Committee Reports::Report No. 05 - Agricultural Structures::11 July, 1984::Report

AN TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Cúlra

1. Ag a chruinniú an 7 Márta, 1984, tar éis don Fhochoiste scrúdú a dhéanamh ar Chúrsaí Talmhaíochta agus Iascaigh faoi cheannas an Teachta Seosamh Breathnach, ghlac an Comhchoiste le Rún maidir le hOiriúnú ar an gComhbheartas Talmhaíochta, ina ndearnadh, i measc nithe eile, scrúdú ar na doiciméid agus na tograí seo a leanas ón gCoimisiún:—


(1)Treoirlínte breise i dtaobh fhorbairt an Chomhbheartais Talmhaíochta — COM(83) 380 críochnaitheach


(2)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle


— Tuarascáil agus tograí ar shlite chun éifeachtacht chistí an Chomhphobail a mhéadú;


— An Comhbheartas Talmhaíochta: Tograí ón gCoimisiún COM(83) 500 críochnaitheach;


(3)Rialacháin Chomhairle (CEE)


— lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 804/68 i dtaobh an margadh bainne agus táirgí bainne a chomheagrú;


— lena leagtar síos rialacha ginearálta a bhaineann le tobhach na hearnála bainne a shonraítear in Airteagal 5c de Rialachán (CEE) Uimh. 804/68;


— lena leagtar síos rialacha ginearálta a bhaineann le tobhach na hearnála bainne a shonraítear in Airteagal 5d de Rialachán (CEE) Uimh. 804/68, COM(83) 548 críochnaitheach.


(4)Rialachán Comhairle maidir le cáin a thabhairt isteach ar olaí agus saillte áirithe, COM(83) 562 críochnaitheach.


(5)Rialachán Comhairle (CEE) maidir le buanú a dhéanamh i leith allmhairiú ime ón Nua-Shéalainn isteach sa Ríocht Aontaithe faoi choinníollacha speisialta, COM(83) 574 críochnaitheach.


(6)Rialacháin Chomhairle


— lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1723/83 i dtaobh an bhféadfaí cúnamh a dheonú i leith im a úsáid i monarú bianna áirithe;


—lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1411/71 maidir leis an gcion méithis i mbainne inólta;


—lena leagtar síos rialacha ginearálta faoi chúnamh a dheonú i leith bainne bearrtha tiubhaithe agus bainne tiubhaithe a úsáid mar bhia d’ainmhithe;


—lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1269/79 maidir leis na téarmaíi dtaobh im a chur de láimh ar phraghas laghdaithe lena dhírúsáid, COM(83) 611 críochnaitheach.


(7)Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle ar fheidhmiú na socruithe a bhaineann le hallmhairiú ime ón Nua-Shéalainn isteach sa Ríocht Aontaithe faoi théarmaí speisialta sna blianta 1973 go 1983, COM(83) 616 críochnaitheach.


(8)Rialachán Comhairle (CEE) lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1078/77 a chuir tús le córas préimheanna maidir le neamh-mhargú bainne agus táirgí bainne agus maidir le tréada bainne a athrú, COM(83) 644 críochnaitheach.


Nuair a bhí an cheist faoi bhreithniú ag an bhFochoiste chinn sé staidéar a dhéanamh go luath ar conas a oibríonn reachtaíocht struchtúrtha an Chomhphobail in earnáil na talmhaíochta in Éirinn agus ar na tograí is deireanaí ón gCoimisiún.


Doiciméid a Scrúdaíodh

2. Scrúdaigh an Comhchoiste oibriú na mbeart struchtúrtha talmhaíochta seo a leanas in Éirinn:—


(i)Treoir 72/159/CEE ón gComhairle ar nuachóiriúchán feirmeacha;


(ii)Treoir 72/160/CEE ón gComhairle i dtaobh bearta chun daoine a spreagadh le scor d’fheirmeoireacht agus limistéir talmhaíochta úsáidte a chur chun feidhme ar mhodh eile chun feabhsúchán struchtúrtha a bhaint amach;


(iii)Treoir 71/161/CEE ón gComhairle maidir le treoraíocht daoneacnamaíoch a sholáthar do dhaoine ag gabháil don talmhaíocht agus chun go bhféadfaidís gairmscileanna a bhaint amach;


(iv)Treoir 75/268/CEE ón gComhairle ar fheirmeoireacht cnoic agus sléibhe i gceantair mhídheisiúla áirithe;


(v)Rialachán (CEE) Uimh. 355/77 ón gComhairle i dtaobh comhbhearta le feabhas a chur ar na dálaí faoina ndéantar táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a chur ar an margadh;


(vi)Rialachán (CEE) Uimh. 1820/80 ón gComhairle chun forbairt na talmhaíochta a neartú i limistéir mhídheisiúla in Iarthar na hÉireann


agus tograí an Choimisiúin le haghaidh Rialachán ón gComhairle—


(i)i dtaobh éifeacht na struchtúr talmhaíochta a fheabhsú agus


(ii)do leasú Rialachán (CEE) Uimh. 355/77 i dtaobh comhbhearta le feabhas a chur ar na dálaí faoina ndéantar táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a chur ar an margadh agus Rialachán (CEE) Uimh. 1820/80 i dtaobh forbairt na talmhaíochta a neartú i limistéir mhídheisiúla in larthar na hÉireann — COM(83) 599 críochnaitheach.


Buíochas

3. Tá an Comhchoíste buíoch den Teachta Seosamh Breathnach agus dá Fhochoiste as an saothar a rinne siad. Bhí an Comhchoiste i gcomhairle le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, leis an gComhairle Oiliúna Talmhaíochta (ACOT) agus le hionadaithe ón Roinn Talmhaíochta, a chuir aighneachtaí scríofa ina láthair. Tá an Comhchoiste fíorbhuíoch de na comhlachtaí sin as a mbarúlacha a chur in iúl dó.


B. STRUCHTÚIR TALMHAÍOCHÍA

Ginearálta

4. Faoi Chonradh na Róimhe is tríd an gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT, a aíthnítear go minic faoina theideal Fraincise, FEOGA) a dhéantar maoiniú ar Chomhbheártas Talmhaíochta an Chomhphobail. Mar a léiríonn an t-ainm tá dhá roinn in CETRT: Ráthaíocht agus Treoraíocht. Déanann an roinn a bhíonn ag pié le Ráthaíocht maoimú ar chaiteachas poiblí a thig as an mbeartas margaidh agus praghsanna. Ar áireamh ann, ar dtús, tá íocaíochtaí idirghabhála leis na margaí talmhaíochta sa Chomhphobal a rialáil. Ansin áirítear aisíocaíochtaí i leith onnmhairí go dtí tíortha nach tíortha Comhphobail, trínar féidir táirgí talmhaíochta Eorpacha a dhíol ar mhargaí an domhain. Ar áireamh sa chaiteachas ag an roinn a bhíonn ag plé le “Ráthaíocht” in CETRT tá suimeanna cúiteacha airgeadaíochta ab éigean a thabhairt isteach sna 1970idí mar gheall ar athruithe sna rátaí iomlaoide idir airgeadraí na hEorpa.


Déanann an roinn a bhíonn ag plé le “Treoraíocht” riaradh ar chistí Comhphobail atá le húsáid le haghaidh bearta atá ceaptha do bheartas struchtúrtha. Leagtar amach na bearta sin agus cuirtear i gcrích iad ar bhonn díláraithe i gcomhar leis na Ballstáit aonair, leis na réigiúin agus, i gcorr-chás, go díreach leo sin atá i gceist.


Leis an roinnt airithe seo ar an saothar, is cuí go n-íocfadh Ballstáit nó réigiúin riar réasúnach den chostas. Maidir le cabhrácha infheistíochta, is cuí freisin dóibh sin a fhaigheann tairbhe as — feirmeoirí, comharchumainn nó fiontair — a gcion féin a íoc agus, as a aithle sin freagracht eacnamaíoch a ghabháil orthu féin.


5. Is gnách leis an gComhphobal 25 faoin gcéad a íoc den chaiteachas ar chomhbhearta ar nós nuachóiriúcháin fheirmeacha, gairmoiliúna nó Chlár na Meánmhara. I gcásanna speísíalta, afach, a bhfuíl fadhb ag baint leo, tá riar an Chomhphobail i bhfad níos airde, agus cumhdaítear 50 nó, go fiú, 65 faoin gcéad d’iomlán an chaiteachais talmhaíochta. Is mar sin atá an scéal i gcás cláir éagsúil in Éirinn agus san Iodáil. Cabhraíonn an Comhphobal freisin le maoiniú a dhéanamh ar bhearta speisialta áirithe a bhfuil baint acu le hearnáil shonrach den táirgeadh agus a bhfuil dearbh-ré theoranta acu. Ar a líon sin áirítear, mar shampla, cabhracha d’eagraíochtaí táirgeoirí, cláir chun ba déiríochta a mharú agus chun crainn torthaí agus fíniúnacha a stathadh.


6. Cómhaoiniú is mó atá i gceist sa chaiteachas faoin roinn a bhaineann le Treoraíocht, ní hionann agus an caiteachas ar Ráthaíocht. Míníonn sé sin, ar bhealach, cad chuige a bhfuil an caiteachas faoin roinn Treoraíochta i bhfad níos lú ná faoin roinn Ráthaíochta. 748,6 milliún AAE a bhí i gceist don roinn Treoraíochta sa bhliain 1983, nó beagán os cionn ceathair go leith faoin gcéad d’iomlán an chaiteachais ag CETRT. Ach ón mbliain 1975 is mó go mór a d’fhás an caiteachas ar Threoraíocht ná an caiteachas ar Ráthaíocht.


7. Is gné thábhachtach de bheartas talmhaíochta an Chomhphobail an comhbheartas do struchtúir talmhaíochta. Ní féidir a áirithiú go ndéanfar forbairt fhadtéarmach ar tháirgeadh talmhaíochta ar bhonn daingean, ná go gcruthófar dálaí sásúla eacnamaíocha agus sóisialacha dóibhsean atá ag gabháil don talmhaíocht mura ndéanfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit gníomh i gcomhar le chéile chun na críche sin. Tá na bearta struchtúrtha(1) atá i ngníomh faoi láthair agus atá á bhfeidhmiú sa tír seo leagthá amach anseo thíos.


