Committee Reports::Report No. 06 - Proposals relating to Equality of Opportunity (including Parental and Family Leave)::17 October, 1984::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

21 Meitheamh 1983:—Ordaíodh:—(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gcomhalta de Dháil Éireann (nach ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach


(a)chun scrúdú a dhéanamh


(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais; agus


(b)chun scrúdú a dhéanamh ar an gceist a bhaineann le comhaltas dúbailte de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann agus de Thionól na hEorpa agus breithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir ionadaithe na hÉireann i dTionól na hEorpa agus Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus tuarascáil a thabhairt air sin do dhá Theach an Oireachtais;


(2) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann, a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirit a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad; agus go bhféadfaidh comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí de Dháil Éireann is ionadaithe i dTiónól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poíblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe;


(5) Go ndéanfaidh an Chomhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin;


(6) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist;


(7) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Chomhchoiste a thabhairt a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(8) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad díobh agus ar comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad díobh.


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

29 Meitheamh 1983:—Ordaíodh:


(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 gcomhalta de Sheanad Éireann (nach ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach


(a)chun scrúdú a dhéanamh


(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais; agus


(b)chun scrúdú a dhéanamh ar an gceist a bhaineann le comhaltas dúbailte de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann agus de Thionól na hEorpa agus breithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir ionadaithe na hÉireann i dTionól na hEorpa agus Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus tuarascáil a thabhairt air sin do dhá Theach an Oireachtais;


(2) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Sheanad Éireann, a ainmneodh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad: agus go bhféadfaidh comhaltaí de Sheanad Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí de Sheanad Éireann is ionadaithe i dTiónól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoir réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe;


(5) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin;


(6) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist;


(7) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(8) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad díobh agus ar comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad díobh.


Comhaltaí den 4ú Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach


Teachtaí


Salbhastar Bairéad1


Maitiú Ó Braonáin


Liam de Búrca


Gearóid Ó Coileáin—Cathaoirleach


Aodh Ó Conacháin


Cathal Ó Cochláin


Breandán Ó Dálaigh


Eibhlín Uí Dheasmhumhnaigh


Risteárd Ó Dubhlainn


Brian Mac Dhurcáin


Oilibhéar Ó Flannagáin


Breandán Ó Gríobhtha


Muiris Ó Mainnín—Leas-Chathaoirleach


Dáithí Ó Maoldomhnaigh


Mícheál Ó Laoire


Domhnall Ó hUrmhuin


Seán Ó Riain


Seosamh Breathnach


Seanadóirí


Séamus Ó hUiginn


Risteárd Ó hAnragáin


Mícheál Ó Lonagáin


Cathal Mac Domhnaill


Máire Mhic Roibín


Seán de Rossa


Mícheál Mac Gabhann


1Toghadh ina Chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, an 14 Meitheamh, 1984.