Committee Reports::Report No. 01 - Community Aid for Solid Fuel Production::08 February, 1984::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Na Tograí a Scrúdaíodh

1. Scrúdaigh an Comhchoiste na doiciméid Chomhphobail seo a leanas a bhaineann le cúnamh maidir le táirgeadh breoslaí soladacha agus ar cuid thábhachtach iad de chlár gníomhaíochta ilbhliantúil an Chomhphobail i dtaobh fuinnimh agus taighde fuinnimh:


Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle faoi chlár oibre maidir le breoslaí soladacha — [COM(83) 54 críochnaitheach]


Bearta Comhphobail chun úsáid breosla sholadaigh a spreagadh — [SEC(83) 1614], agus


Togra go ndéanfaí Rialachán Comhairle (CEE) maidir le tacaíocht airgid an Chomhphobail a bheith fabhrach do thionscail a tháirgeann breoslaí soladacha — [COM(83) 447 críochnaitheach].


2. Tá an togra go ndéanfaí Rialachán Comhairle bunaithe ar Airteagal 235 de Chonradh CEE lena gcumasaítear don Chomhairle na bearta iomchuí a ghlacadh chun aidhm de chuid an Chomhphobail a ghnóthú i gcás nach dtugtar na cumhachtaí is gá sa Chonradh.


3. Tá scrúdú déanta ar na tograí thar ceann an Chomhchoiste ag a Fhochoiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais faoi Cheannas an Teachta Salbhastar Bairéad. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Teachta Bairéad agus ag a Fhochoiste as a gcuid oibre. Le linn don Chomhchoiste na tograí a bhreithniú ba mhór an cuidiú dóibh na meabhráin a fuarthas ó BSL, ó Bhord na Móna, ón bhForas Forbartha, ó Consolidated Holdings Limited, ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus ón Roinn Fuinnimh. Is mian leis an gComhchoiste a fhíor-bhuíochas a ghabháil leis na comhlachtaí a sholáthair meabhráin dó nó a chuir a mbarúlacha in iúl dó ar shlí eile.


Cúlra Thograí an Choimisiúin

4. Go dtí na caogaidí ba é an gual an mhór-fhoinse fuinnimh in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa. Sa bhliain 1950 bhí an gual ag freastal ar 75 faoin gcéad de riachtanais fuinnimh an Chomhphobail agus bhí an ola ag freastal ar 10 faoin gcéad acu. D’athraigh an staid sin nuair a bhí teacht ar ola measartha saor ón Meán-Oirthear agus nuair a ghlac an ola sin áit cheannais an ghuail. Ó tharla go rabhthas ag súil le soláthairtí rialta saora ola, éiríodh as gual a úsáid mar fhoinse fuinnimh i dtionscail ar fud na hEorpa. Idir na blianta 1958 agus 1973 tháinig laghdú, ó 50 faoin gcéad, tuairim, go 23 faoin gcéad, tuairim, ar an méid fuinnimh a díorthaíodh ón ngual sa Chomhphobal; mhéadaigh úsáid na hola agus an gháis aiceanta go dtí breis is 70 faoin gcéad. I rith na tréimhse céanna in Éirinn thit an méid fuinnimh a díorthaíodh ó bhreosiai soladacha (is é sin gual agus móin) ó 62 go 26 faoin gcéad agus mhéadaigh úsáid na hola go dtí 73 faoin gcéad. Mar gheall ar an ngéarchéim pholaitiúil sa Mheán-Oirthear sa bhliain 1973-74 tháinig méadú faoi cheathair ar phraghsanna ola agus bhí éiginnteacht ann maidir le soláthairtí. Dá bhrí sin rinne an Comhphobal athbhreithniú ar an bpolasaí fuinnimh agus ón mbliain 1973 i leith tá an polasaí sin dírithe ar an spleáchas ar ola allmhairithe a laghdú. D’fhág an praghas ard ar ola go raibh foinsí eile fuinnimh, ar nós guail agus móna, iomaíoch arís. Ghníomhaigh an Comhphobal trí scéimeanna a bhunú chun foinsí eile fuinnimh a fhorbairt agus ar leibhéal níos leithne bunaíodh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (GIF) sa bhliain 1974 faoi choimirce na ECFE chun comhordú a dhéanamh maidir le dul i gceann na géarchéime ola agus staid fhorbarthach an fhuinnimh sa domhan. Ba é an toradh a bhí ar na bearta sin méadú ar tháirgeadh as foinsí dúchasacha fuinnimh sa Chomhphobal agus laghdú ar an spleáchas ar ola allmhairithe. Mar gheall ar an maolú ar fhás eacnamaíoch sa Chomhphobal caolaíodh an margadh fuinnimh agus forchuireadh smacht ar ola a allmhairiú agus tosaíodh ar aird a dhíriú ar an gcaomhnú. Chuir an cogadh idir an Iaráin agus an Iaráic sa bhliain 1979-80 tús le breis imní i dtaobh soláthairtí ola agus thug sé spreagadh láidir maidir le dlús a chur le forbairt foinsí eile fuinnimh. Nochtadh le staidéir ar fud an domhain go raibh stoic mhóra guail ann a d’fhéadfaí a ghnóthú ar chostas eacnamaíoch agus go dtiocfadh leis na stoic sin freastal ar mhéid suntasach de na riachtanais fuinnimh as sin amach.