Treoir 72/159/CEE (Nuachóiriúchán Feirmeoireachta)

8. Leis an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha, cuirtear forálacha Threoir 72/159/CEE ón gComhairle i bhfeidhm in Éirinn. Seo a leanas tábla den líon a hearnáladh agus an méid deontais a íocadh as feabhsú talún, foirgnimh feirme agus sócmhainní dochta agus trealamh gluaisteach, le gach earnáil anuas go dtí deireadh 1983:


 

Líon

Méid an Deontais

 

 

(£m)

Tráchtáil

4,700

18

Forbairt

27,300

122

“Ard” eile

57,000

 

“Íseal” eile

16,500

100

 

105,500

240

Is mar a leanas a bhí méid an deontais dé réir chineál na hinfheistíochta anuas go dtí deireadh 1983:


 

£m

Feabhsú Talún

55

Foirgnimh feirme agus sócmhainni dochta

181

Trealamh Gluaisteach

4

Grúp-Scéim Farae

9

Deontas Feirm-Chuntas

5

Préimheanna Treoraíochta

3

 

257

B’fhiú suas le £800m an infheistíocht iomlán a thaispeántar leis an leibhéal áirithe seo de chabhair deontais.


9. An 9 Feabhra, 1983 cuireadh cabhracha d’infheistíochtaí áirithe ar fionraí. Tar éis an Scéim a athbhreithniú tugadh isteach córas nua cabhrach an 3 Eanáir, 1984. Is iad seo príomh-shonraí na Scéime:—


(i)tá cabhair ar fáil d’fheabhsú talún agus do réim theoranta d’fhoirgnimh feirme agus sócmhainní dochta


(ii)níor cuireadh ar fáil athuair an chabhair do threalamh gluaisteach agus don Ghrúp-Scéim Farae (faoina bhféadfaí cabhair a chur ar fáil do fheirm-ghrúpai i Limistéir Mhíbhuntáistiúla chun trealamh déanta sadhlais a cheannach) scéim ar scoireadh di an 9 Feabhra, 1983


(iii)tá cabhair do dheontas cuntas feirme (iníoctha thar cheithre bliana) agus préimheanna treoraíochta (le daoine a spreagadh le díriú ar tháirgeadh mairteola/caoireola — is iníoctha thar thrí bliana) á ligean ar ceal de réir a chéile.


10. Is iad na hearnálacha feirme atá cáilithe le cabhair a fháil faoin scéim leasaithe:—


(i)Forbairt: I gcás an t-ioncam de réir an aonaid saothair a bheith níos ísle ná an tloncam Comparáideach (i.e. meánioncam oibrithe nach oibrithe feirme) ach gur féidir an fheirm a fhorbairt laistigh de shé bliana (ocht mbliana i Limistéir Mhíbhuntáistiúla) chun an leibhéal ioncaim is gá a chur ar fáil.


(ii)Tráchtáil: I gcás an t-ioncam de réir an aonaid saothair a bheith níos airde ná an tIoncam Comparáideach.


(iii)Eile: Feirmeoirí lánaimseartha faoi bhun 55 bliana d’aois nach bhfuil san earnáil Tráchtála ná Forbartha; ní fhéadfaidh feirmeoir fanacht san earnáil sin ach go ceann sé bliana nó go dtí go mbeidh £12,000 d’infheistíocht trí chabhair dheontais tugtha, cibé acu is túisce a tharlóidh. Ina dhiaidh sin féadfaidh feirmeoir athmheasúnú a lorg agus, má léiríonn leibhéal na forbartha ar a fheirm gur cuí é, féadfar é a chur in earnáil na Forbartha nó in earnáil na Tráchtála.


Níl feirmeoirí san earnáil “Íseal” Eile i dteideal a thuilleadh cabhrach a fháil faoin Scéim. Is feirmeoirí iad sin nach féidir leo stádas Forbartha nó Tráchtála a bhaint amach, atá os cionn 55 bliana d’aois, feirmeoirí a bhí tráth san earnáil “Ard” Eile agus a bhfuil an teorainn infheistíochta/ama bainte amach acu (£12,000 thar shé bliana) nó feirmeoirí páirtaimseartha. Féadfar feidhm a bhaint as an “socrú bainistíochta” chun cáiliú don earnáil Eile a shonraítear ag (iii) thuas, i gcás úinéir na feirme a bheith os cionn 55 agus gur mac/iníon nó duine eile den teaghlach faoi bhun 55 an bainisteoir feirme agus gur feirmeoir lánaimseartha é nó í.


11. Tá cabhair d’fheabhsú talún ar fáil i Réigiún an larthair faoi Scéim Draenála an Iarthair agus faoi Chlár Forbartha an Iarthair ach níl sí ar fáil faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha. Thairis sin is iad seo na rátaí deontais.


 

 

 

Feabhsú Talún

Foirgnimh Feirme

Sócmhainní Dochta

(i)

Forbairt

 

 

 

 

(a)

Limistéir Mhíbhuntáistiúla

40%

35%

25%

 

(b)

Limistéir Eile

30%

25%

25%

(ii)

Eile.

25%

25%

25%

(iii)

Tráchtáil: Is trí fhóirdheontas úis, ar ionann é agus deontas caipitil 15 faoin gcéad, athugtar cabhair. Tá críoch á cur ar shonraí na scéime seo faoi láthair agus foilseofariad in am trátha.

12. De réir Threoir (CEE) Uimh. 1946/81 ón gComhairle, tá cabhair le haghaidh infheistíochta sa déiríocht teoranta d’uasmhéid 40 bó an t-aonad saothair (as) súas go dtí 1.5 aonad saothair (i.e. 60 bó) d’fheirmeoirí forbartha agus d’uasmhéid 40 bó d’fheirmeoirí tráchtála nó eile. Baineann an srian sin le foirgnimh agus le sócmhainní dochta amháin. Níl aon srian le cabhair d’fheabhsú talún.


13. De thoradh Threoir (CEE) Uimh. 564/84 ón gComhairle cuireadh toirmeasc ar cheadú pleananna nua feirmeoireachta a rinne foráil d’infheistíocht sa déiriocht, le teacht in éifeacht ón 1 Márta, 1984. De bharr gur cinneadh ar an bhforthobhach a chur i bhfeidhm cuireadh an toirmeasc seo ar ceal an 27 Aibreán, 1984. Tá an scéal ar ais mar a bhí ó 1981.


14. De réir Threoir (CEE) Uimh. 1945/81 ón gComhairle tá cabhair le haghaidh infheistíochta i dtáirgeadh muc teoranta go dtí 550 ionad críochnaithe muc. I gcás cránacha, is é an teorainn ná 84 chráin ag soláthar scoithíní nó 48 gcráin ál le críochnú.


Treoír 72/160/CEE (Scor den Fheirmeoireacht)

15. An 1 Bealtaine, 1974 rinneadh Treoir 72/160/CEE, i dtaobh bearta chun daoine a spreagadh le scor d’fheirmeoireacht agus leis na limistéir lena scarfaí amhlaidh chun críocha feabhsúcháin struchtúrtha, a chur i bhfeidhm in Éirinn le hIonstraim Reachtúil Uimh. 116 de 1974 a dhéanann foráil don Scéim um Scor Feirmeoirí. Tá dhá phríomhaidhm ag an Scéim:


—chun deis a thabhairt d’fheirmeoirí, thar 55 bliana ach go háirithe, nach bhfuil in ann leanúint den fheirmeoireacht nó ar mian leo éirí aisti, scor di le cabhair airgid;


—chun an talamh lena scarann feirmeoirí, atá ag scor, a chur ar fáil, ar bhonn tosaíochta, d’fheirmeoirí atá i mbun beartas forbartha faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha agus a bhfuil talamh breise de dhíth orthu chun a spriocanna a bhaint amach.


16. Féadfar sochair airgid na scéime seo a dheonú do na hiarratasóirí arb í an fheirmeoireacht a bpríomhshlí bheatha ar ghabháltas nach mó ná an méid is ionann agus 45 acra reachtúil de thalamh talmhaíochta maith uilefhóinteach. Áirítear freisin ar iarratasóirí feirmeoirí arb í an fheirmeoireacht a bpríomhshlí bheatha agus atá míchumasaithe, is cuma cad é méid an ghabháltais, agus baintreacha atá ina n-úinéirí, is cuma cad é méid an ghabháltais, agus arb í an fheirmeoireacht a bpríomhshlí bheatha mar gheall ar bhás a bhfearchéile agus ar choinníoll gur oibrigh an bhaintreach nó a fearchéile nach maireann an fheirm ar feadh cúig bliana ar a laghad roimhe sin.


Bíonn ar an iarratasóir a ghabháltas a dhíol nó a ligean ar léas ar feadh 12 bhliain ar a laghad le feirmeoir a mbeidh foráil ina phlean forbartha formheasta, faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha, do bhreis talún, agus bíonn air a ghabháil air féin scor den fheirmeoireacht. Cuireadh deireadh go luath in 1983 leis an rogha a bhí aige a ghabháltas a dhíol díreach le Coimisiún na Talún. Más mian leis, féadfaidh an feirmeoir a chónaí agus suas le 0.809 heicteár de limistéar cóiríochta a choinneáil.


17. Ar scor dóibh, bíonn préimh ina bhfuil 10 faoin gcéad den phraghas díola, faoi réir £1,500 d’uasmhéid nó dhá oiread chíos an léasa bhliantúil faoi réir £3,000 d’uasmhéid, iníoctha le feirmeoirí faoi bhun 55 bliana i dteannta an phraghais díola nó chíos an léasa. Bíonn feirmeoirí 55 bliana d’aois agus thairis i dteideal, ar scor dóibh, blianacht saoil £2,268 do lánúin phósta agus £1,512 do dhuine singil, a fháil. Tá £100 nó níos lú ar fáil mar dheontas chun na costais a bhaineann le socrú an teidil a ghlanadh. Athbhreithnítear ráta na blianachta gach bliain ag féachaint d’athruithe sa Treoirphraghas do Thomhaltóirí. Chun a bheith cáilithe le haghaidh blianachta níor cheart go mbeadh gabháltas an fheirmeora atá ag scor laghdaithe de chéatadán is mó ná 15 faoin gcéad dá limistéar (ach amháin gur thóg an Stát, údaráis áitiúla nó comhlachtaí reachtúla codanna de) sna trí bliana roimh an iarratas.


Féadfar cabhair a thabhairt do bhlianachtaí ag ráta cúitimh 65 faoin gcéad as Earnáil Threorach An Chiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT), go dtí 900 AAE nó níos Iú in aghaidh na bliana i gcás feirmeora phósta nó 600 AAE i gcás feirmeora shingíl fad is atá an blianachtóir idir 55 agus 65 bliana d’aois agus gur ar fheirmeoirí a d’fhéadfadh a bheith ina bhFeirmeoirí Forbartha a dáileadh 85 faoin gcéad den talamh ar scaradh léi agus/nó gur chun críocha poiblí a tugadh í.


