Committee Reports::Report No. 06 - Proposals relating to Equality of Opportunity (including Parental and Family Leave)::17 October, 1984::Report

TUARASCÁIL

RÉAMHRÁ

Tograí a Scrúdaíodh

1. Scrúdaigh an Comhchoiste na doiciméid agus na tógraí seo a leanas ón gCoimisiún i ndáil le ceisteanna a fhearann ar chomhdheiseanna do mhná agus d’fhir:


(a)Rún an 7 Meitheamh 1984 ón gComhairle ar bheart do chomhrac na dífhostaíochta i measc na mban [84/C 161/02].


(b)Togra i gcomhair Treoir ón gComhairle faoi fheidhmiú phrionsabal na comhchóra amhail idir fir agus mná i mbun gníomhaíochta, lena n-áirítear talmhaíocht, i gcáil fhéinfhostaithe, agus faoi chosaint do mhná féinfhostaithe le linn toirchis agus mháithreachta [Com (84) 57 críochnaitheach].


(c)Dréacht-Mholadh ón gComhairle ar dheimhinbheart do mhná a spreagadh [Com (84) 234 críochnaitheach].


(d)Tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta i dtaobh fheidhmiú an Chláir Nua um Ghníomhaíocht Chomhphobail chun comhdheiseanna do mhná a spreagadh (1982-85) [Com (83) 781 críochnaitheach].


(e)Togra i gcomhair Treoir ón gComhairle faoi Chead Saoire a lamháil do Thuismitheoirí agus faoi Chead Saoire a lamháil ar Chúinsí Teaghlaigh [Com (83) 686 críochnaitheach].


(f)Togra i gcomhair Treoir ón gComhairle ar fheidhmiú phrionsabal na comhchóra d’fhir agus do mhná i scéimeanna slándála sóisialaí gairme [Com (83) 217 críochnaitheach].


(g)Tuarascáil Eatramhach maidir le feidhmiú Threoir 79/7/CEE dar dháta 19 Nollaig, 1978 ar fheidhmiú comhleanúnach phrionsabal na comhchóra d’fhir agus do mhná i gcúrsaí slándála sóisialaí [Com (83) 793 críochnaitheach].


2. Tá scrúdú déanta ar na tograí thar ceann an Chomhchoiste ag a Fhochoiste ar chúrsaí Comhdhaonnacha, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha faoi cheannas an tSeanadóra Máire Mhic Róibín. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Mhic Róibín agus a Fochoiste as a gcuid oibre. Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur i bhfios gur mhór acu an tAire Saothair, Ruairí Ó Cuinn, T.D. a bheith i láthair ag a gcruinniú an 12 Meán Fómhair 1984 nuair a thug sé léargas ar na ceisteanna comhdhaonnacha a bheidh i dtreis le linn d’Éirinn a bheith i mbun Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí.


Fuair an Fochoiste meabhrán scríofa ón Roinn Saothair, ón Roinn Leasa Shóisialaigh agus ón nGníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta agus phléigh siad na tograí le hionadaithe ó na Ranna agus ón nGníomhaireacht sin. Bhreithnigh siad freisin meabhráin ó na Ronna na Seirbhíse Poiblí agus ó Chomhar Ceardchumann na hÉireann.


Gabhann an Comhchoiste a mhórbhuíochas le Ranna Rialtais agus comhlachtaí eile a chuir a mbarúil in iúl dóibh.


Tá buíochas speisialta ag dul do Phól Ó Cuilinn, Príomh-Oifigeach na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta, as an gcabhair as miosúr a thug sé don Chomhchoiste ag cur na Tuarascála seo le chéile dó.


TOGRAÍ AN CHOIMISIÚIN

(a) Rún ón gComhairle ar Bheart do chomhrac na Dífhostaíochta i measc na mBan.1

Réamhrá

3. Chuir an Coimisiún an Dréacht-Rún ar Bheart do Chomhrac na Dífhostaíochta i measc na mBan chuig an gComhairle an 22 Feabhra 1984. Bunaíodh an Rún sin ar Theachtaireacht ón gCoimisiún faoin Dífhostaíocht i measc na mBan. Bhreithnigh an Buanchoiste Fostaíochta an Teachtaireacht sin ag a chruinniú an 22 Samhain 1983 agus chuir an Coimisiún gach a dúradh ag an gcruinniú sin san áireamh.


Ghlac Comhairle na nAirí Gnóthaí Sóisialacha leis an Rún sin an 7 Meitheamh 1984.


Breithniú ar Rún na Comhairle

4. Tá an beart Comhphobail a mholtar sa Rún ag teacht le Rún an 12 Iúil 1982 ón gComhairle faoi bheart Comhphobail chun an dífhostaíocht i measc na mban a chomhrac agus chun comhdheiseanna fostaíochta a chur ar fáil dóibh2.


Níor mhór an Rún a leagan amach ar an dul sin, go háirithe, mar gheall ar leibhéal na dífhostaíochta a bheith i bhfad níos airde i gcás na mban sna Ballstáit i gcoitinne. Moladh dhá dhóigh leis an gcor sin a leigheas i mbeart an Chomhphobail, mar atá, deis a thabhairt do mhná bheith san iomaíocht ar an margadh iomlán saothair agus bearta cinnte a leagan amach a mbeadh baint acu leis an gcuid sin den fhostaíocht do mhná. Tá na bunphrionsabail a bhaineann leis an mbeart sin le fáil sa Rún, i.e.


—comhionannas cinnte maidir leis an gceart chun fáil a bheith ag daoine ar obair,


—comhdheiseanna faoi réim na bhforálacha ginearálta chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil,


—deimhinbheart chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú,


agus níor mhór na treoirlínte a chur i bhfeidhm ar leibhéil éagsúla i réimsí iomchuí, agus é a dhéanamh le cabhair ó Chiste Sóisialach na hEorpa.


5. Tá na prionsabail atá luaite thuas leagtha amach i gCaibidil I den Rún ina ndéileáiltear le gnáthchuspóirí na forála atá beartaithe. I gCaibidil II leagtar amach na treoirlínte do bheart faoi réim polasaithe agus cleachtais náisiúnta, maidir le poist a bhunú agus oibrithe a earcú agus maidir le hoideachas, gairmoiliúint agus treoraíocht. Measann an Comhphobal gur chóir go mbainfeadh na prionsabail agus na treoirlínte le beart a dhéanfaí ag gach leibhéal, agus go misneofaí an dá thaobh den tionscal dá mb’fhéidir é.


6. Is ísle ráta dífhostaíochta na mban in Éirinn ná ráta na bhfear agus ní gnách é sin i bhformhór na mBallstát sa Chomhphobal. Ach is léir ó threoghluaiseacht na dífhostaíochta atá cláraithe in Éirinn go bhfuil dífhostaíocht na mban ag méadú. Le dhá bhliain anuas, chuaigh scair na mban den dífhostaíocht chláraithe (arna choigeartú go séasúrach) i méid ó 23.9 faoin gcéad in Aibreán 1982 go 25.6 faoin gcéad in Aibreán 1984. Le blianta beaga anuas, ba thapúla a d’éirigh ráta dífhostaíochta na mban ná na bhfear agus sa tréimhse chéanna dhá bhliain sin go hAibreán 1984 bhí 54 faoin gcéad de mhéadú ar dhífhostaíocht ban i gcomparáid le 40.9 faoin gcéad de mhéadú ar dhífhostaíocht fear agus 44 faoin gcéad de mhéadú ar an dífhostaíocht i gcoitinne. Is fiú a lua freisin nach dócha go dtugann an figiúr do dhífhostaíocht chláraithe ban léiriú sách iomlán ar staid na fostaíochta dáiríre.


Ó Mhárta 1983 go Márta 1984 chuaigh an dífhostaíocht i méid sna Comhphobail Eorpacha mar a leanas: 7.1 faoin gcéad do mhná i gcomparáid le 5.7 faoin gcéad d’fhir agus 6.3 faoin gcéad i gcoitinne. Chuaigh scair na mban den dífhostaíocht iomlán i méid ó 40.3 faoin gcéad i Márta 1983 go 40.6 faoin gcéad i Márta 1984.


7. Le fiche bliain anuas in Éirinn d’athraigh mórscair d’fhostaíocht ban ón talmhaíocht isteach in earnálacha áirithe den earnáil seirbhísí. Um an mbliain 1981 ba san earnáil seirbhísí a bhí breis is 75 faoin gcéad den fhostaíocht ban go huile i gcomparáid le faoi bhun 63 faoin gcéad i 1961. In Éirinn i 1981, bhí 97,200 bean fostaithe mar oibrithe cléireachais i gcomparáid le 35,900 fear; agus bhí 41,400 fear ag fónamh mar riarthóirí agus bainisteoirí i gcomparáid le 6,400 bean. Ba lú an difríocht sna gairmeacha agus sna ceirdeanna, 81,200 fear agus 77,400 bean.


Sa mheitheal oibre in Éirinn is lú rátaí páirtíochta na mban ná na bhfear. Ach, cé gur thit ráta páirtíochta na bhfear ó 86.8 faoin gcéad go 84.7 faoin gcéad idir 1975 agus 1981, chuaigh ráta páirtíochta na mban in airde ó 33.9 faoin gcéad go 35.3 faoin gcéad sa tréimhse sin.


8. Is mór ar fad an mhíchothrom gairme atá sa tír seo idir fir agus mná sa mhéid a bhaineann le bealach isteach a bheith ag daoine ar an margadh saothair agus fanacht ann. Deir an tUdarás Forbartha Tionscail (UFT), atá freagrach as poist a bhunú san earnáil mhonaraíochta, gurb é is cúram dóibh fostaíocht fhíoroilte a chur ar fáil d’fhir agus do mhná. Ní chuireann sé roimhe spriocanna eagsúla le haghaidh fear agus ban. Féachtar ar na mná mar chuid thábhachtach den mheitheal oibre agus ní fhéachtar orthu mar dhíorma atá le dealú amach leo féin. Taispeánann na torthaí ón Suirbhé is deireanaí a rinneadh i mBealtaine 1983 ar Lucht Fágála Scoile a d’imigh as an oideachas dara leibhéal i 1981/82 go raibh an céatadán is mó de na mná óga ag obair san earnáil seirbhísí agus cléireachais. Maidir le fir óga, bhí a mbunáite ag obair sna láimhcheirdeanna lánoilte agus breacoilte.


9. Is iad na banoibrithe an bhuíon is túisce agus is mó a thiocfaidh faoi thionchar na nua-theicníochta faisnéise san oifig. Tá bunáite na mban fostaithe san earnáil seirbhísí agus beidh mór-thionchar ag na hathruithe scileanna a thiocfaidh as an nuachóiriú uathoibríoch ar an oifig ar a lán den obair san earnáil sin. In earnáil na faisnéise is gnáth go mbíonn na mná le fáil sna gairmeacha breacoilte, ar nós rúnaithe, agus go mbíonn na fir le fáil sna gairmeacha fíoroilte mar a ndéantar scagadh agus taifeach ar an bhfaisnéis. Dá bhrí sin, is cosúil gurb iad na fir a gheobhaidh riar mór de na poist san earnáil faisnéise agus go mbeidh laghdú ar pháirtíocht na mban.


Is eol d’AnCO gur gá do mhná óga atá ag teacht isteach sa mhargadh saothair oiliúint a fháil sna nua-theicneolaíochtaí. Sna cláir oibre atá á leagan amach ag AnCO do mhná féachtar le deighilteachas a chosc sna leibhéil scile idir daoine atá fíoroilte ó thaobh a gceirde agus iad sin atá ar an leibhéal oibre, agus thairis sin arís, idir fir agus mná. Ina theannta sin, nuair a bhí athmheas á dhéanamh ar an gcúrsa “Ar Ais ag Obair” a chuireann AnCO ar siúl do mhná, fuarthas amach gur ghá modúl nó gléasadh nua teicneolaíochta a sholáthar do na cúrsaí go léir.


10. Maidir le rannpháirtíocht na mban i scéimeanna gairmoiliúna a mhéadú, is é mar atá an scéal in Éirinn ná go bhfuil níos mó de chailíní ná de bhuachaillí páirteach sna cláir oiliúna don aos óg agus sna cláir fostaíochta agus taithí oibre, a bhíonn á maoiniú ag an tobhach fostaíochta 1 faoin gcéad ioncaim don aos óg. Tá mar bheadh dhá aidhm á bhfreastal ag an gcóras. Ar thaobh amháin, mná is mó a bhíonn páirteach sna cláir ina dtugtar oiliúint réamhfhostaíochta agus rúnaíochta nó taithí oibre (nuair is le hobair oifige go formhór a bhaineann an oiliúint). Ach ar an taobh eile, fir is mó a bhíonn páirteach sna cláir oiliúna a bhíonn á stiúradh ag AnCO.


11. Is ar an nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg (GFAÓ) a cuireadh an fhreagracht náisiúnta, faoin Aire Saothair, i leith gníomhaíochtaí don Aos Óg dífhostaithe agus na gníomhaíochtaí sin a chomheagrú. Cuireadh de dhualgas ar an nGníomhaireacht freisin féachaint chuige go gcuirfeadh na cláir oiliúna deiseanna imleora ar fáil do dhaoine óga idir bhuachaillí agus chailíní. Ina leith sin de, tá glactha ag GFAÓ le polasaí comhdheise chun daoine óga a fhostú ar scéimeanna, cláir agus tionscadail a mhaoinítear ar an tobhach fostaíochta don aos óg. Is mír thábhachtach den pholasaí é go gcuirtear iallach orthu sin go léir a eagraíonn gníomhaíochtaí a mhaoinítear as an tobhach faisnéis a chur ar fáil don GFAÓ i dtaobh líon na bhfear agus na mban atá ag fáil oiliúna nó fostaíochta. Coimeádann an GFAÓ súil ar an bhfaisnéis sin agus le himeacht aimsire beifear in ann áis a bhaint as na figiúirí chun rannpháirtíocht na mban i ngairmoiliúint a chur ar mhalairt treo.


12. Leag AnCO polasaí comhdheise amach i 1975. Tá sé ceaptha don pholasaí sin tuilleadh rannpháirtíochta a bheith ag mná agus cailíní sna cláir oiliúna; mná a thabhairt isteach i ngairmeacha a bhíodh go dtí seo ag fir; agus na sainriachtanais oiliúna a chur ar fáil do mhná a fhilleann ar obair íoctha tar éis scaithimh aimsire. I 1975 mná ab ea 10 faoin gcéad d’oiliúnaithe fásta AnCO, ach 30 faoin gcéad a líon faoi láthair. Is mná trian de na hoiliúnaithe atá páirteach sa chlár “Tosaigh do Ghnó Féin”. Ach is lú ná 1 faoin gcéad den líon iomlán printíseach an méid cailíní atá ina bprintísigh. Ar na cláir speisialta atá leagtha amach do na mná tá na Cláir — “Ar Ais ag Obair,” “Mná i bhFoilsitheoireacht,” “Mná in Innealtóireacht,” “Mná i mBainistí” agus an “Cúrsa Ríomhaire do Thionscail Teallaigh” a ritheadh ar bhonn trialach i 1983. Cuirfear tús leis an gClár “Mná i Leictreonaicí” i 1984. As an taighde a rinne AnCO tá sé faighte amach, má tá mná le hathrú isteach go sásúil sna gairmeacha a bhíodh go dtí seo ag fir, nach mór dóibh a bheith oilte go fíormhaith i gcomhair cuid de na gairmeacha is oilte. Ní haon mhaith bunscileanna chucu sin. Measann AnCO go bhfuil an-tábhacht leis an méid sin nuair a bhíonn cláir neamhthraidisiúnta á gcur i gcrích.


13. Soláthraíonn an tSeirbhís Ghairm-Threoraíochta faoi scáth na Seirbhíse Náisiúnta Daonchumhachta (SND) treoir agus comhairle do mhná a bhfuil deacrachtaí ar leith acu fostaíocht oiriúnach a fháil nó a choinneáil. Tá an tseirbhís sin ar fáil i 7 gcinn de na 8 réigiún SND sa tír (Dún Dealgan as an áireamh). Sna cúrsaí oiliúna atá leagtha amach don fhoireann sa tseirbhís seo tá modúil nó gléasadh chun a áirithiú go dtabharfaidh na hoifigigh a bhfuil an cúram orthu an chomhdheis chéanna do dhaoine dífhostaithe, fir nó mná, nuair a bheifear ag cur ainmneacha chun tosaigh le haghaidh fostaíochta.


14. Go dtí gur críochnaíodh an t-athmheas ar Chiste Sóisialach na hEorpa (CSE) i 1983, bhí an Ciste in ann cabhair airgid a thabhairt chun fostaiocht a fháil do mhná os cionn 25 bliana d’aois. Faoin bhforáil a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 1978, bhí an Ciste in ann tacú le hoibríochtaí de chineál áirithe ar na coinníollacha seo a leanas:


(i)níor mhór na hoibríochtaí a bheith leagtha amach chun spreinneáil agadh a thabhairt mná a fhostú atá 25 bliana d’aois nó os a chionn nach raibh aon cháilíochtaí gairme acu nó nach raibh a ndóthain díobh acu nuair a bhí sé ag dul an-dian ar na daoine sin dul ag obair nó dul ar ais ag obair;


(ii)níor mhór na hoibríochtaí sin a bheith bainteach le (a) mná a bhí ag iarraidh fostaíocht a fháil den chéad uair nó tar éis aga fada aimsire nó (b) mná a chaill a bhfostaíocht.


Níor mhór bearta gairmoiliúna a bheith sna hoibríochtaí sin a d’ullmhódh na mná do shaol oibre nó a spreagfadh iad chun gairmeacha nua a bheith acu agus a réiteodh an bealach dóibh le gairmeacha a bheith acu a mbeadh gealladh maith iontu.


Idir 1978 agus 1983 ceadaíodh £1.3 milliún de chúnamh ó CSE chun cláir oiliúna a chur ar fáil do mhná os cionn 25 bliana d’aois faoi scáth AnCO. Bhí baint ag na cláir sin le bainistí bhunaidh, oilteacht bhunaidh innealtóireachta, dul ar ais ag obair, foilsitheoireacht agus fíodóireacht.


15. Diomaite de na cláir sin thuas ina bhfuair na mná fabhar speisialta, riaradh go cothrom ar fhir agus ar mhná maidir le hoibríochtaí a bhí a bhí á maoiniú ag CSE. Tá méadú as miosúr ar an gcéatadán de mhná atá faoi oiliúint sna cláir éagsúla. Is léiriú air sin an céatadán de mhná ar chúrsaí oiliúna uile AnCO. Chuaigh an céatadán sin i méid ó 10 faoin gcéad i 1976 go dtí os cionn 30 faoin gcéad le cúpla bliain anuas.


16. Bhí de thoradh ar athmheas CSE, gur leagadh síos treoirlíne speisialta (F1) d’oibríochtaí atá ceaptha go speisialta do mhná atá dífhostaithe, nó faoi bhagairt dífhostaíochta, nó atá tearcfhostaithe nó ar mian leo dul ar ais ag obair chun riar níos cothroime a fháil maidir le hoibrithe fear agus oibrithe ban i bpoist ina bhfuil oibrithe ban gann.


Faoi láthair déantar gach clár oiliúna eile, nó na cláir sin chun poist a bhunú do mhná, a chur isteach in éineacht le hearnálacha eile daoine a n-iarrtar cúnamh CSE ina leith, i dhá aois-ghrúpa — faoi bhun 25 bliana d’aois agus os cionn 25 bliana d’aois.


Dearcadh an Chomhchoiste

17. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh Rún na Comhairle agus, i gcoitinne, aontaíonn siad lena bhfuil ráite sa Rún. Aontaíonn siad freisin leis an mbéim a leagann an Chomhairle ar chomhdheis mar bhunsraith chun polasaithe agus cleachtais náisiúnta a chur le chéile. Maidir le cruthú post agus earcaíocht, ba chóir go mbeadh sé de chuspóir ag na bearta a rinneadh riar níos cothroime a bhaint amach idir na fir agus na mná, go háirithe, sna poist oilte, sna nua-theicneolaíochtaí agus in aon áit ina bhfuil ionadaíocht na mban ar an gcaolchuid. Áitíonn an Comhchoiste go gcuirfí comhdheiseanna chun cinn san earnáil phoiblí agus phríobháideach. Is maith leo a chlos go bhfuil socrú déanta ag an Aire Saothair go ndéanfaí scrúdú sa Roinn ar an gceist ar chóir creat ginearálta polasaí a leagan amach ina bhféadfaí prionsabal na comhdheise a chur i bhfeidhm agus go bhfuil ar intinn ag an Aire cead an Rialtais a iarraidh gan mhoill chun an creat sin a chur i bhfeidhm i ndáil le heagraíochtaí san earnáil phoiblí. Measann an Comhchoiste, má thugtar isteach uaire luaineacha oibre agus má dhéantar laghdú agus atheagrú ar na tráthanna oibre go gcabhróidh sé le comhdheis a bhaint amach i gcúrsaí fostaíochta. Ba chóir freisin, dar leis an gComhchoiste, tabhairt faoi aosáidí cúraim leanaí (nach bhfuil mórán fáil orthu anseo), rannpháirtíocht oibre agus cosaint d’obair pháirtaimseartha, a chur ar fáil. Na mná is mó a bhíonn ag gabháil d’obair pháirtaimseartha mar gheall ar chúraimí teallaigh agus teaghlaigh. Tá an chontúirt ann, dar leis an gComhchoiste, go mbunóidh aon obair dheonach pháirtaimseartha deighilt sna poist idir na fir agus na mná.


18. Ba mhaith leis an gComhchoiste freisin teannadh leis an ngá atá le cláir agus polasaithe comhdheise a bheith á bhfeidhmiú ag an earnáil phoiblí agus ag an earnáil phríobháideach — go háirithe sna Comhlachtaí Stát-Tionscanta. San aighneacht mhionsonraithe a chuir an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta faoi bhráid an Chomhchoiste luaigh sí, inter alia, an Tuarascáil ar Scolaíocht agus Ról Fear-Oibrithe agus Ban-Oibrithe a d’iarr an Ghníomhaireacht ar an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) a ullmhú. Tugann an Tuarascáil suntas don dearcadh go bhfuil fostaíocht agus gairm na mban-oibrithe ag brath ar an oideachas atá faighte acu. Creideann an Comhchoiste go diongbháilte gur féidir a lán de na míbhuntáistí a fhearann ar mhná nuair a imíonn siad as an gcóras oideachais isteach sa mhargadh saothair a rianú siar go dtí an dearcadh seo a cheileann ar mhná aon stádas ach stádas ‘fostaí’ sa mheitheal saothair, áit a mbíonn fáil orthu féin agus ar an gcumas atá iontu go saor. Caithfear cabhrú ar gach bealach le mná teacht isteach sna gairmeacha traidisiúnta d’fhir agus ní mór iad a spreagadh le tionscnaimh áitiúla fostaíochta a chur chun cinn. Ach tá deacrachtaí le sárú ó thaobh dearcadh agus meoin sula bhféadfaidh na mná na seanmhúrtha doichill a leagan agus a gceart chun oibre agus neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach dóibh féin. Ní leor an ghairmoiliúint inti féin chun na deacrachtaí a shárú. Ní foláir cóiriú nua a chur ar na cláir teagaisc agus ar mheon na ndaoine laistigh den chóras oideachais sa dóigh go bhféadfaidh na mná cúraimí nua agus gairmeacha nua a ghlacadh chucu féin sa phobal. Tá súil ag lucht an Chomhchoiste go ndíreoidh na Boird nua Curaclaim agus Scrúduithe a n-aire go speisialta ar an gceist seo.


19. Theip ar an Rún tagairt go háirithe do na fadhbanna speisialta a bhaineann le mná dífhostaithe agus le mná ar mhaith leo teacht ar ais ag obair tar éis blianta a chaitheamh sa bhaile i bhfeighil an teaghlaigh. Ní thugtar aon chomhairle ná treoir speisialta don chineál seo oibrí agus ba mhaith leis an gComhchoiste go ndéanfaí an scéal sin a leigheas.


20. Maidir le cláir fostaíochta don aos óg, thug an Comhchoiste faoi deara gur mná is mó atá páirteach sa Chlár Taithí Oibre (CTO) a stiúraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta (SND) — 64 faoin gcéad i gcás na mban agus 36 faoin gcéad i gcás na bhfear. Is é an fáth atá leis sin ná gur san earnáil seirbhísí is mó atá na cláir taithí oibre ar siúl agus is earnáil i sin inar gnáth mná a bheith fostaithe ar obair rúnaíochta, clóscríbhneoireachta agus fáiltithe. Measann an Comhchoiste nach ndéantar dóthain iarrachta chun a iarraidh ar fhostóirí sna tionscail agus ar chailíní atá ag lorg taithí oibre bheith páirteach i gcláir tionscail. Is beag cailín a bhíonn páirteach sna Cláir Oiliúna don Aos Óg a eagraíonn AnCo mar go mbíonn saothar láimhe i gceist agus go meastar nach bhfuil an sórt sin oibre oiriúnach do chailíní. Tá an Comhchoiste á iarraidh ar na Comhlachtaí Stát-Tionscanta a bhfuil baint acu leis an ngnó gach rud is gá a dhéanamh chun cailíní a thabhairt isteach sna tionscail mar nach feasach d’aon duine cén oilteacht agus éirim nádúrtha atá iontu chun na hoibre sin. Tá sé faighte amach, mar shampla, i dtionscal na longthógála i dtíortha Lochlann go raibh na mná thar barr i mbun táthú, agus is ceird í sin a measadh ariamh do na fir.


21. Is ábhar díomá é do lucht an Chomhchoiste a fháil amach go dtéann sé an-deacair ar mhná airgead a fháil lena ngnó féin a chur ar bun agus is trua leis nach bhfuil aon reachtaíocht ann chuige sin. Táthar den bharúil nach bhfuil dóigh is fearr le tabhairt faoi fhadhb na dífhostaíochta, i gcás na mban agus na bhfear, ná go mbeadh ar chumas na ndaoine sin a ngnó féin a chur ar bun. Ach ní bhíonn na forais iasachtaíochta chomh flaithiúil céanna leis na mná is bhíonn siad leis na fir. Baineann an méid sin go háirithe le mná pósta mar go bhféachtar orthu mar dhaoine atá i dtuilleamaí go hiomlán ar a gcéilí agus go mbaineann níos mó d’fhiontar leo ná a bhaineann lena gcéilí. Téann an méid sin i gcion go mór ar chúrsaí a bhaineann le tionscnamh fostaíochta a eascraíonn as gníomhaíochtaí eacnamaíochta a thagann trí iarrachtaí na ndaoine féin, mar atá, comharchumainn, comhpháirtíochtaí, scéimeanna lucht féin-fhostaíochta agus óg-thionscnóirí. Is áthas leis an gComhchoiste gur thagair an Rún don méid sin agus beidh tuilleadh le rá acu faoin gceist níos faide anonn sa Tuarascáil seo (mír 26) nuair a bheifear ag plé togra an Choimisiúin i gcomhair Treoir ón gComhairle ar fheidmiú phrionsabal na comhchóra idir fir agus mná i mbun a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear talmhaíocht i gcáil fhéin-fhostaithe agus cosaint do mhná féin-fhostaithe le linn toirchis nó máithreachta1.


