Committee Reports::Report No. 09 - Proposal for a Twelfth VAT Directive::31 October, 1984::Report

AN TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar thogra an Choimisiúin le haghaidh an dóú treoir déag faoi Cháin Bhreisluacha (CBL) — maidir le caiteachas nach bhfuil CBL inbhainte as. Tá an dáta 25 Eanáir, 1983 leis an togra bunaidh ón gCoimisiún — COM (82) 870 críochnaitheach. De thoradh rún de chuid Pharlaimint na hEorpa, ar glacadh leis an 17 Samhain, 1983, d’athbhreithnigh an Coimisiún a thogra. Tá na leasuithe a mhol an Coimisiún le fáil i ndoiciméad COM (84) 84 críochnaitheach dar dáta 16 Feabhra, 1984. Tá scrúdú déanta ar na tograí ar son an Chomhchoiste ag a Fhochoiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais a bhfuil an Teachta Domhnall Ó hUrmhuin ina Chathaoirleach air. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Teachta Ó hUrmhuin agus a Fhochoiste de bharr a gcuid oibre. Tugadh cabhair don Chomhchoiste, ag breithniú na dtograí dó, le meamraim Ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann, ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus ón Roinn Airgeadais.


B. AN RIAIL GHINEARÁLTA MAIDIR LE CBL

2. Cáin neamhcharnach ar thomhailt chríochnaitheach is ea CBL. Bailíonn daoine, atá cláraithe chuige sin, CBL ag gach céim sa chóras táirgthe agus dáilte. Is iondúil gurb é an méid glan a bhailítear ag gach céim an méid a eascraíonn as an luach breise a chuirtear leis an earra ag an gcéim sin. Cuirtear an córas seo i bhfeidhm ina dhá chéim. An táirgeoir atá cláraithe le haghaidh CBL gearrann sé CBL táirgíochta ar chustaiméirí de réir an ráta iomchuí. Cuireann sé ar aghaidh ansin í chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Sula n-íocfaidh sé an CBL sin, áfach, féadfaidh an táirgeoir, de ghnáth, CBL a d’íoc sé féin ar ionchuir ghnó a bhaint as an tsuim atá le cur ar aghaidh aige. Go ginearálta, mar sin, ní íocann an táirgeoir atá cláraithe le haghaidh CBL cáin bhreisluacha ar ionchuir ghnó agus is é an custaiméir s’aigesean a íocann an CBL ar a tháirgí. Má úsáideann an custaiméir, ansin, na hearraí atá i gceist le haghaidh a ghnó féin cuirtear an córas céanna i bhfeidhm, agus is mar sin a leanann sé ar aghaidh go dtí gurb é an tomhaltóir deiridh a íocann an CBL ar an earra críochnaitheach.


C. CÚLRA DHRÉACHT AN DÓÚ TREOIR DÉAG FAOI CBL

3. Baineann dréacht an dóú Treoir déag faoi CBL leis na hearraí agus na seirbhísí sin a bhfuil go leor de thréithe na tomhailte críochnaithí (nó príobháidí) ag baint leo, cé go n-úsáidtear iad a bheag nó a mhór ar shlí éigin a bhaineann le gnó. I gcás an n-earraí/seirbhísí sin, ceanglaítear le hAirteagal 17(6) den Séú Treoir faoi CBL (77/388 an 17 Bealtaine, 1977)nach mbeidh CBL ar chúis ar bith “deductible on expenditure which is not strictly business expenditure, such as that on luxuries, amusements or entertainment”. Go dtí go gcuirfear córas aontaithe i bhfeidhm ar fud CEE chun plé leis na hearraí agus na seirbhísí sin “Member States may retain all the exclusions provided for under their national laws”.


Ceanglaítear ar an gComhairle leis an airteagal céanna san Séú Treoir faoi CBL teacht ar aontú maidir le bealach aontaithe chun plé leis na heisiatachtaí sin. Léiríodh dóchas sa Treoir sin go bhféadfaí teacht ar an aontú sin roimh dheireadh 1981, ach ní mar sin a tharla.


