Committee Reports::Report No. 02 - Adaptation of the Common Agricultural Policy::07 March, 1984::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Tograí a Scrúdaíodh

1. Scrúdaigh an Comhchoiste na doiciméid agus na tograí seo a leanas ón gCoimisiún i ndáil le leasú beartaithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta:—


(1)Treoirlínte breise i dtaobh fhorbairt an Chomhbheartais Talmhaíochta — COM(83) 380 críochnaitheach


(2)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle


—Tuarascáil agus tograí ar shlite chun éifeachtacht chistí struchtúrtha an Chomhphobail a mhéadú


—An Comhbheartas Talmhaíochta: Tograí ón gCoimisiún COM (83) 500 críochnaitheach


(3)Rialacháin Chomhairle (CEE)


—lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 804/68 i dtaobh an margadh bainne agus táirgí bainne a chomheagrú


—lena leagtar síos rialacha ginearálta a bhaineann le tobhach na hearnála bainne a shonraítear in Airteagal 5c de Rialachán (CEE) Uimh. 804/68


—lena leagtar síos rialacha ginearálta a bhaineann le tobhach na hearnála bainne a shonraítear in Airteagal 5d de Rialachán (CEE) Uimh. 804/68 COM (83) 548 críochnaitheach


(4)Rialachán Comhairle maidir le cáin a thabhairt isteach ar olaí agus saillte áirithe, COM (83) 562 críochnaitheach


(5)Rialachán Comhairle (CEE) maidir le buanú a dhéanamh i leith allmhairiú ime ón Nua-Shéalainn isteach sa Ríocht Aontaithe faoi choinníollacha speisialta, COM (83) 574 críochnaitheach


(6)Rialacháin Chomhairle


—lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1723/83 i dtaobh an bhféadfaí cúnamh a dheonú i leith im a úsáid i monarú bianna áirithe;


—lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1411/71 maidir leis an gcion méathrais i mbainne inólta;


—lena leagtar síos rialacha ginearálta faoi chúnamh a dheonú i leith bainne bearrtha tiubhaithe agus bainne tiubhaithe a úsáid mar bhia d’ainmhithe;


—lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1269/79 maidir leis na téarmaí i dtaobh im a chur de láimh ar phraghas laghdaithe lena dhírúsáid COM (83) 611 críochnaitheach


(7)Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle ar fheidhmiú na socruithe a bhaineann le hallmhairiú ime ón Nua-Shéalainn isteach sa Ríocht Aontaithe faoi théarmaí speisialta sna blianta 1973 go 1983, COM(83) 616 críochnaitheach


(8)Rialachán Comhairle (CEE) lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1078/77 a chuir tús le córas préimheanna maidir le neamhmhargú bainne agus táirgí bainne agus maidir le tréada bainne a athrú, COM (83) 644 críochnaitheach.


2. Tá scrúdú déanta ar na tograí thar ceann an Chomhchoiste ag a Fhochoiste ar Ábhair Thalmhaíochta agus Iascaigh faoi Cheannas an Teachta Seosamh Breathnach. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Teachta Breathnach agus ag a Fhochoiste as a gcuid oibre. Tháinig an tAire Talmhaíochta, an tUas. Aibhistín Mac an Déisigh, T.D., os comhair an Chomhchoiste i mí na Samhna seo caite agus thug sé mionchuntas do na Comhaltaí faoi thograí an Choimisiúin agus faoi na himpleachtaí do thodhchaí na talmhaíochta in Éirinn. Gabhann an Comhchoiste buíochas ar leith leis an Aire as láithriú os a chomhair agus tá súil aige gur féidir nós a bhunú ionas go mbeidh Airí a bhíonn ag plé le tograí tábhachtacha an Chomhphobail sásta láithriú os comhair an Chomhchoiste chun cabhrú le Comhaltaí le linn dóibh scrúduithe a dhéanamh.


Phléigh an Fochoiste an t-ábhar freisin le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, leis an gComhairle Talmhaíochta (ACOT) agus le hionadaithe ón Roinn Talmhaíochta. Rinne sé breithniú chomh maith ar mheabhráin a fuarthas i scríbhinn ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, ó Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann, ón gComhairle Náisiúnta Déiríochta agus ón gCóras Beostoic agus Feola. Is mian leis an gComhchoiste a fhíor-bhuíochas a ghabháil leis na comhlachtaí sin as a dtuairimí a chur in iúl dó.


3. Le blianta beaga anuas, go háirithe sa dá mhí dhéag seo caite, tá an Comhphobal Eorpach ag druidim le mór-ghéarchéim maidir le hairgeadas, buiséad agus forbairt polasaí. Cé go bhfuil dlúthcheangal idir gnéithe éagsúla na faidhbe seo, neamhsheasmhacht bhuiséadach is cúis leis an bhfadhb go bunúsach. Ní thig leis an gComhphobal a chuid clár láithreach a mhaoiniú níos mó, gan trácht ar chláir nua is cuimsithí a bhfuil géarghá leo mar gheall ar chor sóisialach agus eacnamaíoch na mBallstát.


4. Ní fada, faoi láthair, go rachaidh an Comhphobal that a theorainn dhlíthiúil maoinithe, ar a dtugtar acmhainní dílse. I láthair na huaire, is iad seo a leanas foinsí airgeadais an Chomhphobail:


(i)dleachtanna ón gcomhtharaif chustam;


(ii)tobhaigh thalmhaíochta áirithe; agus


(iii)CBL suas go dtí ráta aon faoin gcéad a bhailítear i ngach Ballstát.


Ó tharla go bhfuil an t-ioncam is féidir a bhailiú ó (i) agus (ii) teorannaithe, feictear go forleathan gurb é an modh is sásúla agus is iomchuí chun acmhainní dílse breise a sholáthar don Chomhphobal ná méadú a dhéanamh ar an uasráta aon faoin gcéad maidir le CBL.


5. I mí Bealtaine, 1983 rinne an Coimisiún, chun freastal ar an ngéarchéim airgeadais a bhí ag bagairt, téacs a thograí i dtaobh acmhainní dílse nua a fhoilsiú. Bhí an Coimisiún ag brath, ina chuid tograí, an t-uasráta aon faoin gcéad maidir le CBL a dhíobhadh agus córas méaduithe 0.4 faoin gcéad in aghaidh tréimhsí ó chúig bliana go seacht mbliana a chur ina ionad seachas uasráta nua a leagan síos. Mhol an Coimisiún, áfach, ar an 5 Márta, 1984, i ndoiciméad COM (84) 140 críochnaitheach, go ndéanfaí ardú aon phointe amháin ar an uasráta trína gcinntear an t-ioncam ó cháin bhreisluacha is féidir a shannadh don Chomhphobal — i.e. méadú ar an uasráta ó aon faoin gcéad go dtí dó faoin gcéad.