18. Faoin 31 Nollaig, 1983 fuarthas 2,164 iarratas san iomlán ar rannpháirtíocht sa Scéim um Scor Feirmeoirí. Den iomlán sin, críochnaíodh 614 chás go rathúil — ionann is 28 faoin gcéad de na hiarratasóirí. I gcás 533 chás díobh sin, bhí díol díreach le Coimisiún na Talún. Níor críochnaíodh 1,444 iarratas — sin níos mó ná dhá thrian. Díolacháin le Coimisiún na Talún nár cuireadh i gcrích ab ea 1,407 díobh sin. Is féidir na cúiseanna nár críochnaíodh an méid sin a dheighilt mar a leanas: iarratais a tarraingíodh siar (496), iarratais mhí-oiriúnacha (493) agus míthoradh ar an idirbheartaíocht faoi phraghas, etc. (418)


19. Scar rannpháirtithe sa Scéim um Scor Feirmeoirí le 10,862 heicteár de thalamh san iomlán. Rinneadh mórchuid na talún ar scaradh léi a dhíol le Coimisiún na Talún (9,642 heicteár), agus díol léas díreach ab ea an chuid eile.


Tá suas le 5,942 heicteár nó 50 faoin gcéad d’iomlán na talún dáilte go dtí seo ar fheirmeoirí eile ag Coimisiún na Talún. Den mheid sin ní dhearnadh ach 50 faoin gcéad, nó 2,998 heicteár a dháileadh ar dhaoine ar dhóigh dóibh a bheith ina bhfeirmeoírí forbraíochta (308 san iomlán). Is íonann sin agus 9.7 heicteár ar an meán a dháileadh ar fheirmeoir forbartha. Dáileadh 2,685 heicteár ar 568 bhfeirmeoir eile, rud a thug 4.7 heicteár ar an meán do gach feirmeoir.


20. Chuaigh leibhéal na blianachta a íocadh le feirmeoirí pósta agus singile a bhí ar scor in airde sa tréimhse 1975 go 1983 ó £600 agus £400, faoi seach, go dtí £2,268 agus £1,512. Sa tréimhse chéanna sin níor tháinig aon athrú ar leibhéal na blianachta a bhí cáilithe le haghaidh cúnaimh i dtéarmaí ionaid chuntais. Sa tréimhse sin ní raibh ach 60 faoin gcéad d’ardú ina choibhéis i dtéarmaí an phuint Éireannaigh. De thoradh na héagsúlachta idir an ráta blianachta agus an leibhéal le bheith cáilithe le haghaidh cúnaimh d’ísligh ráta éifeachtúil an aisíoca ar chúnamh cáilitheach ó 50 faoin gcéad i 1975 go dtí suas le 21 faoin gcéad i 1983. In éineacht leis an ráta laghdaitheach d’aisíoc éifeachtúil áirítear an líon beag de chásanna atá cáilithe le haghaidh cúnaimh. I 1977 ní raibh ach 42 chás cáilithe le haghaidh aisíoca as 371 chás ar fad. Um an mbliain 1979 ní raibh sé ardaithe ach go dtí 73 agus d’ísligh sé ina-dhiaidh sin go dtí 56 i 1982 agus 39 i 1983.


Faoi Mheán Fómhair, 1983 caitheadh £1.5m, agus £5.4m i 1983, ar phréimheanna agus ar bhlianachtaí faoin scéim. Mar gheall ar an líon beag a bhí ann de chásanna a bhí cáilithe le haghaidh cúitimh agus mar gheall ar an laghdú an-mhór a bhí tagtha ar an ráta éifeachtúil aisíoca, ní raibh de theacht isteach ag CETRT sa tréimhse sin ach £206,000 nó suas le ceathair faoin gcéad den chaiteachas blianachta.


Ar an 31 Nollaig, 1983 bhí 513 iarratasóir ag fáil blianachtaí. Fuair tuairim is 230 (45 faoin gcead) díobh sin an bhlianacht phósta agus 278 (55 fáoin gcéad) an bhlianacht shingil. Nuair a chuirtear an aois dáilte a ghabhann leis na rátaí aois-fheifeacha do bhlianachtóirí agus na leibheil aisíoca i 1983 san áireamh agus nuair a áirítear na háraigh faoina ndeachthas um an 31 Nollaig, 1983, meastar go gcaithfear suas le £15.6m. san iomlán nó £15.4m glan ar aísíoc le blianachtaí de réir phraghsanna 1983.


21. In Iarthar na tíre a chónaíonn dhá thrian de na feirmeoirí scoir agus is ann atá a dtailte, ní hionann agus na feirmeoirí forbartha. Fágann sin go bhfuil cor cam ar na cúrsaí sin.


Ar an taobh eile den scéal, i dtaca le feirmeoirí scoir i limistéir lasmuigh den Iarthar inar mó an seans to mbeadh feirmeoir forbartha ar na gaobhair, beidh sé deacair teacht ar fheirmeoir den sórt a mbeadh tuilleadh talún de dhíth air, á chur san áireamh go mbeadh 115 acra ar an meán i bhfeirm.


Mar gheall ar an gcor cam sin ó thaobh suímh de idir feirmeoirí scoir agus feirmeoirí forbartha níl ach 39 gcás ann faoi láthair atá i dteideal cúnamh a fháil ó CETRT as na 614 chás a críochnaíodh. Tá dul níos measa ar an bhfadhb seo sa mhéid, mar a dúradh cheana, gur thit an ráta éifeachtúil aisíoca go mór go dtí suas le 20 faoin gcéad i 1983 i gcás na ndaoine sin atá cáilithe. Beidh corradh le £15.4 milliúin de réir phraghsanna 1983 le ranníoc ag an Státchiste i leíth íocaíochtaí blianachta ag corradh le £15.6 milliúin san iomlán d’íocaíochtaí blianachta.


As taifeach a rinneadh ar roinnt cásanna a críochnaíodh meastar nach bhfuil ach 40 faoin gcéad de na feirmeoirí a scoir faoi bhun 65 bliana agus go bhfuil 60 faoin gcéad de na cionn na haoise sin. Ardaíonn sé sin ceist i dtaobh an mbeadh na feirmeoirí sin atá os cionn 65 bliana scortha ó fheirmeoireacht fiú dá mbeadh an Scéim Scoir gan bheith ar fáil.


Treoir 72/161/CEE (Treoraíocht Daon-Eacnamaíoch agus Oiliúint)

22. De réir fhorálacha Threoir 72/161/CEE ó CEE, leag an Roinn Talmhaíochta na scéimeanna seo a leanas amach:


(i)Scéim chun Treoraíocht Daon-Eacnamaíoch a Sholáthar do dhaoine ag gabháil don Talmhaíocht (Teideal I),


(ii)Scéim chun Gairmoiliúint a thabhairt do Dhaoine ag gabháil don Talmhaíocht (Teideal II).


Cheadaigh Coimisiún CEE na scéimeanna an 10 Iúil, 1975 agus an 25 Feabhra, 1975, faoi seach.


23. Faoin scéim chun comhairleoirí daon-eacnamaíocha a sholáthar faoi Theideal I den Treoir bhí 27 de na comhairleoirí sin le ceapadh I Meitheamh 1980 críochnaíodh an chéim den scéim a cheadaigh an Coimisiún faoina gcuirfí cúrsaí san obair ar fáil do na comhaltaí sin den tseirbhís chomhairleach ghinearálta talmhaíochta agus bhí 185 chomhairleoir páirteach iontu. Níl aon aisíoc airgid ó CETRT le fáil as an gcéad chéim.


Sa dara céim den scéim bhí comhairleoirí daon-eacnamaíocha lánaimseartha le roghnú agus le hoiliúint go foirmeálta. B’éigean é sin a mhoilliú mar gheall ar dheacrachtaí i gcaidreamh tionscail ach tá siad sin réitithe ó shin, agus, faoin athchóiriú a rinne ACOT ar na seirbhísí comhairleacha agus oiliúna talmhaíochta, tá a líon le dul i méid ó 27 go 45. Cuireadh tús le hoiliúint an 45 Chomhairleoir daon-eacnamaíoch in Eanáir, 1984.


24. Tá cúrsaí gairmoiliúna faoi Theideal II den Treoir a gcur ar fáil ó 1975 ag na Coistí Talmhaíochta Contae. Ar an 1 Iúil 1980 cuireadh an fhreagracht ar ACOT na cúrsaí sin a chur ar fáil.


Sna bunchúrsaí oiliúna faoi Threoir 72/161/CEE (Cúrsaí Oillúna Feirmeoirí) d’fheirmeoirí bunaithe agus do dhaoine eile ag obair i dtalmhaíocht, i ngortóireacht, etc. tugtar 100 uair a chloig teagaisc ar a laghad ar an taobh ginearálta, teicniúil agus eacnamaíoch den tionscal chomh maith le hoiliúint phraíticiúil. Cuirtear san áireamh na riachtanais speisialta a bhaineann le tionscal na talmhaíochta sa cheantar ina bhfuil lucht an chúrsa fostaithe.


Sna hArdchúrsaí Oiliúna a dtugtar cead do dhaltaí freastal orthu go laethúil mar dhaltaí aonair nó mar ghrupaí tugtar oiliúint dóibh i ngnóthaí éagsúla feirme agus in ábhair a bhaineann leis na gnóthaí sin. Leagtar amach na cúrsaí sin in aonaid 25 uair a chloig, agus bíonn líon na n-aonad ag brath ar an oiliúint a fuair an t-oiliúnach roimhe sin. Faigheann gach duíne 100 uair a chloig oiliúna ar an gcuid is lú de.


Le bheith cáilithe chun oiliúint a fháil ní mór do dhaoine a bheith 18 mbliana nó os a chionn, bheith ag gabháil don talmhaíocht, cibé acu ar a gconlán féin nó i bhfostaíocht phá, nó mar dhuine de theaghlach atá i mbun feirméoireachta.


Le bheith cáilithe chun freastal ar Bhunchúrsaí Oiliúna, ní mór do dhaoine a thaispeáint go bhfuil dóthain d’oideachas ginearálta acu le tairbhe a bhaint as na cúrsaí agus ní mór dóibh fianaise shásúil a chur ar fáil lena thaispeáint go bhfuil ar intinn acu bheith ag plé le feirmeoireacht tar éis na hoiliúna.


Le bheith in ann freastal ar Ardchúrsaí Oiliúna ní mór do dhaoine.