5. Faoin mbliain 1980 bhí aitheantas á thabhairt go forleathan do thábhacht breoslaí soladacha mar mhór-fhoinse fuinnimh. Tar éis cruinnithe idir Airí fuinnimh an Chomhphobail i gCóbanhávan sa bhliain 1982 leagadh síos an bunús do pholasaí breoslaí soladacha an Chomhphobail. Is cuid den pholasaí sin na tograí a scrúdaigh an Coiste. Ag an am sin, áfach, bhí polasaí breoslaí soladacha an Chomhphobail dírithe ar infheistíocht i dtáirgeadh guail, ach tar éis d’Éirinn agus don Ghréig dul i gceann na hoibre i gcomhar lena chéile, ag leibhéal an Choimisiúin agus i gComhairle na nAirí, aontaíodh gur fhoinse shlán eacnamaíoch soláthairtí fuinnimh do stáisiúin chumhachta agus don mhargadh téite tithe a bhí i móin agus i ngual donn (lignít) agus gurbh ábhair antábhachtach iad maidir le heacnamaíochtaí fuinnimh an dá thír sin agus, ar shlí ba lú tábhacht, maidir le heacnamaíocht na Gearmáine. Cinneadh, dá réir sin, ar mhóin agus gual donn a áireamh i gclár meáite céillí breoslaí soladacha don Chomhphobal.


Acmhainní Breoslaí Soladacha in Éirinn

6. Tá dhá phríomh-chineál guail ar fáil in Éirinn: antraicít agus gual leathbhiotúmanach. Faightear na hantraicítí i láithreacha guail Chúige Laighean agus Shliabh Ardachadh agus faightear na guail leathbhiotúmanacha i láthair ghuail Chúige Chonnacht. Nochtadh le tuarascáil chomhairleach ar ghual na hÉireann a d’ordaigh an Roinn Fuinnimh sa bhliain 1980 go bhfuil tuairim is 23 mhilliún tona d’acmhainní guail in Éirinn a d’fhéadfadh a bheith insaothraithe ar chostas eacnamaíoch. Meastar go bhfuil tuairim is 8.9 milliún tona d’antraicít insaothraithe i láthair ghuail Chúige Laighean. Bíonn síoga guail measartha tanaí in Éirinn, áfach, agus bheadh infheistíocht mhór caipitil ag teastáil chun iad a fhorbairt. Ceaptar go bhfuil na guail leathbhiotúmanacha oiriúnach lena n-úsáid i stáisiúin chumhachta leictreachais ina bhfuil dó-chórais sreabhán-leapa nó mar ábhar cumaisc don stáisiún nua i Moneypoint, Contae an Chláir.


7. Is i dTuaisceart Éireann, faoi Loch nEathach, atá an t-aon acmhainn guail dhoinn (lignít) a bhfuil eolas faoi. Tá beagnach milliún heicteár de thalamh portaigh in Éirinn. Go dtí seo tá tuairim is 80,000 heicteár de phortach faighte ag Bord na Móna agus tá trí oibríocht is fiche aige in ionaid éagsúla. Le linn shéasúr na bliana 1982 b’ionann táirgiúlacht iomlán an Bhoird agus milliún tona ola. Chomh maith le Bord na Móna tá líon mór táirgeoirí eile ann nach ndéanann a mbunús táirgeadh ach amháin dá riachtanais féin nó do riachtanais áitiúla. De réir an mheastacháin is fearr is ionann, a bheag nó a mhór, an táirgiúlacht ó gach foinse den sórt sin agus táirgiúlacht iomlán Bhord na Móna.


