Committee Reports::Report No. 18 - Radio Telefís Éireann::07 May, 1981::Report

AN tOCHTÚ TUARASCÁIL DÉAG

RADIO TELEFÍS ÉIREANN

I RÉAMHRÁ

1.1 Cúlra

1. Is é an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 a leag síos an t-eagar reachtaíochta ar a ndearnadh seirbhísí craolacháin na hÉireann a fhorbairt go dtí 1960. Tá na seirbhísí sin faoi urlámh an Aire Poist agus Telegrafa.


2. Bhunaigh an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960 Údarás Raidió Éireann. Ghlac an tÚdarás chuige féin an fhreagracht i leith na seirbhísí raidio a bhí ann ag an am sin agus ghabh sé an fhreagracht ar láimh seirbhís teilifíse a bhunú. Osclaíodh an tseirbhís teilifíse go hoifigiúil an 31 Nollaig 1961.


3. Dúradh in Acht 1960: “Ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás, coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus déanfaidh sé dícheall ag cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.” Rinneadh leathnú ar an dualgas ginearálta sin faoin Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976. Deirtear ansin: “I gcláir an Údarás ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó—


(a)beidh aird aige ar leasanna agus ar chúraimí an phobail uile, coimeádfaidh sé i gcuimhne a riachtanaí atá comhthuiscint agus síocháin ar fud oileán na hÉireann uile, cinnteoidh sé go léireoidh na cláir na haraíona éagsúla dá bhfuil saíocht phobal oileán na hÉireann uile comhdhéanta, agus beidh cás ar leith aige do na haraíona a shainíonn an tsaíocht sin agus go háirithe don Ghaeilge,


(b)tacóidh sé leis an bhfiúchas daonlathach atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe mar a bhaineann leis an tsaoirse cheart tuairimí a nochtadh, agus


(c)beidh aird aige ar a riachtanaí atá sé an pobal a dhéanamh eolach tuisceanach ar fhiúchais agus ar thraidisiúin tíortha seachas an Stát, go háirithe na tíortha sin is comhaltaí de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.”.


4. Athraíodh ainm chorpraithe an Údaráis go Radio Telefís Éireann faoin Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966. Is é RTÉ, mar a thugtar air anois, an eagraíocht náisiúnta craolacháin.


1.2 An Cor Reachtúil

5. Tá cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais RTÉ leagtha síos sna hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979. Rialaíonn na hAchtanna sin freisin an caidreamh idir an tÚdarás agus an tAire Poist agus Telegrafa (agus an Rialtas).


6. Is é an Rialtas a cheapann Comhaltaí agus Cathaoirleach Údarás RTÉ. Is iad príomh-fheidhmeanna Údarás RTÉ seirbhís náisiúnta teilifíse agus fuaim-chraolta a bhunú agus a chothabháil. Ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna don Údarás “beidh na cumhachtaí sin go léir aige is gá chun na críche sin nó a ghabhfaidh léi”.1 San am céanna tá RTÉ faoí cheangal ag forálacha reachtúla áirithe, ar a n-áirítear treoirlínte áirithe ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna dó. Pléitear na forálacha reachtúla agus na treoirlínte in Alt 4 den Tuarascáil seo.


7. Ó thráth an reachta lenar bunaíodh é, is é sin an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960, tá cumhachtaí agus dualgais RTÉ modhnaithe le hAchtanna um Údarás Craolacháin (Leasú) 1964, 1966, 1971, 1973, 1974, 1976 agus 1979. Tá sé freisin faoi réir reachtaíochta roimhe sin, mar shampla, an tAcht Radio-Theleagrafaíochta, 1962, mar a leasaíodh.2


1.3 Cumhachtaí an Aire

8. Ar an Aire Poist agus Telegrafa atá freagrachtaí ginearálta RTÉ. Tagann feidhmeanna an Aire ó thrí bhunadh. Sa chéad áit, tagann roinnt feidhmeanna ó fhorálacha ginearálta na nAchtanna um Údarás Craolacháin. Sa dara háit, tá feidhmeanna áirithe a thig ó fhreagracht an Aire don Dáil i dtaobh deontais do RTÉ a bhíonn ar áireamh sna Meastacháin Phoist agus Telegrafa. Mar chríoch, tig feidhmeanna áirithe ó fhreagrachtaí forleitheadúla an Aire maidir le teileachumarsáidí agus ó fhreagrachtaí áirithe maidir le raidió-theileagrafaíocht.


