Committee Reports::Report No. 01 - Community Aid for Solid Fuel Production::08 February, 1984::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 8 Feabhra, 1984

Wednesday, 8th February, 1984

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó Mainnín (i gCeannas), Salbhastar Bairéad, Ó Braonáin, Ó Cochláin, Mac Dhurcáin, Ó Flannagáin, Ó hUrmhuin agus Breathnach; na Seanadóirí Ó Lonagáin, Mac Domhnaill, Bean Mhic Róibín agus Mac Gabhann. Fuarthas leithscéal ó na Teachtaí Ó Coileáin, Ó Dálaigh, Ó Maoldomhnaigh agus Ó Riain, agus ó na Seanadóirí Ó hAnragáin agus de Rossa faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar CHÚNAMH AN Chomhphobail do Tháirgeadh Breosla Sholadaigh.


Thug an Teachta Bairéad Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 20 go huile.


(ii) Mír 21.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Ó Lonagáin):


“To add to paragraph 21 the following sub-paragraph:


‘In relation to the lignite deposits in Northern Ireland, the Joint Committee feels that the development of these resources in conjunction with the coal reserves in the Connaught Coalfield could be mutually beneficial and hopes that this suggestion will be carefully considered by those concerned.’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír, mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh mír 22.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 4.15 p.m.