Tátal

22. Ó 1971 go 1981 bhí méadú beag ar líon na mban sa mheitheal oibre a áiríodh. Is beag a líon áfach sa phobal oibre. Nuair a fhéachtar ar na dálaí speisialta fostaíochta atá i dtreis do na mná ina mbíonn orthu feidhmiú mar oibrithe páirt-aimsire, mar eachtar-oibrithe, mar fhostaithe ag fo-chonraitheoirí éadaitheoireachta agus mar bhanchéilí d’fheirmeoirí páirtaimsire, is féidir barúil leataobhach a bheith ann faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch na mban nuair a bhítear á mheas ar an modh rialta cad é gníomhaíocht na meithle oibre. Measann an Comhchoiste gur chóir a fháil amach an leor an córas atá ann faoi láthair chun faisnéis ar obair pháirtaimsire a chur ar taifead.


Ba chóir a fháil amach an bhféadfaí fostaíocht na mban a mhéadú agus, á dhéanamh sin, níor mhór féachaint ar an gceist ó dhá thaobh, mar atá:


(a)méadú ar líon na mban ag teacht isteach sa mheitheal oibre, agus


(b)méadú ar sheal na mblianta a chaitheann mná sa mheitheal oibre.


Is léir go bhfanfaidh dífhostaíocht na mban (mar gheall ar bhreacfhostaíocht le linn blianta a dtorthúlachta) níos guagaí agus go mbeidh sé níos deacra an dífhostaíocht sin a shonrú faoi na téarmaí céanna ina sonraítear dífhostaíocht na bhfear. Ní hionann ar chor at bith aois an léiriúcháin ar stádas pósta i gcás fir dífhostaithe agus mná dífhostaithe. Is mó faoi dhó an seans atá ann gur pósta do na fir. Bíonn mná dífhostaithe i bhfad níos óige agus is mó de bhearna a bhí idir na haoiseanna sa tréimhse 1971-81.


Más aon léiriú sean-ghairm an oibrí ar an gcineál poist atá á lorg ag daoine dífhostaithe, is tuigthe gur poist dhifriúla a bhíonn á lorg ag fir dhífhostaithe agus ag mná dífhostaithe. Is féidir breis is 50 faoin gcéad de mhná dífhostaithe a chur isteach i 6 ghairm sna seirbhísí agus san éadaitheoireacht.


23. Mar gheall at na constaicí atá i mbealach na mban tá ar an gComhphobal socruithe nua a dhéanamh nuair atá dífhoistaíocht ban san Eoraip ag méadú i bhfad níos tapa ná dífhostaíocht fear. Tá a lán ionstraimí dlíthiúla déanta ag an Eoraip le comhionannas fostaíochta a chur chun cinn. Measann an Comhchoiste nuair a bheidh cáilíochtaí agus poist nua ar fáil go mbeidh deis ag mná teacht isteach i saghsanna nua gníomhaíochta agus i bpoist cháilitheacha nua. Is cabhair don ghnó áirithe seo, an obair pháirtaimsire, an cead asláithreachta do thuismitheoirí agus oiliúint na mban sna nua-theicneolaíochtaí, ach níor chóir obair pháirtaimsire a bhrú ar an mná. Ba leigheas ar chor na dífhostaíochta na tráthanna oibre a laghdú. Le cóiriú nua-aoiseach ar chúrsaí d’fhéadfadh fáil a bheith ag mná ar phoist cháilitheacha, ar an gcoinníoll go mbeidis toilteanach dul faoin oiliúint ba ghá. Caithfear a rá go soiléir gur gá eagrú nua a chur ar na tráthanna oibre mar go bhfuil a mhalairt de thuairim ann anois faoi chúram na mban agus na bhfear sna cúrsaí sin. Tá bealach isteach le déanamh fós ag dóthain ban sna ceirdeanna a bhíodh go dtí seo ag na fir fhéin, agus is sna tionscail tomhaltais ar nós teicstíleacha, éadaitheoireacht agus leathar is mó a bhíonn fostaíocht le fáil ag na mná. Is tionscail iad sin ar a ngoileann an meirfean eacnamaíochta go mór. Dá dhroim sin mhéadaigh dífhostaíocht na mban 15 faoin gcéad níos tapa ná mar a mhéadaigh dífhostaíocht na bhfear sna blianta 1970-79. Níos measa fós, mná óga faoi bhun 25 bliana d’aois ab ea duine as gach beirt a bhí dífhostaithe i 1982.


Is iomaí sin cúis agus deacracht atá leis an gcor a bheith mar atá. Orthu sin a luaigh an Coimisiún áirítear iad seo a leanas: gan dóthain de phoist nua a bheith ar fáil do mhná ag lorg fostaíochta; tuilleadh úsáide a bheith á bhaint as cineálacha guagacha fostaíochta (obair pháirtaimsire, conarthaí sealadacha nó récheaptha); easpa deiseanna oibre do mhná nach bhfuil oilte ach i réim chúng scileanna.


24. Ní mór mná óga a earcú do phoist a bhíodh go dtí seo ag na fir. Caithfear préimheanna earcaíochta roghnacha a chur ar fáil agus beidh páirt níos gníomhaí le tabhairt do mhná san ard-teicneolaíocht. Thairis sin, caithfear comhdheiseanna fostaíochta a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus tráthanna oibre a laghdú chun chomdheiseanna fostaíochta a chur ar fáil trí bhreis éascaíochta a bheith ag baint leis na tráthanna oibre. Ar deireadh thiar, beidh obair dheonach pháirtaimsire le cur chun cinn ach sa dóigh nach ndéanfaí aincheart na mban. Beidh líon na mban san ard-teicneolaíocht le méadú; caithfear grádú níos airde a dhéanamh ar na cáilíochtaí do mhná a chailleann a bpoist mar gheall ar chláir athchóiriúcháin, agus féachfar chuige go mbeidh cothrom níos fearr idir an líon fear agus an líon ban a bheidh páirteach sna cláir oiliúna, go háirithe, sna cláir nua oiliúna sa teicneolaíocht.


25. San am a mbíonn traoitheadh eacnamaíochta ann ní féidir éalú, fiú go sealadach, ó na prionsabail i dtaobh comhionannas pá ar chomhionannas oibre agus comhdheiseanna do mhná agus d’fhir mar atá leagtha síos sna dlíthe náisiúnta. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an ngealltanas ón Aire Stáit ag an Roinn Saothair le déanaí nuair a dúirt sé, agus é ag caint le hAirí Saothair CEE, go dtabharfar an tosaíocht chéanna le linn thréimhse Uachtaránachta na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa don fheachtas i leith comhchearta na mban is a tugadh dó sna deich mbliana ó 1970 nuair a rinneadh dul chun cinn mór maidir le comhionannas pá agus nithe eile.


(b) Togra i gcomhair Treoir ón gComhairle faoi Fheidhmiú Phrionsabal na Comhchóra amhail idir fir agus mná i mbun gníomhaíochta, lena n-áirítear Talmhaíocht, i gCáil Fhéin- Fhostaithe, agus faoi Chosaint do Mhná Féinfhostaithe le linn Toirchis agus Máithreachta.1

Réamhrá

26. Áirítear an togra seo freisin mar chuid den Chlár nua um Ghníomhaíocht Chomhphobail chun cabhrú le comhdheiseanna oibre do mhná (1982-85)2. An 12 Iúil 1982 ghlac Comhairle na nAirí Gnóthaí Sóisialacha le Rún chun comhdheiseanna oibre a chur ar fáil do mhná. Luaigh an Rún, i measc nithe eile, an Clár nua, agus d’fháiltigh roimh bheart tionscnaimh an Choimisiúin. D’aontaigh sé le cuspóirí ginearálta an Chláir agus chuir in iúl go raibh sé toilteanach bearta iomchuí a chur i gcrích chun an sprioc sin a bhaint amach.


Dúirt Mírbheart 5 den Chlár go molfadh an Coimisiún ionstraim dhlíthiúil Chomhphobail tar éis breithniú a dhéanamh ar na beartais lenar ghlac na Ballstáit maidir le cúrsaí áirithe a bhaineann go sonrach le banoibrithe ach nach bhfuil cumhdaithe ag Treoracha an Chomhphobail.


Dá réir sin chuir an Coimisiún togra i láthair na Comhairle an 15 Márta 1984 i gcomhair Treoir ón gComhairle ar fheidhmiú phrionsabal na comhchóra idir fir agus mná i mbun gníomhaíochta, lena n-áirítear talmhaíocht, i gcáil fhéinfhostaithe, agus faoi chosaint do mhná féin-fhostaithe le linn toirchis agus máithreachta.


27. Airteagail 100 agus 235 de Chonradh na Róimhe is bonn dlí don Treoir atá beartaithe. Tá sé riachtanach na hairteagail áirithe sin a úsáid mar gheall ar na hearnálacha éagsúla atá le clúdach i dtogra an Choimisiúin. Foráiltear in Airteagal 100 comhfhogasú a dhéanamh ar na dlíthe náisiúnta, mar tharlódh go bhféadfadh difríochtaí eatarthu bac a chur ar bhunú agus ar fheidhmiú an Chómhargaidh. Cuireann Airteagal 235 ar chumas na Comhairle, ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ón gCoimisiún, na bearta is iomchuí a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle le Tionól na hEorpa, chun ceann de chuspóirí an Chomhphobail nach dtugann Conradh an Róimhe na cumhachtaí is gá ina leith a bhaint amach.


28. Chuir an Coimisiún an Dréacht-Treoir ar aghaidh i dtús báire go dtí an Chomhairle i lár na Márta 1984 agus chuir sé leagan athchóirithe di chuig an gComhairle an 16 Aibreán 1984. Go dtí seo ní dhearnadh aon mhion-chaibidil ar an Dréacht-Treoir. Is léir, áfach, go mbeidh grinnscrúdú le déanamh ar na tograí ar an taobh teicniúil agus go mbeidh an téacs le tabhairt chun léirithe. Beidh faill ag teastáil freisin ó riaracháin náisiúnta na mBallstát chun an Treoir a phlé ina dtíortha féin mar go bhféadfadh na moltaí fearadh ar Ranna éagsúla agus ar chomhlachais éagsúla eile.


Breithniú ar an Dréacht-Treoir

29. Sna trí Threoir ón gComhairle lena bhfeidhmítear prionsabal na comhchóra idir fir agus mná déileáiltear le:


—comhfhogasú ar reachtaíocht na mBallstát i dtaobh fheidhmiú an phrionsabail maidir le comhionannas pá ar chomhionannas oibre1;


—feidhmiú na comhchóra d’fhir agus do mhná maidir le fáil a bheith acu ar fhostaíocht, gairmoiliúint agus ardú céime, agus ar dhálaí oibre2;


—feidhmiú céimnithe ar phrionsabal na comhchóra sa tslándáil shóisialach3.


Cé nach mbaineann an Treoir faoi chomhionannas pá ach le hoibrithe sa mhéid gur fostaithe iad, bíodh siad san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, is clúdach ginearálta an clúdach sa dá Threoir eile mar go mbaineann siad freisin le daoine féinfhostaithe. Ní i gcónaí a chuireann siad san áireamh na saincheisteanna a bhaineann go speisialta le daoine féinfhostaithe. Ní féidir, ach oiread, aon cheann de na treoracha a chur i mbaint go hiomlán leis na hoibrithe sin nach léir ar fad cad é a stádas gairme. D’fhéadfadh céile duine ag obair dó/di féin, mar shampla, bheith gníomhach i ngnó an teaghlaigh gan aon tairbhe a bheith le fáil as a stádas mar fhostaí nó mar chomhpháirtí gnó.


30. Sa Chlár um Ghníomhaíocht Chomhphobail maidir le Comhdheiseanna do Mhná1, leagadh béim ar na fadhbanna sonracha a bhíonn le sárú ag mná i ngairmeacha féinfhostaithe, go háirithe sa talmhaíocht (lena n-áirítear mná céile i mbun feirmeoireachta). Tugadh le fios ann, mura bhfuil stádas gairme léirshonraithe ag mná den sórt sin, go bhfuil sé an-deacair a dhéanamh amach cad é an riar dá dtuilleamh a chuirtear leis an ioncam teaghlaigh; dá bhrí sin ní léir go cruinn cad í an tslándáil shóisialach atá dlite dóibh. Go fiú nuair a dhéanann siad a gcion go hiomlán sa ghnó teaghlaigh ní aithnítear ach mar mhná tí iad, faoi mar atá sin sonraithe i ndlí an phósta.


31. Leagann an Clár béim freisin ar an ngá atá le deiseanna gairmoiliúna níos fearr a chur ar fáil do mhná sna gairmeacha féinfhostaithe, agus go háirithe, oiliúint theicniúil agus bhainistí, agus leas iomlán a bhaint a mhéid a bhaineann le mná ag obair sa talmhaíocht, as Treoir 72/161/CEE dar dháta an 17 Aibreán 1972 ina bpléitear treoraíocht daon-eacnamaíoch chun go mbeidh daoine i mbun talmhaíochta in ann scileanna gairmiúla a bhaint amach.


32. Is follas freisin go bhfuil mná agus, go háirithe, banchéilí a ghabhann páirt i seoladh gnó, ach a bhíonn ag obair gan comhaontú comhpháirtíochta ná conradh fostaíochta, ar lár go formhór as na comhlachtaí a fhreagraíonn do na gairmeacha i dtrácht; fiú nuair a thugann an dlí an ceart dóibh a bheith páirteach, rud nach fíor i gcónaí i gcás banchéilí atá rannpháirteach i seoladh gnó, is ábhar suntais é an céatadán fíor-íseal de bhanchéilí ar liostaí toghcháin agus is amhlaidh atá an scéal maidir le mná i gcoitinne a théann ar aghaidh i dtoghcháin. Ní hionann an cás maidir leis na saor-ghairmeacha, mar go mbíonn cáilíochtaí gairmiúla áirithe ag teastáil.


Thairis sin, ní hiondúil go mbíonn mná a ghabhann páirt i seoladh gnó an teaghlaigh agus na mná sin a bhíonn ar a gconlán féin ag obair dóibh féin, mar thrádálaithe, mar bhancheardaithe, mar chomhaltaí de na saor-ghairmeacha nó mar fheirmeoirí, in ann éirí as an obair sna seachtainí roimh an luí seoil agus ina dhiaidh ó tharla nach mbíonn aon liúntas ag dul dóibh lena gcúiteamh as an gcailleadh ioncaim a thitfeadh orthu trí bheith as láthair ón ngnó.


33. Cé gur mar gheall ar a stádas gairme a tharlaíonn cuid de na fadhbanna a bhíonn le sárú ag mná féin-fhostaithe, tarlaíonn fadhbanna eile mar gheall ar gur céile iad do dhuine atá ag obair ar a chuntas féin agus tarlaíonn tuilleadh fadhbanna mar gheall ar a stádas mar dhaoine atá ina máithreacha oibre nó le bheith ina máithreacha oibre.


34. Sa togra seo ag lorg Treorach tá iarracht á dhéanamh chun fuascailt a fháil ar fhadhbanna difriúla trí shraith de spriocanna ginearálta a leagan amach do na Ballstáit, cé go bhfágfaí faoi na Ballstáit féin na socruithe chuige sin a dhéanamh, sa dóigh go ndéanfaí freastal do na córais dhlíthiúla éagsúla agus d’fhorálacha lena rialaítear earnálacha gníomhaíochtaí ar leith. Is forálacha de ghnáth-chineál iad na hAirteagail 1 go 4. In Airteagail 5 agus 6 pléitear na constaicí ina gceiltear stádas comhpháirtí nó fostaí ar an gcéile. In Airteagal 7 tá forálacha chun a áirithiú go mbeidh céile dhuine fhéinfhostaithe nach bhfuil comhaontú comhpháirtíochta ná conradh fostaíochta aige nó aici i dteideal na gceart a bhaineann lena ghníomhaíocht nó lena gníomhaíocht. In Airteagal 8 foráiltear cosaint don bhean le linn toirchis agus máithreachais. Is forálacha críochnaitheacha de chineál ginearálta iad na forálacha in Airteagail 9 go 14.


Dearcadh an Chomhchoiste

35. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh thograí an Choimisiúin mar mhórchéim chun tosaigh le cearta na mban a bhaint amach agus tá súil acu go dtabharfar éifeacht a luaithe is féidir do na forálacha, go háirithe, a mhéid a bhaineann le teideal chun leas sóisialach a fháil.


Is é an teaghlach is aonad do gach pobal daoine in iarthar an domhain: mar sin féin is beag d’aitheantas a thugtar d’obair agus do pháirt na gcéilí féin-fhostaithe, go háirithe, san fheirmeoireacht. Níl aon stádas gairme sonraithe ag na mná sin. Ní mór é an pháirt a ghabhann siad i saol an phobail agus is beag ar fad é a n-ionadaíocht sna comharchumainn talmhaíochta agus sna gairmchomhlachtaí. Tá sé riachtanach go dtabharfaí aitheantas iomlán do ról sóisialach agus eacnamaíoch na mban sna cúrsaí sin, agus is dóigh leis an gComhchoiste go gcuirfidh an Treoir atá molta cor mór chun feabhais ar na cúrsaí sin.


Tuigeann an Comhchoiste go mbeidh sé deacair an togra a chur i bhfeidhm, toisc gurb é an teacghlach is aonad don fhadhb, agus thiocfadh dó, má dhéantar iarracht réiteach a fháil ar fhadhbanna nach fios do dhuine den lanúin iad a bheith ann, gur chun donais a rachadh an scéal ó thaobh an dara duine.


36. Sa Tuarascáil ar fheidhmiú scéimeanna árachais shóisialaigh maidir le daoine ar a gconlán féin agus a dteaghlaigh ag gabháil dóibh ó áit go chéile sa Chomhphobal1, bhí an Comhchoiste réamhtheachtach den bharúil go bhfuil, faoi Chonradh CEE, an ceart ag oibrithe ar a gconlán féin ar náisiúnaigh iad de Bhallstát gabháil agus cloí lena ngníomhaíochtaí eile de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ag dlíthe an Bhallstáit dheiridh sin dá náisiúnaigh féin, agus dá bhrí sin gur iomchuí na scéimeanna leasa shóisialaigh is infheidhme maidir le hoibrithe ar a gconlán féin a chur ar aon réim sna Ballstáit go léir. Níor thug, agus ní thugann, Éire, áfach, cumhdach árachais shóisialaigh d’oibrithe féinfhostatihe agus ní raibh uirthi, dá bhrí sin, glacadh leis na Rialacháin Chomhphobail a bhí molta. Bhí an Comhchoiste ag dréim áfach go dtabharfaí cumhdach faoi na scéimeanna árachais shóisialaigh do dhaoine nach raibh aon chumhdach, nó dóthain cumhdaigh acu, agus go mbeadh tograí cinnte ar fáil ina leith sin ón gComhphobal, le himeacht ama. Tá an uair sin buailte linn anois. Sa scrúdú a rinne an Comhchoiste ar an gceist i 1978 b’fhacthas dóibh go mbreathnódh daoine féin-fhostaithe ar aon scéim árachais shóisialaigh éigeantach mar ualach cánach. Ceapadh áfach go bhfuil daoine féin-fhostaithe ann a rachadh scéim árachais shóisialaigh chun tairbhe dóibh. Mar sin féin, níor mhór, chun tacaíocht an phobail a fháil, bogadh i leataobh ón éigeantas.


37. Ba mhaith leis an gComhchoiste na tuairimí seo a leanas a nochtadh ar thograí sonracha sa Dréacht-Treoir:


Airteagal 2

Baineann an tAirteagal le réim na Dréacht-Treorach. Cumhdaíonn sé daoine féinfhostaithe agus a gcéilí i gcás ina ngabhann na céilí sin mór-pháirt i ngníomhaíochtaí an oibrí fhéinfhostaithe.


Tá réim na Dréacht-Treorach fíor-chúng. Ar leith Ó oibrithe féin-fhostaithe ní chumhdaíonn sí ach céilí na n-oibrithe féinfhostaithe amháin, agus ní dhéanann sí amhlaidh ach amháin i gcás ina ngabhann na céilí mór-pháirt i ngníomhaíochtaí na n-oibrithe féinfhostaithe sin. Ach tharlódh go mbeadh an stádas gairme éiginnte céanna ag daoine eile sa teaghlach ar leith ón gcéile (mar shampla, máithreacha, iníonacha nó deirfiúracha), agus ní áirítear na cásanna sin sa Treoir is cosúil. Mar a dúradh cheana, is í aidhm na Treorach staid na mban nach bhfuil stádas gairme dearfa acu a chur ina cheart. Níor pléadh ach le ‘céilí’ sa Treoir áirithe seo agus fágadh as an áireamh an bhean a bhíonn ag obair ar an bhfeirm ar gaol, ach nach céile, í don oibrí feirme, agus ar duine í nach bhfuil stádas gairme mar fhostaí aici.


Ní mór an pointe seo a athscrúdú agus réim na Dréacht-Treorach a leathnú chun fónamh do dhaoine eile sa teaghlach. Baineann doiléire freisin leis an mbrí chruinn atá le ‘mórpháirt’ sa chomhthéacs sin. Tá an pointe sin thar a bheith tábhachtach, mar go ndéantar an pobal lena mbaineann an Dréacht-Treoir a shonrú de réir na céille a bhaintear as na focail sin. Caithfear tuilleadh léirithe a dhéanamh ar an bpointe sin.


Is mian leis an gComhchoiste a chur in iúl freisin nach n-áirítear, faoi alt 12(d) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977, fostaíocht in áit chónaithe phríobháideach nó ag neasghaol, faoi fheidhm an Achta. Uime sin ceiltear cosaint an Achta ar na hearnálacha sin a mhéid a bhaineann le hidirdhealú ar fhoras gnéis, agus/nó stádas pósta fiú, nuair a áirítear gur fostaí an stádas gairme sin. San aighneacht chun an Chomhchoiste, luaigh an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta go bhfuil sí ag iarraidh, le fada an lá, alt 12(d) d’Acht 1977 a aisghairm, ar an bhforas gur chóir gach saoránach a chosaint le dlí ó bhearta idirdhealaitheacha i ndáil le fostaíocht ar chúinsí gnéis nó stádas pósta nó teaghlaigh. Cothaíonn an bhearna sin in Acht 1977 míbhuntáiste do mhná a bhíonn ag obair sa phobal tuaithe, mar shampla, mná céile agus gaolta feirmeoirí, etc. Sa tSuirbhé ar Fhórsa Saothair CEE a rinneadh i 1979 measadh 24,800 fear agus 14,500 bean a bheith i mbun oibre ag cabhrú le gaolta. Bhí a mbunús sin ag gabháil don fheirmeoireacht, don fhoraoiseacht agus don iascaireacht.


Is cás leis an gComhchoiste nach ndearna an Rialtas aon bheart chun an cor sin a leigheas cé gur iarradh sin orthu go mion minic. I mí na Bealtaine seo caite, d’eisigh Coimisiún na gComhphobal Eorpach tuairim réasúnaithe faoi conas mar a bhí an Treoir i dtaobh comhionannas córa á cur i bhfeidhm ag Éirinn i leith rochtain ar fhostaíocht, spreagadh gairmoiliúna agus dálaí oibre. Mheas an Coimisiún nach raibh an tír seo ag comhlíonadh na Treorach ó tharla earnálacha áirithe a bheith fágtha lasmuigh de réim na reachtaíochta, ag áireamh daoine ar fostú in áit chónaí phríobháideach nó ag neasghaol.


Tá ar an gComhchoiste a chur in iúl gur ábhar díomá agus míshásaimh dóibh nach bhfuil, de réir mar is léir, aon bheart á dhéanamh ag an Rialtas de dhroim na tuairime réasúnaithe sin ón gCoimisiún.


Airteagal 4

38. Baineann an tAirteagal seo le comhchóir nó comhionannas córa a bheith ar fáil do dhaoine ag dul i mbun féinfhostaíochta dóibh. Is í aidhm an Airteagail deireadh a chur le haon idirdhealú, díreach nó neamhdhíreach, i gcás daoine, fir nó mná, a bheadh ag lorg iasachta le haghaidh gnó.


I gcás na hÉireann, ní spreagtar mná pósta de ghnáth chun comhaontuithe fruilcheannaigh a shíniú, is cuma cad é a stádas fostaíochta. Is ionann mar atá an scéal ag bean phósta a bheadh ag lorg creidhmheasa in ollstór mionreice, mar go mbeadh na comhaontuithe sin le síniú de ghnáth ag an bhfearchéile. Is é is dóichí, mar sin, gur beag fáilte a bheadh ag fear an bhainc roimh bhean fhéinfhostaithe a bheadh ag lorg airgid chaipitil chun gnó a bhunú.


Ó tharla i bhfad níos mó ban a bheith ag bunú a ngnólachtaí féin, measann an Comhchoiste go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na deiseanna céanna acu is atá ag na fir chun teacht ar airgead caipitil.


Sna Stáit Aontaithe faoi láthair, cabhraíonn an Small Business Administration le gnó mionlaigh agus le gnó faoi úinéireacht na mban. Idir 1970 agus 1980 bhí 3.3 faoin gcéad d’ardú ar ghnó faoi úinéireacht na mban agus is i ngnó nach gnách le mná gabháil a bheith acu leis is mó a tharla an méadú sin. Má tharlaíonn an rud céanna anseo in Éireann, beidh túsbhearta sainiúla polasaí ag teastáil chuige sin agus comhrochtain ar airgead caipitil. Ba chóir an reachtaíocht Mheiriceánach a scrúdú ina leith sin agus pionóis a leagan amach do d’fhorais airgeadaíochta a sháródh na forálacha. D’fhágfadh sé sin an togra seo níos éifeachtaí.


39. San Airteagal seo déileáiltear le cásanna ina seoltar gnó an teaghlaigh mar chomhpháirtíocht. Ba chóir do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirtear aon treampán ar chéilí a bheadh ag bunú cuideachta. Ó thaobh na hÉireann de, is mó i bhfad d’obair riaracháin a bhíonn ag teastáil chun chuideachta a bhunú agus a sheoladh ná chun comhpháirtíocht a bhunú agus a sheoladh. D’fhéadfaí féachaint arís ar fhocail an Airteagail ó tharla formhór na ndaoine féinfhostaithe agus a gcéilí a bheith ag obair i mionghnólachtaí.


Moltar freisin go mbeadh daoine eile sa teaghlach ar áireamh san Airteagal i dteannta na gcéilí.


Airteagal 6

40. Baineann an tAirteagal seo le cánachas. Glactar leis go bhfuil éifeacht shriantach ag rialacha cánachais fhormhór na mBallstát ar an luach saothair as obair a dhéanann céile cheannaire an ghnó agus gur minic na rialacha sin a bheith idirdhealaitheach, go díreach nó go neamhdhíreach, ina bhfeidhm.


Is í aidhm an Airteagail seo a áirithiú go bhfaighidh céile ag obair i ngnó teaghlaigh aitheantas airgeadais agus go roinnfear leis chun críocha cánach mar a roinntear le haon fhostaí eile. In Éirinn, faoi láthair, is dócha gur minic a dhéantar míléiriú sna tuairisceáin chánach ar pháirt na gcéilí sa ghnó. Ta dhá chúis leis sin:—


(1)Is fusa tuairisceáin a líonadh do dhuine amháin agus féachaint ar an ioncam ó ghnó mar ioncam teaghlaigh atá le caitheamh go comhpháirteach,


(2)Má dhéantar measúnú leithleach go mb’fhéidir go mbeadh an t-ualach cánachais níos troime agus, go neamhdhíreach, go mb’fhéidir go mbeadh níos mó ranníoca eile le déanamh ag an té atá féin-fhostaithe.