Chun maoiniú nua a bhunú, mar atá an Coimisiún ag brath a dhéanamh, bheadh gá le cinneadh d’aontoil ó na Deich Rialtas is Ballstáit, mar aon le daingniú ó na parlaimintí náisiúnta.


6. Mhol an Coimisiún freisin, ina chuid tograí i mí Bealtaine, 1983, go ndéanfaí, fad a bheadh caiteachas talmhaíochta (caiteachas Ráthaíocht FEOGA go sonrach) thar 33 faoin gcéad den bhuiséad, an cion CBL a d’íocfadh Ballstáit de ghnáth le buiséad an Chomhphobail a choigeartú, de réir critéar sonrach, ar bhonn a gciona den táirgeadh talmhaíochta agus a rathúnais choibhneasta.


7. Rinne Comhairle na hEorpa mionbhreithniú, i Stuttgart, i mí Mheithimh, 1983, ar an réimse saincheisteanna a bhí ann don Chomhphobal, lena n-áirítear ceisteanna i dtaobh na n-acmhainní dílse agus an bhuiséid. D’fhonn a chinntiú go gcuirfí an Comhphobal ar a bhonna arís, bhunaigh sé nós imeachta éigeandála chun na caibidlí tábhachtacha faoi fhadhbanna an Chomhphobail a éascú. Roinneadh na fadhbanna sin ina gceithre chaibidil:


(i)maoiniú sa todhchaí agus éagothroime bhuiséadach;


(ii)an Comhbheartas Talmhaíochta a oiriúnú;


(iii)na cistí struchtúrtha a athbhreithniú (i.e. an Ciste Réigiúnach, an Ciste Sóisialach agus Ciste FEOGA); agus


(iv)polasaithe nua a fhorbairt.


8. Ó tharla gur theip ar Chomhairle na hEorpa teacht ar chomhaontú i dtaobh na gceisteanna sin i mí na Nollag, 1983, atosaíodh ar na caibidlí faoi Uachtaránacht na Fraince. Tá béim na gcaibidlí sin dírithe, go praiticiúil, ar an dá phríomh-shaincheist — ceisteanna airgeadais agus oiriúnú an Chomhbheartais Talmhaíochta.


9. Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil Ballstáit áirithe i gcoinne maoiniú acmhainní dílse nua a bhunú go dtí go n-athchóireofar an Comhbheartas Talmhaíochta (go háirithe coigilteacht a bhaint amach san earnáil déiríochta) agus go dtí go dtiocfaidh an Spáinn agus an Phortaingéil chun bheith ina mbaill den Chomhphobal. Mar atá luaite anseo thuas, caithfidh comhaontú ar acmhainní dílse nua a bheith d’aontoil.


B. AN COMHBHEARTAS TALMHAÍOCHTA A ATHCHÓIRIÚ

10. Is iad seo a leanas príomh-ghnéithe an togra chun an Comhbheartas Talmhaíochta a athchóiriú:—


Tráchtearraí

Táirgí Déiríochta

(a)Tobhach Forlíontach (Forthobhach) a fhorchur ar gach seachadadh bainne de bhreis ar an tairseach ráthaíochta atá bunaithe ar sheachadtaí sa bhliain 1981 móide aon faoin gcéad.


(b)Tobhach speisialta a fhorchur ar bhainne a tháirgtear ar dhianfheirmeacha e.g. feirmeacha a sheachadann níos mó ná 15,000 kg an heicteár d’fhoráiste (1,300 galún an t-acra).


(c)Fionraí a dhéanamh ar idirghabháil maidir le bainne bearrtha púdaraithe ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Márta gach bliain.


(d)Deireadh a chur in dhá chéim leis an bhfóirdheontas speisialta do thomhailt ime.


(e)Comhaontú cúig bliana ina mbeidh foráil chun 83,000 tona d’im Nua-Shéalainne a allmhairiú sa bhliain 1984 agus an méid sin a laghdú 2,000 tona sa bhliain go dtí 75,000 tona sa bhliain 1988.


Mairteoil

(a)An córas idirghabhála a athrú sna slite seo a leanas:—


(i)Ceannach conablach iomlán agus leath-chonablach a theorannú do dhá mhí san Fhómhar (an tréimhse is mó marú); ceannach ceathrúna tosaigh a theorannú do chúig mhí samhraidh agus ceannach ceathrúna deiridh a theorannú do chúig mhí geimhridh.


(ii)An gréasán mairteola a chur i bhfeidhm maidir le ceannacháin idirghabhála ón 1 Eanáir, 1984 amach.


(iii)Deireadh a chur leis an maolú speisialta “stad/tosaigh” ar idirghabháil i gcás na hÉireann.


(b)Deireadh a chur leis an lao-phréimh ó thosach na bliana margaithe 1984/85.


(c)An oibleagáid allmhairithe maidir le laonna óga atá le ramhrú a chur i gcrích gach bliain i slí níos solúbtha.


(d)Deireadh a chur le préimh inathraithe na Ríochta Aontaithe ó thosach na bliana margaithe 1984/85.


(e)Préimh na mbó táil a choimeád ag an leibhéal láithreach chun saintáirgeadh mairteola a spreagadh.


(f)Laghdú a dhéanamh, b’fhéidir, ar allmhairiú mairteola oighrithe ar an “leathán comhardaithe” go dtí méid is lú ná 60,000 tona agus gearradh siar ar allmhairiú eallaigh póraithe Alpaigh ón Ostair.


Feoil Chaorach

(a)An teorainn ar phréimh inathraithe na Ríochta Aontaithe a bheith mar chion seasta den phraghas tagartha chun margadh-phraghas na Ríochta Aontaithe a mhéadú.


(b)An phréimh fóisce a chur i bhfeidhm de réir dian-chritéar.


(c)Gan an phréimh fóisce a íoc roimh ré sa bhliain 1984.


(d)Scrúdú a dhéanamh lena fháil amach an féidir caibidlí a bheith ann chun laghdú a dhéanamh ar na cainníochtaí feola caorach a allmhairítear faoi shocruithe srianta dheonaigh le tríú tíortha agus ag an tráth céanna tús a chur le praghas allmhairithe íosta.


