Committee Reports::Report No. 88 - Statutory Instruments [14]::11 March, 1981::Report

TUARASCÁIL

CUID I

Réamhrá

1. Ó eisíodh an Cúigiú Tuarascáil is Seachtó uaidh (Prl. 8994) ar an 4 Meitheamh 1980 tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar cheithre ionstraim déag reachtúla eile. Tá liosta de na hionstraimí sin i bhFoscríbhinn I den tuarascáil seo. Is faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 a rinneadh na hionstraimí go léir. Ba é a Fho-Choiste ar Ionstraimí Reachtúla agus Cúrsaí Dlí, faoi cheannas an tSeanadóra Dáithí Ó Maoldhomhnaigh, a rinne scrúdú mion ar na hionstraimí don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir ó Maoldhomhnaigh agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre.


2. I gCuid II den tuarascáil seo tráchtann an Comhchoiste go sonrach ar fhorálacha ceithre cinn de na hionstraimí a scrúdaíodh.


CUID II

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Aitheantas do Cháilíochtaí Ginearálta Altranais), 1980 [I.R. Uimh. 237 de 1980]


Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Aitheantas do Cháilíochtaí Déidliachta), 1980 [I.R. Uimh. 90 de 1980]


3. Is é an tAire Sláinte a rinne an dá ionstraim sin faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.


Le I.R. Uimh. 237 de 1980 cuirtear i ngníomh Treoracha Uimh. 77/352/CEE agus 77/453/CEE ón gComhairle a fhéachann le saorghluaiseacht ar fud an Chomhphobail a éascú d’altraí ginearálta agus a leasaíonn Acht na nAltran, 1950. Foráiltear le hAirteagal 10 de na Rialacháin go bhféadfaidh an Bord Altranais “cibé táillí a chinnfidh sé ó am go ham, le ceadú an Aire Sláinte, a ghearradh as seirbhísí a thug an Bord etc.”. Cumhdaíonn táillí den chineál sin na costais a bhaineann le deimhnithe, doiciméid, dearbhuithe iomchuí, etc. a eisiúint d’altraí ginearálta chun críocha na Treorach. Tá comhfhreagras le Roinn an Aire ar an ábhar sin faoi chló i bhFoscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil seo.


Le I.R. Uimh. 90 de 1980 leasaítear Acht na bhFiaclóirí, 1928 agus tá forálacha eile inti ar cuspóir dóibh na Treoracha ón gComhairle a rialaíonn saorghluaiseacht fhiaclóirí a chur i ngníomh. Foráiltear léi [Airteagal 14] go ngearrfaidh Bord na bhFiaclóirí “cibé táillí a chinn- fidh sé ó am go ham, le ceadú an Aire Sláinte, as seirbhísí a thug an Bord etc.”. Cumhdaíonn na táillí sin an costas a thiteann ar an mBord as ucht deimhnithe iomchuí a eisiúint d’fhiaclóirí Éireannacha a théann go dtí tíortha eile CEE. Tá comhfhreagras le Roinn an Aire ar an ábhar sin faoi chló i bhFoscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil seo.


4. Ghlac an Comhchoiste leis cheana féin gur féidir i gcásanna iomchuí socrú a dhéanamh i Rialacháin a dhéantar faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 maidir le gearradh táillí. Chuir sé in iúl áfach go raibh sé i gcoinne cumhacht a ghabháil sna Rialacháin sin chun na táillí sin a shocrú agus a athrú go riarthach. Is dóigh leis gur cóir táillí a fhorordú sna Rialacháin féin ionas go bhfanfaidh méid na dtáillí a ghearrfar faoi Rialú parlaiminte trí idirmheán an Chomhchoiste. Cuireadh béim ar an bpointe sin san Fhichiú Tuarascáil ón gCoiste atá anois ann (Prl. 7279—míreanna 10-12).


