|
DÁIL ÉIREANNORDUITHE TAGARTHA21 Meitheamh 1983:—Ordaíodh:—(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gcomhalta de Dháil Éireann (nach ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach (a)chun scrúdu a dhéanamh (i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí de rialacháin. ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisún. (ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin. (iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972). agus (iv)ar cibe ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthm riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais; agus (b)chun scrúdú a dhéanamh ar an gceist a bhaineann le comhaltas dúbailte de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann agus de Thionól na hEorpa agus breithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir ionadaithe na hÉireann i dTionól na hEorpa agus Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus tuarascáil a thabhairt air sin do dhá Theach an Oireachtais: (2) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe. go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann. a ainmncoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad: agus go bhféadlaidh comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste. freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu: (3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí de Dháil Éireann is ionadaithe i dTiónól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu: (4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe; (5) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin; (6) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist; (7) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus (8) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad díobh agus ar comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad díobh [An tAire Tionscail agus Fuinnimh]. Comhaltaí an Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach Teachtaí Salbhastar Bairéad1 Maitiú Ó Braonáin Liam de Búrca Gearóid Ó Coileáin—Cathaoirleach Aodh Ó Conacháin Cathal Ó Cochláin Brendán Ó Dálaigh Eibhlín Uí Dheasmhumhnaigh Risteárd Ó Dubhlainn Brian Mac Dhurcáin Oilibhear Ó Flannagáin Brendán Ó Gríobhtha Muiris Ó Mainnín—Leas-Chathaoirleach Daithí Ó Maoldomhabigh Mícheál Ó Laoire Domhnall Ó hUrmhuin Seán Ó Riain Seosamh Breathnach Seanadóirí Séamus Ó hUiginn Risteárd Ó hAnragáin Mícheál Ó Lonagáin Cathal Mac Domhnaill Máire Mhic Róibín Seán de Rossa Mícheál Mac Gabhann 1Togadh ina Chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, an 14 Meitheamh 1984. |
||||||||||||