná i Seomraí na gCoistí agus níl sé sin inghlactha.


4.5.1 Tá na moltaí ina dhiaidh seo le déanamh ag an gComhchoiste faoin gcóras aistriúcháin.


4.5.2Cúrsaí Aistriúcháin


(i)Tá géar-ghá le méadú i líon na n-aistritheoirí agus ba cheart d’Údaráis na dTithe cead a lorg láithreach ó Roinn na Seirbhíse Poiblí chun na haistritheoirí breise is gá a fhostú. D’fhéadfaí an líon aistritheoirí breise ba ghá a chinneadh trí shuirbhé a dhéanamh go luath i dteannta le hoifigigh ón Rannóg Sheirbhísí Bainistíochta de chuid Roinn na Seirbhíse Poiblí. Ar a dhéanaí, bheifí ag súil go bhfostófaí na haistritheoirí breise roimh dheireadh na bliana seo.


(ii)Chun cabhrú leis na Comhaltaí den dá Theach óráidí, etc. a ullmhú ba cheart go mbeadh cúnamh teoranta, ar a laghad, ar fáil dóibh ó Rannóg an Aistriúcháin. D’fhéadfaí an pointe seo a chur san áireamh sa suirbhé a luaitear ag (i). Bheifí ag súil go mbeadh an tseirbhís seo ar fáil ó 1 Eanair 1987 — ar bhonn trialach i dtosach, más gá.


(iii)Dá méadófaí líon na n-aistritheoirí bheifí ag súil go bhféadfadh an dá leagan d’Achtanna a bheith ar fáil ag an am céanna nuair a bheidh an nua-theicneolaíocht, i.e. áiseanna próiseála focal, in úsáid. Ar an mbonn sin d’fhéadfaí an pointe a shroichint amach anseo nuair a bheadh ceannteidil gach Bille ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Tá an sprioc sin insroichte i dtuairim an Chomhchoiste thar thréimhse líon áirithe blianta.


4.5.3Cúrsaí Teangaireachta


(i)Tá géar-ghá leis na feabhsuithe seo a leanas sa chóras teangaireachta sa Dáil:


(a)seomra fuaimdhíonach a bheith ar fáil don teangaire feasta;


(b)a mhalairt de chluasáin a chur ar fáil (más féidir teacht ar a leithéid); agus


(c)cluasáin a chur ar fáil in Áiléar an Phobail.


(ii)Is bun-locht é nach bhfuil córas teangaireachta sa Seanad. Ós rud é go mbeidh móroibreacha á ndéanamh sa Seanad go luath amach anseo tá an Comhchoiste den tuairim gur chuí córas teangaireachta éifeachtach a chur isteach mar chuid de na hoibreacha sin. Ba cheart go mbeadh an córas sin curtha isteach agus ag obair roimh dheireadh na bliana 1987.


(iii)Toisc an méadú mór atá tagtha ar líon na gCoistí Oireachtais agus an éagsúlacht oibre atá idir lámha acu measann an Comhchoiste go bhféadfaidís roinnt Gaeilge a úsáid ina gcuid imeachtaí. Mar thús moltar do na Cathaoirligh ar na Coistí éagsúla na Comhaltaí a spreagadh feasta chun beagán Gaeilge, ar a laghad, a úsáid go rialta sna himeachtaí.


Chun cabhrú leis na Coistí níos mó Gaeilge a úsáid gan stró tá an Comhchoiste den tuairim gur cheart córas teangaireachta éifeachtach a chur isteach i gceann amháin, ar a laghad, de na seomraí atá ar fáil do chruinnithe de chuid na gCoistí. Ba cheart go mbeadh an obair sin curtha i gcrích roimh dheireadh 1987, ar a dhéanaí.


(iv)Dúradh roimhe seo (4.4.2) gur dhá fheidhm acadúla ar leith iad teangaireacht agus aistriúchán. Ba cheart oiliúint agus traenáil chuí a chur ar fáil d’oifigigh a bheidh ag plé le teangaireacht feasta mar atá ar fáil i bParlaimintí eile. Ar an mbonn sin be cheart go mbeadh triúr, ar a laghad, ar fáil a bheadh scileanna cuí acu i gcúrsaí teangaireachta (anuas ar scileanna cuí i gcúrsaí aistriúcháin) agus a bheadh ag plé leis an ngné sin den obair go rialta. Nuair nach mbeadh obair mar sin ar siúl acu d’fhéadfaidís bheith ag plé le cúrsaí aistriúcháin.


