Committee Reports::Report No. 04 - Controls on the private security industry::30 October, 1984::Appendix

Foscríbhinn A

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

Dáil Éireann, 7 Iúil, 1983:— Ordaíodh:


“(1) Go mbunófar Roghchoiste ar a mbeidh 15 Chomhalta de Dháil Éireann nach comhalta den Rialtas ná Aire Stáit aon duine díobh agus ar a dtabharfar an Roghchoiste um Choireacht, Aindlí agus Loitiméireacht chun scrúdú a dhéanamh:


ar na gnéithe sin


(a)de riaradh ceartais,


(b)d’fheidhmiú an dlí choiriúil,


(c)de reachtaíocht láithreach


is dóigh leis an Roghchoiste a fhearann ar shábháilteacht agus ar shlándáil phearsanta ár saoránach ina dtithe, ar na sráideanna agus in áiteanna poiblí agus chun tuarascáil a thabhairt air sin agus chun moltaí a dhéanamh nuair is iomchuí sin.


(2) Má bhíonn comhalta as láthair ó chruinniú áirithe den Roghchoiste, go bhféadfaidh comhalta eile a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta a bheidh as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.


(3) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Roghchoiste a thabhairt, a leagan láithreach, ar an Roghchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid an Tí, agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Roghchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.


(4) Gur 4 chomhalta is córam don Roghchoiste.”