Tá an chuid is mó d’iarrachtaí Bhord na Móna dírithe ar an gcineál portaigh ar a dtugtar an portach ardaithe, agus tá saothrú déanta, nó á dhéanamh, ar na portaigh ardaithe mhóra ar fad is féidir a fhorbairt faoi láthair ar chostas eacnamaíoch le gléasanna meicniúla a bhfuil eolas fúthu. San am atá caite ba é an riail oibre nár mheas Bord na Móna go dtiocfadh leis portaigh a shaothrú ar lú a méid ná 200 heicteár, ach tháining athrú bunúsach ar an scéal seo le blianta beaga anuas agus, faoi láthair, tá Bord na Móna ag díriú cuid mhór dá iarrachtaí ar na portaigh ardaithe bheaga a shaothrú; tá na portaigh bheaga sin suite i gceantair iargúlta na tíre. Tá tuairim is 20,000 heicteár ann, san iomlán, de na portaigh ardaithe bheaga a n-athraíonn a méid ó 20 heicteár go 200 heicteár agus is cinnte go mbeidh costais arda forbartha agus oibrithe ann maidir leis an acmhainn breosla seo a shaothrú.


Bratphortach a thugtar ar na ceantair leitheadacha phortaigh eile in Éirinn. I gcoitinne, bíonn na portaigh sin tanaí, bíonn siad suite i ngarbhchríocha agus titeann cuid mhór báistí orthu gach bliain: is airde go mór, mar sin, na costais forbartha agus oibrithe ar na portaigh sin ná ar na portaigh ardaithe.


B. CÚNAMH AN CHOMHPHOBAIL DO THÁIRGEADH BREOSLA SHOLADAIGH

Tograí Reachtaíochta an Chomhphobail

8. Tá na bearta reachtaíochta atá ceaptha ag an gComhphobal le fáil sa doiciméad COM(83) 447 críochnaitheach, arb é atá ann togra go ndéanfaí Rialachán Comhairle i dtaobh tacaíocht a thabhairt d’infheistiocht i dtáirgeadh guail sa Chomhphobal agus i dtáirgeadh móna agus guail dhoinn (in Éirinn agus sa Ghréig) agus i dtaobh cúnaimh airgid chun deireadh a chur leis na stoic ollmhóra guail ag na mianaigh, go háirithe sa Ríocht Aontaithe.


9. Chun tacú le hinfheistíocht san earnáil táirgthe cuireadh 300 milliún AAE isteach i mbuiséad 1984 an Chomhphobail. Tá an gníomh sin ceaptha le haghaidh tréimhse cúig bliana; is é an cuspóir atá leis infheistíocht tháirgiúil a spreagadh chun táirgeadh guail chrua, guail dhoinn agus móna a nuachóiriú agus a réasúnú ionas go mbeidh méadú, sa deireadh, ar tháirgiúlacht agus ar bhaint i ndáil le mianadóireacht sa Chomhphobal. Chun cúnamh airgid a sholáthar do na breoslaí sin bheadh gá le cláir forbartha fadtéarma baile a cheapadh. Bheadh tacaíocht an Chomhphobail teoranta do 25 faoin gcéad de na costais infheistíochta ináirithe sa tréimhse 1984-1988.