Má ghlactar leis an Airteagal seo, beidh ranníocaí leasa shóisialaigh le déanamh ag an gcéile. Áireofar gur míbhuntáiste an méid sin agus gur méadú gan ghá é ar eisíocaíochtaí an ghnó. Ní dócha go dtuigfear cad iad na buntáistí a thabharfaidh an socrú nua don chéile sa mhéid go mbeidh sonrú déanta ar a stádas pearsanta agus dlíthiúil, agus go mbeidh sé nó sí i dteideal íocaíochtaí leasa sóisialaigh a fháil. I gcás mionghnó is í an fhadhb is mó ná a fháil amach cad a chosnóidh na hathruithe nua.


Airteagal 7

41. Is é is aidhm don Airteagal seo a áirithiú go bhfaighidh céilí buntáistí ar na bealaí seo a leanas as bheith páirteach i ngnó an teaghlaigh:—


(i)luach saothair — i modh airgid nó ar dhóigh éigin eile as a gcuid oibre amhail mar a fhaigheann aon fhostaí eile;


(ii)sochair leasa shóisialaigh lena n-áirítear an ceart chun sochair toirchis agus máithreachais a chnuasach;


(iii)a bheith cláraithe le haon chumann nó comhlacht trádála nó rochtain a bheith ag an gcéile chun an chumainn nó an chomhlachta sin amhail mar a bhíonn ag an oibrí féinfhostaithe;


(iv)cearta vótála bheith ag an gcéile agus teideal chun cur isteach ar aon oifig sna comhlachtaí a fhónann d’oibrithe féinfhostaithe ar choinníoll go mbeidh na cáilíochtaí go léir is gá don oifig sin ag an gcéile; agus


(v)fáil a bheith ag an gcéile ar oiliúint agus athoiliúint faoi réir na gcoinníollacha céanna a bhaineann leis an oibrí féinfhostaithe.


Beidh sé deacair an tAirteagal seo a chur i ngníomh. Ní foláir reachtaíocht nua a thabhairt isteach agus socruithe nua a dhéanamh chun díospóidí a láimhseáil.


Is deacra fós a bheidh sé mír 7(a) a chur i ngníomh má tharlaíonn díospóid, cuir i gcás, sa teaghlach féin. I gcásanna, ar nós na feirmeoireachta, b’fhearr comhaontú nó comhshocrú a dhéanamh tráth an phósta má tá ar intinn ag an mbanchéile páirt a ghlacadh i seoladh an ghnó. Má ghlactar leis an nós sin, b’fhearr a bheifí in ann a mheas maidir le cinneadh na mná chun páirt a ghlacadh san obair gur cinneadh é obair a dhéanamh a mbeadh luach saothair nó cúiteamh de chineál éigin ag dul di as — eadhon, pá nó scair éigin de na brabúis. Má tá an Treoir atá beartaithe le fónamh do dhaoine eile sa teaghlach, áfach, d’fhéadfaí socruithe eile ar an dul céanna a dhéanamh ina leith más gá agus nuair is gá.


Maidir le mír 7(b), níl aon chóras anseo faoi láthair chun sochair leasa shóisialaigh a chur ar fáil do dhaoine féinfhostaithe. Gan é, beidh ar chéilí fanacht i mbun sochair ó phinsin neamhranníocacha, rud atá bun os cionn ar fad le héirim na Treorach atá beartaithe. Ní féidir do chéilí oibrithe féinfhostaithe sochair mháithreachais agus toirchis a chnuasach gan scéim a bheith ann do dhaoine féinfhostaithe. Tharlódh sa chás sin go mbeadh mná seachas céilí thíos leis.


Maidir le hoiliúint, leagtar síos sa Treoir atá beartaithe gur chóir go mbeadh rochtain ag céilí oibrithe féin-fhostaithe ar na dálaí céanna maidir le hoiliúint agus athoiliúint atá ar fáil ag na hoibrithe féin-fhostaithe agus go mbeadh oiliúint theicniúil dá ngairm san áireamh sin. Feictear don Choimisiún go dtabharfadh an oiliúint sin cion éigin de shlándáil nithiúil don chéile. Maidir le gairm na talmhaíochta, áfach, is fíor a rá gur fíor-bheag an oiliúint a bhí ar fáil do na mná cé is moite de bhainistí tí feirme, cócaireacht, lámhcheirdeanna, déiríocht, gairneoireacht, éanlaitheoireacht, etc ar sheachdhóigh. I mí an Mheithimh 1984 cuireadh deireadh leis an tacaíocht airgid ón Stát a chuireadh ACOT ar fáil do na cúig Choláiste Chónaitheacha Eacnamaíochta Baile Tuaithe sa tír ina dtugtaí an saghas sin oiliúna do mhná. Tuigtear, áfach, go mbeidh cúram ar leith á chur ar na coláistí sin ag cur cláir oiliúna agus fostaíochta ar fáil don aos óg faoi scáth na Gníomhaireachta Fostaíochta don Aos Óg (GFAÓ) nó AnCO. Tá an cheist sin á plé faoi láthair féachaint an bhféadfadh ceann amháin den dá eagraíocht sin, nó iad araon, cúrsaí oiliúna talmhaíochta do dhaoine óga, idir bhuachaillí agus chailíní, a riaradh trí na Coláistí sin. Ina theannta sin tá críoch de réir a chéile á chur leis an tseirbhís chomhairleach tí feirme agus seirbhís nua chomhdhaonnach-eacnamaíoch á chur ina hionad chun déileáil ar mhodh fíor-theoranta le fadhbanna feirme agus le fadhbanna na mban feirme.


Cuireann ACOT, faoi scáth na Roinne Talmhaíochta, cúrsa teastais trí bliana ar fáil san fheirmeoireacht do bhuachaillí agus do chailíní, ach is beag ar fad é líon na gcailíní a bhíonn páirteach, mar is léir ó na figiúirí seo a leanas:


Anuas go dáta, ghlac 142 páirt i Rogha 1 den Chúrsa (134 buachaill, 8 cailín); ghlac 74 buachaill páirt i Rogha 2 agus ghlac 300 páirt i Rogha 3 (294 buachaill, 6 cailín).


I Rogha 1 tugtar cúlra eolaíoch na feirmeoireachta trí chleachtadh agus teagasc foirmiúil. Baineann Rogha 2 le taithí oibre faoi mhaoirseacht ar an bhfeirm. I Rogha 3 tugtar buneolas agus bunscileanna bainistíochta trí chleachtadh agus teagasc foirmiúil i ngrúpaí.


Maidir leis an ngá atá le hoiliúint do mhná sa talmhaíocht, shonraigh Coiste na mBan den Choiste um Eagraíochtaí Talmhaíochta sa CEE roinnt limistéar ina bhféadfaí stádas na mban sa talmhaíocht a fheabhsú. Luadh fóirsheirbhísí in Airteagal 8 agus bhíothas ag súil go mbeadh cabhair le fáil ó CEE chun an tseirbhís a bhunú agus na costais reatha a íoc. Luadh freisin go bhféadfadh mná páirt níos gníomhaí a ghlacadh i gcomharchumainn, agus go bhféachfaí ar an bhfeirm teaghlaigh mar aonad amháin ina mbeadh an fearchéile agus a bhanchéile ar aon chéim mar chomhpháirtithe; go n-eagrófaí cúrsaí oiliuna le freastal do na mná agus a riachtanais; go mbeadh na liúntais chéanna le fáil ag fir agus ag mná; go bhféadfaí leas a bhaint as a liúntais chun foireann ionaid a fhostú agus go gcuirfí fóirsheirbhísí feirme ar fáil; agus, i gcás tacaíocht a bheith le fáil ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta [FEOGA] agus ó Chiste Sóisialach na hEorpa [FSE], go n-úsáidfí an t-airgead chun mná a oiliúint i modhanna feirmeoireachta agus i dtreoraíocht chomhdhaonnach-eacnamaíoch, trí chomhairleoirí breise a chur ar fáil, go háirithe, banchomhairleoirí, agus chun tuilleadh faisnéise a thabhairt d’fheirmeoirí, go háirithe banfheirmeoirí, i dtaobh na sochar agus an chúnaimh atá ar fáil dóibh as FEOGA.


Is tearc go deo iad na deiseanna atá ag mná sa tír seo ar mian leo dul i mbun feirmeoireachta agus na ngníomhaíochtaí a ghabhann léi, go háirithe, i bhfianaise dúnadh na bhforas a bhíodh ag cur na gcúrsaí sin ar fáil. Tá géarghá le cláir oibre dhearfa ina leith sin, agus ba chóir iad a thosú láithreach gan fanacht go dtí go mbeidh glactha leis an DréachtTreoir.


Airteagal 8

42. Déileálann an tAirteagal seo le cibé bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sochair mháithreachais imleora leasa shóisialaigh ag banoibrithe féinfhostaithe agus ag céilí oibrithe féin fhostaithe nó go mbeidh fáil acu ar na fóirsheirbhísí sna hagaí aimsire a mbeidh éirithe acu as obair a dhéanamh mar gheall ar thoircheas nó máithreachas.


Feictear don Chomhchoiste go mbeidh gá le scéim árachais leasa shóisialaigh do dhaoine féinfhostaithe agus tacaíocht Stáit do na fóirsheirbhísí chun sochair ar leith a chur ar fáil dóibh sin a bheadh ina dtuilleamaí. Is í fadhb an chostais an fhadhb is mó a bheidh le sárú má táthar le fóirsheirbhísí a chur ar fáil, i gcás gur ar an Stát a thitfidh an costas. Thairis sin i gcás oibrithe buntéagair (marginal workers), d’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith leis an gcostas a bhainfeadh le ranníocaí i leith scéime slándála sóisialaí, go háirithe, i gcás an bhean a bheith cumhdaithe cheana féin ag ranníocaí a fearchéile. Níor mhór glinnléiriú a bheith déanta ar an meicníocht agus ar an nós imeachta chun an tAirteagal seo a chur i ngníomh.


Airteagal 9

43. Áirítear san Airteagal seo go gcuirfear bealaí dlíthiúla ar fáil chun cabhrú le daoine a bheidh ag éileamh gur caitheadh go héagórach leo faoin Treoir. Beidh na deacrachtaí a thiocfaidh chun cinn faoi Airteagal 7 ina n-údar spairne anseo freisin.


Tátal

44. Is é togra seo an Choimisiúin ar chomhionannas córa d’fhir agus do mhná i mbun gairme neamhspleáiche an togra deiridh de cheithre Threoir maidir le comhionannas. Baineann an Treoir i dtaobh comhionannas pá go heisiach le hoibrithe tuarastail agus pá, agus cumhdaíonn an Treoir i dtaobh comhchóir maidir le fáil ar fhostaíocht, oiliúint ghairme agus dálaí oibre, agus an ceann i dtaobh slándáil shóisialach, oibrithe neamhspleácha freisin. Mar sin féin, ní i gcónaí a chuirtear san áireamh an leagan amach speisialta a bhaineann le staid na n-oibrithe neamhspleácha agus ní féidir aon cheann díobh a chur i mbaint go hiomlán le hoibrithe nach léir go cruinn a stádas gairme. D’fhéadfadh, mar shampla, fearchéile nó banchéile do dhuine a bhíonn ag obair go neamhspleách, páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnó an teaghlaigh gan stádas fostaí ná comhaltais a bheith aige. Agus, sa mhéid nach mbíonn stádas gairme dá gcuid féin ag na mná sin (ar feirmeoirí a bhformhór), is deacair a dhéanamh amach cad é an ranníoc a dhéanann siad i leith ioncam an teaghlaigh agus cad é an teideal atá acu slándáil shóisialach a fháil. Go fiú nuair a bhíonn páirt omlán acu ag seoladh fheirm an teaghlaigh ní bhíonn de stádas acu go minic ach bean tí, mar a shonraítear i ndlí an phósta.


Dá réir sin, baineann an Treoir le gach duine a fheidhmíonn gairm neamhspleách in éineacht lena gcéilí ach nach bhfaigheann tuarastal ná nach n-aicmítear mar chomhaltaí ach, mar sin féin, a ghabhann páirt ghníomhach i ngnó neamhspleách a gcéilí. Leagann an Treoir amach prionsabal na comhchóra sna téarmaí seo a leanas: easpa idirdhealaithe a bheadh, go díreach nó go neamhdhíreach, bunaithe ar ghnéas, go háirithe ag féachaint don stádas pósta nó teaghlaigh.


45. I dteannta na mbeart dlíthiúil is gá chun éifeacht a thabhairt don Dréacht-Treoir, ba mhaith leis an gComhchoiste aird a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann le cur chun cinn na Treorach a luaithe a thiocfaidh sí in éifeacht. Ba chóir, dar leis an gComhchoiste, go mbeadh ar na Ballstáit feachtais a eagrú chun daoine a chur ar an eolas i dtaobh a bhfuil sa togra. Tá sé fíorthábhachtach go dtabharfar iomlán faisnéise dóibh sin go léir ar bhuntáiste dóibh an Treoir nuair a ghlacfar léi agus do na heagraíochtaí go léir a mbainfidh an Treoir leo, mar shampla, comhlachtaí oiliúna agus eagraíochtaí a bhíonn ag feidhmiú do lucht féinfhostaithe, etc.


46. Tá tograí i dtaobh árachas sóisialach a chur ar fáil do lucht féinfhostaithe á mbreithniú faoi láthair ag an Rialtas mar chuid de Phlean Náisiúnta Pinsin. Ba chabhair na tograí sin ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a thitfeadh orainn dá nglacfaí leis an Dréacht-Treoir ina comhdhéanamh láithreach.


Tá an Comhchoiste ag tnúth le cinneadh a fháil go luath faoin bPlean Náisiúnta Pinsin ionas gur féidir leis é a chur i gcóimheas le tograí an Choimisiúin faoin Dréacht-Treoir agus tá súil aige go bhféadfar é sin a dhéanamh gan aon ró-mhoill.


(c) Dréacht-Mholadh ón gComhairle i dtaobh Deimhin-bheart do Mhná a Spreagadh1

Réamhrá

47. Is cuid í an togra seo den Chlár nua um Ghníomhaíocht Chomhphobail chun Comhdheiseanna do Mhná a Spreagadh (1982-85). Sa Rún lenar ghlac Comhairle na nAirí um Ghnóthaí Sóisialacha an 12 Iúil 1982 i dtaobh comhdheiseanna do mhná a spreagadh, cuireadh sonrú sa Chlár nua, cuireadh fáilte roimh bheart tionscnaimh an Choimisiúin, agus tugadh le fios go raibh an Chomhairle i bhfách le bearta iomchuí a chur i gcrích chun cuspóirí ginearálta an Chláir nua a bhaint amach. I Mírbheart 9 den Chlár, dírítear go speisialta ar imchruth reachtaíochta a spreagadh, ar an leibhéal náisiúnta, chun beart dearfa a chur dá dhéanamh.


Dá réir sin, ar an 24 Aibreán 1984, chuir an Coimisiún togra i láthair na Comhairle ag lorg Moladh ón gComhairle i dtaobh Deimhin-bheart do Mhná a Spreagadh. Mar bhonn dlíthiúil don togra, tá Treoir 76/207/CEE ón gComhairle i dtaobh fheidhmiú phrionsabal na comhchóra amhail idir fir agus mná maidir le fáil a bheith ag daoine ar fhostaíocht, ar ghairmoiliúint, ar ardú céime agus i ndálaí oibre. Leagtar síos an méid seo a leanas in Airteagal 2(4) den Treoir:


“This Directive shall be without prejudice to measures taken to promote equal opportunity for men and women, in particular by removing existing equalities which affect women’s opportunities in the areas referred to in Article 1(1)”.


48. Faoi mar atá an Dréacht-Mholadh leagtha amach faoi láthair, moltar, i measc nithe eile, go mbeadh bearta speisialta le déanamh ag an earnáil phoiblí chun mí-ionannais de facto a fhearann ar mhná sa saol oibre a chur ar ceal, le súil go leanfadh an earnáil phríobháideach a sampla.


Má ghlactar leis an Dréacht-Mholadh, is ionstraim Chomhphobail nach mbeidh ina cheangal ar Bhallstáit a bheidh de thoradh air. Ar an dul sin, bheifí in ann freastal do chleachtais agus d’fhorálacha náisiúnta agus thabharfadh sé éascaíocht do ghnólachtaí aonair glacadh leis na bearta ab oiriúnaí dá ndálaí féin.


Tá meitheal oibre ón gComhairle um Ghnóthaí Sóisialacha tar éis an Dréacht-Mholadh a bhreithniú.


Breithniú ar an Dréacht-Mholadh ón gComhairle

49. I Mírbheart 9 den Chlár nua um Ghníomhaíocht Chomhphobail chun Comhdheiseanna do Mhná a Spreagadh (1982-85), cuirtear síos ar dheimhinbheart a spreagadh d’fhonn imchruth reachtaíochta a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta. Tá foráil chuige sin in Airteagal 2(4) sa Treoir 76/207/CEE i dtaobh comhionannas córa ina dtugtar cead do Bhallstáit bearta den sórt sin a dhéanamh. Tá faighte amach ag an gComhphobal nuair a bhíonn imchruth reachtaíochta i dtaobh forálacha deimhinbhirt á fheidhmiú agus na pionóis a ghabhann leo ar iarraidh go ndéantar neamart de ghnáth i ngníomhaíocht phraiticiúil.


50. Anseo thíos, tá achoimre tugtha ar an éifeacht a mheasann an Comhchoiste a bheidh ag forálacha deimhinbhirt ar an meitheal oibre sa tír seo:


Tá sé deich mbliana ó tugadh isteach san Oireachtas an chéad reachtaíocht chun idirdhealú a chur ar ceal sa láthair oibre, mar chuid den chlár ar ar thug an tAire Saothair ‘tríonóid reachtaíochta’ chun déileáil le hidirdhealú i ngach gné den fhostaíocht. Sa ‘tríonóid’ bheadh reachtaíocht i dtaobh comhionannas pá, comhdheiseanna agus dífhostú éagórach. Dúirt an tAire san am go mbeadh an reachtaíocht i dtaobh idirdhealú ina sampla don phobal. Bhíothas á cheapadh, dá mbeadh rath le bheith ar an sampla, go mbeadh túsbhearta ó lucht bainistí agus lucht ceardchumann riachtanach. Ó tharla a gcúraimí féin a bheith le cur i gcrích ag an dá dhream sin is ar an mbainistíocht a bheadh an fhreagracht is mó chun an reachtaíocht a dhéanamh éifeachtach. Sa reachtaíocht faoi chomhionannas luaitear na fostóirí go speisialta mar dhream a mbeadh sé d’oibleagáid orthu comhdheiseanna fostaíochta a chur ar fáil, agus uime sin, is iad san is mó a bheadh i dtrácht ag tabhairt éifeachta do na bearta sin.


51. Ní comhairle úrnua í an chomhairle sin don bhainistíocht. Tá an chomhairle sin athluaite agus athléirithe go minic le blianta ag comhlachtaí ar nós na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta. Ach sa tréimhse ama sin tar éis bheith ag tathaint agus ag tabhairt comhairle faoi na polasaithe is gá, is beag é líon na n-eagraíochtaí sa tír seo a bhfuil na polasaithe sin leagtha amach acu, agus is lú ná sin an líon díobh a d’fhéach chuige go mbeadh a modh oibre ag cur leis na dea-rúin atá sonraithe ina bpolasaithe.


Liostáiltear anseo thíos cuid de na fáthanna ar dóigh leis an gComhchoiste nach bhfuil leorbheart déanta ag an mbainistíocht chun polasaithe comhdheise a chur i gcrích:


na daoine sin a bhfuil an chumhacht agus an tionchar acu chun éifeacht a thabhairt do pholasaithe comhdheise, ní mheasann siad go bhfuil aon ghá leis na polasaithe sin. Fir iad a bhformhór agus níl aon taithí dhíreach acu ar na fadhbanna. Is beag a mbíonn de mhná sa tionscal déantúsaíochta agus is fíor-chorr dhuine acu a mbíonn baint acu leis an mbainistíocht. Meastar mar sin nach gá aird a thabhairt orthu sin atá ag lorg an chomhionannais mar nach bhfuil iontu ach mionlach; ní fhóireann na hathruithe a mholann eagraíochtaí ar nós na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta do chóras eile sa chuideachta. Mar shampla, ní luífeadh sé le ciall a iarraidh ar eagraíocht nach bhfuil aon chóras foirmeálta aici chun faireachas a dhéanamh ar dhíolacháin nó ar chúrsaíocht airgid córas foirmeálta a chur ar bun chun faireachas a dhéanamh ar pholasaí comhdheise. Nuair a riarann eagraíocht a gnó gan polasaithe ná nósanna imeachta scríofa ní dócha go mbeidh ar a cumas ceist na comhdheise a láimhseáil trí pholasaithe agus nósanna imeachta a ghlacadh chuici féin. I gcás ina n-imeoidh eagraíocht ón ngnáthchleahtas a bhíonn aici agus go n-eiseoidh sí polasaí foirmeálta ní dócha go n-éireoidh leis. Beidh bainisteoirí den bharúil nach bhfuil sa pholasaí scríofa ach mír fógraíochta don phobal mar go dtuigeann siad féin nach mar sin a chuirfeadh an chuideachta chun na hoibre dá mbeadh a hintinn leagtha ar an gcúram.


Sna cásanna inar thug eagraíochtaí polasaithe agus nósanna imeachta isteach chun freagairt d’idirdhealú, tá fáthanna éagsúla ann nach raibh an éifeacht leo a ba chóir:


d’fhéadfaí a rá nach follas i gcónaí an t-athrú de réir a chéile a thagann ar iompar daoine nuair a athraítear polasaí. Ní haon ábhar misnigh é sin do dhaoine a bhfuil deiseanna á gcailliúint acu faoi láthair;


maidir le heagraíochtaí a n-éiríonn leo athrú a dhéanamh d’fhonn athruithe foirmeálta a thabhairt i gcrích ar fhormhór na sain-cheisteanna, ní dócha go n-éireoidh leo nuair is í an chomhdheis fostaíochta a bhíonn i gceist. Tharlódh b’fhéidir, go mbeadh tuiscint ar bhrí an pholasaí nua ach nach ndéanfaí ach na hathruithe ba mhine. Tharlódh sin nuair is í saincheist na comhdheise a bheadh i gceist mar nach bhféadfaí iaróga uile an athruithe a shainiú go beacht agus tá mórmhearbhall ar dhaoine faoi idirdhealú neamhdhíreach agus idirdhealú contrártha. Ní dhéanfar dearcadh agus barúlacha daoine faoi mhná a athrú le lámhleabhar polasaí mar go mbíonn an dearcadh agus na barúlacha sin leo ón gcliabhán; agus


tá sé an-éasca i mbunús na n-eagraíochtaí neamhshuim a dhéanamh de dhearbhuithe i dtaobh i bhfuil ar intinn a dhéanamh.


52. Tuigtear don Chomhchoiste gur ar na cúiseanna sin a chinn an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta le gairid ar Chód Cleachtais a fhoilsiú. Tá treoirlínte sa Chód le bheith ina gcabhair d’fhostóirí agus do cheardchumainn chun a thuiscint conas mar a oibríonn idirdhealú, idir dhíreach agus neamhdhíreach, in aghaidh na mban. D’iarr an Ghníomhaireacht ar fhostóirí agus comhlachtaí ceardchumann scrúdú a dhéanamh ar an gCód, nach bhfuil aige faoi láthair ach stádas comhairleach, agus a chinntiú go nglacfar leis agus go gcuirfear i ngníomh é bun barr. Is é atá ag teastáil go dtabharfaidh bainisteoirí poiblíocht dá bhfuil molta ann lena chinntiú go mbeidh tuiscint dó agus spéis ann ag gach duine ina gcuideachtaí. An chéad chéim eile chun cuideachtaí a ghríosú le gníomh a dhéanamh maidir leis an reachtaíocht chomhionannais is ea aithne a thabhairt ar aon réimsí san eagraíocht ina bhfuil mná (nó fir) faoi mhíbhuntáiste nó nach bhfuil leor-ionadaíocht acu.


Áitíonn an Ghníomhaireacht gur cheart polasaithe a fhorbairt a thabharfadh na deiseanna céanna do gach duine agus go gcuirfí na polasaithe sin i ngníomh ar an mbonn gur dea-riarachán pearsanra agus cleachtas maith gnó iad. Ní leor, áfach, na polasaithe a athrú ná an dlí a chur in iúl do bhainisteoirí. Caithfidh an timpeallacht oibre féin athrú a chothú agus tacú leis nuair a tharlaíonn sé. Tá cuideachtaí áirithe san earnáil phoiblí ag cuimhneamh ar Oifigigh um Chomhionannas Deiseanna a cheapadh. Nuair a bheidh oiliúint á tabhairt do bhainisteoirí agus nuair a cheapfar Oifigigh um Chomhionannas Deiseanna measann an Ghníomhaireacht gur cabhair mhór a bheidh ansin le comhdheiseanna a thabhairt agus faireachas a dhéanamh orthu.


Acu fiú má thugtar tuilleadh eolais ar an dlí do bhainisteoirí agus má cheaptar oifigigh um chomhionannas deiseanna níor chóir a mheas gur leor sin in ionad polasaí um chomhionannas deiseanna a chur i ngníomh. Is é leas gach duine go ndéanfaí oilteacht agus éirim na bhfostaithe go léir a fhorbairt agus a úsáid go hiomlán. Is gníomh a bhfuil éascaíocht agus aidhm ag baint leis aon ghníomh deimhneach maidir le comhdheiseanna agus is féidir é a oiriúnú le haghaidh sainriachtanais aon eagraíochta oibre.


53. Níl ach fíorbheagán d’fhostóirí na hÉireann a bhfuil glactha acu leis mar pholasaí ráiteas maidir le comhionannas deiseanna a chur san fhógraíocht go léir a fhoilsíonn siad i ndáil le hearcaíocht. Bíonn sé riachtanach i gcónaí faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, go fiú i gcás gan saintréith fhireann ná saintréith bhaineann a bheith ag teideal poist, a chinntiú nach féidir a thuiscint as fógraí go bhfuil idirdhealú beartaithe. Is í an chomhairle atá le tabhairt ag an nGníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta, i gcás ar ceapadh i gcónaí san am a caitheadh gur “obair d’fhir” no “obair do mhná” post áirithe, gur chóir go ndéanfaí soiléir i dtéacs aon fhógra go bhféadfaidh fir agus mná araon cur isteach ar an bpost.


54. Tugann an Comhchoiste dá aire go ndeachaigh an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta, i Lúnasa/Meán Fómhair, 1983, i gcomhair le buíon shaorálach ban sa Bhruiséil, Solidarité-Femmes-Emploi, ar thionscadal taighde a mhaoinítear as cistí CEE agus a chuimsíonnn ocht gcinn de Bhallstáit na gComhphoal Eorpach. Rinneadh iarracht sa taighde sin an dul chun cinn a shuíomh a bhí déanta maidir le comhionannas deiseanna de réir mar a léiríodh sin sna folúntais a fógraíodh sna nuachtáin. Thaispeáin an sampla ó Éirinn a raibh suas le 1,000 fógra ann i dtaobh poist a bhí le líonadh go ndearnadh i 92 faoin gcéad de na cásanna téarmaí idirdhealaithe a sheachaint — b’shin an dara ceann ab airde le hais 96 faoin gcéad don Bhreatain, agus bhí sé chun tosaigh ar fhigiúr na Danmhairge, 87 faoin gcéad. B’ísle go mór an leibhéal comhlíonta sa Bheilg (31 faoin gcéad) agus sa Fhrainc (32 faoin gcéad). Ba é ba chúis leis an ardleibhéal comhlíonta, dar leis na taighdeoirí, na cumhachtaí speisialta feidhmiúcháin atá ag comhlachtaí mar an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta. Chuir an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta in iúl, áfach, nár léiríodh ach i gcás 6 faoin gcéad de na fógraí poist a scrúdaíodh go raibh teacht ag fir agus ag mná araon ar an poist. Is measa cás na hÉireann ná cás na Breataine, mar ar glacadh go fonnmhar i 36 faoin gcéad de na fógraí le hiarratais ó fhir agus ó mhná.