9. Na cumhachtaí a choimeádtar ar leithligh don Aire Poist agus Telegrafa (nó don Rialtas) maidir le RTÉ tá siad sách fairsing. Baineann na cumhachtaí le trí mhór-réimse: airgeadas, ceapacháin agus ábhair chraolacháin. Baineann na cumhachtaí airgeadais le maoiniú RTÉ trí na fáltais ó tháillí ceadúnais agus na fáltais i leith táillí ceadúnais theilifís chábla (lúide táillí bailiúcháin agus caiteachais eile); agus airleacain a thabhairt as an bPríomh-Chiste chun críocha caipitiúla. Baineann na cumhachtaí ceapacháin ní hamháin le húdarás RTÉ a cheapadh agus ceapachán an Phríomh-Stiúrthóra a cheadú, ach freisin maidir le coistí comhairleacha nó comhairleoirí a cheapadh. Maidir le hábhair chraolacháin, seolann RTÉ stáisúin chraolacháin faoi réir théarmaí agus choinníollacha ceadúnas arna n-eisiúint ag an Aire Poist agus Telegrafa. Is é an tAire freisin a cheadaíonn an t-iomlán uaireanta craolacháin. Ina bhliain agus na tréimhsí uasta le haghaidh fógraíocht chraolacháin. Ina theannta sin, tá cumhacht ag an Aire a ordú d’Údarás RTÉ staonadh ó chraoladh “ábhair áirithe nó ó craoladh aon ábhair d’aicme áirithe”3 Tá cumhacht aige freisin a ordú do RTÉ an craolacháin a dháileadh le haghaidh aon chraoladh ag nó thar ceann aon Aire maidir le feidhmeanna an Aire sin.


1.4 Forbairtí Craolacháin le Deich mBliana

10. I 1971 bhunaigh an tAire Poist agus Telegrafa an Coiste Craolacháin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhí déanta ag seirbhísí teilifíse agus fuaimchraolta sna deich mbliana roimhe sin, ag féachaint go háirithe do na cuspóirí a sonraíodh san Acht um Údarás Craolacháin, 1960. D’iarr an tAire ar an gCoiste um Athbhreithniú aon mholtaí a dhéanamh a measadh a bheith oiriúnach maidir leis na seirbhísí a fhorbairt a thuilleadh.


11. D’fhoilsigh an Coiste um Athbhreithniú Craolacháin a thuarascáil i 1974. Shonraigh an Coiste um Athbhreithniú sa tuarascáil sin “nach ndearnadh aon dearbhú le reachtaíocht ar bheartas craolacháin in Éirinn” agus mhol sé dearbhú reachtúil, mar a leanas:


“1.Ba cheart an córas craolacháin a bheith ar úinéireacht agus faoi rialú go héifeachtúil ag comhlachtaí a bheadh le bunú faoin reacht seo le freagracht chun gréasán cultúrtha, sóisialta agus geilleagair na hÉireann a chaomhnú, a shaibhriú agus a neartú.


2.Ba cheart don chóras seirbhís a sholáthar a bheidh go bunúsach Éireannúil ina ábhar agus ina cháilíocht.


3.Níor mhór don tseirbhís sin:


(i)beith ina seirbhís chothrom faisnéise, dea-eolais agus siamsaíochta do dhaoine a bhfuil aois, suim agus spéis éagsúil lena chéile acu agus a chumhdódh réimse iomlán na gclár i gcionmhaireacht chothrom,


(ii)bheith i nGaeilge agus i mBéarla agus socruithe oiriúnacha a bheith ann do theangacha eile,


(iii)cuidiú go gníomhach le gluaiseacht agus malartú eolais, siamsaíochta agus cultúir in Éirinn, agus idir Éirinn agus tíortha eile, go háirithe na tíortha ata páirteach léi i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, agus


(iv)an tréithíocht Éireannach a léiriú i gcónaí.”


