|
SEANAD ÉIREANNORDUITHE TAGARTHA(Mar a glacadh leo an 28 Samhain 1984 agus mar a leasaíodh an 17 Aibreán 1986) (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 4 chomhalta de Sheanad Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge. (2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh: (a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus (b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne, agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b). (3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhair atá cuimsithe le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin. (4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhair a chuimsítear le mír (2). (5) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Sheanad Éireann, le húdarás ón gcomhalta a bheidh as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad. (6) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, agus gach fochoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin. (7) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist. (8) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach fochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste na miontuairiscí fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham. (9) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú. (10) Gur ceathrar is córam don Chomhchoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann agus gur triúr is córam do gach fochoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann. ORDUITHE TAGARTHA(Mar a glacadh leo an 12 Nollaig 1984 agus mar a leasaíodh an 24 Meitheamh 1986) (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge. (2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh (a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus (b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne, agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b). (3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhair atá cuimsithe le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin. (4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhair a chuimsítear le mír (2). (5) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad. (6) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, agus gach fochoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin. (7) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist. (8) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach fochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste na miontuairiscí fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham. (9) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú. (10) Gur ceathrar is córam don Chomhchoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann agus gur triúr is córam do gach fochoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann. COMHALTAÍ AN CHOMHCHOISTE25 Aibreán, 1985: Na Teachtaí a toghadh mar chomhaltaí den Chomhchoiste: Bell, Michael (a) Geoghegan-Quinn, Máire Kelly, John Mac Fhionnlaoich, Donncha (d) Ó Coinnigh, Éanna (c) Ó Gallchobhair, Donncha Ó Tonnaí, Séamus Priondargást, Proinnsias de (b) 2 Bealtaine, 1985: Na Seanadóirí a toghadh mar chomhaltaí: de Brún, Séamus de Brún, Seán Ó Loingsigh, Mícheál Ó Mathúna, Flor Ag an gcruinniú den Chomhchoiste a tionóladh an 29 Bealtaine 1985 toghadh an Teacha Donncha Ó Gallchobhair mar Chathaoirleach agus an Teachta Éanna Ó Coinnigh mar Leas-Chathaoirleach. (a) urscaoileadh mar chomhalta an 19 Feabhra 1986 (b) ceaptha mar chomhalta an 19 Feabhra 1986 (c) urscaoileadh mar Leas-Chathaoirleach an 9 Iúil 1986 (d) ceaptha mar Leas-Chathaoirleach an 9 Iúil 1986 |
||||||||||||