Impleachtaí na dTograí maidir le hÉirinn

10. Is í an phríomh-earnáil a rachaidh tograí an Choimisiúin i bhfeidhm uirthi an réimse giniúna leictreachais. San aighneacht a chuir BSL faoi bhráid an Chomhchoiste léiríodh gur thit an spleáchas ar ola bhreosla allmhairithe ó 73 faoin gcéad sa bhliain 1979, an pointe ab airde, go dtí an leibhéal láithreach 30 faoin gcéad trí athrú chuig gás aiceanta dúchasach mar fhoinse phríomhúil fuinnimh agus tá an Bord ag súil go mairfidh an spleáchas measartha íseal sin ar ola trí ghual a úsáid ón mbliain 1985 amach nuair a thosófar ag giniúint sa mhór-stáisiún giniúna i Moneypoint, Contae an Chláir. Beidh éileamh an-mhór ar ghual ann de thoradh na scéime sin agus is ábhar imní don Bhord an fhorbairt ar chórais tacaíochta do tháirgeadh guail ar ró-chostas cé go bhfuil soláthairtí flúirseacha ar rátaí níos ísle ar fáil go héasca ar fud an domhain, go háirithe sna Stáit Aontaithe agus sa Pholainn. Measann an Bord gurbh é an ghlanéifeacht a bheadh ann dá n-úsáidfeadh sé gual Comhphobail chun leictreachas a ghiniúint, agus an fóirdheontas beartaithe Comhphobail le táirgiúlacht a oiriúnú agus a nuachóiriú a chur san áireamh fiú, gur daoire a bheadh an leictreachas ar an tomhaltóir. Dhéanfadh sé sin dochar, i dtuairim an Bhoird, trí chostais aonad i dtionscal na hÉireann a chur in airde. Cuireann an Bord argóint dá samhail sin chun tosaigh freisin i ndáil le táirgeadh móna a leathnú in Éirinn le haghaidh leictreachas a ghiniúint. Is é a thuairim go mbeadh ar an tomhaltóir fuílleach na hinfheistíochta caipitiúla a íoc ba ghá dá núsáidfí an mhóin chun leictreachas a ghiniúint, mar aon leis na costais oibrithe go léir tar éis an fóirdheontas beartaithe Comhphobail a chur san áireamh.


11. In aighneacht Bhord na Móna chuig an gComhchoiste fáiltíodh go ginearálta roimh thograí an Choimisiúin agus is é tuairim an Bhoird gur cheart dó leas a bhaint as an gcúnamh deontais atá á thairiscint. Tarraingíonn an Bord aird ar leith ar na fadhbanna áirithe a bhaineann le táirgeadh móna, mar shampla tréimhsí fada roimh tháirgeadh, gan é a bheith tarraingteach maidir le caipiteal infheistíochta tráchtála agus na fiontair atá ann mar gheall ar athruithe ar aschur ó bhliain go bliain de thairbhe dálaí athraitheacha aimsire. De ghnáth bíonn tréimhse seacht mbliana ann idir tionscnamh na hinfheistíochta caipitiúla agus ioncam ó dhíolacháin. Teastaíonn cúnamh deontais ón mBord go háirithe chun cuidiú lena thríú clár forbartha a mbeidh £E87 milliún ag teastáil ina leith lena chríochnú. Ídítea acmhainní an Bhoird go mór mar gheall ar an gcostas a bhaineann le caipiteal láithreach a sheirbhísiú agus is ualach breise ar a sholáthar caipitil an gá méadaithe atá le taighde agus forbairt chun feabhsúchán teicneolaíochta agus táirgeachta a bhaint amach. Maidir le tograí airgeadais an Choimisiúin ba mhaith leis an mBord foráil a bheith ann i dtaobh iasachtaí fadtéarma agus i dtaobh sceideal fabhrach a leagan amach chun an phríomhshuim mar aon le fóirdheontais úis a aisíoc. Molann an Bord freisin go dtabharfaí spreagadh airgid chun gléasra tionscail ola-adhainte a aistriú go breoslaí soladacha, chun breoslaí soladacha a ullmhú lena n-úsáid in áiteanna seachas stáisiúin chumhachta agus chun breoslaí soladacha a úsáid i scéimeanna téite ceantair.


12. Measann an Coimisiún nach bhfuil fadhb ann maidir le stocchoimeád sa tionscal móna agus tuigtear as sin nach ualach airgeadais é ach oiread. Ní thig le Bord na Móna, mar gheall ar an taithí atá aige, aontú leis an tuairim sin agus ba mhaith leis go ndéanfaí forálacha thograí an Choimisiúin a leathnú chun an ghníomhaíocht sin a chur san áireamh.


