Committee Reports::Annual Report No. 01 - Joint Committee on the Irish Language 1985/86::16 July, 1986::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

1.1.1 Tá an dualgas seo a leanas leagtha ar an gComhchoiste don Ghaeilge de réir Mhír 2 de na hOrduithe Tagartha, eadhon:


“go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) (úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b) (ceist na Gaeilge i gcoitinne)”.


Ghlac an Comhchoiste leis an gcéad tuarascáil i.e.


“An Chéad Tuarascáil faoi úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach”


an 17 Iúil 1985 agus is mithid mar sin tuarascáil a chur ar fáil ag cur síos ar ghnóthaí an Chomhchoiste i gcoitinne ó shin.


1.2.1 Is é seo an chéad uair do Chomhchoiste Oireachtais a bheith ag plé go sonrach le ceist na Gaeilge agus ní nach ionadh tá neart suime léirithe ag an bpobal ina ghníomhaíochtaí. Tá na comhaltaí den Chomhchoiste den tuairim gur cheart oiread eolais agus is féidir a chur ar fáil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag an gComhchoiste i dtreo is go spreagfar daoine aonaracha agus eagrais éagsúla chun leanúint ar aghaidh ag saothrú ar mhaithe leis an nGaeilge.


1.3.1 Toisc go raibh fonn ar an gComhchoiste díriú ar cheist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais gan mhoill feicfear ón tuarascáil seo gur caitheadh formhór an ama leis an gcéad téarma tagartha, eadhon:


“úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach”.


Ar ndóigh, scrúdaíodh nithe áirithe eile sa tréimhse atá faoi chaibidil anseo agus beidh cur síos orthu ina dhiaidh seo.


1.4.1 Cé gur glacadh leis an gcéad tuarascáil an 17 Iúil 1985 tá i gceist ag an gComhchoiste tuairisc a thabhairt anseo ar an tréimhse ón 29 Bealtaine 1985 — nuair a tionóladh an chéad chruinniú — go dtí deireadh mhí an Mheithimh 1986 i.e. beagáinín níos mó ná bliain. Ar an mbonn seo tá an Comhchoiste dóchasach go mbeifear in ann tuarascáil bhliantúil a sholáthar amach anseo i mí Iúil gach bliain ag cur síos ar an dá mhí dhéag go dtí deireadh mhí an Mheithimh.


1.5.1 Is í aidhm na tuarascála seo ná cuntas a thabhairt ar na nithe seo a leanas, eadhon:


—gníomhaíochtaí an Chomhchoiste ó 29 Bealtaine 1985 go dtí an 30 Meitheamh 1986;


—na torthaí a baineadh amach sa tréimhse sin;


—an obair a bhí idir lámha ag deireadh na tréimhse;


—deacrachtaí a chuir isteach ar obair an Chomhchoiste;


—beartas don chéad bhliain eile.


2. An Ghaeilge i dTithe an Oireachtais

2.1.1 Sa tréimhse faoi chaibidil tionóladh ceithre chruinniú is fiche den Chomhchoiste agus caitheadh formhór an ama ag na cruinnithe sin ag plé le ceist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Sa chaibidil seo den tuarascáil tabharfar cur síos ar na gníomhaíochtaí, etc. a bhain leis an gceist sin.


2.2.1 Óna dtaithí féin thuig na comhaltaí den Chomhchoiste go raibh gá le gníomh dearfach i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge sna Tithe. Dá bhrí sin, cinneadh an 26 Meitheamh 1985 gurbh fhiú:


(a)go n-ullmhófaí tuarascáil gan mhoill i ndáil le modhanna áirithe trína bhféadfaí níos mó Gaeilge a chur á labhairt sna Tithe agus atmaisféar níos Gaelaí a chothú iontu i gcoitinne; agus


(b)go gcuirfí litreacha chuig daoine agus eagrais éagsúla — ar a n-áireofaí inter alia, na Comhaltaí den dá Theach, Aoirí na bPáirtithe Parlaiminte agus na húdaráis i roinnt Parlaimintí thar lear ina raibh níos mó ná teanga amháin in úsáid — ag lorg tuairimí/eolais.