(i)Bunchúrsa Oiliúna a bheith críochnaithe go sásúil acu, nó


(ii)bheith 25 bliana d’aois nó os a chionn agus cúig bliana ar a laghad de thaithí a bheith acu, nó


(iii)i dtoscaí neamhghnácha, fianaise a chur ar fáil go mbeadh tairbhe le baint acu as an ardchúrsa sin.


25. Is féidir dhá earnáil a dhéanamh díobh sin a bhíonn páirteach i gcúrsaí oiliúna talmhaíochta faoi Threoir 72/161/CEE (Teideal II):


(i)feirmeoirí a bhfuil rialú acu ar bhainistí na feirme i.e. lucht déanta cínntí, agus


(ii)daoine óga idir 18 agus 24 nó mar sin, a bhíonn ag obair ar fheirm an teaghlaigh ach nach bhfuil rialú acu ar an mbainistí. (Is san earnáil sin atá formhór mór na ndaoine a bhíonn páirteach san oiliúint.)


Ón taithí a fuarthas ar fud na tíre tá dlúthbhaint ag na cúrsaí le forbairt ar na feirmeacha. B’fhíor é sin go speisialta i gcás daoine a raibh rialú na feirme acu. Chuir a lán lán de na feirmeoirí sin tús le hobair forbartha le linn an chúrsa nó go gearr ina dhiaidh sin. B’amhlaidh a bhí an scéal i gcás foghlaimeoirí a raibh páirt acu i ndéanamh cinntí nó a fuair riar éigin den rialú ar an mbainistí tar éis dóibh freastal ar an gcúrsa.


I gcás lucht déanta cinntí a bhí páirteach sa chúrsa ba ghnách baint a bheith ag an bhfreastal sin le feabhsúcháin ar an bhfeirm faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha. Spreag an cúrsa iad chun glacadh le clár pleanáilte forbartha thar thréimhse áirithe blianta. Thug sé orthu fosta leas a bhaint as an tseirbhís chomhairleach talmhaíochta le pleananna a leagan amach agus a chur i gcrích go sásúil.


26. Cé nach ndearnadh aon fhiosrú rianúil ar fud na tíre faoi conas a d’éirigh le feirmeoirí tar éis dóibh a bheith páirteach i gcúrsaí oiliúna faoi Threoir 72/161/CEE, taispeánann staidéir a rinneadh i gcúpla tír go raibh feabhas an-mhór ar an scéal.


Léiríonn na tuarascálacha seo a leanas an toradh:


(i)I staidéar a rinne Dáimh Thalmhaíochta an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1979, ar an 281 duine a ghlac páirt i gcúrsaí 100 uair a chloig faoi Threoir 72/161/CEE i gContae Mhaigh Eo i 1976 agus 1977 tugadh an méid seo a leanas le fios sa tuarascáil:


— bhí 19 faoin gcéad de mhéadú ar an gcéatadán d’fheirmeoirí le ba déiríochta agus 29 faoin gcéad de mhéadú ar mheánmhéid tréada déiríochta (ó 12 go 15.5 bhó an fheirm)


— ar an méan bhí 26 faoin gcéad de mhéadú ar eallach tirim (ó 9.5 go 12 aonad beostoic)


— ar an méan bhí 32 faoin gcéad de mhéadú i gcoitinne ar líon na n-aonad beostoic ar an bhfeirm (22.4 aonad i 1976/77 go dtí 29.6 aonad i 1979)


— i gcomparáid leis an gcuid eile den Chontae ba mhó faoi sheacht an méadú i líon na mbó déiríochta ná an méadú i gcás feirmeoirí i gcoitinne agus ba mhó faoi dheich é ná i gcás fiontair thirim-stoic


—i gcás feirmeoirí a raibh ioncaim acu a bhí inchomparáide le hioncaim na ndaoine sin nár oibrithe feirme mhéadaigh a líon ó 12 faoin gcéad i 1976/77 go dtí 34 faoin gcéad i 1979.


(ii)I gContae Chorcaí d’éirigh le 33 fheirmeoir déiríochta a chríochnaigh cúrsa 100 uair a chloig i 1982 a dtáirgeadh bainne a mhéadú 14 faoin gcéad i 1983, is é sin dúbailt an mheán-ardaithe sa cheantar.


27. Ba mhór an chabhair na cúrsaí faoi Threoir 72/161/CEE d’fheirmeoirí nach raibh aon oiliúint fhoirmiúil acu sa talmhaíocht roimhe sin, Ach, mar sin féin, bhí drogall ar a lán feirmeoirí dul faoi oiliúint mar gur mheas siad nach mbeadh an t-am le sparáil acu, sin nó bhí leithscéal éigin eile acu. Dá thairbhe sin daoine óga is mó a rinne freastal ar na cúrsaí.


Maidir le tionchar na gairmoiliúna faoi Threoir 72/161/CEE agus, á aithint go raibh nithe eile, go háirithe spreagadh, ag cabhrú leis na cúrsaí, níl amhras ar bith ach gur chabhraigh an freastal a rinneadh ar na cúrsaí le bainistí agus le héifeacht na bhfeirmeacha a fheabhsú agus gur éirigh leo an feabhsú sin a choinneáil ar bun.


I dtaca le cúrsaí i mbainistí tí feirme faoi Threoir 72/161/CEE, ba léir go ndeachaigh freastal ar na cúrsaí sin chun tairbhe i gcoitinne do bhainistí an tí feirme, do choimeád taifead agus cuntas agus gur spreag sé daoine le socruithe níos fearr a dhéanamh maidir le gnóthaí felrme agus teallaigh.


I bhFoscríbhinn I tugtar mioneolas i dtaobh cúrsaí gairmoiliúna faoi Threoir 72/161/CEE.


Treoir 75/268/CEE (Limistéir Mhídheisiúla)

28. Rinneadh na limistéir den tír a shainítear mar limistéir mhídheisiúla faoi Threoir 75/268/CEE a shonrú i dTreoir 75/272/CEE. Seo iad— (a) na contaetha seo a leanas go huile — Dún na nGall, an Cabhán, Muineachán, Sligeach, Maigh Eo, Gaillimh, Liatroim, Ros Comáin, an Longfort, an Clár agus Ciarraí, (b) na hoileáin go léir ar chósta Chontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Mhaigh Eo, na Gaillimhe, an Chláir, Chiarraí agus Iarthar Chorcaí agus (c) limistéir áirithe in Iarthar Chorcaí. Dá éis sin cuireadh tuilleadh d’Iarthar Chorcaí, Luimneach agus limistéir bheaga i réigiún an Oirthir agus limistéar Shliabh Féilim leis an liosta.


Tá dhá phríomh-fhoráil sa Treoir: (i) méadú ar an gcabhair infheistíochta atá ar fháil d’fheirmeoirí i limistéir mhídheisiúla agus (ii) córas íocaíochtaí mar chúiteamh as míchóiriúlacht bhuan aiceanta.


29. Maidir le híocaíochtaí cúiteacha (i.e. íocaíochtaí ceannsraithe) baineann an Scéim Cheannsraithe Bólachta le limistéir a shainítear mar Limistéir Fhíor-Mhíochóiriúla; an Scéim Bó Feola le Limistéir Leath-Mhíbhuntáistiúla agus an Scéim Cheannsraithe Caorách leis na limistéir shonraithe go léir. Is iad seo a leanas na rátaí íocaíochta faoin Scéim i 1983:


Íocaíochtaí Ceannsraithe Bólachta i Limistéir Fhíor-Mhíchóiriúla

I-8 a.b. (aonad beostoic): £32 an ceann, 9-30 a.b.: £28 an ceann, Uasmhéid £872

Íocaíochtaí Bó Feola i Limistéir Leath-Mhíbhuntáistiúla

1-10 bó; £32 an ceann, 11-28 bó; £28 an ceann, Uasmhéid £824

Íocaíochtaí Ceannsraithe Caorach i Limistéir Mhíbhuntáistiúla

Uascáin agus Caoirigh Sléibhe 1-150: £9.50 an ceann, 151-200: £6.50 an ceann, Uasmhéid £1,750

Ó cuireadh tús leis na scéimeanna tá suas le £224 mhilliún caite ar íocaíochtaí ceannsraithe, ach fuarthas corradh le £97 milliún mar aisíocaíocht ó CEE. Ní féidir a fháil amach ar éirigh leis na scéimeanna sin an daonra a choimeád in airde sna limistéir mhídheisiúla mar nach bhfuil dóthain staitisticí ar fáil chuige sin agus, ar ndóigh, téann nithe eile i gcion ar an daon-chuspóir (e.g. cúnamh dífhostaíochta). Ní bréag a ra, áfach, gur mhór an chabhair £224 mhilliún do gheilleagar na limistéar sin leis an daonra a choimeád in airde.


Meastar go mbeidh £36 mhilliún de chaiteachas ann in 1984 agus go bhfaighfear 50 faoin gcéad den airgead sin ar ais ó CEE.


Rialachán (CEE) Uimh. 355/77 (Margú agus Próiseáit)

30. Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 355/77 bíonn cabhair CETRT le fáil ag tionscadail arb é is cuspóir dóibh modhanna a fheabhsú faoina ndéantar táirgí talmhaíochta a chur ar an margadh agus a phróiseáil. Go formhór, is iad na cineálacha tionscadal a fhaigheann cabhair ná na tionscadail sin a bhfuil baint acu le saoráidí nua próiseála bia a bhunú nó le seanghléasra a chóiriú as an nua. Tháinig an Rialachán i ngníomh an 1 Eanáir, 1978 go ceann cúig bliana ach cuireadh dhá bhliain eile leis níos moille lena thabhairt anuas go dtí deireadh 1984. Le gairid cuireadh deich mbliana eile leis. 25 faoin gcéad atá sa ráta deontais; ach is féidir suas go dtí 50 faoin gcéad a thabhairt i leith tionscadal i Limistéir Mhíbhuntáistiúla in Iarthar na hÉireann. Sa tréimhse 1973-83 thug CETRT cabhair arbh fhiú £55.46m. é do 234 thionscadal Meastar suas le £168m. d’infheistíocht chaipitil a bheith i gceist sa mhéid sin.


Rialachán (CEE) Uimh. 1820/80 (Clár Forbartha don Iarthar)

31. Sa Chlár Forbartha don Iarthar lena gcuirtear Rialachán (CEE) Uimh. 1820/80 (dar dáta 24 Meitheamh, 1980) i ngníomh, tá réim leathan de bhearta ceaptha chun déileáil le fadhbanna speisialta talmhaíochta in Iarthar na hÉireann. Tá socrú ann go mbeidh, ar feadh deich mbliana, cabhair ar fiú £300m. é le fáil ag Réigiún an Iarthair agus go mbeidh leath an airgid sin le fáil ó CEE agus an leath eile ón Státchiste. Cumhdaíonn sé deontais chun talamh a fheabhsú; coimíní a roinnt agus caipiteal a infheístiú ar an bhfeirm mar aon le hoiliúint agus seirbhísí comhairleacha níos fearr a chur ar fáil d’fheirmeoirí an Iarthair, déontais chun foraoiseacht a fhorbairt, an struchtúr tuaithe a fheabhsú, mar atá, bóithre, soláthairtí uisce agus leictreachas, agus saoráidí a fhorbairt chun táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a chur ar an margadh.