Chuir an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta in iúl go láidir ina n-aighneacht chun an Chomhchoiste gur mhaith léi dá ndéanfadh fógróirí agus foilsitheoirí teideal gach poist a thuairisciú de réir na dtéarmaí sin. Moltar d’fhostóirí, le Cód Cleachtais na Gníomhaireachta, glacadh leis sin mar dheimhinbheart, agus polasaí dearfa um chomhionannas deiseanna mar thaca leis.


55. Nuair a ritheadh an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta sa bhliain 1977 fuair an pobal amach a riachtanaí atá sé scrúdú a dhéanamh ar ráta rannpháirtíochta na mban sa mheitheal oibre íoctha. Ba léir gur chuid den chúis a bhí lena laghad ban a bheith rannpháirteach san fhostaíocht íoctha ab ea oibriú thoirmeasc an phósta, toirmeasc a bhí i bhfeidhm anuas go dtí lár na 1970idí agus arbh éigean, mar gheall air, do mhná i bhfostaíocht san earnáil phoiblí éirí as a bhfostaíocht ar phósadh dóibh. Ansin rinneadh roinnt Scéimeanna Deimhinbhirt, arb é ba chuspóir leo comhionannas deiseanna idir fir agus mná, a thionscnamh i gcuid de na comhlachtaí Stát-tionscanta ar iarratas agus ar thathant na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta agus na gcumann áitiúil. Áirítear ar na cuideachtaí a bhfuil páirt acu i ngníomhaíochtaí den chineál sin an tÚdarás Forbartha Tionscail, AnCO, RTÉ, Aer Rianta, Bord Soláthair an Leictreachais agus Aer Lingus.


56. Maidir leis an tagairt atá in alt 4(e) den Dréacht-Mholadh dá laghad ban, go comhréireach, a fhaigheann ardú céime, a mhéid a bhaineann le seirbhís phoiblí na hÉireann, is é an chúis lena laghad sin ban a bheith sna gráid shinsearacha an toirmeasc foirmiúil atá luaite thuas ar mhná pósta a fhostú. Tá reachtaíocht rite le deireadh a chur leis an toirmeasc sin agus ba chóir go bhféadfaí a dheasca a cheartú leis an aimsir. Tá Lárionad Oiliúna na Státseirbhíse ag tabhairt oiliúna forbartha bainistíochta anois do mhná ag an meánleibhéal bainistíochta agus ba chóir go ndéanfadh sin cuid mhaith chun an éagothroime idir fir agus mná sna gráid is airde den Státseirbhís a leigheas.


57. Maidir leis an tagairt atá in alt 4(f) den Dréacht-Mholadh go mbeadh tuilleadh éascaíochta sna huaire oibre etc., tá socrú déanta ag Roinn na Seirbhíse Poiblí go ndéanfar roinnt scéimeanna sa réimse sin a thionscnamh sa Státseirbhís, scéimeanna a mbeidh tairbhe speisialta iontu do mhná, e.g.:


—uaire oibre éascaíocha, lenar féidir na gnáthuaire oibre a roinnt idir bun-am sainordaitheach agus am éascaíoch saorálach:


—comhroinnt post, lenar féidir post leath-ama a chomhlíonadh in imeacht tréimhse blianta; agus


—sosanna gairme, lenar féidir saoire gan phá a thógáil go ceann tréimhse blianta.


Tá scéimeanna den chineál céanna á dtionscnamh i bpáirteanna eile den tseirbhís phoiblí i gcomhairle leis na foirne lena mbaineann.


58. Tá creat léiriúcháin leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Dréacht-Mholadh mar chabhair chun clár deimhinbhirt i ngach “gnóthas” a dhréachtú. Bheadh réimse mór gníomhaíochtaí ar áireamh an chláir agus is foireann ar a mbeadh bainisteoir, buíon chomhordaithe agus faisnéise agus saineolaí ar ghnóthaí comhionannais deiseanna a chuirfear i ngníomh iad. Bheadh breis chostais ar an eacnamaíocht fré chéile mar gheall ar na gníomhaíochtaí sin. I dtaca leis an earnáil phoiblí, deir Roinn na Seirbhíse Poiblí san aighneacht a chuir siad faoi bhráid an Chomhchoiste nárbh fhéidir faoi láthair acmhainní breise a sholáthar, acmhainní foirne nó acmhainní airgid, chun na críche sin agus nár mhór mar sin na hacmhainní sin a fháil as na cionrannta láthreacha (agus iad sin féin ag dul i laghad b’fhéidir). Bheadh sé sin, dar leis an Roinn, andeacair ar fad do bhunáite na n-eagraíochtaí agus dodhéanta ar fad, gach uile sheans, ag cuid acu.


59. In aiste a scríobh Ms. Ita Meehan1, “Women in the Irish Civil Service”, tá an moladh seo a leanas déanta aici le comhionannas deiseanna a bhaint amach do mhná:


(i)Conscientisation of the Civil Service, particularly those involved in selection procedures, in regard to the rights of women and the present unequal patterns in regard to promotion;


(ii)Detailed research to establish beyond doubt the reasons for the grossly unfavourable position of women in relation to promotion in the Irish Civil Service in general and in individual Departments in particular;


(iii)On completion of the research, follow-up action on a structured basis to eliminate or change any procedures or practices which militate against women; and


(iv)Review progress every two or three years to test the efficacy of the steps taken.


Tá freagracht fhollasach i ndáil leis an ábhar sin ar Roinn na Seirbhíse Poiblí mar atá freisin ar chinn Ranna eile Rialtais. Tá faitíos ar Ms. Meehan, áfach, go bhféadfar nach nginfear an fuinneamh le haghaidh gníomh éifeachtach le hathrú a chur i gcrích.


Dearcadh an Chomhchoiste

60. Maidir le tograí láithreacha nó le tionscnamh beartais an Choimisiúin i ndáil le deimhinbheart, is ábhar díomá don Chomhchoiste gur shocraigh an Coimisiún ar Dhréacht-Mholadh in ionad Dréacht-Treoir mar a d’iarr Tionól na hEorpa sa Rún uaidh dar dháta 18 Eanáir 1984. Tuigeann sé gur gá, mar gheall ar an iliomad struchtúr agus ar an éagsúlacht traidisiún agus aetas cultúrtha laistigh den Chomhphobal, ábhar roghnach saorálach a dhéanamh den ábhar, i dtosach ar aon chuma, cé go bhféadfadh go mbeadh reachtaíocht níos ceangailtí ag teastáil dá éis sin dá mba léir éiginnteacht nó leimhe ina thaobh agus gan dearbhthacaíocht a bheith ann d’aon bhearta saorálacha a mholfaí.


61. Nuair a bhí an Treoir féin faoi chomhionannas córa á dréachtadh ag an gCoimisiún bhí a fhios acu roimh ré gur ghá deimhinbheart arbh é a shainchuspóir éagothroime de facto a shárú agus forlíonadh a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le comhionnannas córa. Is é atá á lorg mar sin i dtogra an Choimisiúin ag iarraidh Moladh ón gComhairle faoin ábhar sin mar fhorlíonadh ar an Treoir faoi comhionannas córa, go nglacfadh na Ballstáit le straitéis dheimhnech maidir le deimhinbheart le hintinn é a dhíriú i dtreo gníomhairí éagsúla, lena n-áirítear na páirtithe sóisialta, agus gurbh iad a chuirfeadh i ngníomh é. Áitíonn an Comhchoiste go láidir gur cheart go mbeadh an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon gafa leis an ábhar. I dtaca leis sin de freisin, ní foláir a rá chomh tábhachtach agus atá sé faireachas géar a dhéanamh ar na torthaí a bheadh ar dheimhinbheart. Tá sé chomh tábhachtach céanna, i dtuairim an Chomhchoiste, go ndéanfaí eolas maidir le deimhinbeart a scaipeadh go forleathan agus go ndéanfaí tuarascálacha a thíolacadh go rialta ar an dul chun cinn a rinneadh agus an taithí a fuarthas.


62. Is féidir a thuiscint as gealltanas le constaicí a dhíchur agus tacú le bearta chun comhionannas deiseanna a thabhairt go bhfuil socraithe ar ghníomhartha rianúla agus go n-aithnítear go bhfuil an t-idirdhealú neamhdhíreach ina bhunchúis le cóir mhíchothrom idir fear-oibrithe agus ban-oibrithe. Chun deireadh a chur leis an idirdhealú eagraithe sin ní mór, i dtuairim an Chomhchoiste, clár idirghabhála a leagan amach a ghinfeadh gníomh agus arbh é a chuspóir spriocanna comhionnais a bhaint amach go héasca.


63. Níl aon fhoráil i mBunreacht na hÉireann maidir le cearta comhionanna cé go dtugann sé cearta comhionanna d’fhir agus do mhná i dtrádáil, i ngairm agus i slí bheatha. Níl foráil ar bith dlíthiúil ach oiread maidir le comhionannas san oideachas. Tá forálacha san Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977, lena dtoirmisctear idirdhealú maidir le teacht ar oiliúint, ach ní chinntíonn siad go ndéanfar deimhinbheart. Is é is éifeacht d’Acht 1977 cearta a thabhairt do dhaoine aonair éilimh a shaothrú. Ní iarrann an reachtaíocht ar fhostóirí san earnáil phoiblí ná san earnáil phríobháideach bearta a ghlacadh chun comhionannas idir fear-oibrithe agus ban-oibrithe a bhaint amach. Tá reachtaíocht leasaitheach ag teastáil, i dtuairim an Chomhchoiste, lena cheangal ar fhostóirí bearta a thionscnamh a chabhródh le luach saothair a imscagadh agus a bhainfeadh ar an dóigh sin cuid den dualgas cruthúnais ó dhuine a bheidh ag éileamh faoi Acht 1977. Tá sé fíordheacair, de réir an Achta, an dualgas cruthúnais a chomhlíonadh agus níl aon rud deimhneach ag an Acht le bearta comhionannais a chur chun cinn. Molann an Comhchoiste gur rud sainordaithech a bheadh ann fógraí a shuíomh in ionaid oibre a mbeadh faisnéis orthu i dtaobh Achtanna 1974 agus 1977. Ba chóir an fhoráil sin a chur leis an reachtaíocht láithreach.


64. Tá sé riachtanach go mbeadh soláthar airgid ar fáil le haghaidh faisnéis faoi bhearta comhionannais trí bhíthin feachtais sna meáin chumarsáide. Ní foláir, mar gheall ar fheachtais faisnéise a bheidh bunaithe ar thaighde iontaofa a tionscnaíodh ar an láthair agus ar an eolas as sin, do na forais taighde atá ann faoi láthair tosaíocht a thabhairt do thaighde comhionannais ar a gclár oibre. Ní foláir forálacha deimhneacha a dhéanamh d’fhorálacha riaracháin: cuireann sin clár i gcéill ina n-oiriúnaítear cleachtais riaracháin lena gcur de réir sraith cuspóirí a dhearbhaigh an Rialtas agus ar thug siad a dtacaíocht di, agus a dteastaíonn sainbhearta ina gcomhair san earnáil phoiblí, treoir nó a leithéid, le staidéar staitistiúil maidir le cor na mban a dhéanamh agus a thabhairt cothrom le dáta, le constaicí don chomhionannas a thaifeach agus a aithint agus le tacú le réimse gníomh lena n-áirítear oiliúint agus athoiliúint a bheadh le heagrú tráthanna agus áiteanna a d’fheilfeadh do mhná; le glacadh le rialacha maidir le fógraí earcaíochta agus le rialacha eagraíochtúla, agus le nach mbeadh claontuairimí ar fhoras gnéis le brath feasta i gcúrsaí agallamh agus i gcritéir mheasúnachta.


65. San earnáil phoiblí tá sé socair cheana féin go bhfuil na hathruithe sin thuasluaite ar fad, idir athruithe dlí, airgeadais agus riaracháin, le meas ag féachaint do ghealltanas an Rialtais go gcuirfear deireadh le hidirdhealú idir mná agus fir agus go dtabharfar páirt níos mó do mhná nuair a bheidh cinntí le déanamh. Cuid freisin de bheartas eagraithe is ea riachtanais tuismitheoirí oibre maidir le cúram leanaí, saoire chun aire a thabhairt do leanaí agus éascaíocht na ndálaí oibre, etc.


66. Is mór ag an gComhchoiste na bearta a rinneadh sa Státseirbhís maidir le huaire oibre éascaíocha, le comhroinnt post agus le sosanna gairme agus is é a ndóchas go gcuirfear na scéimeanna sin i mbaint go luath le réimsí eile den tseirbhís phoiblí. Is maith leo freisin na bearta atá á ndéanamh le mná a ullmhú d’ardphoist bhainistí sa Státseirbhís. Ach tá an Comhchoiste buartha faoin éagothroime mhór i bhfabhar na bhfear ar leibhéal na bainistíochta sa Státseirbhís agus fiafraíonn siad arbh fhéidir polasaí a chosaint faoina ndéanfaí idirdhealú deimhneach i bhfabhar na mban sa réimse sin ar son an chothromais agus molann sé go láidir do Roinn na Seirbhíse Poiblí bheith ag smaoineamh air sin mar rogha.


Maidir leis an gclár deimhinbhirt atá luaite san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Dréacht-Mholadh tá súil ag an gComhchoiste nach gcuirfear an togra inmholta sin ó chrích ar an bhforas go bhfuil ganntanas airgid ann d’ainneoin na bhfadhbanna eacnamaíocha atá ag bagairt.


67. Tacaíonn an Comhchoiste leis na moltaí a rinne Ms. Meehan le comhionannas deiseanna a bhaint amach do mhná sa Státseirbhís agus neartaíonn siad leis an méid a deir sí gurb í an argóint is tréine (i leith comhionannas deiseanna) argóint an chothromais. Tá sé éagórach cuid is lú fabhair a thabhairt do mhná ná d’fhir agus tá sin níos incháinte fós nuair is airgead poiblí atá i gceist. Is ceart deireadh a chur, agus sin go luath, leis an éagothroime sin, a mhéid atá sí ann, sa Státseirbhís nó, ar dhóigh, in aon áit eile.


68. Ionas go bhféadfar comhionannas a chur chun cinn san earnáil phríobháideach molann an Comhchoiste go gcuirfear reachtaíocht i bhfeidhm á cheangal ar fhostóirí clásail chomhionannais a thabhairt isteach agus go gcuirfear na clásail sin i bhfios do na hoibrithe go léir agus go mbeidh tosaíocht acu ar chleachtais agus ar chomhaontuithe láithreacha ina ndéantar idirdhealú neamhdhíreach san earcaíocht agus sna modhanna le daoine a roghnú agus a thoghadh chun ardú céime a fháil etc. Ní fhéadfadh na forálacha reachtaíochta sin aon riail pheannaideach a fheidhmiú in aghaidh fostóirí maithe toisc nach mbeadh de thoradh uirthi ach dea-chleachtas a bhunú in áit an chleachtais traidisiúnta ar suíodh gur leatrom ar ghnéas amháin seachas an gnéas eile a tháinig as. D’fhéadfadh athrú reachtaíochta den chineál sin neartú le cearta an duine aonair atá bunaithe cheana féin faoi Airteagal 2(c) d’Acht 1977.


69. Tá an méid seo a leanas ráite in Airteagal 5 den Dréacht-Mholadh:


“To enable existing statutory bodies, responsible for equal opportunities, to play a full role in promoting such measures and in disseminating information about such measures within the Member States and within the Community, by providing these bodies with appropriate means of action”.


Is í an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta an comhlacht reachtúil ar a bhfuil an fhreagracht sa tír seo maidir le comhionannas deiseanna. Tá súil ag an gComhchoiste go ndéanfaidh an Rialtas na deiseanna iomchuí chun gníomhú a sholáthar don Ghníomaireacht. Is í an bhrí a bhainfeadh an Comhchoiste as an bhforáil sin, acmhainní, stádas comhairleach le Ranna Rialtais agus le comhlachtaí Stát-tionscanta, saoráidí chun staitisticí a bhailiú san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach agus chun faireachán a dhéanamh.


70. Molann an Comhchoiste go dtabhfarfar stádas rialacha cóirfhostaíochta do Chód Cleachtais na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta agus go mbeidh an Cód inghlachta i bhfianaise agus nach foláir nó gur féidir gach gníomhchlár a mheas faoi threoir nós imeachta faireacháin.


71. Tharraing an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta aird an Chomhchoiste dá ráiteas ar pholasaí maidir le bearta um chomhionannas deiseanna a moladh le haghaidh na Státseirbhíse. Ní foláir don Rialtas, mar mhórfhostóir, i dtuairim an Chomhchoiste, dea-shampla a thabhairt trí fhaisnéis a chur ar fáil, caighdeáin fhollasacha a leagan síos agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta acu.


72. Mar fhocal scoir, molann an Comhchoiste, aon uair a mbeidh cistí poiblí le caitheamh agus conarthaí le tabhairt amach gur forais agus eagraíochtaí a ghlacann bearta le fostóirí comhdheise a dhéanamh díobh féin de réir na treoirlíne san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Dréacht-Rún, agus iad sin amháin, a gheobhaidh a dtairbhe. Dar leis an gComhchoiste, ní riail pheannaideach í seo ach deis mheallta le hathrú go dtí dea-chleachtas.


Tátal

73. Is é atá i moladh an Choimisiúin do Bhallstáit glacadh le straitéis um dheimhinbheart arbh é a chuspóir deireadh a chur le neamhionannas de facto a fhearann ar mhná i mbun oibre dóibh agus imscagadh a chur chun cinn ar an margadh saothair. Molann sé chun na críche sin do Bhallstáit deimhinbhearta iomchuí a ghlacadh agus a chur ar aghaidh, agus aird a thabhairt lena linn sin ar chleachtas agus dálaí náisiúnta, d’fhonn na héifeachtaí codarsnacha ar mhná atá i bhfostaíocht nó ag lorg fostaíochta a chealú nó a chúiteamh, éifeachtaí a eascraíonn as dearcadh, iompar agus struchtúir shóisialta láithreacha atá bunaithe ar an deighilt a fheictear do dhaoine a bheith idir fir agus mná sa tsochaí: agus d’fhonn féachaint le go mbeadh mná páirteach i ngach slí bheatha agus i ngach earnáil den saol oibre áit nach bhfuil leor-ionadaíocht acu agus ar gach leibhéal freagrachta.


74. Moltar freisin leis an Dréacht-Mholadh go gcinnteoidh Ballstáit go ndéanfar bearta den sórt sin san earnáil phoiblí agus sna gníomhaireachtaí go léir ar cúram leo treoir, oiliúint nó fostaíocht ghairme; go ndéanfar na bearta sin a chur chun cinn san earnáil phríobháideach agus in eagraíochtaí a fhónann d’fhostóirí, d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, lena n-áirítear eagraíochtaí mar sin in earnáil na talmhaíochta; agus go gcuirfear na bearta sin i bhfios do mhná agus go háirithe do mhná óga agus do mhná atá ag lorg fostaíochta, agus don phobal i gcoitinne chomh maith.


75. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil an tAire Saothair ag cuimhneamh cheana féin, gan spleáchas le tionscnamh reatha an Choimisiúin, ar chreat polasaí ghinearálta ar féidir prionsabal an chomhionannais fostaíochta a fheidhmiú faoina réim, agus ceapann sé go bhféadfaidh sé tograí a chur faoi bhráid an Rialtais go luath chun a cheadú a fháil maidir le feidhmiú an chreata sin, mar chéim bhunaidh, ar eagraíochtaí Stát-tionscanta. Tuigtear freisin don Chomhchoiste gurb é cuspóir an Aire, ar bhonn na taithí a fuarthas san earnáil phoiblí, fostaíocht san earnáil phríobháideach a thabhairt faoi dheoidh faoi réim an chreata chomhionannais. Is mór ag an gComhchoiste a bhfuil beartaithe ag an Aire maidir le comhionannas fostaíochta agus is áthas leis go háirithe a thabhairt faoi deara gur mian leis an Aire go nglacfaí leis an Dréacht-Mholadh le linn Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa a bheith ag Éirinn.


76. Is nuair a ritheadh an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta i 1977 a fuair an pobal amach a riachtanaí a bhí sé breathnú ar pháirt na mban sa mheitheal oibre íoctha. Ba léir gur chuid den chúis a bhí lena laghad ban a bheith rannpháirteach san fhostaíocht íoctha ab ea oibriú thoirmeasc an phósta san earnáil phoiblí. Bhí an toirmeasc sin i bhfeidhm anuas go dtí lár na 1970idí agus b’éigean do mhná, mar gheall air, éirí as a bhfostaíocht ar phósadh dóibh. Dá thoradh sin rinne cuid de na comhlachtaí Stát-tionscanta, ar iarratas go minic ón nGníomhaireacht un Chomhionannas Fostaíochta agus ón gceardchumann áitiúil, socrú ar scéimeanna deimhinbhirt a ghlacadh arbh é ba chuspóir dóibh comhionannas deiseanna a bhunú idir fir agus mná. Tá coimriú ar na scéimeanna sin le fáil in “Comhionannas Deiseanna san Earnáil Phoibli”1 agus tá sí curtha síos arís, cothrom le dáta, i bhFoscríbhinn 4 a ghabhann leis an Tuarascáil seo.


(d) Tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta i dtaobh fheidhmiú an Chláir Nua um Ghníomhaíocht Chomhphobail chun Comhdheiseanna do mhná a Spreagadh (1982-85)2

Réamhrá

77. Le Rún ón gComhairle dar dáta 12 Iúil, 1982 —


(a)ceadaíodh Beart nua Gníomhaíochta Comhphobail maidir le comhdheiseanna do mhná a chur chun cinn, agus


(b)iarradh ar an gCoimisiún tuarascáil idirlinne a thíolacadh um an 1 Eanáir, 1984 maidir leis an dul chun cinn a rinneadh agus maidir lenar cuireadh i ngníomh faoin gclár nua de réir na faisnéise a fuarthas ó na Ballstáit.


Tá béim leagtha ag an gCoimisiún sa Tuarascáil sin ar Dhul Chun Cinn ar a ghníomhaíochtaí féin go háirithe le súil go ndéanfaí bearta na mBallstát a áireamh sa tuarascáil iomlán a thabharfaidh sé sa bhliain 1985.


Is é atá sa Tuarascáil sin ar Dhul Chun Cinn, mar sin, coimriú ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin mar aon le gearr-insint ar shainghnéithe áirithe de bhearta a ghlac Ballstáit de láimh.


78. Breithniú ar an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn


Tá na Sainbhearta atá sa Chlár um Ghníomhaíocht Chomhphobail leagtha amach faoi dhá cheannteideal ghinearálta, is é sin:


(a) comhionannas córa nó comhchóir a bhaint amach trí chearta na pearsan aonair a neartú, agus


(b)comhionannas deiseanna nó comhdheiseanna a bhaint amach iarbhír, go háirithe trí bhíthin clár deimhinbhirt.


Faoi (a) tá na bearta liostáilte mar a leanas:—


Treoracha láithreacha ón gComhphobal maidir le comhchóir d’fhir agus do mhná a chur i ngníomh


—Faireachas a dhéanamh ar fheidhmiú na dTreoracha


—Sásamh ón dlí maidir le comhchóir


—Reachtaíocht chosanta náisiúnta agus reachtaíocht chosanta Chomhphobail a athbhreithniú


Forálacha breise a ullmhú agus earnálacha nua a thabhairt faoina réim


—Comhchóir maidir le slándáil shóisialach


—Prionsabal na comhchóra a chur i bhfeidhm maidir le mná féinfhostaithe agus le mná i dtalmhaíocht, go háirithe, i bhfiontair theaghlaigh


—Cánachas agus fostú ban


Feabhas ar dhálaí maireachtála agus oibre


—Saoire thuismitheora, saoire ar chúinsí teaghlaigh


—Cosaint do mhná le linn toirchis nó máithreachta.


Faoi (b) tá na Mírbhearta seo a leanas leagtha amach:—


Ullmhú do shaol na hoibre, oiliúint tosaigh agus leanúnach


—Deimhinbheart a fhorbairt


—Mná a ghlacadh isteach sa saol oibre (go háirithe, maidir le teicneolaíochtaí nua)


—Roghanna gairme.


Fostaíocht


—Fostaíocht a imscagadh


—Taifeach ar na treonna i bhfostaíocht ban


—Prionsabal na comhchóra a chur i bhfeidhm maidir le hinimircigh ban.


79. Feabhas ar cháilíocht na beatha


—Freagrachtaí gairme, teaghlaigh agus sóisialta a roinnt


—Éabhlóid ar dhearcadh an phobail.


Ceanglaítear ar an gCoimisiún le cúig cinn de na Mírbhearta tograí a chur faoi bhráid Chomhairle na nAirí chun Ionstraimí Comhphobail a fháil sna réimsí seo a leanas:—


—Comhchóir maidir le slándáil shóisialach


—Prionsabal na comhchóra a chur i bhfeidhm maidir le mná féinfhostaithe agus le mná sa talmhaíocht, go háirithe, i bhfiontair theaghlaigh


—Feabhas ar dhálaí maireachtála agus oibre, saoire thuismitheora, saoire ar chúinsí teaglaigh


—Cosaint do mhná le linn toirchis nó máithreachta


—Deimhinbheart a fhorbairt.


Breithniú ar an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn

80. Deir an Coimisiún sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn, ag trácht dó ar Mhírbeart A2 den Chlár (comhlachtaí a dhéileálann le comhchóir agus le comhdheiseanna)


gur cheart a thabhairt faoi deara go ndearnadh, in Éirinn, an deontas bliantúil a fhaigheann an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta ón Rialtas a mhéadú faoi cheathair, beagnach, i 1983, chun an Ghníomhaireacht a spreagadh lena ndualgais a chomhlíonadh le barr éifeachta.


San aighneacht a rinne an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta chun an Chomhchoiste ní chuireann sí i gcoinne chruinneas an ráitis sin ó thaobh staidrimh de, ach ba mhaith léi go dtuigfí i gceart é.


Thosaigh an Ghníomhaireacht ag obair sa bhliain 1977 nuair a bhí na cionrannta airgeadais don bhliain sin socraithe cheana féin. Tharla athrú Rialtais an bhliain sin agus níor mhór airgead, foireann agus cóiríocht a fháil as acmhainní na Roinne Saothair. Mar gheall ar na nithe sin bhí bonn tosaigh an-íseal ag an nGníomhaireacht agus is dá réir sin a bhí pátrún na mblianta dá éis sin nuair a bhí ganntanas airgid i gcónaí ar an nGníomhaireacht. Is ar thuarastail na foirne, deichniúr ar Státseirbhísigh iad go léir a sannadh chun na Gníomhaireachta ón Roinn Saothair, a chaitear an chuid is mó den deontas agus ní bhíonn ach céatadán beag de fágtha tar éis na costais seasta a íoc.


Tá réimsí áirithe ann nár leor, nó inar dóigh nach leor feasta, buiséad na Gníomhaireachta ina gcomhair. Tá gá le tuilleadh airgid, go háirithe, faoi chomhair na gcostas a bhaineann le comhairle agus cúnamh dlí, táillí sainchomhairle agus deontais taighde. Níl léargas sásúil ar ghné na Gníomhaireachta mar chomhlacht neamhspleách le brath ar na socraíochtaí ginearálta atá déanta chun í a mhaoiniú agus a riar.