4. Seo a leanas achoimre ar fhorálacha an togra bhunaidh:


Airteagal 1

Is é a b’ábhar d’Airteagal 1 eisiamh ceart an cháin-íocóra an cháin ar chaiteachas a bhaineann le gluaisteáin paisinéirí, báid áineasa, aerárthaí príobháideacha nó gluaisrothair a asbhaint. Chreid Coimisiún CE gur cheart go mbeadh an t-eisiamh sin ann de bharr go mbíonn caiteachas riachtanach chun na feithiclí sin a fháil, caiteachas nár ghá baint a bheith aige go díreach agus go heisiatach le gnóthas, fiú amháin dá gcaithfí é i leith an ghnóthais sin.


Bhí coinníollacha ag baint leis an eisiamh-sin, áfach, chun tacú leis an gceart chun cáin ionchuir a asbhaint sa chás gur stoc trádála na feithiclí, nó gurb iad a b’ábhar do ghníomhaíocht eacnamaíochta daoine inchánach áirithe (e.g. scoileanna tiomána, cuideachtaí fruilithe gluaisteán).


Airteagal 2

Baineann an t-eisiamh dá bhforáiltear in Airteagal 2 le costais iompair a thabhaítear ar thaisteal gnó. Bhí an argóint ar son na forála sin cosúil leis an gcás a cuireadh maidir le hAirteagal 1.


Leagadh síos i mír 2 d’Airteagal 2 nár bhain an t-eisiamh sin ar chostais taistil leis na costais iompair a bheadh ar ghnóthas i leith foireann a aistriú idir áiteanna éagsúla oibre—go dtí ionaid oibre, mar shampla —ná le foireann a thabhairt chun an hoibre óna mbailte féin.


Airteagal 3

Ba í aidhm na forála sin cineál caiteachais, ar caiteachas tomhailte go príomha é, a eisiamh ó chearta asbhainte, fiú amháin dá mba i leith oibriú gnóthais a thabhófaí é.


Níor bhain an t-eisiamh sin leis na hearnálacha eacnamaíocha sin a bhíonn i mbun earraí nó seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil an t-eisiamh tugtha ina leith (óstáin, bialanna agus soláthraithe agus déantúsóirí bia). Níor bhain an t-eisiamh ach oiread le ceaintíní in áiteanna oibre, go fiú nuair nach bhféadfaidis sin a bheith ann gan cúnamh fóirdheontas, ar chuntar go raibh na fóirdheontais sin ar áireamh sa mhéid inchánach de réir Airteagal 11(A)(1)(a) den Séú Treoir.


Níor bhain an t-eisiamh ón gceart asbhainte le caiteachas a thabhaigh gnóthas ag cur cóiríocht ar fáil in aisce d’fhoireann slándála.


Airteagail 4 agus 5

Phréamhaigh na heisiataí sin, a bhain le caiteachas ar oirfide, ar shiamsaí agus ar shómais, as na hargóintí céanna atá leagtha amach thuas.


Is é an toradh a bheadh ag an Treoir seo, mar a moladh i dtosach í, ar Éirinn nach mbeadh cáin bhreisluacha inasbhainte i gcás earraí áirithe ar inasbhainte ina leith í faoi láthair, agus vice versa. Ba é an t-athrú ba mhó nárbh inasbhainte cáin ar chaiteachas ag daoine inchánach ar dheisiú agus ar chothabháil feithiclí paisinéirí. Bheadh tairbhe le baint ag an Státchiste as sin. Deirtear leis an gComhchoiste gur ghá roinnt mionathruithe ar ár gcuid reachtaíochta mar atá, ach gur beag difríocht a bheadh, tríd is tríd, sa teacht isteach ó CBL.


D. MAR ATÁ AN SCÉAL FAOI LÁTHAIR

5. Bheadh na hathruithe a leanas ar an gcéad togra ag teastáil dá gcuirfí i bhfeidhm na tograí is déanaí [Com (84) 84 críochnaitheach] atá ar aon dul leosan a moladh i rún ó Pharlaimint na hEorpa, ar glacadh leis an 17 Samhain, 1983:


Airteagal 1a: Cheadófaí laistigh de thréimhse cheithre bliana, asbhaint 50 faoin gcéad den cháin bhreisluacha maidir leis an gcaiteachas ar ghluaisteáin paisinéirí agus ar ghluaisrothair a cheannach, a mhonarú, a allmhairiú, a léasú nó a fhruiliú, a úsáid, a mhodhnú, a dheisiú nó a chothabháil (agus an chéim sin a bhaint amach de réir a chéile). Bheadh na rialacha céanna i bhfeidhm i gcás soláthairtí d’fheithiclí den sórt sin nó i gcás seirbhísí i ndáil leo.