Ag an gcruinniú sin, chomh maith, leagadh síos an bunpholasaí gurbh fhearr gluaiseacht go mall i dtosach agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh diaidh ar ndiaidh seachas a bheith ag iarraidh an iomarca a dhéanamh go róthapa.


2.2.2 Cuireadh litreacha chuig Aoirí na bPáirtithe Parlaiminte agus chuig na Comhaltaí den dá Theach an 10 Iúil 1985. Tá cóip den litir chuig na Comhaltaí de na Tithe leis seo mar Aguisín A.


2.3.1 Glacadh leis an gcéad tuarascáil ag an gcruinniú a tionóladh an 17 Iúil 1985 agus rinneadh roinnt moltaí bunúsacha, insroichte inti faoi:


(a)labhairt na Gaeilge, agus


(b)aitheantas níos feiceálaí a thabhairt don Ghaeilge


i dTithe an Oireachtais. Tugadh cur síos chomh maith ar na tograí don todhchaí a bhí ar intinn ag an gComhchoiste ag an bpointe sin.


2.3.2 Sa tuarascáil sin moladh go gcuirfí suaitheantais ar fáil i nGaeilge do chuairteoirí, etc. chuig na Tithe agus is cúis sásaimh don Chomhchoiste gur cuireadh iad sin ar fáil sa tréimhse faoi chaibidil. Moladh inti freisin go gcrochfaí comharthaí i nGaeilge ar fud na dTithe. Arís is cúis sásaimh don Chomhchoiste a thabhairt le fios go bhfuil comharthaí snasta dátheangacha crochta anois.


2.4.1 Ag éirí as ciorclán a scaip an Cathaoirleach ar na húdaráis i roinnt Parlaimintí an 11 Iúil 1985 fuarthas tuairimí agus moltaí ón Ríocht Aontaithe, ó Cheanada, ón Eilvéis agus ó Pharlaimint na hEorpa. Tugadh cuireadh don Chomhchoiste toscaireacht a chur go dtí Parlaimint na hEorpa chun na háiseanna d’aistriúchán agus do thuairisceoireacht in obair uile na Parlaiminte a scrúdú agus chun comhairle a ghlacadh leis na saineolaithe a bhí ag plé leis na ceisteanna sin. Thug toscaireacht cuairt ar an bParlaimint idir an 21 agus an 23 Deireadh Fómhair 1985 agus bailíodh a lán eolais fhiúntaigh.


2.5.1 Cinneadh ag an gcruinniú a tionóladh an 25 Meán Fómhair 1985 go gcuirfí fógraí dátheangacha sna nuachtáin náisiúnta ag lorg tuairimí agus moltaí ón bpobal i ndáil leis na hOrduithe Tagartha. Cé gur leagadh béim sna fógraí sin ar an dara téarma tagartha i.e. ceist na Gaeilge i gcoitinne, fuarthas go leor moltaí fiúntacha maidir leis an gcéad cheann chomh maith. Beidh tuilleadh faoi seo thíos. Tá cóip den fhógra leis seo mar Aguisín B.


2.6.1 Ag an gcruinniú a tionóladh an 20 Samhain 1985 socraíodh go n-iarrfaí ar an gCeann Comhairle seomra oiriúnach agus téipthaifeadáin oiriúnacha a chur ar fáil chun a chumasú do na Comhaltaí den dá Theach an Ghaeilge a chleachtadh trí úsáid a bhaint as téipeanna teagaisc.


2.6.2 De bharr na moille a ghabh le freagra ar an iarratas ar na háiseanna a luaitear san alt sin roimhe seo cinneadh an 17 Aibreán 1986 go lorgófaí Seomra 114 go foirmiúil. Phléigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí an cheist seo ar fad an 28 Bealtaine 1986 agus aontaíodh go gcuirfí Seomra 114 ar fáil don Chomhchoiste nuair nach mbeadh sé in úsáid do chruinnithe de Choistí Oireachtais. Bhí socruithe idir lámha ag deireadh na tréimhse faoi chaibidil i ndáil le cóiriú an tseomra lena úsáid mar sheomra cleachta teanga.


