|
Comhaltaí an ChoisteTeachtaí DálaMicheál Ó hUadhaigh — Cathaoirleach Gabriel de Mhistéal—Leas-Chathaoirleach Paralán Ó hEachtairn Uinseann Ó Brádaigh Seán de Brún Liam T. Mac Cosgair Seosamh Ó Dúill Seán Ó Fathaigh Máire Ní Fhlaithbheartaigh Alice Glenn Liam Ó Deaghaidh Liam Ó Sceall aigh Proinnsias de Priondargást Muiris Tailliúir Dónal de Bhailis Cléireach an Choiste: P. S. Ó Brádaigh 1 Cúlra na Tuarascála seo1.1 In Eanáir 1984, chinn an Coiste fógraíocht a dhéanamh ag lorg aighneachtaí ón bpobal agus ó eagraíochtaí ar suim leo na cúrsaí sin a thagann faoi réim a nOrduithe Tagartha. Bhí na haighneachtaí le bheith istigh an 30 Márta ar a dhéanaí. 1.2 Scrúdaigh an Coiste na haighneachtaí agus chinn sé gnéithe ar leith den cheist a phlé, lena n-áirítear tograí chun srianta a chur ar ghnólachtaí slándála príobháideacha. Fuarthas aighneachtaí ó Chomhlachas Thionscal Slándála na hÉireann Teoranta, ón gComhlachas Slándála Gairmiúil Idirnáisiúnta agus ó Chónaidhm Chuideachtaí Slándála na hÉireann. Tá gach buíon díobh sin i bhfách go mór go gcuirfí srianta de chineál éigin i bhfeidhm ar an tionscal slándála príobháideach. 1.3 Bhí cruinnithe ar leith ag an gCoiste le gach ceann de na trí bhuíon agus pléadh ábhar a n-aighneachtaí leo. Cé go raibh gach buíon i bhfách le srianta, chuir an coiste i bhfios nach gnó faoi réim go hiomlán ag na gnólachtaí atá i mbun gnó a theastaigh uathu sna srianta ach go mbeadh cosaint le fáil ag an úsáidire sa phobal. 1.4 Seasann gach ceann de na trí bhuíon do scair ar leith den tionscal slándála príobháideach: (a)Comhlachas Thionscal Slándála na hÉireann Teoranta [CTSE] Is baill den Chomhlachas seo sé cinn déag de na gnólachtaí móra sa tír a bhíonn ag plé leis an tionscal slándála príobháideach. Bíonn trí ghné den tslándáil mar chúram ar chuideachtaí an chomhlachais, eadhon, slándáil ábhartha, córais rabhaidh agus slándáil fhoirnithe. Is fiú timpeall £50 milliún an gnó sin in aghaidh na bliana agus tá suas le 3,000 duine fostaithe ann. Cé go measann an CTSE go bhféadfadh sé go bhfuil suas le 500 aonad aonair ag gabháil don ghnó slándála tráchtála, déanann cuideachtaí an chomhlachais tuairim leath an ghnó iomláin. Sula nglactar le gnólachtaí nó le cuideachtaí mar lánchomhaltaí sa Chomhlachas seo bíonn orthu, inter alia, (i) £160,000 ar a laghad de láimhdeachas a bheith acu don ghnó rabhaidh agus glas agus taisceáin agus £400,000 don ghnó iompar airgid; (ii) banna árachais a bheith acu agus (iii) ceanglais teicniúla sonraithe a chomhlíonadh. Thairis sin, ní fhostaítear ach daoine is baill de cheardchumainn. (b)An Comhlachas Slándála Gairmiúil Idirnáisiúnta [CSGI] Is comhlachas saorálach é an CSGI de dhaoine a oibríonn sa tionscal slándála. Is eagraíocht ghairmiúil domhanda é agus tá suas le céad agus daichead dá chomhaltaí anseo in Éirinn. Archeann d’aidhmeanna an Chomhlachais seo féachtar le feabhas a chur ar leibhéal agus ar fhiúntas na seirbhíse a chuireann daoine sa tslándáil phríobháideach ar fáil. Chuige sin leagann an Comhlachas béim ar leith ar oiliúint agus eagraíonn sé postchúrsaí dá chomhaltaí. (c)Cónaidhm Chuideachtaí Slándála na hÉireann [CCSE] Sé chuideachta dhéag atá sa Chónaidhm agus tá suas le 200 duine fostaithe iontu. Ní hionann an Chónaidhm agus an CTSE mar gur gnólachtaí nó cuideachtaí beaga ag gabháil don tslándáil phríobháideach is mó atá sa Chónaidhm. Bíonn ceanglais áirithe le comhlíonadh ag gnólacht nó cuideachta sula nglactar leis mó léi sa Chónaidhm. Orthu sin áirítear £2,000 ar a laghad mar scairchaipiteal, dhá bhliain de thaithí trádála, deimhniú ó iniúchóirí an iarratasóra, seiceáil ar na stiúrthóirí agus cigireacht theicniúil ar fhiúntas obair an iarratasóra roimh iarratas a dhéanamh. 