Ar leith ón bhfeabhas atá tagtha ar choimíní roinnte, ar chomhraonú táirgíochta (infheistíocht ar an bhfeirm) agus foraoiseacht phríobháideach, táthar sásta leis an dul chun cinn atá déanta faoin Rialachán. Tá socrú ann go ndéanfar an clár a athbhreithniú tar éis ceithre bliana agus déanfar an t-athbhreithniú sin i 1985.


I bhFoscríbhinn 2 tugtar sonraí faoin dul ar aghaidh atá déanta ag an scéim anuas go dtí deireadh Márta, 1984.


Treoir 78/628/CEE (Scéim Draenála an Iarthair)

32. Tháinig an scéim lena bhfeidhmítear Treoir 78/628/CEE i ngníomh an 1 Eanáir, 1979. Socraíodh sa Treoir 100,000 heicteár talún a dhraenáil i dtréimhse cúig bliana, i dteannta draenáil airtéireach ar dhobharcheantair na Coiribe/Measc/Róba agus na Búille agus an Bhuannaid a rachadh chun tairbhe do 30,000 heicteár eile. I 1981, de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 2195/81, rinneadh socrú le 50,000 heicteár eile talún a dhraenáil sa tréimhse amach go dtí 1 Nollaig 1986. Aisíocann CEE 50 faoin gcéad den chostas.


Anuas go dtí an 31 Nollaig, 1983 fuarthas 47,039 n-iarratas agus tugadh cead 153,920 heicteár a dhraenáil ar chostas measta £84,816,000. Tá an obair draenála ar 114,290 heicteár críochnaithe agus íocadh £41.155m mar dheontais ina leith.


Meastar go ndéanfaidh na hiarratais a fuarthas anuas go dtí Meán Fómhair, 1981 freastal do na 150,000 heicteár de dhraenáil talún atá údaraithe ag an Treoir agus ag an Rialachán, agus táthar ag féachaint conas is cóir déileáil le hiarratais a fuarthas tar éis an dáta sin. Le fírinne, níltear ag glacadh le haon iarratais faoin scéim ón 1 Feabhra, 1984.


C. TOGRAÍ AN CHOIMISIÚIN

33. Beartaíonn an Coimisiún dhá Rialachán nua ón gComhairle a chur in ionad na dTreoracha 72/159/CEE, 72/160/CEE, 72/161/CEE agus 75/268/CEE (a bhfuil baint aici le Treoir 72/159/CEE) agus tá cur síos ar an dá Rialachán sin sin sa doiciméad COM (83) 559 críochnaitheach dá dtagraítear i mír 2 den Tuarascáil seo, Go ginearálta, is iad seo a leanas príomh-fhorálacha na ndréacht-Rialachán:


(i)Cabhracha infheistíochta a bheith le fáil ag feirmeoirí lánaimseartha, ar lú a dtuilleamh ná an t-ionoam comparáideach, a bhfuíl pleananna feabhsúcháin tógtha amach acu agus atá sásta cuntais shimplí a choinneáil. Is í an chabhair uasta as a mbeadh aisíoc le fáil ó CEE 60,000 AAE an t-aonad saothair nó 120,000 AAE an gabháltas i dtréimhse sé bliana. Ar shócmhaimní dochta bheadh uasráta deontais 35 faoin gcéad agus 20 faoin gcéad ar infheistíochtaí eile (i limistéir mhídheisiúla, 45 faoin gcéad agus 30 faoin gcéad, faoi seach). I gcás na hÉireann, na hIodáile agus na Gréige, bheadh na huasrátaí deontais deich bpointe, céatadáin níos airde ar feadh tréimhse 30 mí. I gcoitinne, ní fhéadfaí cabhair infheistíochta a thabhairt i gcás táirgí a shonraíonn Coimisiún CEE a bheith iomarcach. 25 faoin gcéad a bheadh i ráta aisíoca CEE.


(ii)Maidir le cabhracha speisialta d’fheirmeoirí faoi bhun 40 bliain d’aois is é a bheadh i gceist iontu préimh shuiteála nach mó ná 15,000 AAE agus cabhair infheistíochta bhreise do na feirmeoirí sin a chuirfidh plean feabhsúcháin ar fáil laistigh de chúig bliana ón tsuiteáil. 50 faoin gcéad a bheadh i ráta aisíoca CEE.


(iii)Cabhair chun cuntais a choimeád agus cabhracha lainseála do ghrúpaí talmhaíochta áirithe (cabhair chómhalartach, seirbhísí fóirithinte, seirbhísí bainistí, etc.). 25 faoin gcéad a bheadh i ráta aisíoca CEE.


(iv)Íocaíochtaí cúiteacha mar atá faoi láthair, ach capaill agus talamh foraoisithe (i limistéir áirithe) a áireamh agus na socruithe faoína n-áirítear bó déiríochta mar 0.8 d’aonad beostoic a fhágáil ar lár. 50 faoin gcéad a bheadh i ráta aisíoca CEE.


(v)Cabhair le foraoisiú agus feabhsú a dhéanamh ar choillearnach atá ar ghabháltais talmhaíochta faoi láthair. 50 faoin gcéad a bheadh i ráta aisíoca CEE.


(vi)Cabhracha d’oiliúint talmhaíochta. 25 faoin gcéad a bheadh i ráta aisíoca CEE.


Mhairfeadh na socruithe sin deich mbliana agus meastar go mbeadh 4,432 mhilliún AAE (tuairim is £3,324 mhilliún) de chostas ar an gComhphobal sna chéad cúig bliana.


34. Tá an Coimisiún ag beartú freisin leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (CEE) Uimh. 355/77 (Margú agus Próiseáil ar Tháirgí Talmhaíochta). Leagfaí béim níos mó sna leasuithe sin ar tháirgí nua. ar theicneolaíochtaí nua agus ar bhealaí margaí nua, bheadh cabhair le fáil as trealamh fómharaíochta agus as buntáirgí foraoise, d’fhéadfaí cabhrú le tionscadail threoracha agus thrialacha agus d’fhéadfadh an Coimisiún táirgí nach bhfuil sonraithe in Iarscríbhinn II le Conradh na Róimhe a chur ar an liosta. Mhairfeadh an socrú deich mbliana agus bheadh tuairim is 1,750 milliún AAE (£1,312m) de chostas ar an gComhphobal sna chéad cúig bliana. Chuirfí deireadh leis an allúntas speisialta ocht milliún AAE atá ag dul do thionscadail mhargaithe agus phróiseála in Iarthar na hÉireann (Rialachán (CEE) Uimh. 1820/80).


Tionchar na dTograí ar Éirinn

35. Is iad na cabhracha infheistíochta dá dtagraítear i mír 33(i) thuas, agus iadsan amháin, atá sainordaithe do Bhallstát. Ina thaobh sin de—


(i)Trí phleananna feabhsúcháin a chur in ionad pleananna forbartha bheifí in ann cabhair as cistí an Chomhphobail a chur ar fáil do níos mó feirmeoirí. Ní féidir ag an bpointe seo figiúr a chur leis an líon a ndéanfadh na socruthe nua tairbhe dóibh agus is mar sin a bheidh go dtí go gcuirfear bailchríoch ar théarmaí beachta an phlean fheabhsúcháin a bheidh le leanúint.


(ii)Sna rátaí deontais atá socraithe féadfar freastal i gcoitinne do rátaí is airde ná na rátaí atá i bhfeidhm faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha leasaithe. Tá de chead ag Ballstáit ar ndóigh, a rátaí deontais féin a shocrú faoi bhun na n-uasmhéideanna atá ceadaithe.


(iii)Thiocfadh dó go dtiocfadh sé i gceist ar ball cahbracha infheistíochta a shrianadh i gcás táirgí ar nós arbhair agus mairteola. I bhfarradh formhór na mBallstát, chuir Éire i gcoinne údarás a thabhairt don Choimisiún a chinneadh cad iad na táirgí atá iomarcach agus mhaigh sí gur cúram don Chomhairle é sin.


Tá tograí an Choimisiúin maidir le cabhracha d’infheistíocht déiríochta fíor-shriantach agus, má ghlactar leo, laghdódh sin go mór an chabhair d’infheistíocht déiríochta in Éirinn trína ndearnadh friotháil go dtí seo ar suas le 50 faoin gcéad den chabhair infheistíochta go huile. Go teoiriciúil, d’fhéadfadh Iarthar na hÉireann tairbhe a bhaint as an díolúine atá tugtha do limistéir a bhfuil bearta réigiúnacha speisialta i bhfeidhm ina leith ach cé go gcaithfeadh cabhair d’infheistíocht bainne san Iarthar a bheith faoi réir ag an mbeart réigiúnach i dtrácht (Rialachán (CEE) Uimh. 1820/80-Clár Forbartha don Iarthar) ina bhfuil táirgeadh breise bainne fágtha, a bheag nó a mhór, as an áireamh, is mó de theoiric ná de dhearfacht atá ag baint leis an tairbhe sin. Ó glacadh leis na bearta chun srian a chur le táirgeadh bainne, is fusa a thig cabhair a cheadú anois chun déiríocht a leathnú faoi réim an chuóta ghinearálta atá leagtha amach don tír. Ar ndóigh, beidh an méid cabhrach a cheadófar d’infheistíocht déiríochta in Éirinn faoi na socruithe nua ag brath ar cé chomh mór is a bheidh an claonadh sin le feiceáil sa bhreart a nglacfaidh an Chomhairle leis amach anseo.


(iv)Faoi láthair, tuilleann cabhair infheistíochta d’fheirmeoiri forbartha in Iarthar na hÉireann 50 faoin gcéad d’aisioc. Beartaíonn an Coimisiún cabhair a shrianadh go dtí 25 faoin gcéad don tír go léir. Chuir Éire a freasúra maidir leis an togra sin in iúl.