Tá coimriú i bhFoscríbhinn 3 den Tuarascáil ar bhuiséad na Gníomhaireachta ó bunaíodh í.


81. I dtagairt eile sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn do Mhírbheart A2 den Chlár a dhéileálann le reachtaíocht leasaitheach maidir le cosaint fostaíochta ban a achtaíodh ón am ar glacadh le Treoir 76/207, deir an Coimisiún gur thug Rialtas na hÉireann fógra an 26 Feabhra, 1982 á chur in iúl nach bhfeidhmeodh sé Coinbhinsiún Uimh. 89 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair amhail ón 26 Feabhra, 1983. Mhol an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta, i dtuarascáil uaithi chun an Aire Saothair i Mí na Samhna, 1978, tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar obair thionscail oíche do mhná, go ndéanfaí sin. Fuair an Ghníomhaireacht amach go raibh poist á gceilt ar mhná, go raibh deiseanna ar ardú céime ag imeacht orthu agus gur lú an glanmhéid airgid a bhí á thuilleamh acu toisc nárbh fhéidir iad a fhostú ar uainchláir oíche. Is féidir leis an Aire anois, amhail ó dheireadh mhí na Feabhra, 1983, rialacháin eisiaimh a dhéanamh faoin Acht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 ar iarratas ó fhostóir a bhfuil comhaontú idir é agus an eagraíocht a fhónann do na hoibrithe. Ciallaíonn sé sin gur féidir le mná ar mian leo sin a dhéanamh oibriú faoi cheadúnas tar éis 10 p.m. agus roimh 8 a.m.


82. Sa Tuarascáil a thug an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta don bhliain 1978 mhol siad go gcuirfí dálaí áitiúla a bhfuil baint acu le huaire oibre, iompar agus tréimhsí scíthe san áireamh i gcomhaontú ceadúnúcháin ar chuid de próis chomhairleach maidir le gach cineál uainoibre, lena n-áirítear obair oíche agus uainobair próise leanúnaí. Chuirfí san áireamh ansin saoráidí aireachais leanaí lasmuigh den teaghlach agus den scoil a chuirfeadh teorainn le freastal agus le deiseanna taistil tuismitheoirí. Níor mhór freisin socruithe ar leith a dhéanamh chun a chinntiú nach gcuirfí iallach ar mhná torracha uainobair a dhéanamh in aghaidh a dtola féin nó in aghaidh chomhairle dochtúra agus nach gcuirfí iallach orthu a gcuid fostaíochta a fhágáil.


83. Tagraíonn an Coimisiún do chórais chosanta toirchis agus máithreachais agus luann sé an tAcht um Chosaint Máithreachais d’Fhostaithe, 1981, a ritheadh in Éirinn. Ach is é tuairim na Gníomhaireachta um Chomhionnannas Fostaíochta, dar leis an aighneacht a rinne sí chun an Chomhchoiste go bhfuil an tAcht an-chúng ina scóip. Tugann an tAcht cearta áirithe faoin dlí d’fhostaí, e.g. saoire mháithreachais a thógáil, dul ar ais ag obair agus cosaint dá post le linn saoire máithreachais ach is beag eile a dhéanann sé. Rinne an t-ionadaí don Ghníomhaireacht a láithrigh os comhair an Chomhchoiste tagairt do pháipéar a léigh Julie McFarlane ag seimineár i mBaile Átha Cliath in 19821 inar pléadh an t-ábhar sin go mion. Idir an dá linn, áfach, rinneadh cuid de na fadhbanna dar thagair Ms. MacFarlane, mar shampla, breoiteachtaí a bhaineann le toircheas, saoire thuismitheora, saoire don athair, a bhreithniú tuilleadh, agus rinneadh dul chun cinn áirithe ina leith. Sa Tuarascáil seo pléann an Comhchoiste tograí an Choimisiúin maidir le saoire thuismitheora agus saoire theaghlaigh. (Altanna 93-130).


84. I ndáil lena bheith dleathach nó neamhdhleathach breoiteacht a bhaineann le toircheas a eisiamh ó réim na scéimeanna míchumais, ba mhór ag an nGníomhaireacht an Moladh a rinne an tOifigeach Comhionannais an 15 Bealtaine, 1984 maidir leis an gceist thábhachtach sin. Cabhraigh an Ghníomhaireacht leis an ASTMS chun cás a chur i láthair a thug beirt bhanfhostaí i gcoinne an Shield Insurance Company Limited inar líomhnaíodh idirdhealú contrártha d’Ailt 2(1) agus 4 den Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974, sa mhéid gur ceadaíodh eisiamh i bPlean Buanaithe Ioncaim na Cuideachta i gcás míchumas do theacht ar mhná de dheasca toirchis nó breith clainne go ceann trí mhí tar éis deireadh an toirchis. Mhol an tOifigeach Comhionannais go scriosfaí an t-eisiamh as téarmaí comhaltais na n-éilitheoirí i bPlean na Cuideachta. Tá sé bunaithe mar phrionsabal dá bhrí sin go bhfuil clásail idirdhealaithe den chineál sin toirmiscthe faoin reachtaíocht chomhionannais.


Faoin mírcheann sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ina bpléitear leis an earnáil phoiblí, deir an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta san aighneacht a rinne sí chun an Chomhchoiste go bhfuil an Ghníomhaireacht ag cur dlús le comhdheiseanna a bhaint amach ina leith sin. Fágann sin go bhfuil sé fíor-riachtanach dar leis an nGníomhaireacht, go gcuirfear deireadh le hidirdhealú neamhdhíreach, feidhmiú aois-teorainneacha mar shampla, i mbealaí earcaíochta san earnáil phoiblí. Is é is dóigh léi, dá dtabharfadh an earnáil phoiblí treoir den sórt sin, go leanfadh an earnáil phríobháideach í. Ba mhaith leis an nGníomhaireacht a chinntiú go ndéanfar polasaithe um chomhdheiseanna, go háirithe, maidir le hardú céime, le hoiliúint agus le táithí oibre, a chur i ngníomh bun barr ar fud na hearnála poiblí.


Dearcadh an Chomhchoiste

85. Is deimhin leis an gComhchoiste nach leor buiséad na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta do chomhlíonadh na bhfeidhmeanna atá curtha de dhualgas ar an nGníomhaireacht ag an Oireachtas, maidir le líon agus comhaltaí na foirne agus maidir le costas na ngníomhaíochtaí nach mór a dhéanamh tar éis costais na dtuarastal a íoc. Leis na socruithe atá ann faoi láthair le foireann a íoc agus a roghnú, tá an Ghníomhaireacht ag brath ar fad ar Roinn amháin Rialtais, agus Roinn nach bhfuil ró-mhór, chun foireann ard-leibhéil a sholáthar. Creideann an Comhchoiste, go háirithe, má táthar le sainfhoireann a earcú, gur as dream is mó ná sin a roghnófaí iad.


Molann an Comhchoiste an tsárobair atá déanta ag an nGníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta ag gnóthú comhionannais do mhná (agus d’fhir) ina bhfostaíocht agus tugann sé rabhadh nach mbeidh de thoradh ar bhuiséid neamhdhóthanacha agus ar ghannchúis foirne ach an obair sin a choinneáil siar.


86. Díríonn an Comhchoiste aird ar an laghdú ó 80 faoin gcéad go dtí 70 faoin gcéad den ollphá a rinne an Rialtas i mí Aibreáin ar an sochar máithreachais is iníoctha le mná a thógann am saor óna gcuid oibre le leanbh a bheith acu. Is é an chúis a thug an tAire áirithe go raibh róchúiteamh á fháil ag mná mar gheall ar thuilleamh a chailleadh le linn dóibh bheith as láthair óna gcuid oibre ar feadh na gceithre sheachtain déag dá saoire mháithreachais.


Is é tuairim an Chomhchoiste nach bhféadfaidh an laghdú gan éifeacht dhochrach a bheith aige ar go leor ban-oibrithe ar bheagán pá agus go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar na socruithe chun saoire íoctha a fháil in ionad laghdú ar an íoschúnamh reachtúil a fhaigheann máithreacha oibre tráth a mbíonn clann á breith. Measann an Comhchoiste gur bhaol nach bhfeidhmeodh bean an rogha fanacht ón obair ar feadh ceithre sheachtain gan phá mar gheall ar an nganntanas airgid a bheidh uirthi mura gcúiteofaí a tuilleamh go léir léi agus go bhfillfeadh sí ar an obair sula mbeadh sí lán-inniúil air sin a dhéanamh.


Beidh a thuilleadh le rá ag an gComhchoiste faoin ábhar sin agus iad ag breithniú thograí an Choimisiúin ar shaoire thuismitheora agus ar shaoire theaghlaigh.


87. Maidir le bearta fógraíochta chun an pobal a chur ar an eolas faoina gcearta comhionannais, molann an Comhchoiste an Cód Cleachtais chun deireadh a chur le hidirdhealú ar fhoras gnéis agus chun comhdheiseanna a ghealladh san ionad oibre a d’ullmhaigh an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta agus a foilsíodh i mí na Feabhra, 1984. Tá lándóchas ag an gComhchoiste gur mó an tuiscint a bheidh, mar gheall ar an gCód a fhoilsiú, ag fostóirí, ag lucht oibre, ag ceardchumainn, ag gníomhaireachtaí fostaíochta agus ag an bpobal i gcoitinne maidir leis na cearta agus na dualgais atá sainithe le reachtaíocht agus go mbeidh úsáid an Chóid ina spreagadh le polasaithe comhdheiseanna a fhorbairt agus a chur i ngníomh. Ina theannta sin, tá súil ag an gComhchoiste go mbeidh de thoradh ar chód cleachtais a úsáid i ndáil le hábhair chomhionannais san fhostaíocht i gcoitinne go gcuirfidh an pobal eolas ar chásanna neamhionannais agus go dtabharfaidh sin athrú ar dhearcadh an phobail i gcoitinne.


88. Ag trácht dóibh ar threoir agus ar oiliúint ghairme, tá tagairt ag an gComhchoiste do Thuarascáil na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) “Schooling and Sex Roles” a d’iarr an Ghníomhaireacht agus a foilsíodh i mí an Mheithimh, 1982. Ba nós seanbhunaithe é mná a ghaibhniú isteach i líon beag slite beatha, go mór mór an bhanaltracht, an mhúinteoireacht, obair oifige, cúram sláinte agus seirbhísí pearsanta agus tá sé éirithe níos follasaí le himeacht aimsire gur toradh é sin ar an ullmhúchán oideachais éagsúil a tugadh do mhná. Chuir an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta roinnt moltaí faoi bhráid na Roinne Oideachais maidir leis an ábhar sin mar gheall ar é a bheith beartaithe ag an Roinn Bord Curaclaim agus Scrúduithe a bhunú. Áitíonn an Coiste go láidir go ndéanfaidh an Roinn dianmhachnamh ar mholtaí na Gníomhaireachta.


Is é tuairim an Chomhchoiste gur soiléir ón staidéar taighde “Schooling and Sex Roles” go bhfuil cúis mhór imní ann nach mbeidh go fiú na poist teoranta ar an margadh saothar ar fáil i gcónaí do mhná agus fairis sin gur oideachas dara leibhéil an-ghinearálta atá á thabhairt faoi láthair do chailíní, rud a fhágann faoi mhíbhuntáiste an-mhór iad i gcaitheamh a saoil ar an margadh saothair agus sa chaidreamh idir a gcuid oibre agus a saol teaghlaigh. Is é an tátal a bhaineann an Comhchoiste as fionnachtaintí na Tuarascála seo gur chóir freagrachtaí reachtúla na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta a leathnú le go mbeadh cúrsaí oideachais faoina réim.


89. Sa mhéid a bhaineann le hoiliúint, taispeánann na figiúirí go bhfuil an céatadán ban a ghlacann páirt i gcláir oiliúna AnCO mós íseal i gcoimheas leis na fir — is mná 29 faoin gcéad díobh le hais 71 faoin gcéad ar fir iad. Is measa go mór an cór maidir le hoiliúint phrintíseachta — níor mhná ach 1.5 faoin gcéad de na printísigh le hais 98.5 faoin gcéad printíseach fear i mí an Mheitheimh 1983. Tá an rud céanna, mórán, le rá i dtaobh na Gníomhaireachta Fostaíochta don Aos Óg — de na daoine a ghlac páirt i bPobal-Chláir Oiliúna don Aos Óg i mí an Mheithimh 1983 fir ab ea 94 faoin gcéad agus mná ab ea 6 faoin gcéad diobh. An t-aon chlár amháin ar léir don Chomhchoiste gur mná is mó a bhíonn páirteach ann, an Clár Taithí Oibre (CTO) mar a dtugtar an taithí oibre, don chuid is mó dé, in earnáil na seirbhísí den tionscal agus ar obair rúnaíochta/fáilteoireachta is mó a bhíonn i gceist léi. Is líonmhaire go hiondúil na mná ná na fir a bhíonn ag gabháil do na Cláir Thaithí Oibre, sa choibhneas 64 faoin gcéad in aghaidh 36 faoin gcéad, tuairim. Fágann sin, san iomlán, gur buachaillí bunáite na ndaoine a ghlacann páirt sa chuid is mó de na cláir oiliúna lasmuigh den scoil (ach amháin CTO), go háirithe, na cláir atá ceaptha dóibh siúd a fhágann an scoil go luath.


90. Iarrann an Comhchoiste go ndéanfar, mar ghnó práinne, oiread acmhainní a sholáthar is a chuirfeadh ar chumas na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta dlús a chur, trí thathant nó trí fheidhmiú, le himscagadh san earnáil phoiblí. Is díomá dó nach ndearna an Rialtas go dtí seo na bearta is gá a ghlacadh chun déanamh de réir na Barúla Reasúnaithe ón gCoimisiún maidir le hearnálacha áirithe fostaíochta atá eisiata ó fheidhm Acht, 1977. Foráiltear le halt 12 den Acht sin nach mbaineann an tAcht le fostaíocht in Óglaigh na hÉireann, sa Gharda Síochána, sa tSeirbhís Phríosúin ná in áit chónaithe phríobháideach ná ag neasghaol. Ná ní thagann roghnú chun poist ag an gCoimisiún um Cheapacháin Áitiúla ná ag Coimisiún na Státseirbhíse faoi réim an Achta. Taobh amuigh de phoist áirithe a eisiamh, measann an Coiste go bhfuil easnamh mór eile ar an Acht, is é sin, nach bhfuil aon bhealach ann le hathbhreithniú a dhéanamh ar fhorais díolmhaithe na n-earnálacha sin, fiú nuair nach ann a thuilleadh do na cúiseanna lenar glacadh i dtosach.


Tátal

91. Ionad go bhféadfadh an Coimisiún an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn a dhréachtadh, d’iarr sé ar na Ballstáit faisnéis a thabhairt. Ag féachaint do na freagraí a fuarthas, a raibh éagsúlacht mhór iontu, go háirithe maidir leis an méid faisnéise a tugadh agus maidir le bearta sonraithe áirithe a bhí leagtha síos sa Chlár a chur i gcrích, chinn an Coimisiún gur ar a ngníomhaíochtaí féin go príomha a dhíreoidís agus go ndéanfaí na bearta a rinne na Ballstáit a thuairisciú sa tuarascáil iomlán a dhéanfaidh siad i 1985 ar bhonn a mbeidh tugtha uathu ag Ballstáit.


Is é tuairim an Choimisiúin, os Tuarascáil Eatramhach í seo, gur achoimre a bheadh inti, go fiú maidir lena ngníomhaíochtaí féin, a dtabharfar cuntas níos mine orthu i dtuarascáil na bliana 1985.


92. Maidir le comhionannas córa d’fhir agus do mhná, ba mhaith leis an gComhchoiste trácht ar chás a bhí os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach inar tugadh breithiúnas i bhfabhar na hIodáile in aghaidh an Choimisiúin Eorpaigh. Bhí sé curtha i leith na hIodáile ag an gCoimisiún nach ndearna sí Treoir CEE maidir le comhionannas córa d’fhir agus do mhná, a chomhlíonadh, go háirithe, sa mhéid a bhain le fáil a bheith ar phoist. Mheas sé, go háirithe, go raibh riail na hIodáile, nach bhfuil teideal ag fir chun saoire thuismitheora a thugtar do mhná go ceann trí mhí tar éis leanbh a uchtáil, go raibh sin ar neamhréir le Treoir CEE. Sa chás sin dúirt an Chúirt go raibh údar maith leis an idirdhealú (mar a mhaígh rialtas na hIodáile) toisc gur ghá cúram a ghlacadh lena chinntiú a mhéid ab fhéidir, go mbeadh na dálaí le haghaidh leanbh do theacht isteach i dteaghlach uchtála ar aon dul leis na dálaí le haghaidh linbh nuabheirthe i dtréimhse thinneallach mar í sin. Ba í breith na Cúirte, mar sin, nárbh idirdhealú contrártha do Threoir CEE an éagsúlacht córach a cáineadh.


(e) Togra i gcomhair Treoir ón gComhairle faoi Chead Saoire a lamháil do Thuismitheoirí agus Chead Saoire a lamháil ar Chúinsí Teaghlaigh.1

Réamhrá

93. Nuair a rinne Fochoiste an tSeanadóra Mhic Róibín (Ábhair Shóisialta, Chomhshaoil agus Ilghnéitheacha) breithniú ar thograí an Choimisiúin le haghaidh Saoire Thuismitheora agus Saoire Theaghlaigh moladh go gcuirfeadh an Comhchoiste tuarascáil ar leith amach faoin ábhar sin. Ceapadh, áfach, go raibh saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh ina cuid dhílis riachtanach de pholasaí um chomhionannas deiseanna do mhná (agus d’fhir) agus gur mó, dá réir sin, an dúchas a bhí aici leis na tograí eile atá á mbreithniú sa Tuarascáil seo.


94. Rinne an tAire Saothair, Ruairí Ó Cuinn, T.D., an togra sin a phlé go sonrach le comhaltaí eile agus é i láthair ag cruinniú den Chomhchoiste an 12 Meán Fómhair 1984 mar ar thug sé breithmheas ar an gclár de ghnóthaí sóisialta a bhreartaítear a chur chun cinn le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa.


95. Tá tograí an Choimisiúin maidir le saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh bunaithe ar Chlár nua um Beart Comhphobail chun Comhdheiseanna do Mhná a Spreagadh (1982-85). Mhol Tionól na hEorpa an Clár sin i Rún uaidh dar dháta 11 Feabhra 1981 maidir le cor na mban i gComhphobal na hEorpa.1. D’áitigh Tionól na hEorpa arís i rún uaidh ina dhiaidh sin i dtaobh polasaí teaghlaigh go dtabharfadh Comhphobal na hEorpa tosaíocht do shaoire thuismitheora a fhorbairt.2.


96. Is é cuspóir na Dréacht-Treorach forálacha reachtúla coiteanna a bhunú ar fud an Chomhphobail faoina rialófaí saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh. Baineann sé le fear-oibrithe agus le banoibrithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach agus tá sé ceaptha di a chinntiú go ndéanfar an prionsabal go gcuirfear comhchóir ar fhir agus ar mhná a urramú go hiomlán trí theideal lucht oibre chun na saoire sin a shuíomh, faoi dhálaí comhchuibhithe, sna Ballstáit go léir.


97. Is é atá i saoire thuismitheora, is féidir a rá, saoire a thugtar d’athair nó do mháthair ar feadh tréimhse tar éis saoire mháithreachais a bheith caite lena chumasú do thuismitheoirí atá i bhfostaíocht aire a thabhairt dá leanbh nuabheirthe ar feadh tréimhse áirithe agus méid áirithe cobhsaíochta a ghealladh dóibh ó thaobh fostaíochta, slándála sóisialaí agus luach saothair. Bheadh ceart faoin togra ag tuismitheoir oibre, pósta nó gan a bheith, saoire thuismitheora neamh-inaistrithe trí mhí ar a laghad a fháil. D’fhéadfaí í a thógáil tráth ar bith i rith an dá bhliain tar éis leanbh a bhreith nó a uchtáil. Tá ceart pearsanta déanta de le súil go mbainfidh aithreacha leas as. Tá sé socruithe gur trí mhí, ar a laghad, an tréimshe a mhairfidh an tsaoire.


98. Fágadh faoi na Ballstáit féin a chinneadh cé acu a íocfar nó nach n-íocfar liúntas le linn saoire thuismitheora. Is cóir, áfach, gur as cistí poiblí, lena n-áirítear córais leasa shóisialaigh, a d’iocfaí aon liúntas, ionas nár ghá d’fhostóirí aon íocaíocht dhíreach a thabhairt. Is é is cúis leis an bprionsabal sin a chinntiú nár cheart don togra seo, ar chuntar ar bith, dochar a dhéanamh d’fhostú oibrithe óga.


99. Ba spéis leis an gCoimisiún an moladh a rinneadh go bhféadfaí, trí oibrithe a fhostú in ionad oibrithe ar shaoire thuismitheora, airgead a sholáthar le haghaidh liúntais saoire thuismitheora gan aon mhaoiniú breise, arbh fhiú trácht air, a fháil as na cistí poiblí.


100. Is le tréimhsí gairide saoire a thabharfaí d’fhear-oibrithe agus do bhan-oibrithe ar chúinsí práinneacha teaghlaigh a bhaineann an moladh maidir le saoire ar chúinsí teaghlaigh. D’fhéadfadh tinneas linbh nó, ó thaobh shaol na hÉireann de, cásanna ina mbíonn ar oibrithe singile, mná go háirithe, aire a thabhairt do thuismitheoirí aosta, a bheith ar áireamh na gcúinsí sin. Tá sé ar intinn ag na Ballstáit teideal íosta a shocrú chun méid áirithe laethanta in aghaidh na bliana a fháil mar shaoire. Faoin Treoir atá beartaithe ba chóir an tsaoire sin a chur i dteannta na saoire íoctha chun críocha luach saothair agus slándála sóisialaí.


Breithniú ar Thograí an Choimisiúin

101. Féachann an Dréacht-Treoir ar shaoire thuismitheora mar chead scoir ón obair a bheadh le fáil ag athair nó ag máthair, lena n-áirítear tuismitheoir uchtála mar gheall ar leanbh. Bheadh íostréimhse chinnte sa tsaoire sin. Mura dtógfaí saoire thuismitheora laistigh de dhá bhliain ón tráth a rugadh an leanbh bheadh an ceart chun na saoire sin caillte. Is é a bheadh i saoire ar chúinsí teaghlaigh teideal chun méid áirithe laethanta gach bliain i ndáil le riachtanais teaghlaigh.


102. Níl aon teideal reachtúil in Éireann chun saoire thuismitheora ná chun saoire ar chúinsí teaghlaigh a fháil. Is tuigthe don Chomhchoiste, áfach, go ndéanfar an cheist maidir le cearta chun pinsean áirithe slandála sóisialaí a bhuanú i gcás daoine a bhíonn as láthair óna gcuid oibre ag tógáil leanaí a bhreithniú ag féachaint do na tograí i gcomhair Plean Náisiúnta Pinsean ar tagraíodh cheana féin do.


103. Is é an tAcht um Chosaint Mháithreachais d’Fhostaithe, 1981, an t-aon reachtaíocht atá in Éirinn faoi láthair a bhaineann le ham saor ó obair mar gheall ar leanaí. Tugann an tAcht sin teideal do bhanfhostaí atá i bhfostaíocht inárachaithe agus a oibríonn de ghnáth ar feadh 18 n-uaire a chloig nó níos mó sa tseachtain don fhostóir céanna teideal chun saoire mháithreachais 14 sheachtain ar a laghad bheith á fháil aici. Fostaithe a chomhlíonann na coinníollacha maidir le ranníocaí atá leagtha síos san Acht bíonn teideal acu, i gcaitheamh na tréimhse sin, liúntas máithreachais pá-choibhneasa a éileamh. Liúntas faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981, is ea an liúntas sin agus is í an Roinn Leasa Shóisialaigh a riarann é. I dteannta an mhéid sin thuas, tá sé de rogha ag fostaí suas le ceithre sheachtain de shaoire neamhíoctha a thógáil díreach i ndiaidh a saoire mháithreachais.


104. Baineann cuid shuntasach den Dréacht-Treoir le liúntas a íoc maidir le hasláithreachtaí ón obair mar gheall ar shaoire thuismithrora. De réir an togra, mar atá sé faoi láthair, d’fhágfaí de rogha é liúntas a íoc. Is é atá ar intinn go ndéanfadh Ballstáit cinneadh i dtaobh cé acu a b’fhéidir nó nárbh fhéidir ceart a shuíomh chun saoire íoctha agus imthosca eacnamaíochta náisiúnta a chur san áireamh.


105. Ceanglaíonn an Dréacht-Treoir (Airteagal 9) ar Bhallstáit córais bhreithiúnacha agus córais seachbhreithiúnacha a thabhairt isteach chun go bhféadfadh daoine a mbeadh cúis gearáin acu faoin Treoir a n-éilimh a shaothrú.


106. Níl sé cinnte fós cén cion is dóigh a thógfar má bhíonn saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh le fáil faoi reacht. Tá an líon daoine a fuair sochar bliain ar bhliain faoin Acht um Chosaint Mháithreachais d’Fhostaithe, 1981, ó bunaíodh an scéim, leagtha amach sa Tábla i bhFoscríbhinn 1. D’fhéadfaí léargas éigin a fháil ó na figiúirí sin ar fhiúntas scéim saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh. Ach bheadh an líon a thairbheodh den scéim ag brath, cuid mhór, ar liúntas a bheith nó gan a bheith iníoctha i leith tréimhsí de shaoire thuismitheora nó de shaoire ar chúinsí teaghlaigh.


107. Dá nglacfaí leis an Treoir atá beartaithe, níor mhór reachtaíocht náisiúnta a rith le go mbeadh bonn reachtúil ann le haghaidh scéim chuimsitheach a chumhdódh saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh, chomh maith le leasú a dhéanamh ar reachtaíocht láithreach saothair, mar atá:


—An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973: chun a chinntiú go ndéanfar an t-am a chaitear ar shaoire thuismitheora etc. a áireamh mar “uaire cáiliúcháin” chun críocha teidil chun saoire;


— An tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973: asláithreachtaí mar gheall ar shaoire thuismitheora etc. a chomhaireamh le linn seirbhís leanúnach a bheith á ríomh; agus


— Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1979: ditto.


108. Tá saoire thuismitheora, a thugtar do thuismitheoirí a bhíonn ag obair ionas go gcaithfidís tréimhse sa bhaile le haire a thabhairt do leanaí óga, tar éis deireadh do theacht le saoire mháithreachais, le fáil i gcuid de na Ballstáit, ach ní san fhoirm chéanna. Go minic, déantar leatrom follasach ar aithreacha a bhíonn ag obair agus déantar, i gcásanna áirithe, an tsaoire thuismitheora a chur i dteannta na saoire máithreachais, rud nach ceart. I bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, mar shampla, tugtar saoire ceithre mhí don mháthair agus tig le fostaithe san earnáil phoiblí—máithreacha agus aithreacha araon—suas le trí bliana de shaoire neamhíoctha a fháil. Sa Fhrainc, tugtar dhá bhliain de shaoire gan phá don mháthair, nó don athair má thugann an mháthair suas a ceart chun na saoire sin. Sa Ghréig, baintear uair nó dhá uair an chloig den tseachtain oibre do mháithreacha oibre. Is é cuspóir an togra nua forálacha reachtúla coiteanna a bhunú chun an tsainghné sin de dhálaí oibre a riar, ní hamháin ar bhealach trína n-urramófaí prionsabal na comhchóra ach, fairis sin, chun féachaint le freagrachtaí an teaghlaigh a roinnt níos cothroime idir tuismitheoirí oibre, agus druidim níos faide ar an dóigh sin i dtreo an chomhionannais idir fir agus mná ar an margadh saothair.