2 An fás atá tagtha ar ghnólachtaí slándála príobháideacha agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil2.1 Tugadh le fios don Choiste go bhfuil méadú as miosúr ar an méid gnólachtaí slándála príobháideacha a cuireadh ar bun le deich mbliana ach ní léir go baileach cá mhéad díobh atá ann. In Éirinn níl de staitisticí foilsithe ar fáil ach an méid a chuireann an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna amach. Cé go mbaineann tuarascáil an Choimisiúin do Lúnasa/Meán Fómhair 1979 leis an ngnó seo, deir an Coimisiún nach bhfuil a bhfigiúirí iontaofa. Mheas siad go raibh suas le naoi ngnólacht is caoga i gceist. Measann CTSE áfach go bhfuil suas le 500 gnólacht slándála ann. Ní thig leis an gCoiste a rá cá mhéad gnólacht aonair atá ann ach má fhéachtar ar Leathanaigh Bhuí an Eolaí Telefóin Saineagraithe gheofar nócha gnólacht ann. Ní fhéadfadh a bheith sa chomhaireamh sin ach buille faoi thuairim mar go bhféadfadh gnólachtaí áirithe a bheith éirithe as gnó, roinnt eile a bheith tosaithe ar ghnó agus tharlódh, b’fhéidir, nach bhfuil gnólachtaí eile curtha ar an liosta ar chor ar bith. 2.2 Ós rud é nach eol líon na ngnólachtaí slándála príobháideacha ní thig leis an gCoiste a mheas cad é luach na n-earraí agus na maoine a bhfuil na gnólachtaí sin freagrach asta. Tugadh le fios dúinn gur fiú suas le £100 milliún an láimhdeachas gnó. 2.3 Ar na seirbhísí a chuireann cuideachtaí slándála ar fáil tá: Iompar Airgid Tugtar suimeanna móra airgid ó áit go háit agus gardaí slándála ina bhun. Slándáil phearsanta Cuirtear slándáil ar fáil do dhaoine agus dá n-áiteanna cónaithe. Slándáil thráchtála Cuirtear gardaí slándála ar fáil d’áitribh agus do stórais tráchtála. Trealamh slándála Cuirtear rabhaidh bhuirgléireachta agus dóiteán ar fáil agus i bhfearas; mar aon le taisceáin agus trealamh slándála eile i.e. Teilifís Chiorcaid Iata (TCI). Stáisiúin Fhaireachais Lárnacha Cuirtear seirbhís fhaireachais agus fhreagartha ar fáil ar feadh 24 uaire an chloig do ghlaonna rabhaidh agus saoráidí do ghlaonna éigeandála. Seirbhísí Comhairleacha agus Óiliúna Tugtar comhairle faoi shlándáil agus oiliúint. 2.4 Tá curtha in iúl don Choiste gur ag cabhrú leis an nGarda Síochána a bhíonn na cuideachtaí sin a chuireann seirbhísí slándála ar fáil. Is mar gheall ar nach féidir leis an nGarda Síochána freastal ar gach gné den choireacht — á cosc agus á brath — atá oiread sin d’éileamh ar ghnólachtaí slándála príobháideacha. 2.5 Is é an Garda Síochána an t-údarás a chuireann an dlí i bhfeidhm don Stát. Is é an príomh-dhualgas atá orthu an pobal a chosaint ar choireacht agus riar agus reacht a choimeád i bhfeidhm. Faoi láthair tá thart ar 11,400 Garda ann chun trí mhilliún de phobal a chosaint ar feadh ceithre huaire an chloig is fiche. Feicfear láithreach go bhfuil teorainn leis an tseirbhís a fhéadfaidh na Gardaí a chur ar fáil do chuideachtaí, d’áitribh tionscail agus tráchtála, do dhaoine nó do thithe príobháideacha. Lorgaíonn daoine seirbhís slándála ó ghnólachtaí slándála príobháideacha mar gheall ar a n-áitribh a bheith i gcontúirt ó chineálacha áirithe coireachta. 2.6 Sa chéad ásc is fiontair eacnamaíochta iad na gnólachtaí slándála tráchtála agus is cúrsaí brabúis a gcéad chúram. Tugadh le fios don Choiste gurb é an cleachtadh oibre atá ag a lán de na gnólachtaí slándála ná gnó nua a fháil agus iarracht a dhéanamh ansin daoine a fhostú gan aon oiliúint ná teagasc a bheith faighte acu chuige sin. Tá sé deacair foireann de chaighdeán sásúil a fhostú agus dá bhrí sin is ísle na rátaí pá a íoctar ná na rátaí ceardchumann a íocann CTSE agus CCSE. Is é a thoradh sin go mbíonn na gnólachtaí sin in ann tairiscint i bhfad níos ísle a chur ar fáil le haghaidh seirbhísí slándála. Bunaíonn an méid sin deacrachtaí in eagraíochtaí seirbhíse poiblí, mar ar gnách glacadh leis an tairiscint is ísle, mura rud é gur léir nár chóir glacadh léi. Ní dhéanann ball-chuideachtaí CTSE agus CCSE tairiscintí a thuilleadh leis na seirbhísí sin a chur ar fáil ó tharla nach féidir leo dul san iomaíocht leis na gnólachtaí eile. Tugadh le fios don