Committee Reports::Report No. 09 - Proposal for a Twelfth VAT Directive::31 October, 1984::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

21 Meitheamh 1983:—Ordaíodh:—(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gcomhalta de Dháil Éireann (nach ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach


(a)chun scrúdú a dhéanamh


(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh 27 de 1972), agus


(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais; agus


(b)chun scrúdú a dhéanamh ar an gceist a bhaineann le comhaltas dúbailte de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann agus de Thionól na hEorpa agus breithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir ionadaithe na hÉireann i dTionól na hEorpa agus Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus tuarascáil a thabhairt air sin do dhá Theach an Oireachtais;


(2) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann, a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad: agus go bhféadfaidh comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí de Dháil Éireann is ionadaithe i dTionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe;


(5) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin;


(6) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist;


(7) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(8) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad díobh agus ar comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad díobh [An tAire Tionscail agus Fuinnimh].


Comhaltaí an Chomhchoiste faoi Reach taíocht Thánaisteach na gComhphobal Eor pach


Teachtaí


Salbhastar Bairéad1


Maitiú Ó Braonáin


Liam de Búrca


Gearóid Ó Coileáin—Cathaoirleach


Aodh Ó Conacháin


Cathal Ó Cochláin


Breandán Ó Dálaigh


Eibhlín Uí Dheasmhumhnaigh


Risteárd Ó Dubhlainn


Brian Mac Dhurcáin


Oilibhéar Ó Flannagáin


Breandán Ó Gríobhtha


Muiris Ó Mainnín—Leas-Chathaoirleach


Dáithí Ó Maoldomhnaigh


Mícheál Ó Laoire


Domhnall Ó hUrmhuin


Seán Ó Riain


Seosamh Breathnach


Seanadóirí


Séamus Ó hUiginn


Risteárd Ó hAnragáin


Mícheál Ó Lonagáin


Cathal Mac Domhnaill


Máire Mhic Róibín


Seán de Rossa


Mícheál Mac Gabhann


1 Toghadh ina Chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, an 14 Meitheamh 1984.