2.6.3 Is céim chun tosaigh an-tábhachtach í seo i dtuairim an Chomhchoiste mar beidh an deis ag Comhaltaí den dá Theach a gcuid Gaeilge a chleachtadh go rialta agus ag leibhéal a bheidh oiriúnach dóibh féin i.e. beidh áiseanna ar fáil ag bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal. Ba mhaith leis an gComhchoiste nach mbeadh anseo ach tús agus go bhféadfaí an córas a leathnú amach ar ball.


2.7.1 De bharr an réimse leathan oibre a bhí le déanamh ag an gComhchoiste i ndáil leis an dara téarma tagartha ach go háirithe bhí na comhaltaí den tuairim le tamall gurbh fhiú na hOrduithe Tagartha a leasú d’fhonn cead a bheith ar fáil chun:


(a)fochoistí a cheapadh; agus


(b)seirbhísí comhairleoirí a fhostú.


Cinneadh go foirmiúil ag an gcruinniú a tionóladh an 20 Samhain 1985 go n-iarrfaí ar Aire na Gaeltachta tairiscint a mholadh don dá Theach chun na hOrduithe Tagartha a leasú.


2.7.2 Glacadh le tairiscintí sa Seanad agus sa Dáil an 17 Aibreán 1986 agus an 24 Meitheamh 1986 faoi seach go leasófaí na hOrduithe Tagartha mar a bhí iarrtha ag an gComhchoiste. Bhí díospóireacht ghairid sa Seanad faoin gceist ach ní raibh a leithéid sa Dáil.


2.8.1 Óna dtaithí féin agus ón méid a bhí curtha in iúl dóibh ag Comhaltaí eile den dá Theach, bhí na comhaltaí den Chomhchoiste anbhuartha i gcónaí faoin easpa poiblíochta sna nuachtáin náisiúnta agus sna meáin chumarsáide i gcoitinne d’óráidí, do cheisteanna agus d’imeachtaí i nGaeilge sna Tithe. Chun an cheist seo a chíoradh tionóladh cruinniú neamh-fhoirmiúil le hionadaithe ó Choiste Áiléar an Phreasa san Oireachtas an 18 Nollaig 1985.


2.8.2 Cruinniú fiúntach a bhí ann leis na hionadaithe ó Choiste Áiléar an Phreasa san Oireachtas. Chuir na hionadaithe in iúl cad iad na deacrachtaí a chuireann as dóibh maidir le tuairisceoireacht faoi imeachtaí i nGaeilge agus pléadh na fadhbanna go mion. Socraíodh go n-iarrfadh an Comhchoiste cruinniú ar ball le heagarthóirí na nuachtán náisiúnta agus sheomra na nuachta in RTÉ. De bharr brú oibre níor éirigh leis an gComhchoiste bualadh leis na daoine sin sa tréimhse faoi chaibidil ach beifear ag tabhairt aghaidh ar an gceist go luath san Fhómhar.


2.9.1 D’fhonn Teachtaí agus Seanadóirí a spreagadh chun tuilleadh úsáide a bhaint as an nGaeilge ina ngnó cinneadh an 19 Feabhra 1986 gurbh fhiú go mbeadh lámhleabhar dátheangach de théarmaí a úsáidtear go minic in obair na dTithe ar fáil. Iarradh ar an gCeann Comhairle go gcuirfí leabhar dá leithéid ar fáil agus thug sé le fios an 27 Márta 1986 go raibh ar intinn aige leabhar mar sin a bhíodh ar fáil a athbhreithniú agus a athfhoilsiú. D’fháiltigh an Comhchoiste roimh an ngníomh seo agus moladh go gcuirfí an leabhar ar fáil, ar a dhéanaí, roimh fhilleadh na gComhaltaí san Fhómhar.