109. Leis an tsaoire ar chúinsí teaghlaigh, bíonn caoi ag oibrithe cead scoir a fháil faoi chomhair dálaí práinne nó dálaí neamhghnácha a tharlaíonn sa bhaile, tinneas nó bás céile nó linbh, nó a leithéid. Tá an ceart chun saoire den chineál sin forleathan cheana féin sa Chomhphobal, sa reachtaíocht náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.


Dearcadh Comhlachtaí a Fhónann don Lucht Oibre agus don Lucht Tionscail

110. Deir an Roinn Saothair san aighneacht a rinne sí chun an Chomhchoiste nach bhfuil ach réamhbhreithniú déanta go fóill ar an Dréacht-Treoir ag leibhéal mheitheal oibre na Comhairle agus nach féidir ar an ábhar sin an sceideal ama is dóigh is gá lena bhreithniú a mheas ag an bpointe seo. De reír mar a deir an Roinn, tá an toradh a bheadh ar an Dréacht-Treoir doiléir ar go leor bealaí agus de bhrí go bhfuil cuid de na forálacha casta go leor beidh gá le tuilleadh mionscrúdaithe a dhéanamh orthu. Cuireann an Roinn i bhfáth, áfach, go bhféadfadh toradh tromaí a bheith ar aon scéim a thionscnamh laistigh den tseirbhís phoiblí ar nós na scéime atá molta ag an gCoimiún, ag féachaint, go háirithe, don toirmeasc atá ar earcú foirne faoi láthair, agus gur ghá d’Aire na Seirbhíse Poiblí, dá dtabharfaí teideal chun na saoire sin, maolú ar na laghduithe foirne le go bhféadfaí seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag imeacht.


111. Maíonn an Roinn freisin go bhfuil sé riachtanach go dtabharfaí dóthain airde, in aon tograí chun saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh, ar an gcor eacnamaíoch agus airgeadais i mBallstáit, lena n-áirítear na hiaróga le haghaidh éifeachta costais agus, faoi dheoidh, leibhéal na fostaíochta i gcoitinne.


112. Dearbhaíonn an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta san aighneacht a rinne sí chun an Chomhchoiste go dtacaíonn sí go láidir le haitheantas reachtúil a thabhairt do fhreagracht tuismitheoirí agus áitíonn sí go dtáirgfí saoire iarbhreithe d’aithreacha agus do mháithreacha araon. Is é tuairim na Gníomhaireachta gur beag ar fad an rogha atá ag tuismitheoirí agus gurb é a thoradh sin go mbíonn ar go leor ban éirí as obair nuair a bheirtear leanbh agus go mbíonn ar a thuilleadh díobh fanacht ag obair agus cúram máthar a dhéanamh gan mórán cúnaimh. Ar an láimh eile de, tá gach aon rud ceilte ar aithreacha ach an dualgas an mháthair agus an leanbh a chothabháil ó thaobh airgid. Maíonn an Ghníomhaireacht go méadófaí go mór na roghanna do thuismitheoirí dá mbeadh aithreacha ar áireamh sa scéim reachtúil agus gur chabhair é sin do dhaoine a ndualgais mar thuismitheoirí agus mar fhostaithe a chomhlíonadh. Tá sé riachtanach, dar le haighneacht na Gníomhaireachta, go bhféadfadh na tuismitheoirí féin a chinneadh cé acu díobh a bhfuil príomhchúram an naíonáin air nó uirthi nó an roinnfear an cúram sin eatarthu beirt.


113. Nuair a bhí ionadaithe na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta i láthair an Chomhchoiste, dhearbhaigh siad go raibh siad ag tacú le tograí an Choimisiúin agus, cé nár leor na forálacha i dtaobh saoire mháithreachais atá i bhfeidhm faoi láthair sa tír seo, go bhféadfaí an córas atá ann a fheabhsú. Is léir, áfach, nuair a bhíonn an cheist i dtaobh saoire mháithreachais le pá á plé in Éirinn nach mór an bhá atá leis mar shocrú, agus ní chuirtear aon bhreis leis an íostréimhse reachtúil 14 sheachtain atá ceadaithe do shláinte na máthar agus an naíonáin. Is dóigh leis an nGníomhaireacht nach saoire thuismitheora atá bainteach le haireachasú naíonán an tsaoire sin. Luaigh ionadaithe na Gníomhaireachta freisin gur beag an chabhair a fhaigheann oibrithe na hÉireann mar thuismitheoirí ón bpobal. Is é fírinne an scéil, a deir siad, gur beag ar fad d’aireachasú naíonán a chuirtear ar fáil in Éireinn sna chéad sé mhí de shaol naíonáin, cé is moite den chabhair a thig ón teaghlach féin. Chuir lucht na Gníomhaireachta in iúl gur chúis aiféala dóibh a laghad dul chun cinn atá déanta maidir leis na moltaí a rinne Meitheal Oibre an Rialtais i dtaobh deiseanna a sholáthar chun aire a thabhairt do naíonáin de chuid tuismitheoirí a bhíonn ag obair, agus luadh naíolanna a chur ar fáil ar fud na tíre. Mura mbeidh athrú ar an bpolasaí i dtaobh saoráidí nó deiseanna aireachais naíonán a chur ar fáil agus mura dtabharfar aitheantas reachtúil do shaoire thuismitheora, measann an Ghníomhaireacht nach féidir an bhearna idir tuarastal na bhfear agus na mban ná idir rátaí rannpháirtíochta na bhfear agus na mban a dhúnadh tuilleadh.


114. Dúradh san aighneacht a chuir Comhar Cheardchumann na hÉireann faoi bhráid an Chomhchoiste go bhfáiltíonn sé roimh thograí an Choimisiúin sa mhéid gur chéim thábhachtach chun tosaigh iad chun comhdheiseanna a chur ar fáil do mhná, go háirithe, ó tharla, i bhfarradh is an Eoraip, nach bhfuil taithí rómhór ag muintir na hÉireann ar shaoire thuismitheora ná ar shaoire ar chúinsí teaghlaigh. Feictear don Chomhar gur doiciméad rí-thábhachtach an Treoir chun saoire thuismitheora a fhorbairt mar cheart bunaithe do thuismitheoirí oibre. Molann an Comhar go ndéanfar leathnú ar bhrí an téarma ‘saoire thuismitheora’ le freastal do thréimhse saoire roimh áit a fháil do leanbh le tuismitheoirí uchtála chun go mbeadh deis acu bheith i láthair ag na caibidlí nach foláir a bheith ann sula ndéantar leanbh a uchtáil. Measann an Comhar gur chóir saoire sé mhí a bheith ag an tuismitheoir agus go mbeadh a thuarastal le fáil aige do na chéad trí mhí. Deir an Comhar Ceardchumann go bhféadfaí é sin a dhéanamh ach an scéim liúntais mháithreachais a leathnú. Measann sé nach bhfuil sé cruinn tagairt a dhéanamh don cheart chun saoire thuismitheora gan socrú a dhéanamh go mbeadh liúntas saoire ar fáil chuige sin. Gan socrú dá shórt bheadh an ceart chun saoire thuismitheora ceilte ar gach oibrí ach amháin iad sin a bheadh deisiúil a ndóthain chuige. Tá an méid sin bun os cionn ar fad leis an gcomhionannas idir na hoibrithe féin agus idir fir agus mná; is iondúil íocaíocht níos ísle a bheith le fáil ag na mná agus nach mbeidís in ann dá bhrí sin saoire gan phá a ghlacadh. Molann an Comhar go láidir, dá bhrí sin, go dtabharfaí éifeacht in Éirinn mar chuid riachtanach den Treoir d’fhorálacha Airteagal 6 faoina gceadaítear do Bhallstáit liúntas saoire thuismitheora a chur ar fáil as cistí poiblí.


115. De bhreis ar na mórchúinsí teaghlaigh a leagtar amach sa Dréacht-Treoir, molann an Comhar go gclúdófaí breoiteacht chleithiúnaí. Tá an méid sin fíorthábhachtach, dar leis, ó thaobh na hÉireann de, mar go bhfuil a lán oibrithe singile ann, agus mná go háirithe, a bhíonn ag tabhairt aire do thuismitheoirí aosta, do ghaolta agus do dhaoine eile sa teaghlach.


116. Tá molta ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann don Chomhchoiste san aighneacht léi go gcuirfeadh an tír seo go láidir i gcoinne na Dréacht-Treorach. Measann an Chónaidhm, dá gcuirfí tograí an Choimisiúin i bhfeidhm, go mbeadh méadu mór ar chostais fostaíochta i dtionscail na hÉireann dá bharr mar go mbeadh costais dhíreacha oibre agus costais riaracháin le híoc, go gcuirfeadh an méid sin isteach ar tháirgeadh, agus, ó thaobh na bhfostóirí de, go mbeadh easpa cinnteachta ann dá bharr, anois, nuair atá gá le cobhsaíocht ar mhargadh saothair na hÉireann. Bheadh ar ghnóthais tionscail, dar léi, bonneagar nua riaracháin a leagan amach chun faireachas agus stiúradh a dhéanamh ar shaoire fostaithe. Nuair a rachadh oibrithe oilte ar saoire chuirfí as don táirgeadh mar ba dhócha gur daoine neamhoilte nó daoine gan chur amach ar scil áirithe a chuirfí ina n-ionad. Bhí an Chónaidhm den bharúil freisin, mar gheall ar an Dréacht-Treoir, nach mbeadh fonn ar dhaoine ón gcoigrích infheistiú a dhéanamh in Éirinn mar go mba ualach breise ar an infheisteoir an socrú sin.


117. Molann an Chónaidhm gur chóir an cheist faoi shaoire ar chúinsí teaghlaigh nó ar éigeandáil teaghlaigh a fhágáil faoi gach comhlacht ar leith agus go bhféadfadh na comhlachtaí sin gach cás a mheas ar a fhiúntas féin.


118. Ní aontaíonn an Chónaidhm leis an gCoimisiún nuair a deir sé go dtabharfaidh saoire thuismitheora éascaíocht níos mó i n-eagrú ama saothair agus go bhféadfaí leas a bhaint as an tsaoire sin chun taithí oibre fhíorfhóinteach a thabhairt do dhaoine óga ar an bhforas gur gá bunús na n-oibrithe bheith i láthair na tráthanna broide agus nach féidir ina lán tionscal oibrí neamhoilte a chur in ionad oibrí oilte agus a bheith ag dúil san am céanna go bhfanfadh an táirgeadh ar an leibhéal céanna le linn na tréimhse saoire. Luadh Gloine Chriostail Phort Láirge mar shampla den méid sin toisc go mbíonn ar na hoibrithe sa tionscal sin oibriú faoi chóras ar leith.


119. Thug Cónaidhm na bhFostóirí le fios don Chomhchoiste ina haighneacht go raibh sí ag diúltú glan glacadh le tograí an Choimisiúin. Maíonn an Chónaidhm go bhfuil ualach trom ranníocaí slándála sóisialaí le híoc cheana féin ag na fostóirí, agus gurb ionann na ranníocaí sin agus cáin ar na leibhéil láithreacha fostaíochta agus ar chruthú fostaíochta nua. Má dhéantar aon ardú ar leibhéal na cánach nó na ranníocaí árachais shóisialaigh ó fhostaithe, is é an toradh a bheidh air sin, dar leis an gCónaidhm, go mbeidh breis pá á éileamh ag na fostaithe chun a nglan-ioncam a choimeád ar an leibhéal céanna. Cuirfidh an méid sin breis costais ar na fostóirí agus rachaidh an boilsciú in olcas.


120. Maidir le saoire a dhámhadh ar chúinsí teaghlaigh, deir an Chónaidhm gurb é an toradh a bheidh ar thograí an Choimisiúin go mbeidh méadú ar an méid de shaoire pá a bheidh le fáil ag fostaithe in aghaidh na bliana agus go bhfuil diúltaithe ag fostóirí na hEorpa, agus ag an gCónaidhm féin, do na hiarrachtaí go léir chun na tréimhsí oibre a ghiorrú. Tugann an Chónaidhm dúshlán an Choimisiúin nuair a deir sé go dtabharfadh na tograí atá déanta aige breis éascaíochta nuair a bheadh am saothair á eagrú.


121. Maidir le tuairim an Choimisiúin go dtiocfadh laghdú ar thréimhsí asláithreachta na n-oibrithe de thoradh tuilleadh saoire a dheonú, deir an Chónaidhm go bhfuil an dearcadh sin ag an gCoimisiún thar a bheith saonta. Níl aon fhianaise ar fáil, a deir an Chónaidhm, go bhfuil bonn fírinne leis an tuairim sin. Tá sé faighte amach in Éirinn nár tháinig aon laghdú ar an leibhéal asláithreachta nuair a tugadh breis saoire le blianta beaga anuas. A mhalairt a bhí fíor go minic i gcás saoire mháithreachais mar gur tháinig ardú ar an leibhéal asláithreachta.


Dearcadh an Chomhchoiste

122. Is mó a bhíonn saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh i gceist le blianta beaga anuas i reachtaíocht agus i gcomhaontuithe an Chomhphobail faoi choinníollacha oibre. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an méid sin mar go dtugann sé aitheantas níos fearr do fhreagracht na n-oibrithe i leith a dteaghlaigh, go háirithe, tuismitheoirí oibre a bhfuil leanaí óga acu. Is cleachtadh seanbhunaithe é i bhformhór na mBallstát go mbíonn cead ag fearoibrithe agus banoibrithe, ar chúiseanna teaghlaigh, saoire fhíortheoranta a ghlacadh chun freastal d’éigeandáil nó do thoscaí speisialta sa bhaile. Is ar na mallaibh a tosaíodh ar shaoire thuismitheora a thabhairt do thuismitheoirí oibre chun ligint dóibh tamall a chaitheamh sa bhaile i bhfeighil na bpáistí óga tar éis don tsaoire mháithreachais a bheith thart ach ní ar an dul céanna a chuirtear i bhfeidhm é i ngach Ballstát. Is minic go gcuirtear i bhfeidhm é ar mhodh leatromach chomh fada is bhaineann leis an athair oibre agus is minic a áirítear an tsaoire sin mar shaoire mháithreachais, rud nach ceart.


123. Measann an Comhchoiste gur go mall atá glacadh ag an bhfostóir Éireannach agus ag an bpobal Éireannach leis an athrú atá tagtha ar ról na bhfear agus na mban i gcúrsaí fostaíochta. De ghnáth ba í an bhean a d’éiríodh as a post le féachaint i ndiaidh na bpáistí agus i ndiaidh gaolta cleithiúnacha. Ní léir don Chomhchoiste cúis ar bith nach bhféadfaí an dearcadh sin a athrú agus is cabhair iad tograí an Choimisiúin chun an t-athrú sin a dhéanamh.


124. Mar gheall ar fhorás na tionsclaíochta is mó an líon ban a bhíonn ag obair anois ná bhíodh. Níl an dara rogha ag a lán ban faoi láthair ach fanacht i mbun oibre mar gheall ar an ngeilleagar tuaithe a bheith curtha as alt ag an ngeilleagar airgid. Nuair a bhíonn an dá thuismitheoir ag obair is intuigthe go mbeadh brú ar an bpósadh agus aithníonn an tOireachtas an méid sin mar go bhfuil Comhchoiste um Chliseadh Póstaí curtha ar bun aige chun an fhadhb thromaí sin a fhiosrú agus chun modhanna a mholadh le déileáil léi. Tá an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach den bharúil, dá mbeadh saoire thuismitheora ar fáil, gur mhór a chabhródh sé chun an deacracht sin a leigheas.


125. Maidir le hasláithreacht, ní chreideann an Comhchoiste gur measa a bheadh cúrsaí dá gceadófaí saoire thuismitheora. Is é a mhalairt a chreideann siad a bheith fíor mar tá siad den tuairim, dá gceadófaí saoire thuismitheora go mbeadh laghdú ar asláithreacht. Má bhíonn a fhios ag na hoibrithe go bhfuil fáil acu ar an tsaoire sin ó cheart is lú d’fhonn a bheidh orthu fanacht ar shiúl ón obair. Os a choinne sin, bheadh scéala faoin tsaoire ag an bhfostóir roimh ré agus bheadh sé in ann socrú a dhéanamh dá réir sa chlár oibre. Is cás leis an gComhchoiste nach bhfuil aon mhór-shuirbhé déanta le déanaí ar an asláithreacht1. Os mar sin atá, caithfear a bheith ag brath ar mheastacháin aonair agus ar shuirbhéanna fostóirí. Ina leith sin chuir an Comhchoiste in iúl go ndéanann Aer Rianta suirbhé gach bliain ar asláithreacht. Ní bhaineann an suirbhé áirithe sin ach le hasláithreacht nach gclúdaítear leis na gnáthshocruithe le haghaidh saoire. Ní áirítear saoire bhliantúil, saoire speisialta, saoire thaise, saoire mháithreachais agus atharthachta sa suirbhé. Tugtar sliocht as an suirbhe i bhFoscríbhinn 2. Tá an Comhchoiste á iarraidh go ndéanfaí staidéar forleathan ar asláithreacht ionas go mbeadh barúil ann faoi mhéid na faidhbe agus an tslí lena ceartú.


126. D’fhéach an Comhchoiste ar thograí an Choimisiúin mar thograí tionscantacha agus chuir siad rompu féachaint go báúil ar a bhfiúntas. Is céim chinnte eile chun tosaigh, dar leo, tograí an Choimisiúin chun saoire thuismitheora agus saoire ar chúinsí teaghlaigh a cheadú chun athchóiriú a dhéanamh ar chlár an Chomhphobal le haghaidh fostaithe agus, go háirithe, mar dheis chun cearta banoibrithe a chur chun cinn. Scrúdaigh an Comhchoiste go speisialta dearcadh an Choimisiúin go dtabharfadh na tograí breis éascaíochta chun eagrú a dhéanamh ar na tréimhsí oibre agus go bhféadfaí leas a bhaint astu chun taithí oibre a thabhairt don aos óg.


Bhí formhór chomhaltaí an Chomhchoiste den dearcadh, áfach, tar éis tograí an Choimisiúin a bhreithniú go grinn, go gcuirfeadh na tograí sin ualach breise ar ár ngeilleagar —geilleagar atá sách leochaileach faoi láthair. Tarraingíonn lucht an Chomhchoiste aird freisin ar eacnamaíochtaí láidre ar nós Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a bhfuil a ndíocas i leith na dtograí caillte acu. Tá an chuma air faoi láthair nach bhfuil aon tosaíocht ag tograí an Choimisiúin chun saoire thuismitheora agus saoire theaghlaigh a cheadú ach go bhfuil sé ar an liosta tosaíochta den bheartas sóisialta ar leibhéal an Chomhphobail. Tá sé rí-thábhachtach, dar leis an gComhchoiste, an geilleagar a thabhairt ó laige go neart chun dlúth agus inneach an phobail a chaomhnú agus chun misneach agus ábhar dóchais éigin a thabhairt don lucht dífhostaithe agus dóibh sin atá ullamh chun dul i mbun fostaíochta. Is mó, dar leis, an tábhacht atá leis an méid sin ná le tograí chun feabhas a chur ar dhálaí oibre daoine atá i mbun oibre cheana féin. Is oth leis an gComhchoiste nach féidir an deis seo a thapadh faoi láthair chun leas na mbanoibrithe a chur chun cinn. Is é a ndóchas go mbainfear leas as na deimhinbheartais atá i gClár nua Gníomhaíochta an Chomhphobail do Mhná chun maolú de chineál éigin a dhéanamh ar an gcliseadh atá tagtha ar na hiarrachtaí chun saoire thuismitheora agus saoire theaghlaigh a thabhairt isteach. Déiláiltear leo sin sa Tuarascáil seo.


127. Ó tharla thart fá 12.5 milliún a bheith dífhostaithe faoi láthair sa Chomhphobal, níl an imní chéanna ar dhaoine faoi na fadhbanna ar leith a bhaineann leis an mbanoibrí. Mar sin féin, is ábhar sásaimh don Chomhchoiste an ráiteas a rinne an tAire Stáit ag an Roinn Saothair sa chruinniú a bhí ag Airí Saothair CEE le déanaí go bhféachfadh Éire, le linn a ré Uachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach, leis an dul chun cinn a rinneadh maidir le cearta na mban le linn na 1970idí — nuair a bhíothas in ann deireadh a chur leis an gcuid ba mheasa den idirdhealú a bhí le sárú ag mná sa láthair oibre — a thabhairt i réim arís.


128. Ach is é fírinne an scéil nach indéanta, nuair atá an saol geilleagair gan dóigh, díriú ar fhadhbanna sóisialta i gcúrsaí fostaíochta ar nós saoire thuismitheora agus saoire theaghlaigh. Mar sin féin ní bheidh an scéal amhlaidh go buan agus tá an Comhchoiste á iarraidh ar fhostóirí a bheith ullamh chun glacadh leis na socruithe nua sin a luaithe is a thiocfaidh feabhas ar an ngeilleagar. B’fhearr i bhfad d’fhostóirí na hÉireann a bheith faoi réir chun glacadh leis na hathruithe nua ná bheith ag cur treampáin orthu. I dteicníocht nua an ríomhaire déanfar athruithe ar mhodhanna oibre agus ar shainmhíniú na hoibre — athruithe nár samhlaíodh go fiú deich mbliana ó shin. Agus ó tharla graf na dífhostaíochta i measc na n-óg a bheith ag dul in airde caithfear gach dóigh agus andóigh a chuardach chun cion den obair atá ann a chur ar fáil dóibh. Measann an Comhchoiste go bhfuil sé d’oibleagáid ar gach duine atá ag obair gach deis a chur ar fáil don té atá as obair chun an gealladh atá ann a thabhairt in éifeacht go hiomlán le hobair. Tá an suaitheadh agus an chorraíl a braitheadh i gclár athchóiriúcháin an Chomhphobail maidir le hoibrithe á mbrath fós sa tír seo tar éis deich mbliana ón am a cuireadh sraith iomlán de reachtaíocht chosanta fostaíochta i leabhar na reachtaíochta. Baineann ráta gluaiseachta dá chuid féin leis an athchóiriú. Mar a dúradh cheana, tá a lán de thograí an Choimisiúin curtha i bhfoirm reachtaíochta i gcuid de na Ballstáit. Ma théann an lucht bainistíochta i mbun dea-chleachtais oibre agus bainistí thuisceanach a chleachtadh as seo go ceann tamall de bhlianta is mór a chabhróidh sé leo féin, leis na hoibrithe agus leis an bpobal i gcoitinne. Mar bhuille scoir, tá súil ag an gComhchoiste nuair a thiocfaidh na tograí i bhfeidhm, má thagann, go mbainfidh idir fhir agus mhná leas astu.


Tátal

129. Tá tugtha faoi deara ag an gComhchoiste nach ndéanann an pobal idirdhealú ar bith idir saoire mháithreachais agus saoire thuismitheora. Bhí an méid sin le tabhairt faoi deara i gCúirt Bhreithiúnais na hEorpa i mí Iúil anuraidh nuair a tháinig an cheist os a comhair. Dhiúltaigh an Chúirt saoire “mháithreachais” a thabhairt do dhuine de bhunadh na Gearmáine, Herr Hofmann, a bhí á héileamh ar bhonn cothromais idir na gnéis. Sheas na Breithiúna le rialachán na Gearmáine faoina n-iarrtar ar mhná, ocht seachtainí tar éis na breithe, saoire bhreise a iarraidh nó go mbeidh an leanbh sé mhí d’aois; íoctar as an tsaoire sin mar go bhfaigheann an bhean liúntas ar cóimhéid lena tuarastal (ach gan dul thar DM 25 sa lá). Dúirt na Breithiúna gur cosaint shóisialta a bhí sa tsaoire sin don mháthair, agus nach féidir le haon duine eile an tsaoire sin a fháil. Mhaígh siad nach gcuireann Treoir CEE na bliana 1976 faoi chomhionannas córa idir na gnéis i bhfostaíocht agus i ndálaí oibre, ar ar bhunaigh Herr Hofmann a chás, oibleagáid ar na Ballstáit cead ionaid a thabhairt don athair fiú má aontaíonn an bheirt tuismitheoirí ina thaobh. Is é a tharla sa chás seo gur aontaigh an mháthair a saoire féin a thabhairt suas d’athair a linbh. Ba í an cheist a bhí le socrú a fháil amach cad é an saghas saoire a bhí i gceist. Mhaígh Herr Hofmann, nach sláinte na máthar ach aireachas don naíon a bhí i gceist sa tsaoire. Thaobhaigh an Coimisiún le Herr Hofmann á rá gur mó atá luí ag an reachtaíocht shóisialta ina lán de na Ballstáit le “saoire thuismitheora” nó “saoire oideachais” ná le saoire a thugtar don mháthair féin. Níor sheas an Chúirt Bhreithiúnais leis an mbonn argóna sin. Ba é a mbreithiúnas nach bhféadfaí “saoire mháithreachais” a thabhairt go dlisteanach d’aon duine ach don mháthair ó tharla gur ar an máthair amháin a bhíonn an brú dul ar ais níos túisce i mbun oibre. Mhaígh an Chúirt nach é a bhí i gceist i dTreoir CEE 1976 faoi chomhionannas córa idir fir agus mná socrú a dhéanamh faoi eagrú teaghlaigh nó modhnú ar dháileadh freagrachta idir an lanúin féin.


130. Cuireann an Togra beartaithe faoi deara do Bhallstáit córais bhreithiúnacha nó breac-bhreithiúnacha a thabhairt isteach le go bhféadfadh daoine a bhfuil ábhair ghearán acu faoin Treoir a gcás a shaothrú. Dá leanfaí an nós imeachta atá bunaithe cheana féin faoi reachtaíocht chomhionannais, bheadh sé le tuiscint, a deir an Comhchoiste, go ngabhfadh an Chúirt Oibreachais páirt sa mhéid sin. Ina thaobh sin de tugann an Comhchoiste dá aire gur sonraíodh deacrachtaí i dTuarascáil an Choimisiúin Fiosrúcháin ar Chaidreamh Tionscail a bhí ag cur as don Chúirt Oibreachais mar gheall ar aimhréir idir bunchúram na Cúirte Oibreachais aighnis a shocrú agus na feidhmeanna breac-bhreithiúnacha atá le comhlíonadh aici faoi reachtanna le deireanas. Mhol an Doiciméad Beachtaíochta faoi Athchóiriú ar an gCaidreamh Tionscail go bhfeadfaí cásanna faoi chomhionannas fostaíochta a aistriú on gCúirt Oibreachais go dtí an Binse Achomhairc Fostaíochta agus go bhféadfaí seirbhís oifigeach comhionannais a chur i mbaint mar aonad neamhspleách leis an gCoimisiún Caidrimh Saothair atá molta. Tugann an Comhchoiste dá aire áfach go bhfuil sé ráite sa ráiteas polasaí1 i mí Mheithimh seo caite gur mhol an Ghníomhaireacht un Chomhionannas Fostaíochta an Chúirt Oibreachais a choimeád mar fhóram cuí chun achomhairc i gcoinne mholtaí an Oifigigh Chomhionannais a éisteacht faoi chomhionannas pá agus chomhionannas fostaíochta.