12. Tháinig an Coiste um Athbhreithniú Craolacháin ar an aigne gur cheart go leanfadh craolachán mar sheirbhís phoiblí, ach gur cheart na feidhmeanna urlámhais poiblí a choimeád ar leithligh ó oibríocht na seirbhíse craolacháin. Chuige sin mhol an Coiste Coimisiún Craolacháin a dhéanfadh iniúchadh ar ghníomhaíochtaí Boird Bainistíochta, ar struchtúir agus gníomhú clár agus a dhéileálfadh le gearáin etc agus Board Bainistíochta arb é a bheadh air an Príomh-Stiúrthóir agus feidhmeannaigh sinsearacha RTÉ. Bheadh an Bord sin freagrach as bainistíocht na seirbhíse craolacháin ó lá go lá. Tháinig an Coiste ar an aigne inter alia gur chóir tús áite a thabhairt don dara bealach teilifíse ar an dara bealach raidió. Bhí sé ar an aigne freisin gur chóir teilifís chábla a bheith rialaithe go reachtúil sa tslí “nach mbeidh monaplacht ag aon oibritheoir ar bith” agus sa tslí “go n-iomprófar cláracha RTÉ de riachtanas”.


13. Bhí tuairimí deimhneacha ag Údarás RTÉ i dtaobh na tuarascála ón gCoiste um Athbhreithniú Craolacháin. Tá tuairimí an Údaráis, mar atá leagtha amach ina Thuarascáil Bhliantúil (1974) le fáil sa mhír seo a leanas:


“. . . D’fháiltigh an tÚdarás roimh na moltaí gur chóir go leanfadh craoladh de bheith ina sheirbhís phoiblí; gur chóir go nglanfadh táillí ceadúnais cion níos mó de chostais RTÉ agus cion níos mó d’infheistíocht chaipitil; gur chóir airgeadú reatha agus caipitil a phleanáil ar bhonn 3-bliana; agus gur chóir do RTÉ bailiú na dtáillí ceadúnais a ghlacadh orthu féin. Níor chuaigh an moladh go mbunófaí Coimisiún Craolacháin i bhfeidhm ar an Údarás mar creideann siad go bhfuil sé riachtanach ar mhaithe le leas an phobail cion iontaobhais poiblí a bheith sa chomhlacht atá freagrach as na hacmhainní craolacháin a riaradh.”


Ina chuid fianaise chun an Chomhchoiste mhaoigh an Príomh-Stiúrthóir go bhfuil na struchtúir mar atá faoi láthair in RTÉ ag oibriú go maith agus “nár ghá (ina thuairim) aon Choimisiún [Craolacháin] den chineál a mhol an Coiste um Athbhreithniú Craolacháin”.4


14. Cé nach raibh aon socrú san Acht um Údarás Craolacháin 1976 do Choimisiún Craolacháin (de chineál a mhol an Coiste um Athbhreithniú Craolacháin), bhí socrú ann don Choimisiún um Ghearáin Chraolacháin (CGC feasta). Tá gnó an Choimisiúin sin breithnithe i Roinn 4 den Tuarascáil seo.


1.5 Forleathadh Geografach

15. Is iad príomhdhualgais RTE seirbhís teilifíse agus seirbhís fuaim-chraolacháin náisiúnta a bhunú agus a chothabháil. Luaigh RTÉ, i meamram chun an Chomhchoiste, gurb é a bpríomh-aidhm an Stát ar fad a bheith faoi réir a bpríomhsheirbhísí raidió agus teilifíse.