2.10.1 Pléadh an chéad tuarascáil ón gComhchoiste sa Seanad an 6 agus an 13 Márta 1986 agus bhí díospóireacht bhríomhar fúithi. Labhair trí Sheanadóir déag faoin tuarascáil agus thug Aire na Gaeltachta freagra ar an díospóireacht.


2.10.2 Ní mór a lua gur cúis áthais don Chomhchoiste an líon Seanadóirí a ghlac páirt sa díospóireacht agus ba léir ina dhiaidh go raibh an-bhá agus an-deathoil ag na Comhaltaí den Teach sin don Ghaeilge agus d’obair an Chomhchoiste i gcoitinne.


2.11.1 Ghlac an Comhchoiste leis an dara tuarascáil, i.e.:


“An Dara Tuarascáil faoi úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach”


an 24 Aibreán 1986. Tuarascáil chuimsitheach a bhí inti agus rinneadh go leor moltaí inti faoi na nithe seo a leanas, eadhon:


(a)Atmaisféar don Ghaeilge sna Tithe;


(b)an Ghaeilge in imeachtaí na dTithe;


(c)an córas aistriúcháin;


(d)an córas tuairisceoireachta; agus


(e)beartas don todhchaí.


2.11.2 Bhí tábhacht ar leith leis an dara tuarascáil i dtuairim an Chomhchoiste mar go ndearnadh mion-scrúdú inti ar gach a bhaineann leis an nGaeilge i dTithe an Oireachtais. Aimsíodh na fadhbanna agus na deacrachtaí a bhí le sárú agus rinneadh moltaí ciallmhara, praiticiúla inti chun réiteach a fháil orthu. Anuas air sin leagadh amach spriocdhátaí faoi nithe áirithe agus beidh an tuarascáil á húsáid ag an gComhchoiste mar phlean oibre amach anseo chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn suntasach.


2.11.3 Tá coimriú ar na moltaí a rinneadh sa dara tuarascáil leis seo mar Aguisín C.


2.12.1 Bhí na Comhaltaí den Chomhchoiste den tuairim láidir nach bhféadfaí bheith ag brath ar Chomhaltaí (den dá Theach) chun dul chun cinn fiúntach a dhéanamh ina n-aonar ó thaobh na Gaeilge de sna Tithe agus dá bhrí sin cuireadh litreacha chuig na Ceannairí ar na Páirtithe Polaitiúla a raibh ionadaíocht acu sna Tithe, an 16 Aibreán 1986. Sa litir sin míníodh do na Ceannairí gur theastaigh ón gComhchoiste bualadh leo nó lena n-ionadaithe d’fhonn cur síos a thabhairt ar an obair a bhí ar siúl aige agus faoin méid a bhí beartaithe i dtaobh na Gaeilge i dTithe an Oireachtais.


2.12.2 Sa tréimhse faoi chaibidil bhuail an Comhchoiste leis na hionadaithe seo a leanas ó Pháirtithe éagsúla:


(a)

Cathal Ó hEochaidh Uasal TD

Ceannaire ar Pháirtí Fhianna Fáil

(b)

An Seanadóir Mícheál D Ó hUiginn

Cathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre

(c)

Riobárd Ó Maoildhia Uasal TD

Urlabhraí Gaeltachta don Pháirtí Daonlathach

(d)

Tomás Mac Giolla Uasal TD

Ceannaire ar Pháirtí na nOibrí

Bhí beartaithe ag an gComhchoiste bualadh le hionadaí ó Pháirtí Fhine Gael gan mhoill ag deireadh na tréimhse faoi chaibidil.