Gránaigh

(a)Bearta a thionscnamh chun teorainn éifeachtach tapa a chinntiú i ndáil le hallmhairiú gránach ionaid.


(b)Dlús a chur le beart chun an bhearna a laghdú idir praghsanna gránaigh an Chomhphobail agus praghsanna gránaigh iomaitheoirí de chuid tríú tíortha.


Olaí agus Saillte

Cáin inmheánach neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach ar thomhailt olaí agus saillte seachas im, gan spleáchas dá dtíortha tionscnaimh.


Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta

Beartaítear na rialacháin chuí a leasú mar a leanas chun socrú a dhéanamh i dtaobh díobhadh na Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta ar shlí atá níos géire agus níos uathoibríche:—


(a)Dhéanfaí aon Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta a thabharfar isteach tar éis teacht i bhfeidhm do na rialacháin nua a dhíchur i dtrí chéim tríd an ráta glas a athrú — laghdú ⅓ tráth na Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta Nua a thabhairt isteach, laghdú ⅓ ag tús na chéad bhliana margaithe eile agus laghdú ⅓ ag tús an dara bliain margaithe;


(b)Dhéanfaí na Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta a bheidh ann an tráth a thiocfaidh na rialacháin nua i bhfeidhm a dhíobhadh tríd an ráta glas a athrú in dhá chéim chomhchosúla ag tús an dá bhliain margaithe ina dhiaidh sin;


(c)D’fhéadfadh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle go ndéanfaí Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta diúltacha a dhíobhadh níos tapúla;


(d)Chun éifeachtaí dochracha a sheachaint maidir le hioncaim feirmeoirí i mBallstáit ina bhfuil Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta dearfacha, d’fhéadfaí cúnaimh a thabhairt isteach ar bhonn íslitheach mar bheart idirthréimhseach;


(e)Scrúdóidh an Coimisiún, agus molfaidh sé ina dhiaidh sin, leasuithe áirithe ar na rialacha chun Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta a ríomh.


11. Sula ndéanfar mionscrúdú ar na tograí ón gCoimisiún atá leagtha amach thuas, is ceart tagairt do dhoiciméad eile — an tOchtú Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle i dtaobh na gclár a bhaineann le cistí an tobhaigh chomhfhreagrachta a úsáid in earnáil an bhainne don bhliain bhainne 1984/85 [COM (83) 687 críochnaitheach]. Ag deireadh mhí Eanáir, 1984 aontaíodh ar thograí i dtaobh taighde sa Chomhphobal agus lasmuigh de agus i dtaobh bearta chun cáilíocht bainne a fheabhsú ach bhí cosc fós ar bhearta a bhaineann le spreagadh táirgí bainne. Ní thuigeann an Comhchoiste loighic an choir sin.


C.TUAIRIMÍ AGUS MOLTAÍ AN CHOMHCHOISTE AR THOGRAí ÓN gCOIMISIÚN

(a)Táirgí Déiríochta

Tograí “Forthobhach” Choimisiún CEE d’Earnáil an Bhainne

12. Is cás leis an gCoimisiún gur cúis fadhbanna móra in earnáil bhainne an Chomhphobail margaí idirnáisiúnta marbhánta, stoic mhéadaitheacha agus méadú ar tháirgí déiríochta [go háirithe na táirgí idirghabhála, is iad sin im agus púdar bainne bhearrtha (PBB)]. Tá méadú mór ar chaiteachas sa réimse sin agus is é tuairim an Choimisiúin nach inghlachta leibhéal an chostais a bhaineann le soláthairtí breise a chur de láimh (trí idirghabháil agus trí fhóirdheontais éagsúla a íoc).


13. Tá roinnt tograí á ndéanamh ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, d’fhonn cóimheá níos mó a bhaint amach idir soláthar agus éileamh maidir le táirgí déiríochta laistigh den Chomhphobal. I láthair na huaire, tá an méid táirgí bainne a úsáidtear ar fud an domhain ag leibhéal seasta nó tá laghdú le feiceáil ann, fiú amháin, agus tá an fás ar stoic laistigh de CEE ag tarlú i dtíortha móra déiríochta eile freisin, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá. De thairbhe go bhfuil stoic ollmhóra ar fáil i margaí an domhain, tá praghsanna á gcoinneáil ag leibhéal an-íseal.


14. Is iad seo a leanas na tograí is tábhachtaí de chuid “tograí bainne” an Choimisiúin:-


(i)Beidh an polasaí i dtaobh praghsanna sriantach agus oibreofar ar bhonn dhá bhliain é, seachas ar bhonn bliantúil mar a oibríodh roimhe seo.


(ii)Cuirfear dian-phionós ar tháirgeadh is mó ná aon faoin gcéad de bhreis ar an táirgeadh a baineadh amach in uachtarlanna agus i ndéirithe sa bhliain 1981 trí “forthobhach” nó cáin a fhorchur ar an mbreis. Cuirfear an tobhach sin i bhfeidhm de réir ráta 75 faoin gcéad de sprioc-phraghas bainne an Chomhphobail i.e. de réir tuairim is £0.70 an galún. Dhéanfadh na huachtarlanna agus na déirithe an costas a ghearradh, sa deireadh, ar tháirgeoirí aonair. Is é atá beartaithe go n-íocfaidh fáltais an tobhaigh as an gcostas a ghabhfaidh le seachadtaí de bhreis ar an gcuóta ceadaithe a chur de láimh, agus níos tabhachtaí fós, gurb é an toradh, a bheag nó a mhór, a bheidh le feidhmiú an fhorthobhaigh deireadh a chur le táirgeadh de bhreis ar an leibhéal tairsí (leibhéal 1981 móide aon faoin gcéad), agus, ar an dóigh sin, seachadtaí bainne Comhphobail a chobhsú.


(iii)Ina theannta sin, tá togra ann go gcuirfear tobhach speisialta ceathair faoin gcéad i bhfeidhm ar “bainne ó dhianfheirmeacha”. Rachadh sé sin i bhfeidhm ar na daoine sin ar mó a seachadtaí ná 13,000 galún agus a tháirgeann níos mó ná 1,300 galún an t-acra. Is í an aidhm a bheadh ag forthobhach speisialta den sórt sin srian a chur le forbairt “monarchana bainne” ar ar bheatha tiubhaithe allmhairithe d’ainmhithe seachas féar atá a dtáirgiúlacht bunaithe.