Choiste nach bhfuil caighdeán na seirbhíse a chuirtear ar fáil do chomhlachtaí poiblí ar dhóigh ar bith sásúil; gur cur amú airgid, b’fhéidir na híocaíochtaí a thugtar do na gnólachtaí príobháideacha sin; agus go bhfuil sé deacair d’údaráis phoiblí meastóireacht a dhéanamh ar an tseirbhís a chuireann na gnólachtaí slándála príobháideacha sin ar fáil. 2.7 Tá meastóireacht á dhéanamh ag cuid de na gnólachtaí slándála tráchtála is mó ar dhaoine atá ag lorg fostaíochta agus ar a ndintiúirí. Ní fios cad é chomh fairsing ná chomh héifeachtach is atá an scéim sin. 2.8 Tá sé de nós ag a lán de na cuideachtaí árachais anois a iarraidh mar choinníoll dá bpolasaithe foireann slándála a fhostú, go háirithe má bhíonn mór-phriacal i gceist. Ina theannta sin, bíonn ar ghnóthais tráchtála na linne seo lucht slándála a fhostú le mór-chailliúintí trí choireacht agus ídiú a sheachaint mar nach bhféadfaí Gardaí a fhostú chuige sin. Mar shampla, fostaítear daoine mar bhleachtairí i siopaí, agus chun airgead faoi bhealach agus tithe geata a ghardáil. Is mó an téileamh a bheidh ag gnólachtaí tionscail agus tráchtála ar na seirbhísí sin san am le teacht, agus, dá réir sin, beidh borradh agus fás i ndán do thionscal na slándála tionscail agus tráchtála. 2.9 Tugann an Coiste dá aire go bhfuil gnólacht slándála príobháideach fruilithe ag C.I.E. ó le madraí gardála a sholáthar ar an tseirbhís nua traenach DART agus go bhfuil ag éirí go maith leis. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil údarás poiblí agus gnólacht slándála príobháideach ag comhoibriú le chéile agus go bhfuil ag éirí go maith leo an ceann is fearr a fháil ar choireacht agus ar loitiméireacht. 3 Mar atá an scéal faoi láthair maidir le srianta3.1 Cé go mbíonn ar ghnólachtaí a bhíonn ag gabháil don cheantáil, don gheall-ghlacadóireacht, do fhruiliú tacsaithe agus don iasachtú airgid ceadúnais a bheith acu nó bannaí dliteanais a iompar, níl aon cheangal dá shórt ar ghnólachtaí slándála. 3.2 Chuir an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna in iúl nár tugadh cluas ar bith do na moltaí a rinne sé faoi shrianta oifigiúla. Seo mar a dúirt an Coimisiún go stuama staidéartha i mí na Samhna 1979: “The legal position in April 1978 regarding security firms was the same as it was at the time of the Commission’s November 1975 Report. There were no legal provisions or requirements governing entry. The three organisations in the industry checked the bona fides of their members, but the number of firms in these groups represented only half the firms listed. All three organisations in the trade were in favour of a licensing system. As we stated as far back as 1975 it seems to us that some form of legal requirements on entry would be desirable, provided that these requirements do not unduly restrict new entry and competition”. 3.3 Ardaíodh an cheist faoi shrianta roinnt uaireanta i nDáil Éireann trí Cheisteanna Parlaiminte. Rinne an tAire Dlí agus Cirt ráiteas mionchruinn ar na cúrsaí sin an 23 Deireadh Fómhair 1979. Tá téacs a ráitis le fáil i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Tuarascáil seo. 4 An gá atá le srianta ar an tionscal slándála príobháideach4.1 Ar na hargóintí a cuireadh ar aghaidh le srian de chineál éigin a chur i bhfeidhm ar ghnólachtaí slándála tráchtála bhí na cinn seo a leanas: (i)Níl aon srian á dhéanamh ar na daoine atá i bhfeighil na ngnólachtaí sin ná ar an bhfoireann atá fostaithe acu. Is féidir le haon duine nó le haon daoine gnólacht slándála a bhunú agus a fhógairt chun seirbhís nó seirbhísí dá luaitear i mír 2.3 roimhe seo a thairiscint don phobal. Mar an gcéanna is féidir aon duine a fhostú chun dualgais slándála a chomhlíonadh agus níl aon smachtbhannaí ann a fhéadfar a chur ar fhostóirí nach ndéanann cúram a ndóthain den roghnóireacht. Níl aon dóigh ann a bhféadfaí tabhairt ar ghnólachtaí oiliúint a thabhairt dá bhfoireann