2.12.3 I dtuairim an Chomhchoiste d’éirigh go maith leis na cruinnithe leis na hionadaithe ó na Páirtithe Polaitiúla a tionóladh sa tréimhse faoi chaibidil. Rinneadh plé ginearálta ar obair an Chomhchoiste, cur chun cinn na Gaeilge sna Tithe, riachtanas na Gaeilge do phoist mar Cheann Comhairle, etc., an Ghaeilge i Riar na hOibre agus na fáthanna a bhí leis an nGaeilge a bheith imithe i léig sna Tithe. Tháinig go leor moltaí fiúntacha as na cruinnithe agus cuirfear iad sin san áireamh nuair a bheidh an chéad tuarascáil eile faoin nGaeilge sna Tithe á hullmhú ag an gComhchoiste.


2.12.4 Níos mó ná aon rud eile a tháinig as na cruinnithe a tionóladh bhí áthas ar an gComhchoiste gur gheall gach ionadaí a bhí i láthair lántacaíocht a pháirtí d’aidhmeanna an Chomhchoiste.


3. Ceist na Gaeilge i gCoitinne

3.1.1 De bharr na tábhachta a bhain leis an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 ó thaobh na Gaeilge de cinneadh an 25 Meán Fómhair 1985 go dtabharfaí cuireadh d’ionadaithe ó Bhord na Gaeilge teacht os comhair an Chomhchoiste chun feidhmiú an phlean agus ceist na Gaeilge i gcoitinne a phlé.


3.1.2 Glacadh fianaise fhoirmiúil ó ionadaithe ó Bhord na Gaeilge an 30 Deireadh Fómhair 1985 agus an 6 Samhain 1985 agus rinneadh plé ginearálta ar na nithe seo a leanas:


(a)An Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986;


(b)an Ghaeilge agus cúrsaí cumarsáide;


(c)na hInstitiúidí Stáit; agus


(d)an Córas Oideachais.


3.2.1 Ó tharla gur ar Roinn na Gaeltachta atá cúram na Gaeilge i gcoitinne socraíodh an 6 Samhain 1985 go dtabharfaí cuireadh d’oifigigh ón Roinn fianaise fhoirmiúil a thabhairt don Chomhchoiste.


3.2.2 Bhuail oifigigh ón Roinn sin leis an gComhchoiste an 5 Feabhra 1986 agus arís an 17 Aibreán 1986 agus pléadh na nithe seo a leanas:


(a)Scéimeanna na Roinne;


(b)an Ghaeilge sa Ghaeltacht;


(c)an Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht;


(d)Leabhair i nGaeilge;


(e)an Ghaeilge agus cúrsaí craolacháin;


(f)na hEagrais Gaeilge; agus


(g)obair an Chomhchoiste.


3.3.1 Ag éirí as na haighneachtaí a fuarthas ón bpobal de bharr na bhfógraí a cuireadh sna nuachtáin náisiúnta (feic Mír 2.5.1) cinneadh an 22 Eanáir 1986 go dtabharfaí deis dóibh siúd a chuir aighneachtaí ar fáil (agus a d’iarr deis cainte go sonrach) chun iad a phlé leis an gComhchoiste.


3.3.2 Idir 9 Aibreán 1986 agus deireadh na tréimhse faoi chaibidil ghlac an Comhchoiste fianaise mar seo a leanas:


 

Eagras

Dáta

(a)

Beirt daoine aonaracha

9 Aibreán 1986

(b)

Údarás na Gaeltachta

23 Aibreán 1986

(c)

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

30 Aibreán 1986

(d)

Lár-Choiste na nÓgeagras Gaeilge

7 Bealtaine 1986

(e)

Gael Linn Teo

14 Bealtaine 1986

(f)

Conradh na Gaeilge

18 Meitheamh 1986

3.3.3 Ar ndóigh, pléadh a lán rudaí ag na cruinnithe sin agus cé go raibh an méid céanna le rá ag eagrais éagsúla faoi roinnt ábhar, d’éirigh go maith leo i dtuairim an Chomhchoiste agus bailíodh a lán comhairle, eolais agus tuairimí, a mbeidh úsáid á baint astu amach anseo ag an gComhchoiste, faoi na nithe seo a leanas:


(a)an Ghaeilge sa Ghaeltacht;


(b)an Ghaeilge i dTithe an Oireachtais;


(c)an Ghaeilge sa Chóras Oideachais;


(d)an Ghaeilge agus cúrsaí craolacháin;


(e)an Ghaeilge agus an Stát-Chóras;


(f)comhordú ar na hEagrais Gaeilge;


(g)feidhmeanna an Chomhchoiste;


(h)polasaí náisiúnta do dhaoine óga i dtaobh na Gaeilge; agus


(i)seirbhís trí Ghaeilge ón Earnáil Phoiblí.