36. Baineann rogha leis na cabhracha eile dá dtagraítear i dtograí an Choimisiúin i.e. tá saorchead ag gach Ballstát a chinneadh an gcuirfear, agus cá mhéad a chuirfear, i gcrích iad. Tá socrú ann faoi láthair chun cabhracha roghnacha áirithe a thabhairt d’fheirmeoiríri óga ach níor cuireadh i bhfeidhm iad in Éirinn. Má chinntear feidhm a thabhairt do na cabhracha sin d’fheirmeoirí óga agus do chabhracha roghnacha eile dá bhforáiltear i dtograí an Choimisiúin is é an Státchiste a chaithfeadh íoc as ach ní fhéadfaí figiúr a lua leis go fóill go dtí go gcuirfear bailchríoch ar na tograí agus go gcinnfear cá mhéad a dhéanfaí an beart a chur i bhfeidhm in Éirinn. I ndeireadh báire, bheadh an costas a thitfeadh ar an Státchiste ag brath ar na rátaí cabhrach iarbhír, a bheadh i bhfeidhm anseo ach sin faoi réim na n-uasmhéideanna a bheadh leagtha amach.


Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 355/77 meastar go dtugann díscor an allúntais speisialta don Iarthar níos mó éascaíochta ag déileáil le tionscadail áirithe seachas a chéile. Ní mheastár go ndéanfaidh sé mórán difríochta do dháileadh cistí i gcoitinne d’Éirinn faoin Rialachán.


D. BARÚLACHA NA nGAIRMCHOMHLACHTAÍ

Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

37. San aighneacht a chuir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (FAE) faoi bhráid an Chomhchoiste deirtear gurb iad seo a leanas príomhaidhmeanna na dTreoracha atá ann faoi láthair; eadhon, (a) cabhrú le feirmeoirí cóiriú nua-aoiseach a chur orthu féin, (b) sean-fheirmeoirí a ghríosú le héirí as an bhfeirmeoireacht agus, ar an gcuma sin, talamh a chur ar fáil d’fheirmeoirí óga, (c) treoraíocht daon-eacnamaíoch a thabhairt agus (d) a áirithiú go leanfaí leis an bhfeirmeoireacht i limistéir mhídheisiúla áirithe agus go bhfanfadh sé mar bhonn do pholasaí daonstruchtúrtha Comhphobail sna blianta le teacht, cé gur chóir na bearta sonracha a dhéanamh níos éifeachtaí trína gcur in oiriúint do na dálaí úra atá anois ann. Measann FAE go bhfuil na cumhachtaí roghnacha a thugtar do na húdaráis fheidhmiúcháin faoi thograí an Choimisiúin róleathan agus tá siad den bharúil gur mhó d’éifeacht a bheadh leis na tograí dá dtugtaí feidhm shainordaitheach dóibh.


38. Tá FAE an-imníoch faoi thograí an Choimisiúin mar go gcuirfear mórchuid srianta i bhfeidhm ar chabhair, ní hamháin in earnálacha sonraithe áirithe ach freisin in earnálacha neamhshonraithe áirithe a bhféadfaí a rá fúthu faoi láthair nach bhfuil aon ghnáth-bhealach margaidh ar fáil don táirge áirithe i dtrácht. Is dóigh leis freisin, má tá sé ceaptha teorainn a chur le cabhair in aon earnáil, go gcaithfear scéala a thabhairt tamall maith roimh ré le caoi a thabhairt d’fheirmeoirí a gcuid pleananna don am le teacht a leagan amach ar bhonn cobhsaí agus, má táthar le haon chabhair faoi bheartas struchtúrtha an Chomhphobail a shrianadh, nach mór a áirithiú nach gcuirfear cabhracha agus bearta eile ar fáil lasmuigh d’earnáil na talmhaíochta a thabhódh arduithe ar an gcostas táirgíochta. Thairis sin, cé go leagan an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí táirgeadh feirme a athchóiriú de réir riachtanais an mhargaidh, measann FAE gur chóir tacú leis sin trí bhearta níos sainiúla ar nós taighde a spreagadh, go háirithe, faoi chineálacha nua agus faoi chineálacha níos fearr.


39. Diúltaíonn FAE do thograí an Choimisiúin chun an t-uasleibhéal cabhrach a bhíonn le fáil ag feirmeoirí aonair a laghdú go mór ón leibhéal atá i bhfeidhm faoi láthair. Iarrann sé, má tá dea-thoradh le bheith ar na tograí, go ndéanfaí an t-uasleibhéal cabhrach a mhéadú agus a choigeartú go rialta d’fhonn boilsciú a chur san áireamh, ar a laghad. Maidir le maoiniú ar an mbeartas daonstruchtúrtha, tá sé fíor-thábhachtach go ndéanfaí é a oibriú trí bhearta comhchoiteanna. Is fearr is féidir sin a dhéanamh má áirítear airgeadas Comhphobail comhpháirteach ar aon dul leis an airgeadas a chuirtear ar fáil don bheartas praghsanna agus margaidh. Diúltaíonn FAE, dá bhrí sin, do thogra an Choimisiúin go gcoimeádfaí an ranníoc ó CETRT chun an beartas daonstructúrtha a chur chun feidhme ag 25 faoin gcéad i bhformhór na gcásanna agus iarrann sé go ndéanfaí an ranníoc ó CETRT a mhéadú láithreach go dtí 50 faoin gcéad (85 faoin gcéad i limistéir mhídheisiúla áirithe). Ba chabhair an leibhéal ranníoca sin i dtíortha ar nós na hÉireann a bhfuil teirce acmhainní airgeadais agus fadhbanna struchtúrtha fíor-ghéibheannacha ag goilliúint orthu.


40. Is maith le FAE a fheiceáil go mbeidh tuilleadh feirmeoirí i dteideal cabhair a fháil faoi thograí an Choimisiúin toisc nach gá an tIoncam Comparáideach a bhaint amach i bPlean Feabhsúcháin ach measann sé, áfach, gur chóir an tIoncam Comparáideach atá le baint amach a fhágáil ag 150 faoin gcéad. Tathantaíonn FAE nach mbeadh feidhm ag na srianta ar chabhair do tháirgeadh bainne i gcás na hÉireann agus go mbeadh cabhair le fáil i gcás 50 bó an feirmeoir nó 70 bó an gabháltas.


41. Maidir le cabhair do tháirgeadh muc creideann FAE go bhfuil 550 ionad muc róshriantach agus gur chóir é sin a mhéadú go dtí 1,000 ionad agus gur chóir an ceanglas gur ón bhfeirm a thiocfadh 35 faoin gcéad den chothú a fhágáil ar lár mar gur i limistéir nach bhfuil fóirsteanach do tháirgeadh arbhair is coitianta a thógtar muca in Éirinn.


42. Seo thíos roinnt pointí sonracha eile a luaigh FAE leis an gComhchoiste ina aighneacht:


— ba chóir ocht mbliana in ionad sé bliana a bheith sa Phlean


—ba chóir an 10 faoin gcéad breise a bhfuil feidhm aige maidir le hÉirinn, leis an Iodáil agus leis an Gréig don chéad tríocha mí den Phlean a fhadú ar feadh shaolré an Phlean


—ba chóir go mbeadh cabhair bhreise le fáil ag feirmeoirí óga ar rogha leo socruithe léasa fadtéarma.


43. Tugann FAE dá aire nach bhfuil aon socrú ann le feidhm a bhaint arís as bearta chun daoine a spreagadh le héirí as an bhfeirmeoireacht agus is oth leis nár éirigh leis an gCoimisiún scéim inláimhsithe a leagan amach ina dtograí. Iarrann FAE go n-éileodh Rialtas na hÉireann maolú maidir le scéim scoir a thabhairt isteach agus go mbreithneofaí aistrithe talún laistigh den teaghlach mar gheall ar thromchor struchtúrtha na talmhaíochta in Éirinn.


44. Maidir le tograí an Choimisiúin chun Treoir 75/268/CEE a leasú is mairg le FAE nár mhol an Coimisiún go ndéanfaí limistéir áirithe in Éirinn a aicmiú ar chúiseanna seachas airde os cionn farraige, aeráid, fad slí ó na margaí, etc. Measann sé freisin gur chóir an líon bó a cháileodh don liúntas cúiteach faoi Threoir 75/268/CEE a ardú go dtí fiche.


ACOT (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta)

45. San aighneacht a chuir ACOT faoi bhráid an Chomhchoiste d’fháiltigh siad roimh thograí an Choimisiúin maidir leis an gcóras cabhracha d’infheistíocht i ngabháltais talmhaíochta sa mhéid go méadódh sé an méid d’fheirmeoirí na hÉireann a cháileodh chun dul i mbun scéimeanna forbartha a gheobhadh tacaíocht airgeadais ón gCoimisiún agus sa mhéid go bhféadfadh feirmeoirí nár bhain amach an tIoncam Comparáideach cabhair infheistíochta a fháil freisin. Ach mar sin féin, is eagal leis an gComhairle go bhféadfaí na feabhsuithe sin a chur ó mhaith le critéir shriantacha ina mbeadh cabhair infheistíochta ag brath ar fheabhsuithe cáilitheacha agus comhshó táirgíochta i bhfianaise riachtanais an mhargaidh agus ina gceilfí cabhair mura mbeadh de thoradh ar an infheistíocht sin ach tuilleadh táirgí, gan gnáth-bhealaí margaidh a bheith ann dóibh, a chur ar fáil ar na gabháltais. Bunaíonn an méid sin aimhréireacht i gcás na hÉireann mar go moltar ar thaobh amháin go mbeadh i bhfad níos mó d’fheirmeoirí na tíre cáilithe chun cabhair infheistíochta a fháil ach ar an taobh eile go moltar srianta margaidh agus buiséid a choiscfeadh táirgeadh breise áirithe ar an bhforas go dtabharfadh an infheistíocht sin feabhsú cáilitheach a cheadódh praghas aonaid níos airde, nó costas táirgíochta níos ísle, lena méadófaí an corrlach do gach aonad táirgíochta. Measann an Chomhairle má bhítear ag brath go hiomlán ar fheabhsú cáilitheach chun ioncam a chruthú gan féachaint d’aon mhodh eile chun costas aonaid a laghdú — i.e. táirgeadh a mhéadú — nach gcuirfeadh sé sin dóthain airgid sa timpeall le híoc as an bhforbairt. Tugann ACOT dá haire go bhfuil sé molta diolúine a thabhairt sna limistéir atá clúdaithe le Beartaíocht an Iarthair ó na srianta ar chabhracha infheistíochta do tháirgí nach bhfuil bealaí margaí ar fáil dóibh agus molann sí go mbeadh an díolúine chéanna sin ar fáil don tír ar fad.