(f) Togra i gcomhair treoir ón gcomhairle i dtaobh fheidhmiú phrionsabal na comhchóra d’fhir agus do mhná a scéimeanna slándála sóisialaí gairme.2

Réamhrá

131. An 19 Nollaig, 1978 d’aontaigh an Chomhairle glacadh le Treoir chun prionsabal na comhchóra d’fhir agus do mhná sa tslándáil shóisialta a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Ní bhaineann an Treoir sin ach le scéimeanna reachtúla agus leagtar síos an méid seo a leanas in Airteagal 3 (3) “with a view to ensuring the implementation of the principle of equal treatment in occupational schemes, the Council, acting on a proposal from the Commission, will adopt provisions defining its substance, its scope and the arrangements for its application”.


Dhá chineál scéimeanna gairme atá ann, mar atá, scéimeanna slándála sóisialaí reachtúla agus conarthaí nach bhfuil iontu ach conarthaí árachais phríobháidigh. Ní shainítear ábhar na gconarthaí sin le dlí mar a dhéantar leis na scéimeanna slándála sóisialaí reachtúla: ach thairis sin ní shainítear na scéimeanna sin le saor-chaibidlíocht idir daoine áirithe agus na cuideachtaí árachais. Baineann na gnéithe sin le cineálacha éagsúla scéimeanna arb é is cuspóir dóibh cur leis na sochair a fhaightear faoi scéimeanna slándála sóisialaí reachtúla (i gcúrsaí a bhaineann le seanaois, marthanacht, dífhostaíocht, easláine, breoiteacht) nó a n-ionad a ghlacadh, ach sin go fíor-annamh. Áirítear orthu:


Scéimeanna bunaithe ar chomhaontuithe idir ionadaithe fostóirí agus fostaithe ina mbaineann le gnóthas, earnáil ghairme nó earnálacha gairme;


scéimeanna cuideachtaí atá bunaithe nó beartaithe ag an bhfostóir féin dá oibrithe nó d’earnálacha áirithe de na hoibrithe sin, cibé acu a chuireann sé cúlchistí sonraithe i leataobh chun na críche sin nó a úsáideann sé cuideachta árachais chuige sin (grúp-árachas, mar shampla) nó a chuireann sé airgead ar fáil do na sochair ata leagtha amach aige mar chaiteachas foirne;


scéimeanna arna gcur ar bun ag ionadaithe daoine féinfhostaithe (lucht ceirde, dochtúirí, dlíodóirí, etc.).


132. Tá baint ag an ionstraim nua dlí atá molta ag an gCoimisiún leis na cineálacha scéimeanna sin go léir. Is fiú a thabhairt faoi deara gurb é an rud is suntasaí faoi na scéimeanna gairme sin go léir — ní hionann agus na scéimeanna árachais do dhaoine aonair — ná go bhfuil an rannpháirtíocht ina scéimeanna sin ina gcuid de na téarmaí fostaíochta, sa mhéid go n-eascraíonn sé go díreach nó go neamhdhíreach ón gconradh fostaíochta nó ó chleachtadh gairme.


133. Níor mhór a thabhairt faoi deara, ar dtús, gur lú de thairbhe a fhaigheann mná ná fir ó scéimeanna gairme. Tá dhá chúis leis sin. Ar dtús, is fíor nach ngabhann gnóthais a fhostaíonn banoibrithe go formhór páirt sna scéimeanna sin mar gheall ar an seandearcadh traidisiúnta faoi ról na bhfear agus na mban sa phobal.


Agus is é an dara cúis atá leis go bhfágtar obair pháirtaimsire as an áireamh ina lán scéimeanna gairme. Cé nach idirdhealú díreach an méid sin, is mó a théann sé i gcion ar mhná ná ar fhir agus is lú de bhuntáiste a fhaigheann mná as na scéimeanna sin.


134. Tá an chuma air gurb iad an dá chúis sin is bun leis an gcor faoi láthair agus nach féidir réiteach a fháil orthu le bearta díreacha a gheobhadh an cion is fearr ar an idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas ach go gcaithfear iad a réiteach trí bhearta cosanta sóisialaí níos fairsinge. Maidir le togra ina dtugtar cosaint don oibrí páirtaimsire a bhfuil Dréacht-Treoir tugtha ina leith, oibreoidh sí chun an chosaint chéanna a thabhairt don oibrí páirtaimsire is a thugtar don oibrí lánaimsire. Leigheasfaidh sin, ar bhealach, míbhuntáiste na mban. Tabharfaidh an Comhchoiste tuarascáil ar an togra sin amach anseo.


Tá bearta díreacha chun deireadh a chur le cineálacha eile idirdhealuithe ag teastáil áfach sna cásanna eile, go háirithe, cásanna ina mbíonn míchóir i gceist go mion minic agus measadh gur chóir na bearta sin a leagan amach i nDréacht-Treoir.


135. Leagadh amach tréimhse dhá bhliain chun deireadh a chur leis an idirdhealú sin. Ar a shon sin, i gcás pinsin aoise agus pinsin do chéilí marthanacha, tá de chead ag Ballstáit feidhmiú éigeantach phrionsabal na comhchóra a chur siar faoi choinníollacha speisialta, ag féachaint don chuing speisialta sa dá ní sin idir scéimeanna gairme a chur ar fáil agus na forálacha comhréire i scéimeanna reachtúla. Gan mhoill cuirfidh an Coimisiún tograí faoi bhráid na Comhairle chun na nithe atá eisiata faoi láthair ó Threoir 79/7/CEE agus an Treoir láithreach a shocrú.


136. Mar gheall ar chastacht na scéimeanna gairme agus a mbaint leis an gcóras slándála sóisialaí reachtúil, níor áiríodh na scéimeanna sin i dTreoir an 10 Feabhra, 1975 faoi chomhionannas pá. Níor áiríodh iad ach oiread i dTreoir an 19 Nollaig, 1978 faoi phrionsabal na comhchóra a chur i bhfeidhm de réir a chéile do mhná agus d’fhir i ngnóthaí slándála sóisialaí. Dúnann an Dréacht-Treoir láithreach bearna agus féadfar dá bharr tuiscint agus soiléire dlí a chur i mbaint le ceist na comhchóra a raibh oiread sin de dhoiléire agus d’easpa cinnteachta ag baint léi ó thaobh oibrithe agus fostóirí.


Breithniú ar Thograí an Choimisiúin

137. Déanfaidh tograí an Choimisiúin forlíonadh ar an Treoir láithreach i dtaobh comhionannas sna scéimeanna slándála sóisialaí reachtúla agus tiocfaidh feabhas dá bharr ar staid oibre na mban.


I bprionsabal na comhchóra sa Dréacht-Treoir tá sé leagtha amach nach ndéanfar aon idirdhealú ar bhonn gnéis, go díreach ná go neamhdhíreach, ag féachaint go háirithe don stádas pósta nó teaghlaigh maidir le:


—réim na scéimeanna agus na coinníollacha chun fáil a bheith ag daoine ar na scéimeanna sin;


—an oibleagáid ranníoc a dhéanamh agus méid na ranníocaí sin a ríomh; agus


—sochair a ríomh.


Ní bheidh glacadh a thuilleadh, mar shampla:


—le haoiseanna difriúla scoir atá bunaithe ar ghnéas;


—le coinníollacha difriúla chun sochair a dheonú nó na sochair sin a chur i mbaint le hoibrithe den ghnéas céanna; agus


—le sonrú a dhéanamh, go díreach nó go neamhdhíreach, ar ghnéas na ndaoine atá le bheith rannpháirteach sa scéim.


138. Is é an tuairisc atá ag an gCoimisiún ar na scéimeanna gairme is ábhar don Dréacht-Treoir ná gur scéimeanna iad a thig idir na scéimeanna slándála sóisialaí reachtúla agus conarthaí nach bhfuil iontu ach conarthaí árachais phríobháidigh. Áirítear orthu scéimeanna atá bunaithe ar chomhaontuithe, scéimeanna cuideachta agus scéimeanna arna mbunú ag ionadaithe na ngairmeacha féinfhostaithe, mar atá, lucht ceirde, dochtúirí, dlíodóirí, etc. Is í an bhuntréith a bhaineann le scéimeanna gairme ná go bhfuil na scéimeanna sin ag brath ar choinníollacha fostaíochta sa mhéid go ndíorthíonn siad, go díreach nó go neamhdhíreach, ón gconradh fostaíochta nó ó fheidhmiú na gníomhaíochta gairme. Tá sé ceaptha don Treoir friotháil do gach oibrí, cibé acu is fostaithe nó oibrithe féin-fhostaithe iad agus toirmisctear aon idirdhealú ar bhonn gnéis nó stádas pósta nó stádas teaghlaigh.


Dearcadh an Chomhchoiste

139. Chuir an Coimisiún i bhfáth gur lú de dhochar a fhaigheann mná ó scéimeanna gairme ná na fir. Luadh dhá chúis leis sin. Sa chéad ásc, ní gnáth go n-oibrítear scéimeanna gairme i ngnóthais ar mná formhór mór na n-oibrithe mar gheall ar an seandearcadh traidisiúnta atá ann faoi chúraimí na mban agus na bhfear sa phobal. Sa dara hásc, fágtar obair pháirtaimsire as an áireamh ina lán de na scéimeanna gairme. Ó tharla gur mná iad formhór na n-oibrithe páirtaimsire is mó a bhaineann an cheist leo. Bheadh bearta speisialta ag teastáil chun déileáil leis an idirdhealú folaigh indíreach agus gan bearta cosanta sóisialta níos leithne ní féidir an scéal a leigheas. D’áireofaí Treoir maidir le cosaint d’oibrithe páirtaimsire mar bheart amháin acu sin. Is ábhar sásaimh é don Chomhchoiste, dá bhrí sin, go bhfuil Dréacht-Treoir leagtha amach ag an gCoimisiún chun oibrithe páirtaimsire a chosaint agus measann sé gur le Dréacht-Treoir den chineál seo amháin a chuirfí d’iallach ar rialtais na mBallstát reachtaíocht a thabhairt isteach a thabharfadh na cearta céanna ar bhonn comhréire d’oibrithe páirtaimsire is a thugtar d’oibrithe lánaimsire maidir le luach saothair, saoire, sochair scoir, etc. Ar an drochuair, tá curtha go láidir i gcoinne na Treorach atá beartaithe i dtaobh oibrithe páirtaimsire sna Ballstáit agus is léir anois gurb é an toradh a bheidh air Moladh ina leith sin seachas Treoir cheangailteach. Is oth leis an gComhchoiste an méid sin agus tá súil acu gur féidir glacadh leis an togra láithreach faoi scéimeanna gairme mar chéim ar aghaidh ar an mbóthar sin.


140. Chun míthuiscint agus aighneas a sheachaint, luann Airteagal 6 den Dréacht-Treoir forálacha a bheadh contrártha don Treoir agus orthu sin áirítear:


—na rannpháirtithe a shonrú agus an chuid éigeantach nó roghnach dá rannpháirtíocht a shocrú: agus


—gan rialacha ná coinníollacha difriúla a shocrú ach do ghnéas amháin; lena n-áirítear aoiseanna scoir difriúla a shocrú agus cearta difriúla a shocrú i ndáil le saoire mháithreachais nó saoire theaghlaigh.


Tá cuid de na hábhair sin atá ar an liosta, curtha ar aghaidh mar ghearáin i dtaobh idirdhealú ar bhonn gnéis nó stádas pósta atá contrártha don reachtaíocht chomhionannais atá i bhfeidhm sa tír. Le tamall de bhlianta, chabhraigh an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta ar mhodh gníomhach le daoine a raibh éileamh á dhéanamh acu ó thaobh an dlí sna cúrsaí sin, go háirithe, sochair mharthanóirí, fadhbanna a bhaineann le tinneas a bhíonn ag gabháil le máithreachas agus gnéithe idirdhealaitheacha eile i scéimeanna pinsean cuideachta agus i scéimeanna sochair bhreoiteachta. Mar thoradh ar chomhairle agus ar chomhoibriú na Gníomhaireachta agus mar gheall ar spreagadh na gcomhdheiseanna fostaíochta atá leagtha amach do scéimeanna ceirde, go háirithe, san earnáil phoiblí, tá deireadh curtha leis an idirdhealú san earnáil phoiblí, go háirithe, sa dóigh go dtig leis na scéimeanna sin cloí go huile le hairteagail agus critéir an Togra atá beartaithe. Is mór an dul chun cinn é sin dar leis an gComhchoiste.


141. Tá sé leagtha amach in Airteagal 9 den Dréacht-Treoir go bhféadfar feidhmiú éigeantach na Treorach a chur siar ar dhá cheist:


— an aois inphinsin is infheidhme; agus


— an pinsean don chéile marthanach.


Tuigeann an Coimisiún go bhféadfadh fadhbanna a bheith ann do Bhallstáit áirithe maidir leis an dá cheist sin, ó tharla nach bhfuil prionsabal na comhchóra tugtha isteach go hiomlán sna scéimeanna reachtúla. Ó tharla gur mar sin atá, measadh gur chóir feidhmiú éigeantach phrionsabal na comhchóra a mhoilliú sna scéimeanna ceirde go dtí go mbeidh an prionsabal sin curtha isteach i scéimeanna reachtúla. Ach i gcásanna ina bhfuil prionsabal na comhchóra curtha isteach i scéimeanna leasa shóisialaigh reachtúla (mar atá in Éirinn áit a bhfuil an aois phinsean seanaoise céanna ag mná agus ag fir), ní féidir an tsaoirse sin a cheadú i gcás scéimeanna gairme.


Thiocfadh dó, i scéimeanna gairme difriúla cuideachta ar fud na tíre seo, nach mar a chéile an aois pinsin a chuirtear i bhfeidhm d’fhir agus do mhná. Is minic gur 60 bliain an aois scoir mhná nuair is 65 bliain an aois scoir d’fhir.


Measann an Comhchoiste gur cleachtas idirdhealaitheach é sin agus go bhféadfaí cás idirdhealuithe a thabhairt ar aghaidh faoin reachtaíocht chomhionannais (Achtanna 19741 agus 1977) ach níor tugadh aon chás ar aghaidh go dtí seo faoi reachtaíocht na tíre seo.


142. Baineann Airteagal 10 den Dréacht-Treoir le ríomh sochar agus é bunaithe ar ríomhaireachtaí achtúireachta de réir ghnéas an oibrí, agus na fadhbanna a d’fhéadfadh tarlú ina leith sin i gconarthaí a bheidh déanta sula dtabharfar an Dréacht-Treoir i bhfeidhm. Leagann an tAirteagal síos go mbeidh éifeacht na gconarthaí agus na dteagmhas sin san am le teacht á rialú ag reachtaíocht nua de dhroim na Treorach atá beartaithe. Molann an Comhchoiste go gcoimeádfaí na pointí sin i gcuimhne agus go ndéanfaí aon fhadbanna faoi leibhéal na sochar d’oibrithe, idir fhir agus mhná, a shocrú a luaithe is féidir.


143. Tathantaíonn an Comhchoiste go láidir ar dhaoine a mheasann idirdhealú a bheith déanta ina leith ar bhonn gnéis nó stádas pósta, an cheist a chur faoi bhráid na Cúirte Oibreachais lena himscrúdú faoin reachtaíocht chomhionannais. Is í seo an chomhairle chéanna a thabharfar nó go gcuirfear modh leorghnímh níos oiriúnaí ar fáil faoi reachtaíocht a bheidh le tabhairt isteach chun cloí leis an Dréacht-Treoir nuair a bheidh glactha ag an gComhairle léi.


Tátal

144. Beidh reachtaíocht nua ag teastáil in Éirinn nuair a thabharfar feidhm don Dréacht-Treoir. Go nuige seo ní raibh de bhaint dhíreach ag an Rialtas le scéimeanna ceirde ach gur cheadaigh sé faoiseamh cánach i leith scéimeanna pinsin gairme.


Maidir leis na tograí do Phlean Pinsin Náisiúnta, tá tugtha le fios ag an Aire Leasa Shóisialaigh go bhfuil ar intinn aige Bord Pinsin a bhunú. Tá sé ceaptha don Bhord comhionannas a bhaint amach i scéimeanna pinsin gairme.


145. Is mór go deo é an tionchar a bheidh ag an Dréacht-Treoir ar scéimeanna ceirde agus beidh ar Bhallstáit gach beart is gá a dhéanamh chun aon fhoráil atá bun os cionn le prionsabal an chomhionannais a chur ar neamhní nó a leasú. Faoin Treoir, dhéanfaí fógairt ar idirdhealú i ndáil le:


— fáil a bheith ag daoine ar bhallraíocht sna scéimeanna;


— aois nó coinníollacha seirbhíse;


— aisíoc ranníoca ar imeacht;


— coinníollacha chun pinsin a fháil lena n-áirítear aois scoir;


— cearta pinsean a choimeád le linn saoire mháithreachais;


— ríomh achtúireachta sochar agus ranníocaí; agus


— caomhnú nó aistriú sochar.


146. Cé nach bhfuil aon lear mór faisnéise ar fáil faoi scéimeanna slándála sóisialaí gairme sa tír seo is eol go bhfuil a lán scéimeanna pinsin gairme ann ina bhfuil coinníollacha difriúla leagtha síos do mhná ach is dócha go ghfuil feabhas ar an scéal sin ó ritheadh an tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974.


Tá mórshuirbhé á dhéanamh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh ar scéimeanna a bhaineann le pinsean gairme agus pá breoiteachta agus nuair a bheidh toradh an tsuirbhé sin ar fáil (go luath i 1985) féadfar tionchar na Treorach atá beartaithe a mheas níos cruinne.


147. Is deacair ar ala na huaire buille faoi thuairim a thabhairt ar cathain a bhreithneoidh Institiúidí an Chomhphobail an togra. Níor scrúdaíodh an cheist fós sa ghrúpa den Chomhairle a bhíonn ag plé le Ceistannna Sóisialta agus ó tharla na tograí a bheith chomh casta sin, go háirithe, maidir le ceisteanna áirithe a bhaineann le modhanna ríomhaireachta achtúireachta speisialta d’fhir agus do mhná, meastar go gcaithfear tamall fada á scrúdú agus á gcíoradh. Tá iarrtha ag fostóirí agus ionadaithe na ngnóthas pinsean in Eirinn go gcuirfí dóthain ama ar fáil chun go bhféadfaidís na hathruithe is gá a dhéanamh sna scéimeanna gairme ar dhóigh nach mbeadh aon chailliúint airgid ná aon mhórcheataí eile orthu dá bharr. Luadh tréimhse eatramhach 5 bliana lena aghaidh sin.


(g) Tuarascáil Eatramhach maidir le feidhmiú Threoir 79/7CEE, 19 Nollaig, 1978, ar fheidhmiú comhleanúnach phrionsabal na comhchóra d’fhir agus do mhná i gcúrsaí slándála sóisialaí.1

Réamhrá

148. Tá an Tuarascáil Eatramhach seo bunaithe ar thuarascálacha eatramhacha ó Bhallstáit éagsúla faoi fheidhmiú comhleanúnach na Treorach agus na fadhbanna a thiocfaidh dá chionn. Déileálann an Tuarascáil Eatramhach freisin le ceisteanna léiriúcháin (idirdhealú indíreach) agus na fadhbanna ginearálta a bhainfidh le réim shubstaintiúil na Treorach.


149. Seasaíonn an Tuarascáil Eatramhach le tuairim an Choiste Chomhairlithigh faoi chomhdheiseanna do Mhná agus d’Fhir. Baineann an méid sin:


1. (i)le sochair airgid nár mhór a bheith mar a chéile d’fhir agus do mhná; agus


(ii)le sochair nach foláir a thabhairt do cheachtar de na céilí (i gcás an bheirt acu a bheith árachaithe) agus pinsin seanaoise nár chóir a thabhairt ar bhonn na haoise atá ag duine amháin de na céilí.


2.le “sochair chúnamh shóisialaigh” a thagann faoi réim na Treorach; agus


3.I gcás ina dtugtar an ceart chun aireachas sláinte do chéile an duine árachaithe, ní mór na coinníollacha a bheith mar a chéile do cheachtar de na céilí.


4.Má táthar le heisceachtaí údaraithe a úsáid (Airteagal 7) ní mór bonn córa a bheith leis an úsáid sin.


5.Ní bheidh aon chéim ar gcúl ceadaithe in aon bhearta náisiúnta.


150. Tá treoirlínte tugtha ag an gCoimisiún chun a léiriú cad is idirdhealú indíreach ann agus deirtear iontu gur chóir na téarmaí sin a léiriú mar théarmaí a bhaineann le hidirdhealú folaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cur isteach ar oibrithe de ghnéas amháin mar gheall ar stádas pósta nó stádas teaghlaigh a bheith á chur san áireamh chun na cearta atá i gceist sa dá Threoir (76/207 agus 78/7) a chinneadh.


Measann an Coimisiún go bhféadfadh idirdhealú indíreach a bheith i gceist i gcás ina bhfuil beart a dhealraíonn a bheith neodrach bainteach go formhór le hoibrithe den ghnéas céanna, ach gan é bheith riachtanach cruthú a chur ar fáil go raibh an t-idirdhealú beartaithe. Is é a mhalairt atá fíor mar gurb é dualgas an duine atá ag feidhmiú an bhirt a mheastar a bheith idirdhealaitheach cruthúnas a chur ar fáil go raibh bonn córa leis agus nach raibh aon rún ann idirdhealú a dhéanamh.


Breithniú ar an Tuarascáil Eatramhach

151. Tá sé leagtha amach i dTreoir (CEE) 79/7CEE a ghlac Comhairle na nAirí an 19 Nollaig, 1978, go gcuirfear prionsabal an chomhionannais chóra i bhfeidhm go comhleanúnach d’fhir agus do mhná sa tslándáil shóisialta. Ní mór, faoi théarmaí na Treorach, deireadh a bheith curtha le gach cineál idirdhealuithe idir fir agus mná um Nollaig 1984.


Baineann an Treoir le scéimeanna reachtúla mar chosaint ar thinneas, easláine, seanaois, tionóiscí oibre agus galair cheirde, agus le cúnamh dífhostaíochta agus sóisialta i gcás é bheith ar intinn cur leis na scéimeanna sin nó iad a athnuachan.


152. Déileálann an Tuarascáil Eatramhach le fadhbanna a bhaineann le feidhmiú na Treorach agus tugtar dearcadh an Choimisiúin freisin ar cheisteanna a bhaineann le léiriú, go háirithe, maidir le hidirdhealú indíreach a rinneadh i mBallstáit chun éifeacht a thabhairt don Treoir roimh an dáta dlite, an 22 Nollaig, 1984. Sa Tuarascáil féin, níl a leithéid i gceist — aon oibleagáidí a luaitear is ón Treoir féin iad.


Maidir le hÉirinn, luaitear sa Tuarascáil na nithe atá le socrú go fóill. Is le mná pósta a bhaineann an chuid idirdhealaitheach den chóras leasa shóisialaigh de réir théarmaí na Treorach.


153. Maidir le sochair phearsanta, déileáiltear ar mhodh neamhionann le mná pósta, seachas mná pósta a chónaíonn ar leithligh óna gcéilí agus nach bhfuil in ann aon chúnamh airgeadais a fháil ón gcéile sin nó mná pósta atá i dteideal méadú sochair a fháil do leanbh nó fearchéile, sa mhéid


(i)gur lú na rátaí sochair a fhaigheann siad ná a fhaigheann fir mar shochar míchumais, sochar dífhostaíochta, pinsean easláine, sochair dhíobhála ceirde (sochar díobhála, pinsean míthreorach agus aisce mhíthreorach agus forlíonadh dífhostaíochta),


(ii)nach féidir leo sochar dífhostaíochta a fháil ach do 312 lá ar a mhéid in aghaidh 390 lá i gcoitinne,


(iii)go bhfuil siad ionann is fágtha lasmuigh den scéim um chúnamh dífhostaíochta (chun gur féidir le bean phósta cúnamh dífhostaíochta a fháil ní mór dá fearchéile a bheith i gcleithiúnas uirthi nó gan ise a bheith i gcleithiúnas ar a fearchéile).


154. Maidir le harduithe i leith céile, is déine i bhfad na coinníollacha faoinar féidir le bean phósta arduithe a fháil i leith céile ná na coinníollacha faoinar féidir le fear pósta arduithe a fháil i leith a bhanchéile. Féadfaidh fear pósta cáiliú chun ardú a fháil i leith a bhanchéile má tá sí in aontíos leis nó má tá sí á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige ach ní fhéadfaidh bean phósta cáiliú chun ardú a fháil i leith a fearchéile ach amháin nuair is easlán é agus go bhfuil sé á chothabháil go hiomlán nó go formhór aici.


Is é an scéal céanna é maidir le harduithe i leith leanaí cleithiúnacha. Féadfaidh fear pósta an t-ardú a fháil má bhíonn na leanaí ina gcónaí go rialta leis ach ní fhéadfaidh bean phósta an t-ardú sin a fháil ach amháin nuair is easlán a fearchéile agus go bhfuil sé á chothabháil go hiomlán nó go formhór aici.


Dearcadh an Chomhchoiste

155. Measann an Comhchoiste go bhfuil tábhacht thar na bearta leis an dóigh a ndéileáiltear leis an gcleithiúnas chomh fada is a bhaineann le feidhmiú Threoir (CEE) 79/7/CEE i dtaobh phrionsabal an chomhionannais in Éirinn. Is é an dearcadh sóisialta is treise in Éirinn (agus i roinnt tíortha eile san Eoraip freisin), gur chóir do na fir a gcuid ban a chothabháil fad a bhíonn siad i bhfeighil an tí agus ag tabhairt aire do na leanaí. Is é an tátal a bheadh le baint as an tslí ina bhfeidhmítear ar mhodh difriúil na ceanglais chleithiúnais chun cúnamh dífhostaíochta a fháil in Éirinn ná go ndéileáiltear ar mhodh difriúil le haicmí áirithe oibrithe, eadhon — banoibrithe. Tugtar scéala go rialta don Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta faoi chásanna ina ndiúltaítear sochar dífhostaíochta do mhná a bhfuil leanaí acu ar an bhforas nach bhfuil fáil orthu le haghaidh oibre toisc leanaí óga a bheith acu. Cé go bhféadfaí, ó thaobh prionsabal, na ceisteanna céanna a chur ar fhir is a chuirtear ar mhná, ba chóir an córas tástála áirithe sin a bhreithniú, dar leis an gComhchoiste, mar go dtugann sé le fios, nach bhfuil mná, agus mná pósta, go háirithe, ar fáil le haghaidh oibre.


156. Is aicme fhíor-leochaileach iad na mná pósta mar gheall ar an gcleithiúnas seanbhunaithe atá acu ar a gcuid fearchéile, agus mar gheall ar an idirdheighilt a dhéantar ar an obair sa bhaile idir an fear agus an bhean. Fágann sin go mbíonn rogha oibre go teoiriciúil ag an mbean, rogha nach mbíonn de ghnáth ag an bhfear. Ní aontaíonn an Comhchoiste leis an tuairim nach gá do mhná dul amach ag obair. Is eol dóibh go bhféachtar de ghnáth ar mhná a théann amach ag obair mar dhaoine a bhfuil beart difriúil neamhghnách á dhéanamh acu, gur dóigh le daoine gur leithleasach an mhaise do mhná pósta poist atá tearc go leor a choimeád chucu féin. Cé go n-adhmaítear go bhfuil mná pósta ann ar gá dóibh dul amach ag obair chun a gcuid leanaí a thógáil agus murach an bhanchéile a bheith ag saothrú airgid go mbeadh a lán teaghlach beo bocht, ní féidir imeacht ón ngnáthdhearcadh a bhíonn ag daoine, gurb iad na fir agus nach gá gurb iad na mná, cothaitheoirí an teaghlaigh.