16. Faoi láthair, tá trí sheirbhís raidió ar fáil ar bhonn náisiúnta—RTÉ Raidió 1, RTÉ Raidió 2 agus Raidió na Gaeltachta. Úsáideann na seirbhísí sin ceithre ghréasán tarchuradóireachta leis an bhforleathadh is mó a bhaint amach. De dheasca teorainneacha sa spás speictreach agus airíona sna tonnta raidió d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ná aon ghréasán amháin de dhíth le haghaidh glacadh seirbhíse amháin ar bith ar fuaid na tíre. Maidir le teilifís, cuireann RTÉ dhá sheirbhís náisiúnta teilifíse ar fáil anois—RTÉ 1 agus RTÉ 2. Úsáideann na seirbhísí sin dhá ghréasán tarchuradóireachta leis an bhforleathadh is mó is féidir a bhaint amach. Mhínigh RTÉ don Chomhchoiste, áfach, nach n-éiríonn le haon seirbhís de na seirbhísí raidió agus teilifíse gach cearn den Stát a shroichint agus go bhfuil gá le breis minicíochtaí craolacháin chun é sin a dhéanamh.


17. Maíonn RTÉ, a mhéid a bhaineann le seirbhísí raidió, “go dteastóidh tuilleadh minicíochtaí MF [Meán-Tonn] agus VHF [Ardmhinicíocht] chun a áirithiú go scroichfidh na seirbhísí raidió an Stát ar fad”. Tá iarratas déanta ag RTÉ ar an Roinn Poist agus Telegrafa comhaontú, i bprionsabal, leis an triú gréasán VHF náisiúnta sa tslí go mbeidh steiréathacaíocht iomlán VHF le fáil dá dtarchchuir MF. Níl aon chinneadh déanta ar an iarratas sin (feic mír 103).


18. Faoi láthair, tá fáil ar an dá sheirbhís teilifíse, RTÉ 1 agus RTÉ 2, ar fuaid an chuid is mó den Stát. Tá áfach, paistí áirithe anseo is ansiúd ar fuaid na tíre nach bhfuil fáil ar sheirbhísí go sách sásúil iontu. Thaispeáin RTÉ go bhfuil obair ar siúl chun fónamh ar na háiteanna sin agus go sroichfidh an dá sheirbhís teilifíse timpeall 96 faoin gcéad de dhaonra an Stáit, ach a mbeidh an obair sin críochnaithe. Go háirithe, tá dóchas ag RTÉ go sroichfidh an dá sheirbhís teilifíse, laistigh den Stát, 98 faoin gcéad den daonra taobh istigh de chúig bliana.


19. Cuireann údaráis chraolacháin náisiúnta teorainn oiread is féidir lena dtarchur chuig Stáit taobh leo ach tá roinnt áirithe “cur thar maoil” dosheachanta i gcás seirbhísí chuig Stáit eile. De thoradh suíomh na hÉireann tá 45 faoin gcéad de dhaonra na Poblachta in ann tarchuir “thar maoil” a fháil ó BBC agus ITV. Ní shroicheann seirbhísí teilífíse RTÉ an méid céanna isteach go Tuaisceart Éireann. Luaigh RTÉ ina gcuid fianaise, “gurbh ionann an cur thar maoil sin i gcás RTÉ; agus timpeall 14 faoin gcéad de dhaonra Thuaisceart Éireann.”5 Tá RTE, áfach, tar éis dhá tharchuradóir bhreise a shuiteáil i nDún na nGall agus i dTuaisceart Chontae Lú. Measann siad go mbeidh de thoradh ar na tarchuradóirí sin go méadófar an “cur thar maoil” go céatadán 20% - 25% de dhaonra Thuaisceart Éireann. Má áirítear iad siúd go bhfuil aeróga ard-fhála acu, d’fhéadfadh seirbhísí teilifíse RTÉ a bheith ar fáil ag 30 go 40 faoin gcéad de dhaonra Thuaisceart Éireann. Ba chóir a rá, áfach, nach aon bhuntáiste tráchtála do RTÉ an fairsingiú breise sin. Ón uair go mbeadh comhaontú ar leibheál Rialtais riachtanach i gcás cinntí i dtaobh comhfhairsingiú seirbhísí6, molann an Coiste don Rialtas an cheist seo a ghlacadh idir lámha.