46. Maidir leis an moladh chun 1,000 AAE (£700 nó mar sin) a thabhairt mar chabhair d’fheirmeoirí a thosóidh ag coinneáil cuntas bainistí agus a aontóidh sin a dhéanamh ar feadh ceithre bliana ar a laghad, measann an Chomhairle, dá bhféadfaí na socruithe cuntasaíochta sin a chur i gceangal le córais eile atá á n-oibriú ag feirmeoirí faoi láthair, go mbeadh lé éigin ag na feirmeoirí leis an scéim, Measann an Chomhairle freisin go mbeadh buntáistí le fáil ag feirmeoirí na hÉireann as cabhracha a chur ar fáil do ghrúp-gheastail, do sheirbhísí faoisimh feirme agus do sheirbhísí bainistí feirme.


47. Tá sé curtha i bhfios ag an gComhairle, má tá Rialtas na hÉireann sásta airgead a chur ar fáil do scéimeanna, nach bhfuil dóigh níos fearr ann chun a chur ar chumas feirmeoirí tairbhe a bhaint as na bearta atá molta ag an gCoimisiún le cabhrú le feirmeoireacht cnoic agus sléibhe i Limistéir Mhíbhuntáistiúla, mar atá, íocaíochtaí ceannsraithe a ndéanfaidh an Comhphobal 50 faoin gcéad dá gcostas a aisíoc. Measann an Chomhairle freisin, má thugtar cabhair d’infheistíocht ar ghabháltais talmhaíochta chun turasóireacht nó ceirdne a spreagadh mar aon le cabhair chun farae a tháirgeadh i Limistéir Mhíbhuntáistiúla, go rachadh sé sin chun tairbhe d’fheirmeoirí ach scéimeanna iomchuí náisiúnta a thionscnamh chun na críche sin.


48. Má tá feirmeoireacht na hÉireann le buntáiste a bhaint as tograí an Choimisiúin chun coillearnach a fheabhsú, measann an Chomhairle go bhfuil sé fíor-riachtanach comhairleoirí gortóireachta a cheapadh. Molann sí freisin gur chóir a fháil amach cén eagraíocht ab fhearr a dhéanfadh cúram d’fhorbairt choillearnach ar ghabháltais feirme dá mba rud é go gcinnfí líon na gcomhairleoirí a mhéadú.


49. Maidir le cabhracha chun gairmoiliúint a chur ar fáil d’fheirmeoirí, do chlann feirmeoirí a bhíonn ag obair ar an bhfeirm agus d’oibrithe talmhaíochta, mar atá leagtha amach i dtograí an Choimisiúin, feictear do ACOT gurb í féin is fearr a d’fhéadfadh dul i mbun cúrsaí den sórt sin, go háirithe, ó tharla cabhair a bheith séanta sna tograí ar chúrsaí teagaisc agus oiliúna is gnáth-chuid de chláir nó de chórais oideachais talmhaíochta ag an dara leibhéal nó ag leibhéil níos airde. Ba mhaith leis an gComhairle dá bhféadfadh na Coistí Gairmoideachais agus na Coláistí Teicniúla Réigiúnda dul i gcomhar le chéile chun oiliúint talmhaíochta a chur ar fáil. Tá súil aige dul i gcomhar leis an bhForas Talmhaíochta faoi threoir-scéimeanna agus a leithéid, leis an tairbhe a thaispeáint d’fheirmeoirí atá ag baint le córais, modhanna agus teicníochtaí táirgíochta chun cáilíocht a fheabhsú, costais táirgíochta a laghdú, etc., agus a bhfuil cabhair Chomhphobail le fáil ina leith. B’fhiú é freisin chun córais feirmeoireachta a thástáil.


50. Foráiltear i dtograí an Choimisiúin staidéar a dhéanamh chun a fháil amach cad é chomh tíosach is atá na bearta dá gcuirtear cabhair ar fáil. Measann an Chomhairle go mbeadh an stáidéar sin an-fhóinteach chun a fháil amach cad is éifeacht do na bealaí éagsúla, ó thaobh costas, chun an talmhaíocht a fhorbairt agus measann sí go mba mhór ar fad a chabhródh sé léi chun a cláir oibre a leagan amach don am le teacht.


51. San aighneacht a chuir ACOT faoi bhráid an Chomhchoiste tugadh táblaí ina ndearnadh comparáid ídir na rátaí deontas atá ar fáil faoi láthair faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha leasaithe agus na rátaí atá ceadaithe faoi na tograí nua. Measann an Comhchoiste go bhfuil an-chuid eolais le baint as na táblaí sin agus tá siad curtha ar fáil i bhFoscríbhinn 3.


E. BARÚLACHA AN CHOMHCHOISTE

52. Is dlúthchuid den Chomhbheartas Talmhaíochta an beartas daonstruchtúrtha agus, cé nach féidir dó ionad an chomhbheartais sin a ghlacadh, dar leis an gComhchoiste, is taca riachtanach é don bheartas praghsanna agus margaidh. Tá sé ar cheann dá phríomh-chuspóirí cabhrú le feirmeoirí, trí chóiriú nua-aoiseach a chur ar chursaí feirmeoireachta, ioncaim agus cóir mhaireachtála a bhaint amach atá inchomparáide leo sin in earnálacha eile. Caithfear beartas, praghsanna agus margaidh a chur sa riocht go bhféadfaidh siad, ar na feirmeacha nua seo, a seasamh a choimeád trí mheán an mhargaidh. Tá beartas daonstruchtúrtha fíorthábhachtach mar sin chun feabhas a chur ar chóir mhaireachtála agus oibre na bhfeirmeoirí agus chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir, ó thaobh na heacnamaíochta, na sóisialachta agus na timpeallachta de, as an acmhainn aiceanta is tábhachtaí in Éirinn.


Ón taithí a fuarthas ag cur Treoracha daonstruchtúrtha i bhfeidhm san am atá caite ba léir go raibh i bhfad barraíochta de threorainn leo ag cur feabhsuithe struchtúrtha chun cinn in Éirinn agus sa Chomhphobal. Ba dhéine a chuaigh sé ar fheirmeoirí, diaidh ar ndiaídh, a thaispeáint go bhfeadfaidís an sprioc a shroichint san Ioncam Comparáideach atá leagtha amach do phleananna forbartha feirme. Ar cheann de na príomh-chúiseanna atá leis sin tá an titim thubaisteach atá tagtha i bhfíor-ioncaim feirme ó tugadh na Treoracha isteach i gcéaduair agus is é is cúis leis sin ná nach ndearnadh gnáth-phraghsanna feirme a shocrú ar bhonn an Sprioc-Mhodha.


Tá athrú mór fosta i ngnáth-chúrsaí eacnamaíochta ó tugadh na Treoracha sin isteach i gcéaduair. Go háirithe, leis an líon mór daoine a bhí ag tréigean na talmhaíochta san am a caitheadh b’éigean struchtúir a athrú, ach níl sin indéanta faoi láthair mar gheall ar an ard-leibhéal dífhostaíochta.


Is léir, ón taithí a fuarthas, nach féidir a lán de na fadhbanna atá le sárú ag feirmeoirí a réiteach trí bhearta chun struchtúir a fheabhsú i gcás feirmeacha ar leithligh. Ní mór gníomh a dhéanamh ar leibhéal i bhfad níos fairsinge, ní hamháin ó thaobh na talmhaíochta agus mhargáil agus phróiseáil táirgí talmhaíochta de, ach freisin chun feabhas a chur ar na bunstruchtúir agus ar an gcor ginearálta daon-eacnamaíoch sna limistéir sin.


Caithfear a áirithiú go n-oibreoidh an beartas daonstruchtúrtha níos éifeachtaí ná d’oibrigh sé go dtí seo, agus go gcuirfear in oiriúint é do na gnáth-dhálaí eacnamaíocha agus sóisialacha a bheidh ann, is dócha, go ceann deich mbliana eile agus, thairis sin, go dtabharfar tosaíocht d’fheirmeoirí sna ceantair mhídheisiúla.


53. Tá sé molta ag an gCoimisiún go mbeadh cabhracha breise le fáil ag daoine óga san fheirmeoireacht; dealraíonn sé, áfach, gur de réir mar is rogha leis na Ballstáit a leanfar ag cur na gcabhracha sin ar fáil. Measann an Comhchoiste gur chóir go mbeadh cabhair d’fheirmeoirí óga ar fáil sna Ballstáit go léir agus go bhfuil gá le tuilleadh forálacha chun díriú ar na fadhbanna sonracha atá le sárú ag feirmeoirí óga agus iad ag dul i mbun feirmeoireachta den chéad uair.


Ó tharla go ndeachaigh sé an-dian ar chuid mhór feirmeoirí an sprioc d’Ioncam Comparáideach a bhaint amach i ndeireadh an phlean forbartha, is maith leis an gComhchoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil beartaithe ag an gCoimisiún gan an tIoncam Comparáideach a bheith mar sprioc a thuilleadh agus tá súil acu go mbeidh feirmeoirí, agus go háirithe feirmeoirí atá ar an ngannchuid, i dteideal cabhair a fháil.


54. Measann an Comhchoiste nach féidir na fadhbanna sonracha a bhaineann lenár réigiúin forbraíochta a réiteach trí bhearta struchtúrtha amháin a chur i bhfeidhm maidir le feirmeacha nó feirmeoirí aonraic ach go gcaithfear díriú orthu le bearta talmhaíochta níos ginearáalta (e.g. bearta chun feabhas a chur ar uisciúchán, draenáil, aolmhaireacht, margú, próiseáil agus bunstruchtúr) agus go n-éireodh leis na bearta sin tuilleadh fostaíochta agus tuilleadh foinsí ioncaim, ar nós tuarasóireachta, ceirdne, foraoiseachta agus tionscail, a chur ar fáil. Measann sé go bhfuil céim dhearfa ar aghaidh tugtha i dtogra an Choimisiúin le go bhféadfaí glacadh le bearta sonracha chun díriú ar mhíchóiriúlachtaí ainsealacha struchtúrtha agus laigí bunstruchtúir i limistéir mhídheisiúla ach níor mhór tuilleadh faisnéise a fháil ar conas a bheidh na bearta sin leagtha amach. Tá sé tábhachtach, áfach, má chuirtear bearta sonracha réigiúnacha den chineál áirithe sin i bhfeidhm, nach laghdófar ar bhealach ar bith an t-airgead a bheidh ar fáil le tacú go struchtúrtha ar leibhéal na feirme aonraic.