157. Ba mhaith leis an gComhchoiste tagairt a dhéanamh, don staidéar a rinne Welsh Women’s Aid le gairid faoin bhfáil a bheadh ar mhná sa Ríocht Aontaithe le haghaidh tástálacha oibre amhail mar a moladh i dTuarascáil Rayner1.


Ba é barúil na n-údar nach raibh aon chinnteacht ag baint leis an smaoineamh faoi mhná a bheith ar fáil le haghaidh oibre. Braitheann feidhmiú an smaoinimh sin, le leathchéad bliain, ar dhearcadh an phobail faoin obair, agus ar a ndearcadh faoi na haicmí daoine ar dual dóibh nó nach dual dóibh dul amach ag obair. Maidir le mná pósta do dhul amach ag obair, ní hionann in aon chur an dearcadh a bhíonn sa phobal i dtaobh na mban is na bhfear. Is é a thoradh sin go mbítear in amhras nuair a bhíonn mná pósta i gceist d’obair éigin agus, uime sin, ní bhíonn an deis chéanna ag mná pósta chun fostaíochta is a bhíonn ag na fir. Fágann sin gur beag ar fad é líon na mban pósta sa mheitheal oibre.


158. Tá an Comhchoiste den bharúil gurbh fhiú an méid seo a leanas as Tástáil Rayner2 a shonrú:


“The facts of many married women’s lives at present are that they are not as available for work as men because of the position they hold within the family — part-time work and a pattern of entering and leaving the labour market suits women if they are to continue to have a major responsibility for child and home care. This means it makes sense for some women to say—


‘I don’t really want to work but we need the money so I’m trying to find a job’


They are in effect saying at the same time—


‘I want work and I don’t want work’


—whereas fewer men have the option to express that dilemma. And in terms of assessing women’s availability for work, their apparent ‘choice’ can be easily held against them. Their declared intention of a need to work, whatever the reason, is converted into something less than wholehearted and so open to suspicion, particularly when unemployment is high.”.


159. Measann an Comhchoiste gur chóir deireadh a chur leis an mbarúil faoin gcleithiúnas aosaithe i gcóras leasa shóisialaigh na hÉireann. Níor chóir stádas teaghlaigh an té atá ag iarraidh sochar nó cúnamh dífhostaíochta a chur san áireamh nuair atá iarratas á bhreithniú. Is dóigh leis an gComhchoiste nár chóir go gcuirfí aon cheisteanna ar iarratasóirí i dtaobh na socruithe do chleithiúnaithe (leanaí, seandaoine nó daoine éislinneacha) ná aon cheisteanna eile a dhéanfadh leithcheal ar mhná ag iarraidh cúnaimh (agus go hindíreach ar an bhfáil a bheadh acu ar phoist ar gá do dhuine a bheith ar an mBeo-Chlár chun bheith cáilithe ina gcomhair).


160. Is ábhar díomá don Chomhchoiste a laghad tosaíochta atá tugtha ag an Rialtas do na moltaí ón Meitheal Oibre i dtaobh Saoráidí Aireachais Leanaí do Thuismitheoirí Oibre. De bhrí nach bhfuil cóiríocht ar fáil ag tuismitheoirí oibre chun aireachas a fháil dá leanaí, bíonn ar mhná socruithe a dhéanamh le gaolta nó socruithe neamhoiriúnacha eile a dhéanamh agus, ar chaoi ar bith, ní féidir na socruithe sin a chur i gcrích go dtí go mbeidh post faighte acu ar dtús. Ó tharla gur ar an máthair a chuirtear an fhreagracht aireachas a fháil dá leanaí le linn di bheith ag obair, agus go mbaineann fadhbanna leis an méid sin nuair nach gcuirtear córas ceart aireachais ar fáil do leanaí, fágann sin go mbíonn leochaileacht mhór ag baint le cás na mban nuair a bhíonn an dífhostaíocht i réim agus nuair a bhíonn trá ar chaiteachas an Rialtais ar sheirbhísí sóisialta.


161. Ba mhaith leis an gComhchoiste na sainmholtaí seo a leanas a dhéanamh i ndáil le comhionannas córa a chur ar fhir agus ar mhná maidir le slándáil shóisialta:


(i)Ba chóir deireadh a chur leis an dearcadh atá ann faoi chleithiúnas aosaithe;


(ii)Is in oifigí na Seirbhíse Náisiúnta Daonchumhachta amháin a ba chóir ceisteanna a chur faoi dhaoine a bheith ar fáil le haghaidh oibre agus ansin amháin nuair atá oiriúnacht daoine le haghaidh post nó deiseanna le haghaidh oiliúna etc., á bplé. Níor chóir aon cheisteanna a chur faoi shocruithe i gcomhair cleithiúnaithe mar go bhféadfadh sé bheith míbhuntáistiúil do mhná;


(iii)Ní mór cur i gcoinne an dearcadh a bhíonn ag daoine gur d’obair lánaimsire amháin a bhíonn fáil ar dhaoine;


(iv)Caithfear géilleadh don dearcadh gur obair dhearfa í an obair pháirtaimsire agus gur chóir go mbeadh gach ceart reachtúil ag oibrithe páirtaimsire;


(v)Ba chóir go dtuigfeadh an Coimisiún an tairbhe a bhaineann le suirbhéanna a dhéanamh go rialta agus go minic chun a fháil amach cad é an líon daoine dífhostaithe nach bhfuil cláraithe;


(vi)Ba chóir don Choimisiún féachaint ar an dul chun cinn atá déanta maidir le saoráidí aireachais leanaí a chur ar fáil do thuismitheoirí oibre agus a chur ina luí ar na Ballstáit dóthain achmainní a chur ar fáil d’aireachas leanaí sa phobal tráthanna a bhféadfadh tuismitheoirí a bheith ag saothrú pá i bhfostaíocht;


(vii)Ba chóir don Roinn Saothair agus don Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngníomhaireachtaí oiread faisnéise agus is féidir a chur ar fáil in aisce don phobal faoi phoist atá ar fáil agus deiseanna a thabhairt do dhaoine cúrsaí oiliúna a dhéanamh.


Tátal

162. Baineann an Treoir seo go speisialta leis an nGníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta óir is ar an nGníomhaireacht atá an cúram speisialta comhdheiseanna fostaíochta a chur ar aghaidh d’oibrithe. An pobal oibre, idir fhir agus mhná, atá i gceist sa Treoir, is é sin, lucht tuillimh phá nó daoine féinfhostaithe, oibrithe a bhfuil tinneas, tionóisc nó dífhostú ainneonach tar éis cur as dá gcleachtadh oibre, mar aon le daoine ag lorg fostaíochta agus oibrithe atá ar scor nó atá míchumasach. Is é is brí le prionsabal na comhchóra chun críocha na Treorach, nach ndéanfar aon idirdhealú ar fhoras gnéis, go díreach ná go neamhdhíreach, chomh fada is a bhaineann an cheist le stádas pósta nó stádas teaghlaigh. Cé go gclúdaíonn an Treoir formhór na sainghnéithe reachtúla, ar nós scéimeanna, coinníollacha rochtana, an oibleagáid ranníoc a dhéanamh agus ranníocaí a ríomh, sochair a ríomh (lena n-áirítear méaduithe atá dlite i leith céile agus nó cleithiúnaithe) agus na coinníollacha lena rialaítear ré na sochar agus a bhfionraí, tá eisceachtaí áirithe ceadaithe. Baineann na heisceachtaí sin le haois scoir, buntáistí sóisialta a thugtar do dhaoine a d’oil leanaí agus méaduithe i sochair fhadtéarma (easláine, tionóiscí oibre, seanaois) do chéile cleithiúnach.


163. Mar a dúradh cheana, tá tábhacht ar leith le prionsabal an chleithiúnais (trína meastar go coitianta mná a bheith i gcleithiúnas ar a gcéilí cibé acu atá nó nach bhfuil ioncam dá gcuid féin ag na mná sin) nuair atá ceist an chomhionannais sa chóras leasa shóisialaigh á plé. Ba mhaith leis an gComhchoiste go gcuirfí deireadh a luaithe is féidir le rialacha agus cleachtais idirdhealaitheacha agus, más féidir, roimh an dáta deiridh a mbeidh feidhm le thabhairt do na hairteagail go léir sa Treoir i dtaobh scéimeanna reachtúla leasa shóisialaigh — eadhon an 19 Nollaig 1984.


164. Tá aird á tharraingt ag an gComhchoiste ar na cásanna seo a leanas ina ndéantar idirdhealú idir aicme de ghnéas amháin nó aicme den ghnéas eile nó ar bhonn a stádas pósta:


Sochar Dífhostaíochta Sochar Míchumais Cúnamh Dífhostaíochta Pinsean Easláine Díobhálacha Ceirde

I ngach cás, baineann ráta speisialta le mná pósta a meastar bheith i gcleithiúnas go hiomlán nó go form- hór ar a gcéilí. Tá de chead ag fear pósta ar pinsean easláine, mar sham- pla, éileamh a dhéanamh i leith a bhanchéile, ach níl sé de chead ag bean phósta a bhfuil pinsean den sórt céanna aici éileamh a dhéanamh i leith a fearchéile mura bhfuil sé i gcleithiúnas go hiomlán uirthi.

 

Ní mar a chéile ach oiread ré an tsochair agus ráta an tsochair d’fhir agus do mhná: 312 lá a bhíonn i gceist, cuir i gcás, maidir le sochar dífhostaíochta do mhná pósta ach 390 lá a bhíonn i gceist do gach oibrí eile os cionn 18 mbliana.

Ina theannta sin, tá cásanna ann inar mná amháin atá i dteideal sochar a fháil:


—sochar máithreachais (lasmuigh de réim na Treorach)


—pinsean baintrí (ranníocach)


—pinsean baintrí (neamhranníocach)


—sochar banchéile thréighte


—liúntas do bhanchéile príosúnaigh


—liúntas do mháithreacha neamhphósta


—liúntas do bhean shingil idir 58 mbliana agus 66 bliana.


Níl a chomhshamhail de liúntas ann d’fhir. Ar a shon sin, measann an Comhchoiste go mbíonn idirdhealú díreach i gceist i gcásanna den sórt sin.


165. Maidir leis an earnáil dheiridh sin thuas, measann an Comhchoiste go bhfuil tábhacht leis na pointí seo a leanas:


Is ón liúntas cúnaimh dhífhostaíochta a tháinig an liúntas cúnaimh shóisialaigh. Ó tugadh an liúntas cúnaimh shóisialaigh sin isteach i 1974 ní léir go ndearna sé aon tairbhe cheárt don iarratasóir, mar gur ró-dhócha go mbeadh cúnamh dífhostaíochta (acmhainnthástáilte) le fáil aici go dtí go mbeadh liúntas scoir nó pinsean seanaoise ag dul di. Thairis sin, ní mór don bhean shingil 58 mbliana d’aois a bheith slánaithe aici chun an liúntas áirithe sin a fháil. Níl de shócúl ag an mbean shingil sa chás áirithe sin ach amháin nach gá di bheith ar fáil le haghaidh oibre agus nach gá di dul go dtí an Marlartán Fostaíochta gach seachtain le síniú. Is é a thoradh sin go mbaintear den chlár dífhostaíochta í.


Tarlaíonn an t-idirdhealú is coitianta, a deir an Comhchoiste, sna blianta nuair a bhíonn bean shingil ag tabhairt aire do dhuine gaoil atá sean agus éagumasaithe. Sa chás sin, ní bhíonn aon íocaíocht phearsanta le fáil ag an té atá ag tabhairt na haire cé go bhféadfadh an té atá ag fáil na haire bheith cáilithe le liúntas gaoil forordaithe a fháil. Níl aon bhealach ann chun a áirithiú go bhfaighidh an t-airíoch aon chuid den liúntas sin. Is é a thoradh sin go mbíonn a lán airgid spártha dá bharr ag an Stát toisc nach mbíonn an seanduine le coimeád i bhforas do dhaoine aosta agus cróilí. Nuair a fhaigheann an gaol bás, ní bhíonn le fáil ag bean shingil ach sochar amháin den dá shochar fhadtéarma atá luaite cheana (liúntas cúnaimh dhífhostaíochta nó liúntas cúnaimh shóisialaigh) agus sa chás sin ní mór di bheith idir 58 mbliana agus 66 bliana d’aois.


166. I dtaca leis an liúntas cúnaimh shóisialaigh de, measann an Comhchoiste go mbaineann na míbhuntáistí seo a leanas leis ó thaobh na mban de:—


(i)Bíonn aois uasta 58 mbliana i gceist cé nach mbíonn ach 40 bliain i gceist chun liúntas banchéile thréigthe a fháil, sin mura bhfuil páistí le tógáil. Níl aon teorainn aoise i gceist maidir le pinsean baintrí (neamhranníocach); agus


(ii)níl ach £1.00 sa tseachtain i gceist mar liúntas acmhainne cé go bhfuil £6.00 sa tseachtain i gceist d’earnálacha eile agus go gcuirtear “sochar agus pribhléid” san áireamh chun a hacmhainn a mheas, i.e. a hiostas d’aon bhean shingil ina cónaí sa teaghlach.


Chun na míréireachtaí sin a cheartú, measann an Comhchoiste gur gá don Stát aitheantas a thabhairt don obair atá á dhéanamh ag daoine a thugann aire go lánaimseartha do ghaolta sa bhaile agus gur chóir go níocfaí i gceart iad as an obair sin a dhéanamh. D’fhéadfaí tabhairt faoin méid sin (i) trí phost mar airíoch baile a bhunú a d’oibreodh i gcomhar leis an tseirbhís sláinte poiblí agus go mbeadh an socrú sin ina chuid den eagraíocht aireachais phobail áitiúil, (ii) ar an ngrád oibrí sin a bhunú go gcuirfí deireadh leis an liúntas gaoil forordaithe agus (iii) idir dhá linn, go gcuirfí na coinníollacha a bhaineann leis an liúntas cúnaimh shóisialaigh ar aon réim leis na coinníollacha a bhaineann leis na liúntais in earnálacha eile.


167. Tá idirdhealú eile a bhaineann leis na liúntais dá dtagraítear i mír 5, a deir an Comhchoiste, is é sin, nach n-éilítear scair an fhostóra den ranníoc Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa i leith fostú daoine sna hearnálacha sin.


168. Thiocfadh dó go mbeadh idirdhealú san ord tosaíochta d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh, e.g. liúntais leanaí a íoc leis an máthair. Thiocfadh dó freisin go mbeadh idirdhealú díreach ann i bhfabhar na bhfear i gcás, mar shampla, go n-aithnítear de ghnáth gurb é an fear “ceann an teaghlaigh”.


Measann an Comhchoiste go bhféadfaí deireadh a chur leis an sórt sin d’idirdhealú—


(i)dá mba rud é go mbeadh glacadh le tuismitheoir amháin mar dhuine a chomhlíonann na ceanglais don sochar nó, i gcás ina mbeadh glacadh leis an dá thuismitheoir, go bhféadfaí rogha a dhéanamh (eatarthu). Mura mbeadh an méid sin indéanta ar chúis éigin, go bhféadfaí an tairbhí a chinneadh roimh ré. Thiocfadh dó gur mhó de bhuntáiste an sochar do dhuine amháin ná don duine eile.


(ii)dá mbeadh, in ionad na socruithe go léir chun liúntais agus sochair do mhná a íoc, liúntas teaghlaigh amháin don aontuiste gan féachaint do stádas na ndaoine i gceist.


169. Níor chóir go mbeadh aon éagsúlacht ag baint leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le daoine a bheith ar fáil le haghaidh oibre. Má tá leanaí óga ag bean, ní cóir, dar leis an gComhchoiste, go gcuirfeadh sé sin i dtuiscint nach bhfuil sí ar fáil le haghaidh oibre lasmuigh den teach agus nach mbeadh sí cáilithe dá chionn sin chun sochar a fháil. Má tá bean pósta níor chóir go dtuigfí as sin nach bhfuil sí ar fáil le haghaidh oibre. Tá sé bun os cionn ar fad leis an gcóir agus is éagóir agus idirdhealú é ó thaobh na mban de. Beidh na neamhréireachtaí sin le ceartú chun prionsabal an chomhionannais a chur i bhfeidhm agus beidh ceartú le déanamh freisin ar neamhréireachtaí eile a bhaineann le gnéas, stádas pósta agus/nó stádas teaghlaigh.


170. Is eol don chomhchoiste go mbíonn fadhbanna móra i gceist nuair a chliseann pósadh. Ní thugtar aitheantas sa chóras leasa shóisialaigh don chliseadh pósta. Is mar gheall ar an tuairim faoi thuilléamnaíocht a tharlaíonn na gnéithe sin den fhadhb a bhíonn i gceist san idirdhealú, ach ní hamhlaidh atá a thuilleadh. Is cinnte go bhféachfaidh an Comhchoiste um Chliseadh Póstaí ar an bhfadhb sin nuair a bheidh an cheist á plé acu.


171. D’fhéadfaí a rá is dócha nach féidir an córas leasa shóisialaigh a leasú gan an córas cánach a leasú freisin ó tharla dlúthbhaint a bheith ag an dá chóras le chéile. Ach toisc sprioc a bheith leagtha amach leis an Treoir faoi scéimeanna leasa shóisialaigh a chur i ngníomh, is é sin, Nollaig 1984, caithfear na leasuithe riachtanacha a dhéanamh ar an gcóras láithreach bonn.


C. TUAIRIM GHINEARÁLTA

172. Sa Tuarascáil fhairsing seo ón gComhchoiste, rinneadh iarracht scrúdú beacht a dhéanamh ar na bearta sin de chuid an Chomhphobail a moladh agus a glacadh chun a áirithiú go mbeadh an comhionannas córa céanna le fáil ag mná (agus ag fir). Faoi láthair, bheifí á rá nach chun leasa dúinn a théann ár mballraíocht sna Comhphobail Eorpacha. Bheifí á rá freisin gurb iad na Comhphobail Eorpacha is trúig leis an droch-chor eacnamaíoch atá sa tír. Bíodh sin mar atá, is dearbh leis an gComhchoiste go nglacann an Comhphobal páirt mhór i gcur chun cinn an chomhionannais i gcás na mban.


173. Tá éirithe leis an gComhphobal athruithe a dhéanamh ar chleachtais fostaíochta nach bhféadfaí a dhéanamh go ceann fada go leor. Tá mná na hÉireann faoi chomaoin ag an gComhphobal as deireadh a chur leis an toirmeasc pósta i gcúrsaí fostaíochta, as saoire mháithreachais a thabhairt isteach, as deiseanna níos fearr a thabhairt dóibh chun scileanna ceirde a fháil, as cosaint fostaíochta a chur ar fáil dóibh le linn toirchis, as deireadh a chur le fógraí fostaíochta a bhainfeadh le fir amháin agus as cóir níos cothroime a fháil dóibh faoin gcóras leasa shóisialaigh. Gan na feirmeoirí a áireamh is dócha gur mó de bhuntáiste a fuair mná na hÉireann as CEE ná aon dream eile.


174. Tá an Comhphobal chomh fada sin ar iarraidh feabhas a chur ar staid na mban go bhfuil sé i dtús cadhnaíochta san obair sin. Ní gan dua a bhainfear amach comhionannas córa agus comhdheiseanna do mhná agus d’fhir i gcúrsaí fostaíochta, go háirithe. Tá de dhualgas ar an gComhphobal leanúint dá iarrachtaí agus a mhodhanna oibre a chur in oiriúint don obair atá le cur i gcrích fós i gcúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta. Is chuige sin an Clár Nua um Ghníomhaíocht Chomhphobail.


175. Nuair a bunaíodh CEE bhí saincheisteanna na mban go mór i dtreis amhail mar atá siad inniu i ndáil le beartas Comhphobail. In Airteagal 119 de Chonradh na Róimhe leagtar síos go bhfeidhmeofar, ó thús, an prionsabal ‘go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann ag dul d’fhir agus do mhná’. De dhroim an údaráis a thugtar leis an Airteagal sin, leagadh amach sraith mhór beart chun an mhíchóir a bhí ag cur as do mhná ar mhargadh na fostaíochta a chur ina cheart. Níor ligeadh do ghnóthaí na mban titim chun siléige idir dhá linn mar gheall ar ghluaiseacht na mban agus mar gheall ar thinneall agus thinfeadh na ndaoine atá i mbun gnóthaí sóisialta sa Choimisiún1.


176. Thuairiscigh an Coimisiún i 1981 go raibh dul chun cinn fónta déanta sa dlí ach, mar sin féin, gur chaill mná poist de bharr an chúngaigh gheilleagair. Tá an bhearna idir tuilleamh na mban agus tuilleamh na bhfear ag leathnú arís. Bhí ar an gCoimisiún freisin a mheabhrú do na Ballstáit go raibh oibleagáidí orthu faoi na Treoracha Comhdheise a d’eascair as an gcéad ghníomhchlár pobail (1973). I 1980, thug an Coimisiún rabhadh d’Éirinn go raibh eisiatachtaí san Acht um Chomhionannas Fostaíochta, eisiamh fear ó oiliúint a fháil mar chnáimhseacha agus an toirmeasc ar altranas measctha d’othair shíciatracha bun os cionn le Treoir-Reachtaíocht an Chomhphobail. Tá na heisceachtaí sin réitithe ó shin. I 1983 dúirt banlabhraí thar ceann an Choimisiúin go raibh modhanna earcaíochta an Gharda Síochána á mbreithniú mar go bhféadfaidís a bheith ró-shriantach agus idirdhealaitheach ó thaobh na mban de.


177. Nuair a bhí bearta an Chomhphobail a phléitear i dTuarascáil seo an Chomhchoiste á mbreithniú, ní fhéadfaí gan suntas a thabhairt don obair thábhachtach atá á déanamh ag an nGníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta chun seasamh le cearta na mban san ionad oibre. Molann an Comhchoiste arís go gcuirfí cibé cabhair ó thaobh foireann agus airgid is gá ar fáil don Ghníomhaireacht. Aon ní a chuirfeadh treampán ar obair na Gníomhaireachta ní bheadh de thoradh air ach moill a chur ar fheachtas na mban chun a gcearta a bhaint amach.


Déanann lucht an Chomhchoiste comhgháirdeas le Cathaoirleach na Gníomhaireachta, Ms. Sylvia Meehan, leis an bPríomh-Oifigeach, Paul Cullen, agus le foireann uile na Gníomhaireachta.


178. Amhail mar a rinne Seanadóirí san am a caitheadh, pléann an Seanad Tuarascálacha an Chomhchoiste faoi láthair. Is áthas leis an gComhchoiste go mbeidh an tOrdú a rinneadh an 13 Meán Fómhair, 1984 i bhfeidhm go dtí go scoirfidh an Seanad atá anois ann. Ba do thréimhsí teoranta a rinneadh Orduithe cheana sa Seanad (agus sa Dáil freisin) agus d’fhág sin go mbíodh bearna idir na tréimhsí go minic nuair nach bhféadfaí Tuarascálacha an Chomhchoiste a phlé. Tá iarratas ar shocrú den chineál céanna le plé gan mhoill ag an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí sa Dáil agus tá súil ag lucht an Chomhchoiste go ndéanfar amhlaidh faoi mar a dhéantar sa Seanad.


179. Ó tharla gur díol tábhachta don Chomhchoiste a bhfuil pléite sa Tuarascáil seo iarrann sé ar an Seanad í a phlé agus tá an Seanadóir Mhic Róibín, ar scrúdaigh a Fochoiste bearta an Chomhphobail, le tairiscint a chur os comhair an tSeanaid gan mhoill thar ceann an Chomhchoiste.


180. Nuair a bhí an tAire Saothair i láthair ag cruinniú den Chomhchoiste an 12 Meán Fómhair, 1984, chuir sé in iúl go mbeadh sé sásta freastal ar chruinniú eile den Chomhchoiste roimh dheireadh na bliana le cuntas a thabhairt do na baill faoin dul chun cinn a bhí déanta i ngnóthaí sóisialta le linn Téarma Uachtaránachta na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa. Is mór ag lucht an Chomhchoiste aitheantas a bheith á thabhairt ag an Rialtas dá bpléití, thar ceann na Dála agus an tSeanaid, ó tharla oiread sin cúraimí a bheith le coimheád ag an Aire, go háirithe, cathaoirleacht a dhéanamh ar an gComhairle Gnóthaí Sóisialta. Nuair a chuirtear an chabhair a fuair an Comhchoiste ón Aire san áireamh, ba bheag, dáiríre, iad na deacrachtaí a bhain le freastal Státseirbhíseach os a gcomhair.


GEARÓID Ó COILEÁIN T.D.


Cathaoirleach an Chomhchoiste


17 Deireadh Fómhair, 1984.


184/C161/02.


2(O.J. No. C186, 21 July, 1982).


1Com (84) 57 críochnaitheach.


1Com (84) 57 críochnaitheach (2).


2Com (81) 758 críochnaitheach.


1Treoir 75/117/CEE an 10 Feabhra 1975 ón gComhairle, IO L 45/19, an 19 Feabhra 1975.


2Treoir 76/207/CEE an 9 Feabhra 1976 ón gComhairle, IO L 39/40, an 14 Feabhra 1976.


3Treoir 79/7/CEE an 19 Nollaig 1978 ón gComhairle, IO L 6/24, an 10 Eanáir 1979.


1Com (81) 758 críochnaitheach — mírbheart 5.


1An Seachtú Tuarascáil Déag (An Dara Comhchoiste) dar dháta 28 Meitheamh, 1978 (Prl. 7276).


1Com (84) 234 críochnaitheach.


1Women in the Irish Civil Service le Ms. Ita Meehan — a foilsíodh i Seirbhís Phoiblí (Journal of the Department of the Public Service) — Iml. 4, Uimh. 2, Nollaig, 1983.


1Comhionannas Deiseana san Earnáil Phoiblí — Tuarascáil Sheimineár a seoladh faoi choimirce na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta: Baile Átha Cliath. Samhain, 1981.


2Com (83) 781 críochnaitheach.


1Páipéar le Julie MacFarlane, “Pregnancy Rights and Maternity Protection in Ireland and the EEC”, a léadh os comhair an tSeimineáir a sheol An Ghníomhaireacht um Chomhionnannas Fostaíochta i mBaile Átha Cliath an 29 agus 30 Deireadh Fómhair, 1982.


1Com (83) 686 críochnaitheach.


1I.O. Uimh. C50 (11 Feabhra 1981), pointe 22.


2Rún ina gcorpraítear Tuairim Thionól na hEorpa faoin togra ó Choimisiúin na gComhphobal Eorpach go dtí an Chomhairle ag iarraidh Dréacht-Rún ina mbeadh clár nua um beart Comhphobail chun comhdheiseanna do mhná a spreagadh. Glacadh leis an Rún sin i gcruinniú an 12 Bealtaine 1982.


1Ionad Táirgiúlachta na hÉireann a rinne an suirbhé deiridh i 1975 — “Absenteeism in Irish Industry” le Colm Ó Muircheartaigh.


1“The Role of the Labour Court in Enforcement Procedures under Equality Legislation — Recommendations for Change”.


2Com (83) 217 críochnaitheach.


1An tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974.


1Com (83) 793 críochnaitheach.


1“Payment of Benefits to Unemployed People” (HMSO 1981).


2Available for Work? A study of the Rayner Test of Availability for Work in Cardiff, Ebbw Vale and Leeds. Welsh Women’s Aid (Iúil, 1982).


1Inside the EEC (An Irish Guide) — Ruth Barrington and John Cooney (The O’Brien Press).