ná, thairis sin, a fháil amach an bhfuil deiseanna oiliúna ar fáil. Níl aon teorainn leis an líon d’oibrithe páirt-aimseartha a fhéadfar a fhostú ná leis na coinníollacha oibre ar a bhfostaítear iad ná leis na huaire oibre. (ii)Níl aon dóigh ann chun gnólacht mí-éifeachtach nó gnólacht a bhfuil a ionraiceas in amhras a chosc ó ghnó a dhéanamh. (iii)Níl aon cheanglas sainordaithe ann árachas imleor a fháil chun cliaint a chosaint i leith gníomhartha fhostaithe na ngnólachtaí slándála; in amanna leagtar síos sa chonradh nach dtitfidh aon dliteanas ar an ngnólacht má bhíonn éileamh á dhéanamh ar ball. (iv)Níl aon bhealach ann ina bhféadfar a chur in iúl don phobal nár comhlíonadh an conradh, ná aon bhealach ann le tabhairt ar an gconraitheoir obair níos fearr a dhéanamh. (v)Mar gheall ar an gcineál oibre a dhéanann siad agus ar an gcineál seirbhíse a thugann siad, cuireann an cliant agus an pobal a muinín go hiomlán iontu; má loiceann orthu sa mhuinín sin is dóigh do ghnólachtaí slándála eile a bheith caillteach leis i dtús báire agus, ina dhiaidh sin, na fórsaí a chosnaíonn an dlí agus a choisceann an choireacht. (vi)Daoine aonair agus gnóthais tionscail a íocann as seirbhís nach féidir leis an Stát a sholáthar tá siad i dteideal cibé cosaint reachtaíochta a fháil is féidir a thabhairt go réasúnach chun a chinntiú gur seirbhís réasúnach an tseirbhís. (vii)Mar gheall ar chineál na seirbhísí a chuirtear ar fáil is minic go gcaitear níos mó eolais ná mar is gnách a thabhairt faoi airgead, sonraí rúnda agus maoin eile, rud a chuireann mór-chathú ar dhuine nach bhfuil ach pá fíor-shuarach aige nó ar coirpeach é, b’fhéidir a chuaigh leis an gnó sin de ghrá na coireachta amháin. (viii)Go minic, agus go háirithe maidir le patróláil agus gardáil, tá sé fíor-dheacair a chinntiú an bhfuil an tseirbhís a bhfuiltear ag íoc aisti á cur i gcrích — ar an dul sin thig le gnólacht a bhfuil teirce acmhainní ag cur as dó airgead a fháil go mí-ionraic. (ix)Mar gheall ar an bhfas atá tagtha ar ghnólachtaí slándála agus éide speisialta a bheith á chaitheamh acu go poiblí, tá cuid acu a cheapann go bhfuil cumhachtaí acu atá inchurtha le cumhachtaí na nGardaí agus ceapann an pobal freisin gur mar sin atá. Aon eagraíocht bhréag-oifigiúil a bhfuil araíonacht de chineál éigin ag baint léi agus a bhfuil éide de chineál suaithinseach le caitheamh ag a foireann ní mór dóibh a bheith faoi réir ag maoirseacht agus sriantacht an Stáit agus an méid sin a bheith tuigthe go soiléir ag gach duine. 4.2 Faoi láthair níl aon chomhlachas rialúcháin ann a bhféadfadh an pobal comhairle a leasa a fháil uaidh. Níl a shamhail ann faoi láthair ach amháin Oifig Choiscthe Coireanna an Gharda Síochána agus ansin féin, ní chuirtear dóthain foirne ná acmhainne ar fáil don Oifig sin. Tá an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán (ITTC), i gcomhar le hionadaithe ón tionscal árachais agus ón tionscal slándála, tar éis Caighdeán Éireannach (CE 199 1981) a leagan amach do rabhaidh bhuirgléireachta. Níl aon socrú cigireachta éifeachtach ann áfach do na cinn a fheistítear. Ina theannta sin, ní bhaineann CE 199 ach le caíghdeán an trealaimh agus an fheistithe — ní chiallaíonn sé go gcuirfidh an rabhadh leibhéal íosta slándála ar fáil. Tugann cuid de na cuideachtaí árachais treoir agus cúnamh freisin ar bhearta slándála don bhaile agus don ghnó. Ach sa chás seo freisin, bítear fíor-roghnach i dtaobh lacáistí agus/nó ceadú trealaimh. 4.3 San aighneacht a chuir Cónaidhm na gCuideachtaí Slándála faoi bhráid an Choiste dúirt sí “if a security officer and guard dog are assigned to protect a premises, the dog has to be licensed but the man does not”. 