15. Glacann an Comhchoiste leis nach mór beart a dhéanamh chun teorainn a chur le fás ar an méid bainne a sholáthraítear sa Chomhphobal agus chun méadú ar chaiteachas a theorannú ach ní mór dó a áitiú, áfach, go ndéileálfar freisin, maidir le hearnáil an bhainne, le caiteachas in earnálacha eile, is caiteachas atá ag fás ag ráta níos tapúla ná mar atá in earnáil an bhainne. Ní mór dó a áitiú maidir le cibé beart a dhéanfar sa deireadh, go mbeidh sé cóir, go mbeidh aird aige ar leibhéal forbartha an tionscail déiríoctha i réigiúin éagsúla an Chomhphobail agus go gcuirfidh sé san áireamh an tábhacht ar leith atá le bainne d’eacnamaíocht na hÉireann. Is é tuairim an Chomhchoiste nach bhfreastalaíonn an “forthobhach” beartaithe ar cheann ar bith de na haidhmeanna sin agus, dá dheasca sin, go bhfuil sé neamh-inghlactha agus tarraingíonn an Comhchoiste aird ar leith ar na nithe seo a leanas:


(a)Ní thig le togra “forthobhach” a bheith cóir fad a mhairfidh an difríocht mhór atá ann anois idir leibhéil forbartha sna Ballstáit éagsúla. Ní thig leis an togra méid an bharrachais reatha a bhaineann le réigiúin éagsúla agus le grúpaí éagsúla táirgeoirí a áireamh go cuí. Tá ag na trí Bhallstát, inar mó an fhorbairt maidir le déiríocht (an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg) agus nach bhfuil iontu ach naoi faoin gcéad de ghabháltais an Chomhphobail, 27 faoin gcéad de bha bainne an Chomhphobail agus táirgeann siad trian, beagnach, de bhainne an Chomhphobail. Maidir le táirgeadh iomlán bainne, tá cion Ballstát áiríthe eile, agus Éire san áireamh, comhréireach, tríd is tríd, lena ngabháltais agus is lú táirgeadh na Gréige agus na hIodáile ná an cion comhréireach sin. Ní comhtheagmhas ar bith é go dtarlaíonn an t-ardtáirgeadh neamhréireach sna Ballstáit sin ina bhfuil an cion is mó de ghabháltais mhóra.


(b)Cé go bhfuil táirgeadh bainne i bhfad níos tábhachtaí, i ndáil le cúrsaí eacnamaíochta, d’Éirinn (inarb ionann é go díreach agus go neamhdhíreach agus naoi faoin gcéad den OTN) ná mar atá do na Ballstáit eile, níl ach forbairt mheasartha déanta go fóill ar ár dtionscal déiríochta. Níl sa mheán-chrúthach in Éirinn ach 80 faoin gcéad de mheán an Chomhphobail agus tuairim is 65 faoin gcéad den mheán-chrúthach sna réigiúin déiríochta is mó forbairt. Is léir gurbh éagórach, ag an bpointe seo, na leibhéil táirgthe a shrianadh. Mar shampla, bheadh teorainn 21,000 galún ar tháirgeadh bliantúil ghnáth-aonad 30 bó in Éirinn nó ghearrfaí piantobhach ar an mbarrachas. Thiocfadh le gnáth-aonad den mhéid céanna sna réigiúin déiríochta is mó forbairt táirgeadh a choimeád ag 32,000 galún gan aon phionós.


(c)Ón mbliain 1981 i leith tháinig méadú ó leibhéal íseal seachadtaí bainne in Éirinn de réir ráta ba thapúla ná in áit ar bith eile sa Chomhphobal. Dá bhrí sin, chomh maith leis an tionscal s’againne a chosc ó fhorbairt a dhéanamh i dtreo an leibhéil a baineadh amach in áiteanna eile, d’fhorchuirfeadh an forthobhach an t-ualach coibhneasta is mó ar an tionscal s’againne maidir le leibhéil reatha táirgthe. D’fhéadfadh sé, mar gheall ar na méaduithe sin sa bhliain 1981, go mbeadh tobhaigh tuairim is £100m saniomlán le híoc ag an tionscal s’againne nó is é is dóichí go mbeadh cailleadh aschuir de mhéid dá samhail sin ann. B’ionann sin agus 10 faoin gcéad de theacht isteach an Chomhphobail as an tobhach, cé nach mbaineann ach cúig faoin gcéad de sheachadtaí Comhphobail le hÉirinn.


Tobhach Speisialta ar Bhainne ó Dhianfheirmeacha

16. Ní bheadh feidhm phraiticiúil ag an togra sin ach amháin maidir le cion réasúnta beag de tháirgeadh bainne an Chomhphobail. Tacaíonn an Comhchoiste le prionsabal an tobhaigh sin ach ba mhaith leis tobhach níos sriantaí a bheith ann le freastal ar dhiantáirgeoirí mór-scála.


Púdar Bainne Bhearrtha a Fhionraí Le Linn Tréimhsí Áirithe

17. Is é tuairim an Chomhchoiste nach bhfuil mórán céille leis an togra sin, seachas é a bheith ina ghléas gearrtha costas, agus dá bhrí sin tá sé ina choinne. Is é a thiocfadh as an togra, tuilleadh tairiscintí maidir le hidirghabháil i míonna an tsamhraidh agus margadh níos laige i míonna an gheimhridh. (Sa bhliain 1982 níor tharla ach tuairim is 10 faoin gcéad dár gceannacháin idirghabhála i míonna an gheimhridh.)


An Fóirdheontas Speisialta d’Im a Dhíchur

18. Is é an toradh a bheadh leis an togra sin go gcaillfeadh Éire os cionn £15 mhilliún agus bheadh méadú 17p/lb, dá bharr, ar phraghas miondíola ime agus cailleadh 4,000 tona i dtomhailt ime. Bheadh laghdú, dá bharr, freisin ar thomhailt ime sa Ríocht Aontaithe.