13. In aighneacht Consolidated Holdings Limited chuig an gComhchoiste tugadh rabhadh i dtaobh aon bheart a dhéanamh a dtiocfadh praghsanna níos airde ar bhreoslaí soladacha as, b’fhéidir, agus fiafraíodh an mbeidh gual an Chomhphobail iomaíoch tar éis an chúnaimh bheartaithe don tionscal mianadóireachta. Léirigh an Chuideachta gur cosúil nach mbeartaítear aon rialú a dhéanamh ar an táirgeadh iomlán guail agus nach bhfuil foráil ann chun dáileadh cóir den táirgeadh a ráthú má tharlaíonn ganntanas breoslaí soladacha sa Chomhphobal mar gheall ar chur isteach ar sholáthairtí tríú tíortha. Fiú amháin i gcás ráthaíocht a bheith ann i dtaobh soláthairtí cinnte, tá an Chuideachta in amhras, áfach, go mbeadh ceannaitheoirí sásta níos mó ná biseach beag a íoc as ráthaíocht den sórt sin. Aithníonn an Comhphobal ina mheastóireacht ar na teorainneacha ar a stoic guail is féidir a oibriú ar chostas eacnamaíoch go gcaithfear freastal ar a riachtanais mhéadaitheacha trí ghual a allmhairiú ó fhoinsí eachtracha agus dá bhrí sin go mbeidh polasaí soláthair eachtraigh ag teastáil. Is ábhar imní do Consolidated Holdings Limited, áfach, gur cosaint ar fhoinsí tríú tíortha an toradh a bheidh le tograí reachtaíochta an Chomhphobail chun fóirdheontas a thabhairt i ndáil le táirgeadh Comhphobail.


14. Ina aighneacht chuig an gComhchoiste léirigh an Foras Forbartha go raibh an tír seo gníomhach maidir le athrú chuig úsáid breoslaí soladacha a spreagadh i dtionscal agus i bhfoirgnimh phoiblí i gcás inar féidir a thaispeáint go mbeadh sé eacnamaíoch déanamh amhlaidh, agus thacaigh an Roinn Fuinnimh leis sin i gcásanna áirithe trí dheontais taispeántais a thabhairt. Maidir le scéimeanna téite ceantair, measann an Foras Forbartha nach mbeadh éifeacht leo ach i gcás ina bhfuil polasaí dearfa ann chun tacú le scéimeanna den sórt sin agus chun iad a fhorbairt.


Maidir le taighde, forbairt agus taispeántais, measann an Foras Forbartha nach ceart do thograí an Choimisiúin neamhshuim a dhéanamh den earnáil tís ó tharla go bhfuil gá le taighde, forbairt agus taispeántais ag an leibhéal tís freisin ar mhaithe le huathoibriú le haghaidh láimhseáil breosla agus luatha, ar mhaithe le dó-éifeachtúlacht, ar mhaithe le húsáid stórála fuinnimh agus ar mhaithe le córais rialaithe le haghaidh córais mhionscála a dhónn breoslaí soladacha. Tá tábhacht leis sin ó tharla gur san earnáil tís atá cion mór de thomhailt breoslaí soladacha sa tír seo, e.g. rinneadh tuairim is 74 faoin gcéad den ghual agus 89 faoin gcéad den mhóin a thomhailt go díreach sa bhliain 1982. Fáiltíonn an Foras Forbartha roimh tháirgeadh móna a áireamh i dtograí an Choimisiúin i dtaobh polasaí breoslaí soladacha.


C. TUAIRIMÍ AN CHOMHCHOISTE

15. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh pholasaí a áireamh i gclár fuinnimh an Chomhphobail chun forbairt a dhéanamh ar tháirgeadh breoslaí soladacha agus, i gcoitinne, roimh na tograí sainiúla atá sa dréacht-Rialachán. Le linn na ngéarchéimeanna ola sna seachtóidí léiríodh go han-mhaith na héifeachtaí dochracha a bhaineann le ró-spleáchas na tíre seo ar ola allmhairithe. Ba mhaith leis an gComhchoiste go ndéanfaí infheistíocht i dtaighde agus i bhforbairt a mbeadh mar aidhm acu inmharthanacht acmhainní dúchasacha guail a dhéanamh amach, go háirithe inmharthanacht na stoc antraicíte i láthair ghuail Chúige Laighean. Tá sé sásta gur féidir leis na mianaigh guail eile sa tír gual de ghrád íseal a tháirgeadh a bheadh oiriúnach mar bhreosla do dhó-chórais sreabhán-leapa. Chomh maith leis sin is féidir an gual ísealghráid sin a mheascadh le gual is airde grád le haghaidh próiseanna tionscail ar nós suimint a dhéanamh. Tá aistriú suntasach ann cheana féin sa tír seo chuig breoslaí soladacha go háirithe sa réimse tís agus nuair a chuirfear an stáisiún giniúna leictreachais ag Moneypoint, Contae an Chláir, isteach sa ghréasán náisiúnta beidh margadh measartha mór ann don ghual anseo.