5. Maidir leis an dá ionstraim deir an Roinn Sláinte go bhfuil sé beartaithe acu reachtaíocht nua a thabhairt isteach agus an chumhacht chun táillí a ghearradh a chorprú inti. Dá bhrí sin beidh deis ag na Tithe an scéal a scrúdú nuair a thiocfaidh an reachtaíocht ina dréacht faoina mbráid. Ní tharlóidh sin go ceann tamaill, áfach. Idir an dá linn molann an Comhchoiste gur chóir na Rialacháin atá anois ann a leasú agus socrú i dtaobh táillí a chur isteach iontu agus mura dtugann an Roinn gealltanas ina thaobh sin laistigh de choicís, molann sé go gcuirfí na Rialacháin ar neamhní.


Reachtanna a Leasú

6.Tig le hionstraimí reachtúla a dhéantar faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach reachtanna a leasú nuair is gá sin chun éifeacht a thabhairt do reachtaíocht Chomhphobail. Sa Chúigiú Tuarascáil is Seachtó uaidh (Prl. 8994, mír 26) mhol an Comhchoiste gur chóir sna cásanna sin cláir a bheith sna hionstraimí reachtúla ina leagfaí amach go hiomlán ailt na reachtanna mar a leasaíodh iad. Maidir le I.R. Uimh. 237 de 1980 dá dtagraítear i Mír 3 thuas a dhéanann leasú ar fhorálacha Acht na nAltran, 1950, mhínigh an Roinn Sláinte gur dréachtaíodh na rialacháin tamall maith sula bhfuarthas tuarascáil an Chomhchoiste agus cuireann siad fairis an míniú sin doiciméad a thaispeánann na hailt áirithe mar a leasaítear iad leis na rialacháin. B’fhearr dá mbeadh sé sin san ionstraim féin. Tá an Coiste sásta leis an scéal agus tá súil aige go nglacfar go ginearálta leis an nós sin.


Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faireachas ar Allmhairí Áirithe Boinn Gluaisteán), 1980 [I.R. Uimh. 228 de 1980].

7. Tugtar isteach leis an ionstraim sin córas faireachais ar allmhairí cásanna bonn ón nGearmáin Thoir. Údaraíodh an córas sin le cinneadh ón gCoimisiún. Is é atá i gceist leis an gcóras go mbeadh allmhairí faoi réir doiciméad allmhairiúcháin, a bheidh eisithe ag an Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta, a thabhairt ar aird. I dtuarascáil uathu roimhe seo (mír 4 den Tríochadú Tuarascáil — Prl. 5419) bhí an sean-Chomhchoiste in amhras ar chóir ceannteidil taraife a shonrú faoi threoir reachtaíochta náisiúnta agus mheas sé gur chóir go mba léir ón ionstraim baile cén reachtaíocht thánaisteach a bhí bainteach léi. Ábhar sásaimh dó a thabhairt faoi deara go ndéantaran ceannteideal taraife dá dtagraítear san ionstraim a shonrú faoi threoir reachtaíochta Comhphobail.


Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar), 1980 [I.R. Uimh. 253 de 1980]

8. Tá sé ceaptha do na Rialacháin sin an Chéad Treoir ón gComhairle, dar dáta an 23 Iúil 1962, mar a leasaíodh, a chur i ngníomh. Cuireann an Treoir ón gComhairle, mar a leasaíodh, d’oibleagáid ar Bhallstáit (a) earnálacha áirithe d’iompar fartha bóthair idirnáisiúnta a scaoileadh ó rialú ceadúnúcháin náisiúnta agus (b) earnálacha eile a scaoileadh ó chórais chuóta náisiúnta ach go mbeadh cead ceadúnú náisiúnta a choinneáil i bhfeidhm fós.


Dáta Feidhme na dTreoracha

9. Déantar tagairt don Chéad Treoir ón gComhairle in Airteagal 30 den Ionstraim Aontachais agus in Iarscríbhinn II a ghabhann léi agus luaitear í mar Threoir nár mhór a oiriúnú ar aontachas na mBallstát nua. Bhainfeadh an t-oiriúnú a bhí i bhfís “leis an iompar de bhóthar idir réigiúin áirithe cois farraige den Chomhphobal atá deighilte ó chéile ag an mhuir.”. Mar a tharla, rinneadh an t-oiriúnú sin le Treoir 72/426/CEE ón gComhairle dar dáta an 19 Nollaig 1972. Is cosúil go raibh an dá Threoir sin ina gceangal ar Éirinn amhail ón dáta aontachais.