5 Cineálacha srianta a mholtar5.1 D’fhéadfaí srianadh a dhéanamh ar ghnólachtaí a chuireann seirbhís slándála phríobháideach ar fáil trí cheadúnais ón gCúirt Dúiche nó trí bhanna/ceadúnas trádála arna eisiúint ag Roinn Rialtais. Bheadh an dá chóras sin an-chosúil le chéile agus níor mhór mionfhaisnéis ar leith i ndáil leis an iarratas, mionsonraí faoi na daoine i gceist a thabhairt do na Gardaí agus banna árachais a fháil mar chosaint don phobal. An Chúirt Dúiche5.2 I gcás gurb ag an gCúirt Dúiche a bhí an ceadúnas le tabhairt, d’fhéadfadh an dul seo a leanas a bheith ar an nós imeachta nó ar na ceanglais: (i)Níor mhór gach iarratas ar cheadúnas a chur i scríbhinn chuig an gCúirt Dúiche tráth nach déanaí ná mí roimh dháta na héisteachta agus cóip a chur chuig an gCeannfort áitiúil. (ii)I ngach iarratas thabharfaí (a) ainmneacha, seoltaí agus sean-slite beatha na Stiúrthóirí go léir, na n-oifigeach sinsearach go léir agus na bhfoirne go léir atá leis na seirbhísí a chur ar fáil go díreach, (b) sonraí na nÁrachóirí agus réim an chumhdaigh árachais atá beartaithe ag an ngnólacht a chur ar fáil, mar aon le sonraí an bhanna dílseachta a chuirfear i mbaint leis na fostaithe, (c) tuairisc ar an gcineál éide a bheidh á caitheamh, (d) an fhoirm aitheantais a bheidh le hiompar, (e) mioneolas faoin trealamh a bheartaítear a úsáid, mar shampla, veaineanna raidió-rialaithe, raidiónna pearsanta, madraí, modhanna slándála nó cosanta, más ann dóibh, agus (f) mioneolas faoi na cláir oiliúna a chuirfear ar fáil d’fhostaithe ag obair go poiblí in éide. (iii)Nuair a bheidh an Chúirt Dúiche á chinneadh ar cheart ceadúnas a dheonú, scrúdóidh sí go grinn aon uiríolla ó na Gardaí agus breithneoidh sí freisin an leor na fíorais a bheidh tugtha san iarratas. (iv)Beidh gach ceadúnas bailí go ceann dhá mhí dhéag ó dháta a eisiúna, agus is faoi rogha na Cúirte Dúiche é a athnuachan ach cuirfidh Sí san áireamh aon uiríolla breise ó na Gardaí, aon chiontú a dhéanfar ar fhostaithe le linn dóibh bheith ag obair don iarratasóir, aon ghearáin a bhfuil bonn leo ó chliaint nó ón bpobal i gcoinne an iarratasóra nó aon duine dá fhostaithe. (v)Beidh ar gach gnólacht a cheadúnófar amhlaidh clár a choimeád dá bhfostaithe go léir ag taispeáint ainm, seoladh agus lá breithe gach fostaí mar aon leis an dáta a ndeachaigh sé i mbun seirbhíse. Coimeádfar an Clár in Oifig chláraithe nó i bpríomháit ghnó an ghnólachta agus féadfar é a bhreithniú gach tráth réasúnach má iarrann na Gardaí é. (vi)I dteannta cibé éide a bheidh le caitheamh aige beidh ar gach fostaí comhartha aitheantais atá sásúil do na Gardaí a iompar. (vii)Aon duine nó daoine nó comhlacht corpraithe a thairgfidh seirbhísí den chineál seo gan ceadúnas chuige, beidh sé nó siad ciontach i gcion. 5.3 Níor mhór táillí oiriúnacha ceadúnais a leagan amach don iarratas tosaigh agus d’iarratais eile ina dhiaidh sin, sa dóigh nach mbeadh aon rud le híoc as cistí poiblí. 5.4 Is iad na príomh-aidhmeanna atá le baint amach ná faisnéis a fháil an bhfuil an té atá ag lorg an cheadúnais ag tairiscint seirbhíse a bhfuil téagar inti ó thaobh airgeadais agus acmhainne agus in innimh cosaint dhóthanach a chur ar fáil dá chliaint, agus thairis sin a shocrú go bhféadfar agóidí a dhéanamh trí na Gardaí i dtaobh carachtar agus ionraiceas na n-iarratasóirí, i dtaobh mianach a bhfostaithe, i dtaobh an chineál seirbhíse a thugtar agus i dtaobh nithe eile a rachadh chun leasa don phobal. Banna/Ceadúnas Trádála5.5 Dá mbainfí feidhm as córas ina mbeadh banna á eisiúint ag Roinn Rialtais, thiocfadh dó go bhféadfaí an nós imeachta seo a leanas a leanúint: (i)Bheadh ar gach cuideachta a mbeadh seirbhísí slándála á dtairiscint aici clárú leis an nGarda Síochána, tar éis banna/ceadúnas trádála a fháil ón Roinn. (ii)Chun banna/ceadúnas trádála a fháil bheadh ar gach cuideachta ainm, seoladh agus sean-slite beatha a cuid stiúrthóirí, oifigeach sinsearach agus na bhfoirne go léir atá ag cur na seirbhísí ar fáil go díreach a sholáthar. (iii)Bheadh ar gach cuideachta freisin faisnéis a thabhairt faoin gcineál gnó go díreach atá le déanamh, mioneolas faoin trealamh slándála a