5. An Córas Tuairisceoireachta

5.1.1 Tá i gceist sa chaibidil seo déileáil le cúrsaí tuairisceoireachta sna Tithe agus i bParlaimintí eile.


5.1.2 I láthair na huaire tá an fhoireann seo a leanas sa Rannóg Tuairisceoireachta:


Eagarthóir na nDíospóireachtaí (1)


Leas-Eagarthóirí (3)


Tuairisceoirí (11)


(D’fhéadfadh 14 bheith ann ach faoi láthair tá 2 fholúntas agus tá duine amháin ar saoire mháithreachais)


Tuairisceoirí faoi oiliúint (5)


Clos-chlóscríobhaithe (19)


(D’fhéadfadh 20 bheith ann ach cailleadh post amháin faoin gcosc ar líonadh folúntas)


5.1.3(i)Ní mór d’iarratasóirí ar phoist mar Thuairisceoirí caighdeán an-ard sa luathscríbhneoireacht a bhaint amach sa scrúdú iontrála. Toisc go raibh an caighdeán chomh hard sin bhí sé deacair daoine oiriúnacha a earcú agus cinneadh ar scéim a bhunú tamall ó shin do thuairisceoirí faoi oiliúint. Is é a bhí i gceist leis sin ná go mbeadh caighdeán ard luathscríbhneoireachta ag na daoine sin ag tosú dóibh agus tar éis dóibh tuilleadh traenála a fháil go bhféadfaidís an scrúdú a dhéanamh don phost mar thuairisceoir.


Cé nach bhfuil an Ghaeilge riachtanach le haghaidh ceapacháin mar thuairisceoir/thuairisceoir faoi oiliúint, cuirtear in iúl d’iarratasóirí go bhfuil sé inmhianaithe go mbeadh sí ar a dtoil acu.


(ii)Earcaítear clos-chlóscríobhaithe don Rannóg Tuairisceoireachta trí chomórtas idir clóscríobhaithe atá ag obair sa Státseirbhís cheana féin. Níl an Ghaeilge riachtanach cé go mínítear go bhfuil sé inmhianaithe go mbeadh sí ar a dtoil acu.


5.1.4 Is iad seo a leanas na dualgais atá ar an Rannóg Tuairisceoireachta i ndáil le hobair na dTithe agus na gCoistí:


(i)Sa Dáil, déantar tuairisceoireacht focal ar fhocal ar imeachtaí i mBéarla i.e. déanann na tuairisceoirí an méid a deirtear a scríobh síos trí luathscríbhneoireacht a dhéanamh ar feadh seisiúin —maireann gach seisiún 10 nóiméad, agus ina dhiaidh sin cuireann siad an méid sin ar téip (ag déanamh roinnt eagarthóireachta air le linn an phróisis). Cuireann na clos-chlóscríobhaithe athscríbhinní ar fáil agus tar éis don fhoireann eagarthóireachta tuilleadh oibre a dhéanamh orthu cuirtear chuig na clódóirí iad.


Nuair a bhíonn na himeachtaí i nGaeilge cuirtear ar téip iad agus ullmhaíonn na clos-chlóscríobhaithe athscríbhinní don fhoireann eagarthóireachta.


(ii)Sa Seanad agus i seomraí na gCoistí cuirtear na himeachtaí — bíodh siad i nGaeilge nó i mBéarla, ar téip agus ullmhaíonn na clos-chlóscríobhaithe athscríbhinní. Déantar eagarthóireacht ar na hathscríbhinní sin agus cuirtear chuig na clódóirí iad.


5.2.1 Níl eolas ag an gComhchoiste faoi chúrsaí tuairisceoireachta i bparlaimintí eile seachas i gcás Pharlaimint na hEorpa. Sa Pharlaimint sin cuirtear na himeachtaí ar téip agus ullmhaíonn na clos-chlóscríobhaithe athscríbhinní ar ghléasanna próiseála focal. Cuirtear dréacht ar fáil ó na gléasanna sin, déantar eagarthóireacht air agus cuirtear ar ais chuig na clos-chlóscríobhaithe ansin é: déanann siad siúd na leasuithe cuí agus cuirtear an leagan deiridh ar fáil. Córas an-éifeachtach atá ann.