10. Rinneadh tuilleadh leasuithe ar an gCéad Treoir ón gComhairle ina dhiaidh sin le ceithre Threoir eile. Bhí na Treoracha sin le bheith curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit faoin 1 Iúil 1974, 1 Iúil 1977, 1 Bealtaine 1978 agus 1 Iúil 1980 ar a dhéanaí.


11. Rinneadh an Chéad Treoir ón gComhairle, mar a leasaíodh, a chorprú i reachtaíocht na hÉireann le I.R. Uimh. 253 de 1980 ar an 1 Lúnasa 1980. De réir Mheabhrán an 18 Meán Fómhair 1980 ón Roinn Iompair, áfach, is trí bheart Riaracháin a cuireadh na forálacha i bhfeidhm. Ba é an toradh a bhí air sin nach raibh ceadúnais ag teastáil i leith na n-earnálacha sin a ndearnadh léirscaoileadh orthu leis an gCéad Treoir ón gComhairle, mar a leasaíodh, d’ainneoin fhorálacha dá mhalairt sa reachtaíocht baile. Tá an comhfhreagras atá i gceist faoi chló i bhFoscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil seo.


12. Ba é tuairim an Chomhchoiste san am atá thart gurb é cúram an Choimisiúin agus nach é cúram an Choiste a chinntiú go gcuirfí reachtaíocht Chomhphobail i ngníomh ar bhonn náisiúnta um an dáta dlite. Ach ba chúram dó freisin a chinntiú go gcosnófaí saincheart an Oireachtais gurb é féin, agus é amháin, udarás reachtach an Stáit. Dealraíonn sé sa chás seo go ndearna Roinn Rialtais, d’fhonn freastal do reachtaíocht Chomhphobail, neamhshuim d’fhorálacha reachtaíochta a bhí achtaithe ag an Oireachtas, cé gurbh eol dóibh go leasófaí an reachtaíocht i dtráth cuí. Ní mheasann an Comhchoiste gur mar sin ba chóir dul ina bhun ach tá sé sásta go bhfuil an fhadhb réitithe anois leis an ionstraim reachtúil.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Márta, 1981.


FOSCRÍBHINN I

1. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Aitheantas do Cháilíochtaí Déidliachta), 1980 [I.R. Uimh. 90 de 1980].


2. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Orgánaigh a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgi plandaí a thabhairt isteach) (Toirmeasc), 1980 [I.R. Uimh. 125 de 1980].


3. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Bainne Leasaithe Díhiodráitithe), 1980 [I.R. Uimh. 152 de 1980].


4. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Mótarfheithiclí a Chineál-Cheadú), 1980 [I.R. Uimh. 169 de 1980].


5. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faireachas ar Allmhairí Áirithe Boinn Gluaisteán), 1980 [I.R. Uimh. 228 de 1980].


6. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Aitheantas do Cháilíochtaí Altranais Ghi nearálta), 1980 [I.R. Uimh. 237 de 1980].


7. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scor Feirmeoirí), 1980 [I.R. Uimh. 238 de 1980].


8. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Táirgí Íocshláinte Dílseánaigh) (Leasú), 1980 [I.R. Uimh. 242 de 1980].


9. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ábhair Bheatha) (Breiseáin) (Leasú), 1980 [I.R. Uimh. 250 de 1980].


10. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar), 1980 [I.R. Uimh. 253 de 1980].


11. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faireachas ar Allmhairí Áirithe Éadaí agus Táirgi Teicstíleacha), 1980 [I.R. Uimh. 256 de 1980].


12. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Orgánaigh a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach) (Toirmeasc) (Leasú), 1980 [I.R. Uimh. 258 de 1980].


13. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faireachas ar Allmhairí Áirithe Éadaí agus Táirgí Teicstíleacha) (Uimh. 2), 1980 [I.R. Uimh. 261 de 1980].


14. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhbheartas Talmhaíochta) (Idirbhearta a Mhionscrúdú), 1980 [I.R. Uimh. 301 de 1980].