úsáidtear agus faoi oiliúint na foirne. (iv)Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh chun na Roinne ar bhanna/ceadúnas trádála bheadh ar gach cuideachta cruthúnas a thabhairt go raibh a ndóthain árachais acu le cuideachta mheasúil árachais. (v)Ní dhéanfaí banna/ceadúnas trádála a eisiúint ach amháin nuair a bheadh na coinníollacha thuasluaite in (ii) go (iv) comhlíonta. (vi)Bheadh ar gach cuideachta a gheobhadh banna/ceadúnas trádála an uimhir cheadúnais a thaispeáint ar a bpáipéarachas clóite agus an banna/ceadúnas a bheith ar taispeáint in áit fheicealach poiblí ina n-áitreabh. (vii)Bheidh ar gach cuideachta a gheobhaidh banna/ceadúnas trádála cur gach bliain leis an bhfaisnéis a tugadh nuair a rinneadh an t-iarratas tosaigh. (viii)Is í an Roinn a dhéanfadh an fheitheoireacht agus bheadh de chead aici an banna/ceadúnas trádála a tharraingt siar dá bhfaigheadh sí amach nach raibh cuideachta slándála áirithe ag cloí leis na caighdeáin a leagadh amach in iarratas bunaidh na cuideachta sin. 6 Srianta atá i bhfeidhm i réimsí eile6.1 Cuireann an Stát srianta i bhfeidhm i réimsí iomadúla gníomhaíochtaí a fhearann ar an bpobal agus ar leas an phobail: Tugadh na srianta sin isteach ar chúinsí éagsúla, cuid acu chun ioncam a chur ar fáil agus cuid eile mar chosaint don phobal. Bhreithnigh an Coiste na srianta a bhaineann le ceantálaithe, geallghlacadóirí, tiománaithe tacsaithe agus gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas. Ceantálaithe6.2 Tá na srianta a chuirtear i bhfeidhm ar dhaoine atá ag dul i mbun gnó mar cheantálaithe leagtha amach sna hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 go 1973. Aon duine a bhfuil rún aige ceadúnas Ceantálaí a fháil ní mór dó ar dtús deimhniú cáiliúcháin a fháil ón gCúirt Dúiche. Foráiltear sa reachtaíocht na forais ar a bhféadfar diúltú d’iarratas ar dheimhniú agus orthu sin áirítear (a) an cor mar a gcinnfidh an chúirt “nach duine cuí oiriúnach an t-iarratasóir chun deimhniú a bheith aige” agus (b) “gur duine a bhféadfaí diúltú faoin alt seo dá iarratas, dá n-iarradh sé féin deimhniú cáiliúcháin, pearsa atá freagarthach nó a mbeidh beartaithe é a bheith freagarthach i mbainistí ghnótha an iarratasóra agus fós, i gcás comhluchta neamh-chorpraithe, gur pearsa den tsórt sin aon chomhalta áirithe den chomhlucht”. 6.3 Ocht lá is fiche ar a laghad roimh dheimhniú cáiliúcháin a iarraidh, ní mór don iarratasóir (a) a chur in iúl i scríbhinn don Cheannfort Garda cuí go bhfuil rún aige an t-iarratas a dhéanamh agus (b) fógra a chur i nuachtán a léitear sa cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil rún aige a phríomh-áit ghnó sa Stát a bheith aige. Beidh ar an iarratasóir banna ráthaíochta dílseachta £10,000 a bheith aige san Ard-Chúirt nó an tsuim sin a thaisceadh san Ard-Chúirt ocht lá is fiche ar a laghad roimh lá déanta an iarratais. 6.4 Má dheonaítear deimhniú cáiliúcháin iarrfaidh an t-iarratasóir ceadúnas ansin ó na Coimisinéirí Ioncaim. Geallghlacadóirí6.5 Déantar socrú san Acht um Gheall-Chur, 1931, chun gur fearrde a rialálfar agus a shrianfar daoine dar gnó geallta a ghlacadh. Socraítear ann freisin go mbeidh ar aon duine atá ag lorg ceadúnais gheallghlacadóra Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta a iarraidh ar Cheannfort den Gharda Síochána. Tugann an tAcht na forais ar a bhféadfaidh an Ceannfort diúltú géilleadh d’iarratas ar Dheimhniú agus orthu sin áitítear, mar gheall ar charachtar ginearálta nó ar bhéasa aitheanta an iarratasóra, nach duine oiriúnach chun ceadúnas geallghlacadóra a bheith aige an t-iarratasóir. Féadfaidh duine a gheobhaidh Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta ceadúnas a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim agus coimeádann na Coimisinéirí Ioncaim clár d’oifigí geallghlacadóireachta nach foláir Deimhniú Oiriúnachta Áitribh a fháil ina leith ó Cheannfort den Gharda Síochána, Tá