5.3.1(i) Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil deacrachtaí ar leith ag baint le tuairisceoireacht i nGaeilge. An fhadhb is mó atá ann ná cúrsaí foirne. Tá sé an-deacair, de réir dealraimh, daoine oiriúnacha a fháil chun an obair a dhéanamh i mBéarla — gan trácht ar an nGaeilge, agus níor earcaíodh tuairisceoir le Gaeilge le fada an lá. Níl ach tuairisceoir amháin a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus níl ach leas-eagarthóir amháin atá in ann plé go héifeachtach le hathscríbhinní i nGaeilge.


(ii)I láthair na huaire tá ceathrar clos-chlóscríobhaithe atá in ann athscríbhinní a ullmhú i nGaeilge agus fiú ansin caithfidh duine a bhfuil an-eolas ar an nGaeilge aige/aici cabhrú leo. Bíonn na clos-chlóscríobhaithe sin ag gearán go rialta go bhfuil i bhfad níos mó oibre agus deacrachtaí ag baint le hathscríbhinní i nGaeilge agus measann siad go bhfuil liúntas éigin tuillte acu de bharr na mí-bhuntáistí sin.


5.4.1 Feictear don Chomhchoiste go bhfuil deacrachtaí móra le sárú chun na fadhbanna atá ann a réiteach. Meastar go bhféadfadh an méid seo a leanas cabhrú chun an scéal a leigheas.


(i)Caithfear daoine atá in ann eagarthóireacht a dhéanamh ar athscríbhinní i nGaeilge a fháil. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí:


(a)cuid den fhoireann atá ann anois a chur ar chúrsaí traenála a chuirfeadh ar a gcumas an obair a dhéanamh; nó


(b)daoine a bheadh in ann an obair sin a dhéanamh a earcú; nó


(c)daoine a bheadh in ann an obair a dhéanamh a fhostú ar bhonn táille.


Moltar go nglacfadh na húdaráis chuí sna Tithe comhairle le Roinn na Seirbhíse Poiblí faoi na nithe sin láithreach chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach. Más gá liúntais bhreíse a íoc nó coinníollacha eile a chomhlíonadh ba cheart go mbeadh Aire na Seirbhíse Poiblí chomh solúbtha agus is féidir de bharr riachtanais speisialta na dTithe.


(ii)Maidir leis na deacrachtaí a bhaineann le clos-chlóscríbhneoireacht feictear go bhfuil dhá fhadhb ar leith ann:


(a)breis clos-chlóscríobhaithe a bheidh in ann an Ghaeilge a láimhseáil, a fhostú; agus


(b)spreagadh a thabhairt do chlos-chlóscríobhaithe chun plé le téipeanna i nGaeilge.


Maidir le (a) d’fhéadfaí daoine le Gaeilge a lorg go speisialta trí chomórtas a bheadh oscailte do chách a chur ar bun. Tá daoine atá oilte sa Ghaeilge ag teacht as cúrsaí traenála ach níl deis acu cur isteach ar na poist sna Tithe faoi láthair mar nach bhfuil siad sa Státseirbhís cheana féin. Dá gcuirfí an coinníoll sin ar leataobh meastar go bhféadfadh toradh fiúntach teacht as comórtas oscailte. Ar ndóigh, bheadh ar na clos-chlóscríobhaithe sin bheith sásúil ó thaobh an Bhéarla de chomh maith.


Níor cheart go mbeadh mí-bhuntáistí ag baint leis an nGaeilge agus ba cheart do Roinn na Seirbhíse Poiblí an méid sin a aithint agus liúntais mhéadaithe a cheadú i leith athscríbhinní i nGaeilge — is léir go bhfuil spreagadh den sórt sin ag teastáil anois.


6. Cúrsaí Ilghnéitheacha

6.1.1 Beidh athruithe móra sna Tithe sna blianta atá romhainn de bharr dul chun cinn a thiocfaidh as an teicneolaíocht nua-aimseartha agus tá an Comhchoiste sásta go bhféadfadh tionchar mór a bheith aici sin ar staid na Gaeilge. Cheana féin, tá rudaí beaga ag tarlú nach bhfuil chun leas na Gaeilge — mar shampla, dealraíonn sé go bhfuil clóscríobháin á gceannach nach bhfuil sínte fada orthu. B’fhéidir gur rud beag é sin ach ciallaíonn sé nach mbíonn litreacha, etc., i nGaeilge a ullmhaítear ar na meaisíní sin slachtmhar ná néata — toisc gur gá na síntí fada a chur isteach le peann, agus is ísliú gradaim don Ghaeilge í sin: níl sé sin sásúil.