Airteagal 2.1: Cheadófaí asbhaint cosúil leis an asbhaint in Airteagal 1a i leith taistil ghnó.


Airteagal 3a: D’fhéadfaí asbhaint iomlán a lorg i leith aon cheann de na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann Airteagail 1, 2 agus 3 nuair a chruthaítear gur chun críocha gnó amháin a tabhaíodh an caiteachas.


6. Tá plé déanta ag leibhéal na Meithle Oibre ar an dá thogra sin ón gCoimisiún. Bhí cuid mhaith easaontais mar gheall ar na tograí ag na cruinnithe sin agus beidh cruinnithe eile ag leibhéal na Meithle Oibre ag teastáil i ndáil leis na tograí athbhreithnithe. Is as an éagsúlacht mhór idir na córais náisiúnta i bhfeidhm sna Ballstáit faoi láthair a phréamhaíonn na deacrachtaí sin.


E. DEARCADH NA hÉIREANN I LEITH NA dTOGRAÍ

7. In Éirinn, ní cheadaítear CBL a asbhaint, atá íoctha i leith na nithe seo:


(a)gluaisteáin,


(b)peitreal,


(c)cóiríocht,


(d)bia agus deoch,


(e)oirfide agus caiteachas pearsanta eile.*


Tá ráite leis an gComhchoiste gur bheag an tionchar a bheadh ag tograí bunaidh an Choimisiúin ó thaobh an bhuiséid iomláin, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, ar Éirinn. Ghoillfeadh na gnéithe sin den togra a bhaineann le deisiú nó cothabháil gluaisteán paisinéirí ar thrádáil na mótar (go mór mór nuair ba 23 faoin gcéad an ráta CBL; 5 faoin gcéad atá anois ann) mar go bhfuil CBL ar na seirbhísí sin inasbhainte faoi láthair. Bheadh toradh suaithinseach ar an mbuiséad ag na tograí reatha seo, áfach. Measann na Coimisinéirí Ioncaim, ach go háirithe, gur mar a leanas a bheadh an costas bliantúil, i dtéarmaí 1984, a bhainfeadh le hasbhaint 50 faoin gcéad a cheadú i gcás gluaisteán/rothar, mar a shamhlaítear in Airteagal 1a:


a.

gluaisteain paisineiri, etc.

 

£17.5m.

b.

peitreal

 

£23.0m.

 

 

Dochar

£40.5m.

c.

deisiuchan, breoslai, bealtai

Sochar

£3.8m.

 

 

Dochar lomlan

£36.7m.

Is mór an difear idir na figiúirí sin, atá bunaithe ar fhaisnéis nua chun dáta ón bPríomh-Oifig Staidrimh, agus na figiúirí a mheastar a bheadh ann dá mba gur glacadh leis na tograí bunaidh gan athrú. Tuigtear freisin don Chomhchoiste nach fios go cruinn cad é an toradh a bheadh ag an Airteagal nua, 3a, ach go bhféadfadh tuilleadh mórchaillteanas ioncaim bheith ag gabháil lena fheidhmiú. Is dóigh gur rí-bheag an tionchar a bheadh ar an mbuiséad ag na hathruithe eile sin atá á moladh anois ag an gCoimisiún agus na tograí bunaidh sin a sheasann fós.


8. Bhí sé le rá ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann, ina haighneacht chuig an gComhchoiste maidir leis an togra bunaidh, nach bhfuil inasbhainte in Éirinn faoi láthair ach an CBL ar ghluaisteáin a fháil agus ar pheitreal a cheannach dóibh. B’eagal leis an gCónaidhm gur ualach mór breise ar an tionsclaíocht, rud a thabharfadh méadú cinnte ar phraghsanna díola, a bheadh ann dá ndéanfaí neamhinasbhainte an CBL a ghearrtar ar dheisiúchán, ar chothabháil, ar sholáthairtí, etc. Mheasan Chónaidhm gur cheart cur i gcoinne an chlaonadh chun olcais in iomaíochas costas thionsclaíocht na hÉireann ar dhóigh dó bheith ina thoradh ar thogra an Choimisiúin, agus gur cheart, ag féachaint do phróiseáil na dréacht-Treorach, breithniú nua ar fad a dhéanamh ar a iomchuí atá sé gan asbhaint a fheidhmiú ar aon chaiteachas ar fheithiclí a fhaightear agus a úsáidtear le haghaidh ghnóthas inchánach.