socrú san Acht faoina bhféadtar achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta nó deimhniú oiriúnachta áitribh a thabhairt. Tiománaithe tacsaithe6.6 Sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí) (Ceadúnú), 1978 (I.R. Uimh. 292 de 1978) leagtar amach an nós imeachta chun feithiclí seirbhíse poiblí (tacsaithe) a cheadúnú. Socraítear sna Rialacháin go gcinnfidh na húdaráis áitiúla iomchuí an líon ceadúnas fruil-fheithiclí poiblí a fhéadfaidh Coimisinéir an Gharda a dheonú. Ní dheonóidh an Coimisinéir ceadúnas mura deimhin leis, i measc nithe eile, gur duine ceart oiriúnach an t-iarratasoir chun ceadúnas den sórt sin a bheith aige mar gheall ar a charachtar agus a iompar san am a caitheadh. Gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas6.7 San Acht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982, déantar socrú chun an trádáil taistil a rialáil agus chun custaiméirí gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas a chosaint. 6.8 Ní sheolfaidh duine gnó ar mthionscnóir turas ná mar ghníomhaire taistil mura mbeidh ceadúnas faighte aige ón Aire Iompair de réir fhorálacha an Achta. Diúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú mura deimhin leis go gcomhlíonann an duine sin ceanglais an Achta agus más rud é nach deimhin leis: (a)gur leor acmhainní airgeadais, gnó agus eagraíochta an duine sin agus aon socruithe airgeadais a bheidh déanta nó le déanamh aige chun a oibleagáidí iarbhír agus a chuid oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh i leith na ngníomhaíochtaí (más ann) atá á ndéanamh aige, nó atá beartaithe aige a dhéanamh, má dheonaítear an ceadúnas, nó (b)ag féachaint do ghníomhaíochtaí a rinne an duine sin nó a rinne aon duine ar fostú aige nó, i gcás gur comhlacht corpraithe an duine sin, ag féachaint do ghníomhaíochtaí a rinne aon stiúrthóir, scairshealbhóir, oifigeach nó seirbhíseach de chuid an chomhlachta chorpraithe, gur duine ceart oiriúnach an duine sin chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil, de réir mar a bheidh”. 6.9 Déantar socrú san Acht freisin go bhféadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina leagfar amach, i measc nithe eile, na coinníollacha, a bheidh le comhlíonadh sula ndeonófar ceadúnas, an modh ina ndéanfariarratais agus an cineál faisnéise agus méid na faisnéise a bheidh le tabhairt. Thairis sin, ní mór d’iarratasóirí ar cheadúnas bannaí a bheith acu ionas, i gcás a neamhábaltacht nó a mainneachtain chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, go mbeidh suim airgid ar fáil ag an Aire chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. 7 Srian ar an tionscal slándála príobháideach i dtíortha eileAn Ríocht Aontaithe7.1 Chuir an Oifig Baile páipéar díospóide amach dar teideal The Private Security Industry: A Discussion Paper i 1979 (HMSO 4/79). Ba é an cuspóir a bhí leis an bpáipear sin bheith ina pháirt den díospóireacht ar a riachtanaí a bhí sé go mbeadh rialú ar an tionscal slándála príobháideach. Tugann an páipéar léargas ar stair an tionscail slándála phríobháidigh, agus pléitear ann cuid de na nithe a eascraíonn as ceist an rialaithe. Tá eolas sa tuarascáil ar an gcaoi a bhfuil na cúrsaí sin i dtíortha eile agus tá aithris air sin i bhFoscríbhinn C a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Interpol7.2 Iarradh ar Rúnaíocht Ghinearálta Interpol, ag an 47ú Seisiún den Chomthionól i 1978, staidéar a dhéanamh ar an gcaidreamh idir na póilíní agus comhlachtaí slándála príobháideacha. Cuireadh ceisteachán go dtí na Lár-Bhiúrónna Náisiúnta go léir agus fuarthas raibh comhlachtaí at bith iontu ag plé leis an ngnó sin. As na 44 thír a bhfuil comhladhtaí slándála príobháideacha iontu, deir 29 dtír gur gá údarú ofigiúil a fháil sula mbunaítear cuideachta a fheistíonn trealamh slándála agus/nó a sholáthraíonn seirbhísí cosanta slándála. 