3.3.4 Ní mór a lua nach raibh an fhianaise ar fad a glacadh fabharach don Ghaeilge. Chuir duine aonarach tuairimí faoin nGaeilge ar fáil ag míniú a mhí-shástachta, etc., maidir leis an teanga agus lena cur chun cinn. Cé nár ghlac na comhaltaí den Chomhchoiste leis an dearcadh a léiríodh cheap siad go raibh sé suimiúil agus gurbh fhiú éisteacht a thabhairt dó.


3.4.1 Cinneadh ag an gcruinniú a tionóladh an 5 Márta 1986 go dtabharfaí cuireadh d’Ardstiúrthóir nua RTÉ teacht i láthair an Chomhchoiste amach anseo chun tuairisc a thabhairt ar sheasamh an eagrais sin vis à vis ceist na Gaeilge. D’fhreagair RTÉ an 19 Márta 1986 go mbeadh sé níos tairbhí do chách, ina dtuairim, dá bhfanfadh an Comhchoiste ar feadh cúpla mí sula dtionólfaí cruinniú.


3.4.2 Thug RTÉ le fios, ó bhéal, an 15 Bealtaine 1986 gurbh fhearr leo gan bualadh leis an gComhchoiste go dtí an Fómhar toisc go raibh roinnt ceapachán fós le déanamh ag ardleibhéal a mbeadh tionchar acu ar cheist na Gaeilge. Ghlac an Comhchoiste leis sin an 21 Bealtaine 1986 agus táthar dóchasach go dtionólfar an cruinniú i mí Mheán Fómhair, más féidir.


3.5.1 Anuas ar na cruinnithe a tionóladh sa tréimhse faoi chaibidil ghlac an Comhchoiste páirt i ngníomhaíochtaí eile, mar seo a leanas:


(a)Labhair Cathaoirleach an Chomhchoiste an 21 Márta 1986 ag oscailt oifigiúil comhdhála (a reachtáladh faoi scáth an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamh-fhorleathana) faoin téama “Foghlaimeoirí Teangacha Neamh-Fhorleathana: Riachtanais Chumarsáide Aosach”;


(b)Labhair Cathaoirleach an Chomhchoiste an 3 Bealtaine 1986 ag “Mórthionól ’86” de chuid Bhord na Gaeilge;


(c)Bhí comhaltaí den Chomhchoiste i láthair nuair a taispeánadh fís-téip, “Casadh na Taoide”, de chuid Bhord na Gaeilge i dTeach Laighean an 19 Márta 1986 — Aire na Gaeltachta a bhí i mbun na hócáide; agus


(d)Bhuail an Comhchoiste le toscaireacht ón bParlaimint i Quebec, Ceanada, an 24 Meitheamh 1986 le linn dó bheith ar cuairt go dtí an tír seo agus pléadh cúrsaí teanga i gcoitinne.


4. Deacrachtaí a chuir isteach ar obair an Chomhchoiste

4.1.1 Dá bhféadfaí cur síos a thabhairt in aon fhocal amháin ar na deacrachtaí a chuir isteach ar obair an Chomhchoiste níl amhras ach go roghnófaí an focal “moill”. Ghabh moill le beagnach gach rud a bhí ar bun ag an gComhchoiste sa tréimhse faoi chaibidil agus ba chúis éadóchais do na comhaltaí í.