6.1.2 Moltar go ndéanfaí deimhin de feasta go mbeidh gach clóscríobhán agus gach gléas próiseála focal — gan trácht ar threalamh níos sofaisticiúla — a cheannófar in ann oibriú chomh slachtmhar céanna i nGaeilge agus i mBéarla trí athruithe cuí a dhéanamh roimh cheannach.


6.2.1 Amach anseo, is cosúil go bhféadfadh sé go mbeidh na himeachtaí sa dá Theach á gcraoladh ar an raidió. Feictear don Chomhchoiste go bhféadfadh a leithéid dul i bhfeidhm go mór ar sheasamh na Gaeilge sa dá Theach agus ar sheasamh na Gaeilge sa tír i gcoitinne. Bheadh an Ghaeilge le cloisteáil ar fud na tíre agus í á húsáid sna Tithe faoi chúrsaí ginearálta: meastar go dtabharfadh sé sin misneach agus spreagadh do dhaoine eile níos mó Gaeilge a úsáid.


6.2.2 San fhadtéarma, b’fhéidir go mbeidh na himeachtaí á gcraoladh ar an teilifís — ach sin ag brath, ar ndóigh, ar thuairimí na gComhaltaí— mar atá á dhéanamh i bParlaimint na hEorpa agus i dTeach na dTiarnaí i Sasana faoi láthair. Chabhródh sé sin leis an nGaeilge chomh maith mar go mbeadh sé soiléir do chách go bhféadfaí gach gné de shaol an lae inniu a phlé go nádúrtha agus gan stró i nGaeilge.


7. Beartas don Todhchaí

7.1.1 Mar a luadh sa Réamhrá bhí an Comhchoiste ag díriú go príomha go dtí seo ar cheist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Leanfar leis an mbéim ar an gceist sin trí


(i)monatóireacht géar a dhéanamh ar fheidhmiú na moltaí sa Tuarascáil seo; agus


(ii)scrúdú a dhéanamh ar cheist na Gaeilge sna Páirtithe Polaitiúla.


7.1.2 Amach anseo beidh an Comhchoiste ag scrúdú cheist na Gaeilge in imeachtaí na nÚdarás Áitiúil agus na mBord Sláinte chomh fada agus a bhaineann sí leis na Comhaltaí.


7.2.1 Tá réimse ábhar an-leathan le scrúdú faoin dara Téarma Tagartha agus tá an Comhchoiste ag tosú ar an obair sin anois trí fhianaise a ghlacadh ó na daoine agus ó na heagrais a chuir aighneachtaí faoina bhráid agus a d’iarr deis chun iad a phlé.


7.3.1 Tá iarrtha ag an gComhchoiste go ndéanfaí a Orduithe Tagartha a leasú go luath chun cumhacht a thabhairt dó:


(i)fochoistí a cheapadh; agus


(ii)seirbhísí comhchomhairliúcháin a fháil.


Is é tuairim an Chomhchoiste go gcabhródh na cumhachtaí sin go mór leis san obair atá le déanamh agus táthar ag súil go gcuirfear ar fáil iad gan mhoill.


8. Críoch

8.1.1 Mar fhocal scoir ní mór a lua go bhfuil an Comhchoiste den tuairim go mbaineann tábhacht ar leith leis an tuarascáil seo agus go bhféadfadh an-tionchar a bheith aici ar staid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais sna blianta atá romhainn. Tá moltaí praiticiúla a bheidh insroichte laistigh d’achar réasúnta ama curtha le chéile agus ní fheictear don Chomhchoiste go mbainfidh deacrachtaí lena gcur i gcrích ach an dea-thoil agus comhoibriú ó na húdaráis chuí a bheith ar fáil.


8.2.1 Tá an Comhchoiste ag éileamh ar gach duine agus ar gach Páirtí páirt dhearfach, ghníomhach a ghlacadh san obair chun na moltaí atá déanta roimhe seo a chur i bhfeidhm. Táthar dóchasach go ndéanfar dul chun cinn suntasach de réir a chéile agus go mbeidh an feabhas lena bhfuil an saol mór ag súil le haithint sar i bhfad.


(Sínithe) DONNCHA Ó GALLCHOBHAIR T.D.


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


24 Aibreán, 1986.