Ba dhóigh leis an gCónaidhm gur cheart a aithint gur gné shuaithinseach costais d’eagraíochtaí tionscail feithiclí paisinéirí a cheannach agus a rith agus, gan titim CBL a chur san áireamh, nach dtugtar faoin gcaiteachas sin ach amháin a mhéid is riachtanach le gníomhaíochtaí cuideachta a oibriú go héifeachtach. Cheap an Chónaidh, leis, go raibh sé soiléir go raibh glacadh leis an bpointe seo go forleathan laistigh den Chomhphobal, mar go bhfuil “ceathair nó cúig” de Bhallstáit, mar a léirítear i ndoiciméid an Choimisiúin, a cheadaíonn asbhaintí i gcás cheannach mótar-fheithiclí. (Ceadaítear asbhaint iomlán sa Ghearmáin, san Ísiltír agus i Lucsamburg: ceadaítear páirt-asbhaint san Iodáil agus sa Bheilg).


Mar fhocal scoir, ba é tuairim na Cónaidhme, maidir le hÉirinn go háirithe, a bhfuil lagfhorbairt ar a córais iompair phoiblí agus nach bhfuil iompar poiblí leordhóthanach aici sna mór-ionaid daonra, nach raibh aon mhodh praiticiúil eile ann chun críocha gnó seachas mótarfheithiclí a úsáid.


F. TUAIRIMÍ AN CHOMHCHOISTE

9. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh gheallúint an Choimisiúin na coinníollacha a chomhchuibhiú faoinar féidir CBL a asbhaint, chun nach mbeidh tionsclaíocht na hÉireann faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar éagsúlacht na gcóras CBL atá ann, rud a d’fhéadfadh dul i gcion freisin ar leibhéal na ranníocaíochtaí ó acmhainní dílse na mBallstát. Tuigeann an Comhchoiste go maith freisin na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann do Státchiste na hÉireann dá nglacfaí leis an togra mar atá sé faoi láthair.


Dá ainneoin sin féin, tá bá ag an gComhchoiste leis na tuairimí a nocht Cónaidhm Thionscail na hÉireann go mór mór i ndáil leis an riachtanas, ar mó é in Éirinn ná i dtíortha eile, le húsáid mhótarfheithiclí mar gheall ar theirce an daonra agus ar na deacrachtaí a bhaineann le córas iompair phoiblí nach bhfuil an scála eacnamaíochtaí ná na comhcheangail trasteorann aige atá ar mhórthír na hEorpa.


Tuigeann an Comhchoiste, leis, na buntáistí a bhainfeadh tionscal mótarfheiticlí na hÉireann as dá gcuirfí i bhfeidhm, i gcás mótarfheithiclí a fháil agus a úsáid, an leibhéal is airde inasbhainteachta a cheadófaí faoi na tograí athraithe, agus go ndéanfaí cúiteamh áirithe sa ghlanchaillteanas don Státchiste, mar a leagtar amach i mír 7 é, le méadú ar na dleachtanna a bheadh ann le bailiú de bharr díolachán breise ar na feithiclí sin.


Aithníonn an Comhchoiste, áfach, go mbeadh an éifeacht iolraitheora ar an eacnamaíocht ina hiomláine teoranta mar go gcaithfí an t-airgead breise a bheadh ar fáil ar fheithiclí allmhairithe, agus gur ghá i dtosach, b’fhéidir, an caillteanas ioncaim a mhaoiniú le hiasachtaí nó le méaduithe cánach ó fhoinsí eile.


Is ábhar buartha don Chomhchoiste, áfach, anuas ar na himpleachtaí ioncaim atá i dtograí leasaithe an Choimisiúin, go gcuirfeadh aon chastacht bhreise sa chóras CBL leis na deiseanna atá ann chun cáin a imghabháil, nó le méadú ar chostais riaracháin. Tuigtear don Chomhchoiste nach bhfuil na cainteanna ar an dréacht láithreach gafa i bhfad chun cinn fós, ach nach dealraitheach, de bharr imthosca an bhuiséid, go bhféadfaí glacadh leis san fhoirm ina bhfuil sé.


GEARÓID Ó COILEÁIN, T.D.


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


31 Deireadh Fómhair, 1984


* (Alt 12(3) den Acht CBL, 1972, arna leasú).