Níl an Comhchoiste míthuisceanach i dtaobh an cháis a rinne BSL faoi ard-chostas ghual an Chomhphobail cé go bhfuil soláthairtí flúirseacha ar fáil ó thríú tíortha ar chostais is lú go mór ná na hard-chostais sin. Dá ainneoin sin, measann sé gur cheart gach iarracht a dhéanamh sa tír seo níos mó leictreachais a ghiniúint as gual agus sa tslí sin bheadh foinsí luachmhara fuinnimh, ar nós gáis aiceanta, ar fáil chun críocha níos spárálaí ar nós úsáide tionscail agus baile. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste gur mó an luach teirmeach atá i ngual ná mar atá in ola agus gurb é an bealach is spárálaí chun leictreachas a ghiniúint in Éirinn ná gual a úsáid. Is cinnte, má dhéantar machnamh ar na nithe suntasacha sin agus, ina theannta sin, má áirítear oiriúnacht gual dúchasach leathbhiotúmanach mar mheascán chun gnóthais ar nós Moneypoint a bhreoslú, go gcuirfear leis an argóint i leith gual a úsáid níos mó chun leictreachas a ghiniúint. Measann an Comhchoiste go bhféadfaí an t-éileamh ar ghual a mhéadú ionas go bhféadfaí, le cúnamh an deontais Chomhphobail, táirgeadh eacnamaíoch a dhéanamh ar chainníochtaí suntasacha d’acmhainní dúchasacha. Ní féidir an iomarca béime a chur ar thábhacht straitéiseach foinsí baile fuinnimh phríomha agus ní mór treise a chur ar a dtábhacht i ndáil le cruthú fostaíochta agus leis an gcomhardú íocaíochtaí.


16. In Airteagal 6(1) den dréacht-Rialachán leagtar amach na leibhéil táirgiúlachta nach mór do ghnóthais táirgthe ghuail a bhaint amach chun bheith cáilithe cúnamh Comhphobail a fháil. Tá na leibhéil sin socraithe de réir meán-aschur bliantúil faoi thalamh 380 kg an duine/san uair ar a laghad nó, i gcás feidhmiúlachtaí nua ina bhfuil an t-aschur beartaithe comhionann le 600 kg an duine/san uair ar a laghad. Measann an Comhchoiste, ag féachaint do na deacrachtaí sonracha a bhaineann le mianadóireacht guail in Éirinn, gur ró-ard atá na leibhéil táirgiúlachta sin agus is é an éifeacht a bheadh leo gach gnóthas Éireannach, beagnach, a eisiamh ón gcúnamh Comhphobail atá beartaithe. Molann sé go láidir go ndéanfar na spriocanna táirgiúlachta a laghdú go dtí leibhéil réadúla is féidir a bhaint amach i gcomhthéacs Éireannach.


17. Tar éis don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Bhord na Móna d’fhonn an mhóin a áireamh ar chlár gníomhaíochta an Chomhphobail, tháinig an Coimisiún ar an tuairim gur foinse fuinnimh an mhóin in Éirinn atá marthanach agus a bhfuil buanna aici ó thaobh eacnamaíochta de, go háirithe do stáisiúin chumhachta, agus go bhfuil go leor di ann agus gur féidir í a úsáid as seo go ceann i bhfad. Ceapann an Comhchoiste nach mór an argóint sin a mheas go cúramach i ndáil le giniúint leictreachais ag féachaint go háirithe don infheistíocht mhór atá déanta ag Bord na Móna sa tríú clár forbartha atá aige agus á mheabhrú go bhfuil cúnamh Comhphobail le fáil chun cumas táirgthe na móna a chur in oiriúint don saol nua.


Tá cuimse portach in Éirinn agus is sna háiteanna is iargúlta sa tír atá cuid mhaith díobh, go háirithe na portaigh bheaga ardaithe. Molann an Comhchoiste an Bord mar gheall ar na hiarrachtaí atá siad a dhéanamh le fóint a bhaint as na hacmhainní sin. Nuair a chuimhnítear air gurb ionann gach trí thona móna sa bhreis a bhaintear agus tona amháin ola nach gá a allmhairiú is féidir cás láidir a shuíomh chun oiread móna agus is féidir a tháirgeadh. Argóint eile i bhfabhar tuilleadh móna a bhaint gur féidir an méid ar fad a bhaintear a dhíol agus brabach a dhéanamh air. Leis an saineolas atá ag an mBord ar shábháil móna, réimse ina bhfuil obair thiargála déanta aige, mar aon leis an bhfóirdheontas atá an Comhphobal a thairiscint, cé nach é an oiread sin atá ann, ba chóir go gcuirfí breis dlúis le méadú maith a thabhairt ar tháirgeadh móna sna blianta atá romhainn.