4.2.1 Mar a luaitear thuas (2.2.2) cuireadh litir chuig na Comhaltaí uile den dá Theach an 10 Iúil 1985. De bharr na moille a ghabh leis na freagraí ó na Comhaltaí — in ainneoin meabhrúchán ó bhéal chucu, b’éigean don Chomhchoiste litir eile a eisiúint an 5 Feabhra 1986. Ní raibh an Comhchoiste sásta le líon na bhfreagraí a fuarthas.


4.3.1 Ghabh moill shuntasach leis na suaitheantais agus na comharthaí Gaeilge, a bhfuil tagairt déanta dóibh thuas (2.3.2), a sholáthar.


4.4.1 B’éigean don Chomhchoiste fanacht ó lár mhí Dheireadh Fómhair 1985 go dtí Márta 1986 le bun-eolas maidir le cúrsaí tuairisceoireachta agus aistriúcháin sna Tithe a bhí ag teastáil go géar chun an dara tuarascáil a ullmhú.


4.5.1 Thug an Comhchoiste faoi deara ón tús go mbeadh deacrachtaí le hathscríbhinní fianaise toisc nach raibh go leor tuairisceoirí agus clóscríobhaithe le Gaeilge ar fáil chun déileáil leo. Rinneadh achainí leis an gCeann Comhairle, le hAire na Seirbhíse Poiblí agus le Ceannaire na Dála faoin gceist ach ní raibh toradh sásúil orthu agus ní raibh athscríbhinn ar bith ar fáil ag deireadh na tréimhse faoi chaibidil — ní mór a lua gur glacadh fianaise don chéad uair an 30 Deireadh Fómhair 1985.


5. Críoch

5.1.1 Níl sa tuarascáil seo ach cur síos gairid ar cad a bhí ar bun ag an gComhchoiste ón dáta a bunaíodh é go dtí deireadh mhí an Mheithimh 1986. D’fhéadfaí a rá nach bhfuil aon éacht iontach déanta sa tréimhse sin ach fós tá sé le maíomh ag an gComhchoiste go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar sheasamh na Gaeilge i dTeach Laighean agus ní haon chéim bheag í sin. Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin a deir an seanfhocal agus tá an Comhchoiste sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Caithfear leanúint ar aghaidh leis an obair agus tá beartaithe ag an gComhchoiste gníomhú amhlaidh.


5.2.1 Sa tréimhse atá faoi chaibidil sa tuarascáil seo leagadh béim ar leith ar chur chun cinn na teanga i dTeach Laighean. Leanfar leis sin sa chéad bhliain eile agus beifear ag súil le tuilleadh feabhais. Beifear ag díriú chomh maith ar bheo-cheisteanna eile i dtaobh na Gaeilge, go háirithe cúrsaí oideachais, cúrsaí craolacháin agus ceist na Gaeilge sa Stát-Chóras.


5.3.1 Tá a fhios ag an saol gur ceist chasta í ceist na Gaeilge agus nach féidir leis an gComhchoiste seo ná aon eagras eile bheith ag súil le héachtaí laistigh d’achar gairid ama. Is féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh diaidh ar ndiaidh — rud a thógfaidh go leor ama, agus caithfear bheith foighneach. Tá tús curtha le obair mhór ag an gComhchoiste anois agus tá an fuinneamh agus an fhoighne ag na comhaltaí chun í a thabhairt chun críche. Ní dhéanfar an dul chun cinn atá riachtanach gan tacaíocht fhorleathan. Is léir go bhfuil an tacaíocht don Ghaeilge ann agus tá súil ag an gComhchoiste go léireofar í go suntasach agus go minic amach anseo — laistigh de Thithe an Oireachtais agus i measc an phobail i gcoitinne.


5.4.1 Mar fhocal scoir ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil leis na heagrais, leis na daoine agus leis na hinstitiúidí uile a chabhraigh leis le linn na tréimhse faoi chaibidil.


(Sínithe) DONNCHA Ó GALLCHOBHAIR T.D.


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


16 Iúil, 1986.