Committee Reports::Report No. 88 - Statutory Instruments [14]::11 March, 1981::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 11 Márta, 1981

Wednesday, 11th March, 1981

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:


An Seanadóir Mac Gearailt (i gCeannas), na Teachtaí Ó Cuagain, Filgate agus S. Breathnach; na Seanadóirí Ó Maoldhomhnaigh agus Ó Maolchatha.


3.Dréacht-Tuarascáil ar Cheithre Ionstraim Déag Reachtúla.


Thug an Seanadóir Ó Maoldhomhnaigh Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 4, go huile.


(ii) Mír 5.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Ó Maoldhomhnaigh):


“In line 10 to delete ‘this is not effected’ and substitute ‘an undertaking to this effect is not given within two weeks by the Department’.”


Aontaíodh an leasú.


(iii) Aontaíodh míreanna 6 go 12, go huile.


(iv) Aontaíodh Foscríbhinní I go IV, go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6.15 p.m.