18. Ba mhaith leis an gComhchoiste an Coimisiún do thabhairt aghaidh ar an gceist maidir le rialú ar na leibhéil táirgthe guail sa Chomhphobal agus maidir lena ráthú go mbeadh dáileadh cóir ar an táirgeadh i gcás nach mbeidh fáil a thuilleadh ar sholáthairtí ón taobh amuigh, ceisteanna a tharraing Consolidated Holdings Limited anuas. Dá bhfaighfí deimhniú maidir leis an bpointe deiridh sin d’fhéadfadh sin dul i gcion go mór ar dhearcadh na n-allmhaireoirí guail. Glacann an Comhchoiste, áfach, le tuairim na Cuideachta nach dóigh do cheannaitheoirí níos mó ná biseach beag a íoc mar mhalairt ar sholáthairtí Comhphobail a ráthú dóibh. Ní mór don Chomhphobal mar sin a chinntiú go bhféadfaidh sé gual a tháirgeadh chomh saor le dream ar bith eile fiú más gá chuige sin méadú ar na greasachtaí airgid a thugann sé.


19. Cuidíonn an Comhchoiste le moltaí Bhord na Móna agus an Fhoras Forbartha i ndáil le breosla soladach a úsáid i dtionscal agus i bhfoirgnimh phoiblí in áit ola, agus i ndáil le breosla soladach a úsáid le haghaidh scéimeanna téite ceantair. Cuidíonn sé freisin le moltaí an Fhoras Forbartha i ndáil le taighde, forbairt agus taispeántais san earnáil tís agus tá súil aige go ndéanfaidh an Coimisiún breithniú cúramach ar na nithe sin.


An tAmscála le glacadh le Moltaí Comhphobail

20. Tuigeann an Comhchoiste go bhféadfadh sé go mbainfeadh moill le glacadh leis na moltaí sa dréacht-Rún mar gheall ar na forchoimeádais atá ag Ballstáit áirithe. Ach tá súil ag an gComhchoiste, 6s rud é go bhfuil Éire le hUachtaránacht na Comhairle a ghlacadh uirthi féin i mí Iúil seo chugainn, go bhféadfar tograí fuinnimh an Chomhphobail chun bonn úr a chur faoi earnáil na mbreoslaí soladacha a bhrú chun cinn de réir a chéile.


D. CRÍOCH

21. Tá sé thar a bheith tábhachtach d’oileán beag mar Éire straitéis um breoslaí soladacha a fhorbairt. Tuigeann an Coiste go rí-mhaith dá thábhachtaí atá tionchar an mhargaidh agus do na fadhbanna a chaithfear a réiteach le mion-acmhainní dúchasacha i bhfad ó chéile a thabhairt chun táirgiúlachta ar bhonn eacnamaíoch, ach mar sin féin ní mór a thabhairt chun cruinnis gur rud mórluachach é acmhainní fuinnimh den chineál sin a bheith in aice láimhe i gcás neamhshocracht nó callóid dhomhanda do theacht ar an saol. Mar gheall ar choimheascair mhíleata i bhfad i gcéin ón tír seo sna seachtóidí tharla saobhadh an-mhór do thionscal agus do thráchtáil taobh istigh d’achar an-ghearr toisc gur scoitheadh an soláthar ón bhfoinse fuinnimh a raibh Éire ag brath an iomarca uirthi. Cé go bhfuil an ola le fáil go flúirseach anois níl oiread sin tóir ar fad uirthi i ngeall ar mhíchothroime an ráta comhshóite atá ag punt na hÉireann in aghaidh dollar na Stát Aontaithe.