55. Tá an Chomhchoiste imníoch faoi na sriantachtaí diana atá molta maidir le hinfheistíocht déiríochta agus ba mhaith leis é sin a chur in iúl. Tá leath na dteaghlach feirme go léir ag brath go hiomlán ar bhainne mar fhoinse ioncaim. Tá súil ag an gComhchoiste go gcoimeádfaidh ár bhfoireann idirbheartaíochta súil ghéar ar riachtanais speisialta na déiríochta in Éirinn agus go leagfaidh siad béim láidir ar na fadhbanna speisialta a bhaineann le déiríocht sna Limistéir Mhíbhuntáistiúla.


56. Is maith leis an gComhchoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil molta ag an gCoimisiún go bhféadfar bearta foraoiseachta do ghabháltais agus limistéir talmhaíochta áirithe a áireamh mar chuid de bheartas struchtúrtha talmhaíochta cothrománach. Ba mhaith leis, áfach, go mbeadh an earnáil d’uibheacha agus feoil éanlaithe i dteideal cabhair infheistíochta a fháil chun gnóthas feirmchlóis a spreagadh.


57. Tá áthas ar an gComhchoiste go n-áirítear capaill le bheith i dteideal cabhair a fháil faoi thograí an Chomhphobail agus molann sé go ndéanfaí beart cinnte chun a áirithiú go mbainfeadh tionscal na gcapall tarraingthe in Éirinn tairbhe as an gcabhair sin. Ba mhaith leis freisin dá ndéanfaí ceist na gcapaillíní, go háirithe capaillíní Chonamara, a scrúdú féachaint an bhféadfadh an chabhair bheartaithe ón gComhphobal freastal dóibh. Ba mhaith leis an gComhchoiste go dtuigfí a thábhachtaí is atá an tionscal capall neamhfholaíochta sa tír mar fhoinse do stoc each-léimnigh den scoth.


58. Is cúis mhór imní don Chomhchoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil beartaithe ag an gCoimisiún cabhair infheistíochta, mar aisíoc d’fheirmeoirí Forbraíochta, a shrianadh go dtí 25 faoin gcéad ar fud na tíre. Is céim mhór ar gcúl é sin d’fheirmeoirí forbartha an Iarthair agus molann an Comhchoiste cur ina aghaidh go láidir. Tá an Comhchoiste den bharúil, mar gheall ar na deacrachtaí áirithe atá le sárú ag an talmhaíocht sa tír seo agus mar gheall ar mhórthábhacht na talmhaíochta dár ngeilleagar, gur chóir go mbeadh 50 faoin gcéad de leibhéal aisíoca le fáil ag na feirmeoirí feabhsúcháin go léir.


I staidéar a rinne ACOT le gairid léiríodh a thábhachtaí is atá an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha don fheirmeoireacht in Éirinn agus léirigh sé freisin go bhfuil tríocha a trí agus trian faoin gcéad de chorrlach iomlán acu sin atá páirteach sa Scéim ar na feirmeoirí sin atá taobh amuigh di. Thaispeáin staidéar ACOT, áfach, go gcaitear suas le 88 faoin gcéad dá gcaiteachas infheistíochta féin ar fheirmeoirí faoin Sceim Nuachóiriúcháin Feirmeacha. Measann an Comhchoiste gurb amhlaidh a threisíonn staidéar ACOT leis an gcás go ndéanfaí an leibhéal aisíoca a mhéadú go sonrach d’fheirmeoirí uile na hÉireann. Tá an Comhchoiste imníoch faoin réim leathan sriantachtaí atá curtha ar chabhair Chomhphobail agus go háirithe ar chabhair i ndáil le táirgí nach bhfuil aon ghnáth-bhealach margaidh ann dóibh. Is srianadh tubaisteach a bhfuil molta anois agus d’fhéadfadh fadhbanna géara a bheith ann d’Éirinn má chuirtear isteach ar tháirgí ar nós na mairteola. Tuigtear don Chomhchoiste, ó cuireadh na tograí bunaidh chun tosaigh, gur mhaolaigh an Coimisiún a dhearcadh ar tháirgí a bhfuil barrachas díobh ann agus tá súil aige go mbeidh an maolú sin le brath sna bearta a nglacfaidh an Chomhairle leo i ndeireadh báire.


59. Measann an Comhchoiste nuair a thiocfaidh talamh ar láimh trí sheanfheirmeoirí a ghríosadh chun éirí as an bhfeirmeoireacht gur mór ar fad an chabhair é sin chun a chinntiú go mbeidh fostaíocht le fáil ag feirmeoirí óga. Lena chois sin, feabhsóidh sé struchtúir na talmhaíochta agus rachaidh sé chun tairbhe do chóir mhaireachtála agus oibre na bhfeirmeoirí sna blianta romhainn. Ní maith leis an gComhchoiste a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon rud ráite i dtograí an choimisiúin faoi athchóiriú nua a chur ar an Treoir faoi Scor Feirmeoirí (72/160/CEE) a d’áiritheodh go mbeadh éileamh réasúnta ag feirmeoirí uirthi. Ba mhaith leis an gComhchoiste go mbeadh socrú déanta in aon scéim nua chun talamh a aistriú laistigh den teaghlach féin mar go gcuirfeadh sé a lán lán talún ar fáil d’fheirmeoirí feabhsúcháin. Tá an Comhchoiste den bharúil, dá gcuirfí an Scéim Scoir d’Fheirmeoirí chun tosaigh ar bhealach níos tarraingtí in Éirinn gur fearr go mór a d’éireodh léi. Ina thaobh sin de, is é dearcadh an Chomhchoiste, má thugtar scéim náisiúnta pinsin isteach, go mba chabhair é chun scéim scoir nua a bhunú. Tá tugtha faoi deara ag an gComhchoiste, áfach, gur suarach ar fad mar a d’éirigh le scéimeanna scoir faoi Threoir 72/160/CEE talamh a chur ar fáil a bheadh le hathchóiriú ar bhonn struchtúrtha. Sin mar a bhí an scéal ach amháin sa Fhrainc mar a raibh scéim náisiúnta i bhfeidhm inti cheana féin. Caithfidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar cad chuige ar theip ar na bearta do scor feirmeoirí agus beidh orthu socruithe tarraingteacha a chur ina n-ionad.


Tá an Comhchoiste den bharúil gur chóir go mbeadh cabhair le fáil ag feirmeoirí ar fheírmeacha nach féidir cóiriú nua-aoiseach a chur orthu mar gheall ar a struchtúir i gcás gur feirmeoirí iad nach bhfuil athrú gairme in ann dóibh mar gheall ar a n-aois nó toisc nach féidir leo tairbhe a bhaint as blianachtaí scoir. D’fhéadfaí an chabhair sin a thabhairt san idirthréimhse faoi choinníollacha a bheadh ag cur leis an gComhbheartas Talmhaíochta.


60. Creideann an Comhchoiste, má tá an tír seo le tairbhe iomlán a bhaint as an gcabhair Chomhphobail atá molta ag an gCoimísiún, go mbeidh ar an Rialtas bheith toilteanach scéimeanna náisiúnta oiriúnacha a thabhairt isteach. Is ábhar imní don Chomhchoiste a oiread sin de bhearta roghnacha a bheith i gceist sna tograí agus b’fhéárr leis go mbeadh éigeantas éigin ag baint leo.


61. Aontaíonn an Comhchoiste go ginearálta leis na moltaí sonracha sna haighneachtaí ó na gairmchomhlachtaí agus iarrann sé go n-éileodh ár bhfoireann idirbheartaíochta go gcuirfí i bhfeidhm iad sna bearta críochnaitheacha ar a gcomhaontóidh an Chomhairle. Thacódh sé go háirithe leis an moladh go gcuirfí na cabhracha speisialta d’fheirmeoirí óga i bhfeidhm maidir le léas a thógáil ar théarma fada.


E. CRÍOCH

2. Is ábhar imní don Chomhchoiste a mhíchothroime is a oibríonn na bearta struchtúrtha atá ann faoi láthair, go háirithe, sa mhéid nach ndéantar athchoigeartú ar na rátaí deontais chun coinneáil suas leis an mboilsciú agus, níos measa fós, gur cuireadh ar fionraí iad ar feadh 1983 ar fad, beagnach, Cuireadh na deontais go léir ar fhoirgnimh déiríochta faoi chois ar feadh scaithimh agus níor tugadh ar ais iad go dtí deireadh an Aibreáin, 1984. Is mar gheall ar easpa airgid go formhór a cuireadh na srianta sin i bhfeidhm agus is é dearcadh an Chomhchoiste, mura ndéanfar an bonn ar a gcuirtear airgead ar fáil do bhuiséad an Chomhphobail a atheagrú, gurb é an dála céanna a bheidh ar thograí seo an Choimisiúin. Is ag laghdú atá an fáltas ó thobhaigh talmhaíochta agus ón gComhtharaif Sheachtrach, agus, dá bhrí sin, ní mór don Chomhphobal a bhonn airgeadais a dhaingniú ar ranníocaíochtaí Cánach Breisluacha. Beidh airgead don Chomhbheartas Talmhaíochta faoi ionsaí trom ag foinsí eile mar atá an Ciste Sóisialach agus an Ciste um Fhorbairt Réigiúnach. Tá leas agus forás an Chomhphobail ag brath go huile agus go hiomlán ar bheartais forbartha sin an Chomhphobail agus braitheann an Comhchoiste, in ionad na cistí sin a bheith ag coimhlint le chéile faoi chúrsaí airgid, gur chóir ligean do gach ciste acu a chúram féin a chur i gcrích, agus, ar an dóigh sin, gur fearrde acmhainní an Chomhphobail dá ndéanfaí amhlaidh.


63. Ba chóir beartas struchtúrtha an Chomhphobail a scrúdú chun a fháil amach conas a d’fhéadfadh sé tuilleadh post a chur ar fáil. Tá an Comhchoiste ag iarraidh, dá bhrí sin, go mbainfear leas iomlán as tograí an Choimisiúin, nuair a ghlacfar leo, trí chomhscéimeanna náisiúnta a thabhairt isteach d’fhonn a áirithiú go mbainfidh geilleagar na hÉireann oiread tairbhe agus is féidir as na socruithe.


MUIRIS Ó MAINNÍN, T.D.


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Iúil, 1984.


(1)Bhí Treoracha 72/159/CEE. 72/160/CEE agus 72/161/CEE le dul as feidhm an 30 Méitheamh, 1984 ach cuireadh fad leo go dtí an 31 Deireadh Fómhair. 1984 ag cruinniú ná Comhaírle Talmhaíochta i Meitheamh. 1984. Coiméadadh Rialachán (CEE) Uimh. 355/77 i bhfeidhm go ceann 10 mbliana eile ag an gcruinniú Comhairle céanna. Fágadh Rialachán (CEE) Uimh. 1820/80 gan athrú.