Im ón Nua-Shéalainn

19. Maidir le hallmhairí ime ón Nua-Shéalainn is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil siad ag ídiú ceann de bhun-phrionsabail an Chomhbheartais Talmhaíochta sa mhéid gur dúshlán oscailte iad do phrionsabal an fhabhair Chomhphobail. Is ionann agus 34% de mhargadh na Ríochta Aontaithe (margadh ba le hÉirinn riamh anall) a n-allmhairítear ón Nua-Shéalainn go dtí an margadh sin. Measann an Comhchoiste gur rud riachtanach, ós rud é go mbaineann caillteanais mhóra do tháirgeoirí sa Chomhphobal le tograí an Choimisiúin maidir le bainne, go mbeadh tríú tíortha sásta an oiread céanna a thabhairt suas. Ba mhaith leis ar an ábhar sin go ndéanfaí laghdú maith ar an gcuóta ime a allmhairítear ón Nua-Shéalainn go dtí an Comhphobal de bhreis ar an laghdú is dóigh a dhéanfar nuair a bheidh an gnáthathbhreithniú á dhéanamh. Ní leor ar chor ar bith tograí an Choimisiúin go ndéanfaí comhaontú cúig bliana á shocrú go n-allmhaireofaí 83,000 tona d’im na Nua-Shéalainne sa bhliain 1984 agus go laghdófaí sin de réir 2,000 tona sa bhliain go dtí 75,000 tona sa bhliain 1988. Is mian leis an gComhchoiste aird a tharraingt ar an méid seo freisin, gur im ó uachtar milis an t-im a allmhairítear ón Nua-Shéalainn go dtí margadh na Breataine agus gurb í Éire an t-aon tír eile a chuireann soláthairtímóra ime den chineál sin go dtí an margadh sin. Ós rud é gur chuig an mBreatain a onnmhairítear an mhórchuid d’im na hÉireann tá an tír seo faoi mhíbhuntáiste le hais na Danmhairge agus na hÍsiltíre ar im ó uachtar aibí nó uachtar lachtach a onnmhairíonn siad go dtí margadh na Breataine agus nach dochar dóibh mar sin na hallmhairí ón Nua-Shéalainn. Tá fadhb den sórt céanna ag eascairt chuig Éirinn as allmhairí cáise céadair ón Nua-Shéalainn go dtí margadh na Breataine toisc gur cáis chéadair an cineál cáise is mó a dhíolaimid ar mhargadh na Breataine. Is é tuairim an Chomhchoiste gurb é atá sa chor seo idirdhealú mór i leith táirgí déiríochta na hÉireann agus áitíonn sé go bhféachfadh an Coimisiún chuige ina chuid tograí chun im agus cáis de chuid na Nua-Shéalainne a allmhairiú go dtí margadh na Breataine go ndéanfaí fadhbanna na hÉireann maidir leis an réimhse sin a chur san áireamh go céillí agus go báúil.


(b) Mairteoil

Athrú ar an gCóras Idirghabhála do Mhairteoil

20. Is é an cuspóir dearfa atá le hathrú a dhéanamh ar an gcóras idirghabhála cloí níos dlúithe le fíor-dhálaí an mhargaidh. Faoi na socruithe atá ann faoi láthair bíonn athrú de réir éileamh an mhargaidh ar an gceannach ar chonablaigh, ar leathchliatháin agus ar cheathrúna deiridh, is é sin le rá go bhfuil an margadh athraitheach, agus cinneann an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Bainisteoireachta um mairteoil, ar na tréimhsí ina dtugtar gach earnáil isteach sa chóras idirghabhála. D’éirigh go measartha maith leis na socruithe athraitheacha sin roimhe seo. Tá an Comhchoiste i gcoinne an rud atá beartaithe anois toisc go bhfuil sé ró-righin agus gur beag leis riachtanais an mhargaidh aon tráth áirithe. Ní foláir an idirghabháil a choinneáil ina taca éifeachtach do na praghsanna a shocraíonn an Chomhairle agus caithfidh sí, dá bhrí sin, bheith ag freagairt do chor an mhargaidh in áit bheith ag féachaint le margadh docht a chruthú. D’fhéadfadh togra an Choimisiúin, chomh maith leis sin, géarú tuilleadh ar fhadhb mhór a bhíonn ann gach bliain i ndáil le beithígh chríochnaithe.


Feidhm an Ghréasáin Mairteola ar Cheannacháin Idirghabhála

21. I mBallstáit eile cuirtear idirghabháil ar fionraí chomh luath is a théann praghas earnála idirghabhála thar a praghas idirghabhála ach mar gheall ar mhaolú speisialta i gcás na hÉireann ní foláir cuntar eile a bheith ag gabháil leis sin go gcaithfidh an praghas tagartha dár mbeithígh go léir bheith os cionn 85 faoin gcéad den treoir-phraghas an tráth céanna. Is é an chúis atá leis sin go raibh na praghsanna a bhí riamh ar ár gcuidne beithíoch ní ba lú go maith i gcoitinne ná leibhéil phraghsanna an Chomhphobail agus ina theannta go n-onnmhairítear breis agus 80 faoin gcéad de mhairteoil na hEireann. Measann an Coimisiún go bhféadfadh an gréasán mairteola go leor a dhéanamh leis an gcor sin a leigheas agus gur cheart dá bhrí sin an maolú a ligean ar lár.


Is é tuairim an Chomhchoiste gur cheart an gréasán mairteola a oibriú ar an mbonn go bhfeidhmeofaí praghsanna comhionanna ar fud an Chomhphobail agus go leanfadh an mhórchuid de na hearnálacha s’againne de bheithígh atá cáilithe anois chun idirghabhála de bheith cáilithe chuici i gcónaí.


Deireadh a chur leis an Lao-Phréimh

22. Tugadh an lao-phréimh d’Éirinn go príomha mar bheart ioncaim feirme le forlíonadh a dhéanamh ar na méaduithe praghsanna i gcoitinne a tharla le dhá bhliain anuas agus atá cuid mhaith faoi bhun an bhoilscithe agus na gcostas atá ag cur orainn. Níl d’fhad curtha léi ach go dtí deireadh na bliana mairteola 1983/84. Is fiú tuairim is £40 milliún sa bhliain dúinne í. Is iad an Iodáil, an Ghréig agus Tuaisceart Éireann, agus iad sin amháin, atá ag fáil tairbhe na préimhe chomh maith linn féin. Ba é an cuspóir a bhí léi san Iodáil i dtosach deireadh a chur leis an meath a bhí ag teacht ar thréada beithíoch póraithe sa tír sin. Tá an tréad beithíoch póraithe mairteola ag dul i laghad fós sa tír seo agus is anois atá an fíorioncam feirme ag tosú ag feabhsú arís tar éis bheith go holc le trí bliana.


Tá an Comhchoiste á thathant go ndéanfar gach dícheall le linn na gcaibidlí chun an phréimh sin a choinneáil.


