|
SEANAD ÉIREANNORDUITHE TAGARTHA(Mar a glacadh leo an 28 Samhain 1984) (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 4 chomhalta de Sheanad Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge. (2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh: (a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus (b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne, agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b). (3) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Sheanad Éireann, le húdarás ón gcomhalta a bheidh as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad. (4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin. (5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist. (6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham. (7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú. (8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann. DÁIL ÉIREANNORDUITHE TAGARTHA(Mar a glacadh leo an 12 Nollaig 1984) (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge. (2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh (a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus (b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne, agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b). (3) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann, a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad. (4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin. (5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist. (6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham. (7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú. (8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann. COMHALTAÍ AN CHOMHCHOISTE 25 Aibreán, 1985: Na Teachtaí a toghadh mar chomhaltaí den Chomhchoiste: Bell, Michael (a) Geoghegan-Quinn, Máire Kelly, John Mac Fhionnlaoich, Donncha Ó Coinnigh, Éanna Ó Gallchobhair, Donncha Ó Tonnaí, Séamus Priondargást, Proinnsias de (b) 2 Bealtaine, 1985: Na Seanadóirí a toghadh mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: de Brún, Séamus de Brún, Seán Ó Loingsigh, Mícheál Ó Mathúna, Flor Ag an gcruinniú den Chomhchoiste a tionóladh an 29 Bealtaine 1985 toghadh an Teachta Donncha Ó Gallchobhair mar Chathaoirleach agus an Teachta Éanna Ó Coinnigh mar Leas-Chathaoirleach. (a) urscaoileadh an 19 Feabhra 1986 (b) ceapadh an 19 Feabhra 1986 |
||||||||||||