|
IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTEPROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEEDé Céadaoin, 7 Márta, 1984Wednesday, 7 March, 19841. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4 p.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair: Na Teachtaí Ó Coileáin (i gCeannas), Ó Conacháin, Ó Cochláin, Mac Dhurcáin, Ó Flannagáin, Ó hUrmhuin, Ó Riain agus Breathnach; na Seanadóirí Ó hAnragáin, Ó Lonagáin agus Bean Mhic Róibín. Fuarthas leithscéal ó na Teachtaí Ó Mainnín agus Ó Maoldomhnaigh faoi nár fhéad siad bheith i láthair. 3. Dréacht-Tuarascáil ar Oiriúnú an Chomhbheartais Talmhaíochta. Thug an Teachta Breathnach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:— (i) Aontaíodh míreanna 1 go 38 go huile. (ii) Mír 39. Tairgeadh leasú (An Seanadóir Bean Mhic Róibín): “To add to paragraph 39 the following: ‘In view of the serious implications which the adoption of these measures would have for Irish agriculture the Joint Committee requests that a debate take place in Dáil Éireann and Seanad Éireann as soon as possible’.” Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an mhír, mar a leasaíodh. (iii) Aontaíodh mír 40. Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh. Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin. 4. Athlá. Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 4.45 p.m. |
||||||||||||