Oibleagáid Allmhairithe do Laonna Óga

23. Tugadh í seo isteach i dtosach le deireadh a chur leis an laghdú ar thréada beithíoch san Iodáil. Is ceart, i dtuairim an Chomhchoiste, an cuóta a dhíothú de réir a chéile i gcaitheamh tréimhse sé bliana ar a laghad.


Deireadh a chur le Préimh Athraitheach na Ríochta Aontaithe

24. Is é atá sa Phréimh Athraitheach dáiríre córas íocaíochta easnaimh ar mhairteoil sa Ríocht Aontaithe a soláthraítear 60 faoin gcéad dá chiste as Státchiste na Ríochta Aontaithe agus 40 faoin gcéad as FEOGA. Ní íoctar thar 10p in aghaidh an phunt meáchain den chonablach. Beithígh de chuid na hÉireann a onnmhairítear go dtí an Ríocht Aontaithe bíonn teideal acu chun na préimhe más ansin a mharaítear iad. Bíonn teideal freisin chun na préimhe ag onnmhairí mairteola cáilithe de chuid na hÉireann (ach ní bhíonn ag cuid na mBallstát eile) agus is é Rialtas na Ríochta Aontaithe a íocann an phréimh le Rialtas na hÉireann lena híoc anonn le honnmhaireoirí na hÉireann. Déantar an phréimh a aisbhreith ar mhairteoil a dhíoltar isteach san idirghabháil agus ar bheithígh a onnmhairítear beo as an Ríocht Aontaithe. Níl aon aisbhreith den sórt sin ann, i gcás onnmhairí mairteola ón Ríocht Aontaithe. Tá sin ag déanamh deacrachtaí agus saobhadh an-mhór d’onnmhairí mhairteoil na hÉireann go dtí margaí ar an gcoigrích agus tá Éire le tamall ag casaoid go géar le CEE ina thaobh sin ach gan toradh. Measann an Comhchoiste gur gá, má tá an phréimh le coinneáil, aisbhreith a dhéanamh ar thrádáil tríú tíortha.


An Phréimh do Bha Táil

25. Is ionann an phréimh do bha táil faoi láthair agus 15 AAE an bhó agus tá sé de rogha ag Ballstáit 25 AAE eile a íoc as a gcistí féin. I gcás na hÉireann agus Thuaisceart Éireann íocann FEOGA 20 AAE den chion náisiúnta, rud a thugann an phréimh iomlán a íoctar anseo go dtí 35 AAE nó £25.40.


Faoi thograí an Choimisiúin ba í an phréimh seo an t-aon phréimh ab iníoctha agus measann an Comhchoiste mar sin go bhfuil cás ann lena hardú go dtí leibhéal réadúil.


Allmhairí Mairteola Oighrithe a Laghdú

26. Bíonn de thoradh ar mhairteoil oighrithe a allmhairiú go laghdaítear praghas na mairteola go léir ar mhargadh an Chomhphobail mar a bhfuil ró-sholáthairtí cheana féin. Thabharfadh an Comhchoiste tacaíocht do thograí an Choimisiúin ar an bhforas gur leor na soláthairtí atá ag an gComhphobal agus nár mhór a chinntiú go ngabhfaidh tríú tíortha cuid den chúram orthu féin.


(c) Feoil Chaorach

Teorainn a chur le Préimh Athraitheach na Ríochta Aontaithe

27. Ní mór na praghsanna margaidh sa Ríocht Aontaithe a mhéadú ionas go bhféadfar druidim i leith praghsanna comhionanna Comhphobail (rud ba chuspóir ó thús don chóras feola caorach) agus go gcosnofar margadh an Chomhphobail ar allmhairí na Ríochta Aontaithe tráthanna a bhíonn airgeadra na Ríochta Aontaithe lag. Is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil costas ag gabháil leis an bPréimh Athraithe a ísliú agus go gcabhraíonn sí le praghas margaidh na Ríocha Aontaithe a ísliú agus cuidíonn an Comhchoiste mar sin le tograí an Choimisiúin go ndéanfaí cion socair den phraghas tagartha a chur de theorainn leis an bPréimh Athraitheach.


An Phréimh Fóisce

28.Is mian leis an gComhchoiste a chinntiú, maidir le haon tograí i ndáil leis an ábhar seo, nach de chineál iad a cheilfeadh méadú i réimse inar lú cuid mhaith táirgeadh an Chomhphobail ná an tomhailt. Cuireann sé i gcoinne an togra nach dtabharfaí íocaíochtaí roimh ré i leith na préimhe fóisce sa bhliain 1984 toise go mbeadh d’fheidhm leis sin go gcuirfeadh sé beaguchtach ar tháirgeoirí caorach agus go rachadh sé chun dochair dá dtáirgeadh.


Allmhairí Feola Caorach ó Thríú Tíortha a Laghdú

29.Tá sé riachtanach go laghdófaí ar allmhairí feola caorach ó thríú tíortha má tá an Comhphobal le teacht in aon ghaobhar do chomhfhogasú praghsanna agus le comhbheartas inoibrithe a chur i gcrích maidir le feoil chaorach.


(d)Gránaigh

Teorainn a chur le hAllmhairí Gránach Ionaid

30. Tá tuilleadh méadaithe déanta ar an táirgeadh breise bainne trí ghránaigh ionaid allmhairithe a úsáid i dtíortha mar an Ísiltír agus an Ghearmáin. Tá méadú mór tagtha le blianta beaga anuas ar a n-allmhairítear de ghránaigh ionaid isteach sa Chomhphobal, rud a thugann buntáiste neamhchóir do lucht a n-úsáidte ar tháirgeoirí a úsáideann féar mar bhunús dá stoc bia.


Déantar gránaigh ionaid a allmhairiú isteach sa Chomhphobal ar rátaí ísle dleachta nó, i gcásanna áirithe, saor ó dhleacht. Is ionann allmhairí an Chomhphobail agus 85 faoin gcéad den trádáil dhomhanda sna gránaigh ionaid agus is léir go gcaithfear beart a dhéanamh le méid na n-allmhairí sin a theorannú. Glacann gránaigh ionaid áit ghránaigh a fhásann sa Chomhphobal agus tá sé in aghaidh réasúin, i dtuairim an Chomhchoiste, go ligtear isteach gránaigh allmhairithe beagnach gan bac agus nach mór táirgí an Chomhphobail a dhíol an tráth céanna ar mhargaí tríú tíortha, rud is trúig le costas an-mhór ar chistí an Chomhphobail. Tugann an Comhchoiste lántacaíocht ar na cúiseanna sin don Choimisiún sa rún atá aige a chearta faoi CGTT a agairt le srian a chur le hallmhairiú na dtáirgí ionaid sin. Measann sé fós gur réimse í sin inar ceart fabhar Comhphobail a agairt. Is dóigh leis gur fearr oibriú faoi choimirce CGTT ná féachaint, mar atá molta ag an gCoimisiún, le táirgeadh an Chomhphobail a theorannú agus ioncam na dtáirgeoirí a laghdú dá thoradh sin.