7.3 I 19 dtír coinníonn na póilíní nó údaráis nó comhleachais eile gníomhaíochtaí comhlachtaí slándála príobháideachta faoi scrúdú. Níl sé sonraithe sa tuarascáil cé mhéad díobh sin arb iad na póilíní a dhéanann scrúdú orthu. Ní deirtear inti ach go gcoinníonn na póilíní formhór na naoi dtír déag faoi scrúdú. I gcúig thír is fiche déanann na póilíní nó údaráis eile scrúdú ar charachtar agus/nó ar stair choireachta na bhfoireann atá ar fostú ag comhlachtaí slándála. 8 Moltaí an Choiste8.1 Is eol don Choiste go maith an obair thábhachtach a dhéanann an tionscal slándála príobháideach chun coireacht a chosc. Ach, toisc nach bhfuil aon srianta ar dhaoine ag dul isteach sa tionscal, tá cead ag aon duine gnó a thosú gan taithí ná oiliúint chuige sin. Is é Iomchlár na fírinne gur féidir le daoine áirithe leas a bhaint as a bpáirt sa tseirbhís slándála le cur lena ndeiseanna chun coireanna a dhéanamh. 8.2 Toisc go gcuirtear níos mó muiníne i ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí slándála ná mar a chuirtear i ndaoine i réimsí eile tráchtála, measann an Coiste gur chóir an ghairm bheatha sin a rialáil. Dá bhrí sin, molann an Coiste go dtabharfaí srianta isteach chun a áirithiú go mbeadh ar dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí slándála príobháideacha áirithe cloí le caighdeáin íosta áirithe. 8.3 Is cuma leis an gCoiste cé acu is iad na Cúirteanna nó is Aire Rialtais a bheidh freagrach as an gcóras ceadúnúcháin. Measann an Coiste gur cheart, mar réamhchoinníoll le ceadúnas a eisiúint, go mbeadh ar chumas an údaráis atá freagrach é féin a shásamh i dtaobh acmhainní eagraíochta, airgeadais agus gnó an iarratasóra agus lena mbeas an duine ceart oiriúnach an duine sin chun ceadúnas a thabhairt dó. 8.4 Chuir an Coiste sonrú sna deacrachtaí dár thagair an tAire Dlí agus Cirt agus é ag freagairt Ceiste Parlaiminte (Foscríbhinn B). Bíodh sin mar atá, tá siad den bharúil, nár mhór, mar bheart tosaigh ar a laghad, do gach comhlacht a bhíonn ag soláthar seirbhíse slándála clárú leis an nGarda Síochána, agus nár mhór do gach duine a mbeadh baint aige leis na cúrsaí sin foirm aitheantais chaighdeánach oifigiúil a thabhairt ar aird. Tá géarghá le srianadh de chineál éigin ar an ngnó seo, ar leith ar fad ó na cúrsaí margaidh. 8.5 Molann an Coiste go ndéanfar beart láithreach chun rialuithe a chur i bhfeidhm ar an tionscal slándála príobháideach agus go mbeadh socrú sna rialuithe sin go ndéanfaí iad a chlárú leis an nGarda Síochána dá gcomhlíonfaí ceanglais áirithe. Níor cheart don chóras sin go mbeadh aon rogha ann le feidhmiú maidir le clárú gnólachtaí. Ba é an cuspóir é a chur de cheangal ar na daoine agus ar na gnólachtaí/cuideachtaí go léir atá ag obair sa tionscal slándála príobháideach iad a bheith cláraithe leis an nGarda. D’fhéadfaí cionn a dhéanamh d’aon seirbhísí den sórt sin a sholáthar gan a bheith cláraithe. Ba cheart gut chuid den nós imeacha le haghaidh an chláraithe sin eolas bunúsach a thabhairt (mar atá ráite in alt 5 thuas) i dtaobh an ghnó, eolas a mbeadh teacht ag an bpobal ari feasta. 9 Buíochas9.1 Gabhann an Coiste a bhuíochas le Cléireach an Choiste, P. Ó Brádaigh, Uas., agus leis an Rúnaí G. Ní Mhurchú, as a saothar. 9.2Tá buíochas ag gabháil freisin dóibh seo a leanas: (a)Comhlachas Thionscal Slándála na hÉireann Teoranta —Mac Uí Bhruadair, Uachtarán, Mac Uí Uistín, Mac Uí Fhiannachta agus Mac an Choiligh. (b)An Comhlachas Slándála Gairmiúil Idirnáisiúnta —Mac Uí Dhuinn, Mac an Bhreatnaigh agus Mac de Sutún (c)Cónaidhm Chuideachtaí Slándála na hÉireann —Mac Uí Fhreaghaile, Mac Uí Cheallacháin agus Mac Uí Thattersall. 9.3 B’fhiú go mór na haighneachtaí a chuir gach grúpa i láthair an Choiste. Ina theannta sin, ba dheas uathu an t-am a spáráil le teacht 1 láthair an Choiste le pointí ina gcuid aighneachtaí a thabhairt chun solais agus a chíoradh. Mícheál Ó hUadhaigh T.D., Cathaoirleach. 30 Deireadh Fómhair, 1984. |
||||||||||||