Tá an Comhchoiste ag tabhairt dá aire fós go bhfuil dualgas reachtúil ar BSL i leith na dtomhaltóirí tís agus tionscail agus go bhfuil d’oibleagáid air costais an leictreachais a choimeád chomh híseal agus is féidir mar chuid den ghníomh náisiúnta an boilsciú a laghdú de réir a chéile agus ár n-onnmhairí tionscail a choimeád ar bhonn iomaíochta. Is é dóchas an Chomhchoiste, áfach, go mbeidh margadh fiúntach ann, nuair a chuirfear cúnamh Comhphobail agus cúnamh náisiúnta san áireamh, do bhreosla soladach dár gcuid féin chun leictreachas a ghiniúint. Tacaíonn sé go hiomlán le tuairim Bhord na Móna gur cheart go mbeadh stocchoimeád ar áireamh ar thograí an Chomhphobail. Leis na hathruithe a bhíonn ann ó bhliain go bliain mar gheall ar chomh luaineach is atá aeráid na hÉireann is deacair leis an mBord, ó thaobh airgeadais de go háirithe, soláthairtí a choinneáil leis an margadh ar bhealach ordúil agus a chinntiú go bhféadfar iad a thabhairt go leanúnach. Tá an Comhchoiste fabhrach freisin do mholtaí an Bhoird maidir le hiasachtaí fad-téarma agus maidir le coinníollacha fabhracha lena n-aisíoc agus tá súil aige go ndéanfaidh an Coimisiún dianmhachnamh ar na nithe sin. Glacann sé freisin leis an rud a deir an Bord, is é sin gur cheart go mbeadh cúnamh Comhphobail le fáil chun gléasra tionscail breosla sholadaigh a chur in ionad gléasra tionscail ola-adhainte agus gur bhreosla soladach ba cheart a dhó i scéimeanna téite ceantair. Is ábhar sásaimh dó a thabhairt dá aire go bhfuiltear ag druidim de réir a chéile i dtreo an bhreosla sholadaigh, in uachtarlanna in áiteanna éagsúla faoin tír mar shampla. Bíonn imní mar gheall ar an gcomhshaol á cur os ard níos minice ná riamh sa Chomhphobal agus d’fhéadfadh impleachtaí pholasaí an Chomhphobail ina leith sin, go háirithe maidir le rialú ar an mbáisteach aigéadach a thig ó astaíochtaí dé-ocsaíde ruibhe as monarchana móra, feidhm airgeadais an-mhór a bheith acu ar Éirinn. Sin cúis mhaith eile le go bhféachfaí le tuilleadh leasa a bhaint as an móin mar phríomhfhoinse fuinnimh ag giniúint leictreachais toisc gur beag ar fad (0.3% go hiondúil) a bhfuil de ruibh inti.


Maidir leis na fosuithe ligníte i dTuaisceart Éireann, is é tuairim an Chomhchoiste dá ndéanfaí forbairt ar na hacmhainní sin i dteannta na stoc guail i Láthair Ghuail Chúige Chonnacht go rachadh sé sin chun tairbhe don dá mhuintir agus tá súil aige go ndéanfaidh na daoine lena mbaineann dianmhachnamh ar an moladh sin.


22. Mar fhocal scoir, is cás leis an gComhchoiste go háirithe an t-ídiú atá á dhéanamh ar ár mbonneagar tionsclaíoch ag an lagar eacnamaíochta atá ann le fada anois agus ag an méadú ar an dífhostaíocht a tharla dá dheasca. Is dóigh leis sna himthosca sin gur chóir gach bealach a thriail chun na hacmhainní nádúrtha, mar atá móin agus gual, a shaothrú le cur leis na deiseanna fostaíochta agus le tionscail inmharthana a bhunú a mbeadh na hacmhainní sin mar bhonn leo. Nuair a bhí an Coimisiún ag imscrúdú acmhainní móna an Chomhphobail fuair siad amach gurb amhlaidh i gcuid de na Ballstáit, in Éirinn go háirithe, go bhfuil acmhainní móna tábhachtach iontu féin agus mar mhodh ina theannta sin chun forbairt réigiúnach a dhéanamh go barrainneach. Tuigeann an Comhchoiste an obair thónáisteach a bheadh le déanamh sula bhféadfaí táirgiúlacht eacnamaíoch a bhaint as mianaigh ghuail de chuid na hÉireann nach bhfuil ach meánach faoi láthair ach tá dóchas aige go bhféadfar, le cúnamh sách maith ón gComhphobal agus ónar muintir féin, aghaidh a thabhairt ar an deacracht agus í a shárú.


(Sínithe) MUIRIS Ó MAINNÍN


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Feabhra, 1984.