Praghas Gránach sa Chomhphobal

31. Is é tuairim an Chomhchoiste gur cheart don Chomhphobal a bheartais inmheánacha a oibriú go neamhspleách le nach mbeidís ag brath ar athruithe ar a ndéanann tríú tíortha dá gcuid feirmeoirí. Ní mór aird a thabhairt freisin ar na claontaí sna costais táirgthe sa Chomhphobal agus ar ioncam na dtáirgeoirí.


(e) Olaí agus Saillte

32. Níl ach 60 faoin gcéad dá dhóthain féin d’olaí agus de shaillte mar bhia don duine ag an gComhphobal. Folaíonn sé sin saill ime, ola ológ agus olaí síolta. Níl sa tsaill ime ach 27 faoin gcéad de na hábhair shailleacha go léir mar bhia don duine sa Chomhphobal agus maidir le holaí agus saillte seachas im agus ola ológ tagann siad isteach ar rátaí nialais nó rátaí an-íseal dleachta custam.


Bheadh de thoradh ar thogra an Choimisiúin go méadófaí ar thomhailt an ime agus gur réiteach é méid áirithe ar chruacheist an bhuiséid agus tacaíonn an Comhchoiste go hiomlán leis dá réir sin.


(f) Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta

33. Maidir le Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta molann an Comhchoiste go tréan go gcuirfear deireadh leo a luaithe is féidir. Is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil éifeachtaí tromchúiseacha fadtéarma le Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta de thairbhe, mar gheall ar na difríochtaí leanúnacha idir rátaí lárnacha iomlaoide agus rátaí glasa iomlaoide, go ndíothaítear iomaíocht, go gcuirtear isteach ar athrú struchtúrtha sa talmhaíocht agus go gcoisctear úsáid bharrmhaitheasa acmhainní an Chomhphobail. Le cuid mhór blianta anuas, tá aontacht praghsanna an Chomhphobail á cur ar míthreoir go mór trí oibriú an chórais Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta. Leithreasaítear cion ard neamh-inghlactha de chaiteachas iomlán talmhaíochta trí chúiteamh airgeadaíochta agus, fad a leanfaidh an difríocht idir na rátaí lárnacha agus na rátaí glasa, beidh ábhar contúirte móire ann don Chomhbheartas Talmhaíochta. Dá bhrí sin ba mhaith leis an gComhchoiste rún daingean a bheith ann maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar na rátaí iomlaoide glasa agus na rátaí iomlaoide lárnacha agus fáiltíonn sé, dá réir sin, roimh thograí an Choimisiúin chun deireadh a chur le Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta diaidh ar ndiaidh. Ba mhaith leis, áfach, amscála giorraithe a bheith ann maidir le deireadh a chur le Suimeanna Cúiteacha Airgeadaíochta, go háirithe mar gheall ar an éifeacht moillithe atá leo ar fhorbairt na talmhaíochta in Éirinn. Is cosúil go bhfuil toil pholaitiúil an Chomhphobail ag díriú ar dheireadh a chur le cúiteamh airgeadaíochta de réir a chéile agus molann an Comhchoiste go ndéanfar gach iarracht ag an gcruinniú de Chomhairle na hEorpa, a bheidh ann níos deireanaí sa mhi seo, chun brú a dhéanamh maidir le deireadh a chur leo ar fad.


D. CRÍOCH

34. Bainfear amach an t-uasmhéid de chaiteachas Comhphobail as acmhainní dílse láithreacha i rith na bliana seo. In éagmais forbairt a bheith ann maidir le polasaithe comhéifeachtacha eile laistigh den Chomhphobal, is ar an talmhaíocht a caitheadh an chuid is mó de Bhuiséad an Chomhphobail. Ar an ábhar sin, nuair a thagann Buiséad an Chomhphobail faoi bhrú caithfidh toradh an bhrú sin dul i bhfeidhm ar an talmhaíocht. Agus mar gheall ar an gcéatadán de chaiteachas talmhaíochta a úsáidtear chun an margadh déiríochta, ina bhfuil fuílleach mór bainne, a chothú, is cinnte go rachadh an chuid is mó den bhrú chun caiteachas a laghdú i bhfeidhm ar an réimse sin. Sin an fáth go bhfuil forthobhach i ndán don Chomhphobal, forthobhach a chuirfeadh pionós ar aon fheirmeoir a dhéanfadh iarracht a tháirgiúlacht a mhéadú.


35. Admhaíonn an Comhchoiste go fonnmhar go bhfuil fadhb mhór ann don Chomhphobal mar gheall ar fhuílleach na táirgiúlachta déiríochta agus tá sé i leith bearta leasúcháin a thionscnamh chun an cor sin a leigheas. Ní mór don Chomhchoiste, áfach, cur go hiomlán i gcoinne an fhorthobhaigh bheartaithe faoina gcuirfí pionós chomh mór sin ar tháirgeoirí na hÉireann gur lú 70p an galún ná an margadh-phraghas an méid a gheobhaidís in aghaidh gach galún de bhreis ar an méid sin a tháirg siad sa bhliain 1981 móide aon faoin gcéad. (Dá mba rud é gur tháirg duine 10,000 galún sa bhliain 1981 thosófaí ar an bpionós a chur i bhfeidhm ar gach galún de bhreis ar 10,100 galún ar theacht i ngníomh don fhorthobhach.) In Éirinn, tá an tionscal déiríochta agus an tionscal mairteola spleách ar a chéile beagnach ar fad. Is ionann táirgeadh bainne agus 33 faoin gcéad den aschur iomlán talmhaíochta. Tá aschur bainne sé oiread go leith níos tábhachtaí i gcás na hÉireann ná mar atá táirgeadh iomlán bainne i gcás an Chomhphobail Eorpaigh i gcoitinne. In Éirinn tá bainne ceithre oiread níos tábhachtaí d’eacnamaíocht na hÉireann ná mar atá bainne na Danmhairge d’eacnamaíocht na Danmhairge, agus tá sé trí oiread go leith níos tábhachtaí ná mar atá bainne na Gréige d’eacnamaíocht na Gréige. Is iad an Ghréig agus an Danmhairg na tíortha sa Chomhphobal is gaire d’Éirinn maidir leis an tábhacht atá le táirgeadh bainne. In Éirinn tá-aschur bainne agus mairteola cúig oiread go leith níos tábhachtaí ná mar atá sé sa Ganmhairg agus ceithre oiread go leith níos tábhachtaí ná mar atá sa Ghréig. Is ionann onnmhairí bólachta, mairteola agus déiríochta as Éirinn agus corradh le 80 faoin gcéad dár n-onnmhairí talmhaíochta agus ní mór an cion allmhairithe atá iontu i gcomórtas le cion allmhairithe onnmhairí tionscail eile.


36. Tá leath amháin de na teaghlaigh fheirme go léir ag brath go hiomlán, beagnach, ar tháirgeadh bainne le hioncam a fháil agus tá an chuid is mó ar fad den leath eile ag brath ar tháirgeadh bólachta agus mairteola. Taobh amuigh de phobal na dteaghlach feirme, cruthaíonn agus cothaíonn na tionscail déiríochta agus bólachta níos mó ná 20,000 post. Ní áirítear sa mhéid sin an fhostaíocht indíreach atá ráthaithe sna hearnálacha inchuir agus próiseála. Dá gcuirfí forthobhach i bhfeidhm bheadh sé ina chosaint ag táirgeoirí a chuirfí as gnó dá ligfí do na fíoréifeachtaí margaidh agus do dhlíthe na heacnamaíochta oibriú. Chomh maith leis sin chuirfeadh an tobhach deireadh go deo le deiseanna chun lán-acmhainneacht a bhaint amach i limistéir an Chomhphobail ina bhfuil buntáistí ó nádúr.


37. Tá níos lú ná 30 bó an tréad in ochtó a cúig faoin gcéad de na tréada déiríochta in Éirinn (46 faoin gcéad san Isiltír agus 35 faoin gcéad sa Ríocht Aontaithe). Mar gheall ar an margadh saor bia dár sholáthraíomar agus ar an gcóras póraithe ina bhfuil dhá fheidhm beagnach éigeantach is é an meán-chrúthach maidir le bó déiríochta Éireannach 700 galún an lachtadh i gcomórtas le 1,081 ghalún san Ísiltír agus 1,040 galún sa Ghearmáin. Is leithne ar fad an t-idirdhealú i gcás táirgeadh in aghaidh an acra foráiste. Sna himthosca sin, measann an Comhchoiste go bhfuil cás doshéanta ann maidir le maolú a thabhairt d’Éirinn ar an bhforthobhach agus tá súil aige go ndéanfar tréan-iarracht é sin a bhaint amach ag an gCruinniú Mullaigh sa Bhruiséil. Tugann an Comhchoiste dá aire, agus is ábhar mí-shásaimh dó é, an bhéim atá i dtograí an Choimisiúin ar aschur táirgí déiríochta a laghdú gan trácht ar bith, chóir a bheith, ar dhreasuithe chun tomhailt a spreagadh, mar shampla, forbairt táirgí ionaid. Tá éirithe go han-mhaith le hÉirinn sa réimse sin, ag monarú licéar uachtair mar shampla. Tá sé de bhuntáiste breise ag na táirgí sin go n-onnmhairítear go dtí tríú tíortha mar na Stáit Aontaithe iad, agus go laghdaítear an soláthar ar mhargadh an Chomhphobail ar an dóigh sin. Molann an Comhchoiste go láidir go ndéanfar an réimse sin gníomhaíochta a shaothrú go dian le réiteach a fháil ar fhadhbanna déiríochta an Chomhphobail. Dá ndéanfaí dóthain taighde agus dá mbeadh dóthain cúnaimh infheistíochta forbartha le fáil d’fhéadfadh luaíocht an-fhiúntach teacht as óir d’fhéadfaí úsáidí nua a fhionnadh do tháirgí déiríochta agus dá ndíorthaígh. I ndáil leis sin d’fhéadfadh an tionscal cógaisíochta, atá seanbhunaithe sa tír seo, dlús a chur le gnóthaí éigin den chineál sin.


38. Níl aon amhras ach go raibh toghphobal na hÉireann i bhfabhar Éire do bheith ina comhalta den Chomhphobal sa bhliain 1972. Ghlac muintir na hÉireann leis nach raibh dul as acu ach aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a tugadh faoi bhonn tionsclaíoch na tíre á chreidiúint dóibh go mbeadh cúiteamh le fáil trí theacht gan bac a bheith acu ar mhargadh talmhaíochta an Chomhphobail agus trí fhorbairt chuimsitheach a dhéanamh ar thalmhaíocht na hÉireann. Measann an Comhchoiste maidir lena bhfuil beartaithe in earnáil an bhainne le deacrachtaí buiséadachta an Chomhphobail a leigheas, sa mhéid go mbaineann sin le hÉirinn go háirithe, gur ionsaí é ar bhunsmaoineamh an Chomhbheartais Talmhaíochta arb é bunchloch an Chomhphobail é.


39. Tá sé deacair allmhairiú ime ón Nua-Shéalainn isteach sa Chomhphobal a chosaint, go háirithe tráth a bhfuil barraíocht ar an margadh cheana féin, agus ní féidir ach an oiread leithsceál a fháil d’allmhairiú gránach ionaid tráth nach mór féachaint le gránaigh an Chomhphobail féin a dhíol ar mhargaí tríú tíortha agus sin ar chostas mór. Dealraíonn sé go bhfuil cúl tugtha le fabhar an Chomhphobail arb é is bunúdar le Conarthaí na Róimhe agus Phárais, sin nó go bhfuil sé á shárú go héifeachtach, má glacadh leis, ag tograí an Choimisiúin. Ag féachaint do thromaíocht na n-impleachtaí a bheadh ag na bearta sin, dá nglacfaí leo, maidir le talmhaíocht na hÉireann, tá an Comhchoiste á iarraidh go seolfar díospóireacht i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann a luaithe is féidir.


40. Mar fhocal scoir molann an Comhchoiste go láidir dár lucht caibidlíochta seasamh daingean a ghlacadh ar mhaithe le talmhaíocht na hÉireann i gcoitinne ionas gur féidir an ghéarchéim a sheachaint atá á tuar d’fheirmeoirí na hÉireann agus d’eacnamaíocht na hÉireann fré chéile.


(Sínithe) GEARÓID Ó COILEÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Márta, 1984.