1.6 Craoladh neamhdhleathach

20. Tá oiread sin méadú tagtha ar chraoladh neamhdhleathach le roinnt blianta anuas go bhféadfaí a cheistiú an bhfuil monaplacht i gcúrsaí craolacháin ag RTE nó nach bhfuil. Is é freagra RTÉ ar sin ná a rá nach bhfuil “sa mhonaplacht sin, mar a thugtar air, atá ag RTÉ ach bolscaireacht dhíreach chun a chur ar an Rialtas ceadanna craolta a thabhairt do leasanna tráchtála ar mhaithe le sochar príobháideach”. Mar chuidiú leis an tuairim sin luann siad trí ní thábhachtacha a chinneann ina dtuairim leibhéal ghníomhaíocht chraolacháin RTÉ agus atá lasmuigh de raon rialaithe RTÉ:


(i)Is é an tAire Poist agus Telegrafa a shannann miníochtaí craolacháin do RTÉ;


(ii)Cinntear cumas tuillimh RTÉ ag leibhéal Aireachta nó Rialtais mar a gcinntear cláir chaipitil, leibhéil táille cheadúnais agus rátaí fógraíochta;


(iii)Is é an tAire a cheadaíonn na huaireanta craolacháin uasta agus íosta agus méid iomlán an ábhair fógraíochta a chraoltar agus a iomadúlacht in aghaidh gach uair a chloig. I ndáiríre, níl aon mhonaplacht ag RTÉ má ghlactar leis go bunúsach gur saoirse ó iomaíocht atá i gceist. Tá fáil go réidh ar chraoltaí raidió coigríche ar fuaid na tíre agus tá seirbhísí teilifíse ó thrí bhealach sa Bhreatain ar fáil ag leath na ndaoine, nach mór. Dá thoradh-san, tá RTÉ in iomaíocht laethúil le seirbhísí raidió agus teilífise atá, d’fhéadfá a rá, i dtús áite ó thaobh cáilíochta agus atá cinnte i measc na seirbhísí is fearr a mhaoinítear sa domhan.


21. Ina bpríomh-mheamram chun an Choiste, léirigh RTÉ “nach rófhada uainn an t-am a mbeidh an tír uile báite ag ábhar craolacháin coigríche, bealach shatailíte”. Dá réir sin, measann RTÉ gur fearr an chosaint a thabharfadh seirbhís chraolacháin teilifíse agus raidió náisiúnta, a bheadh iomlán agus éifeachtach, do leasanna na tíre ná an mionbhriseadh a tharlódh dá leanfaí le craoladh tráchtála.


1.7 Seirbhís don phobal

22. Chomh maith lena bhfreagracht i gcúrsaí craolacháin go díreach tá seasamh níos leithne fós ag RTÉ i measc an phobail. Braitheann ócáidí cultúrtha tábhachtacha ar fuaid na tíre ar cheolfhoirne siansa agus ceoil náisiúnta RTÉ, lena gcoimeád beo. D’fhéadfá a rá i ndáiríre gur maoin náisiúnta na ceolfhoirne sin, rud atá fíor freisin maidir le Cantóirí RTÉ agus leis an Téad-Cheathairéad Academica. Réitíonn RTÉ aon deacrachtaí dá gceoltóirí a ghabhann páirt in imeachtaí lasmuigh. Go háirithe, tá páirt thábhachtach pléite ag RTÉ chun a áirithiú go mairfidh ceol agus amhráin traidisiúnta na hÉireann. A bhuíochas sin do chraoltóirí díograiseacha in RTÉ atá le blianta fada, i bhfoirm cartlainne, ag bailiú, ag taifeadadh agus ag caomhnú saothar na dtaibhreoirí is fearr sa tír. Rinne siad é sin mar go raibh siad cinnte go raibh an cineál cultúir traidisiúnta sin ligthe i léig cuid mhaith agus go raibh gá lena chothú. Tá spreagadh faighte freisin ag iarrachtaí cumtha ceoil nua-aimseartha chomh maith le drámaí agus bealaí nua caitheamh aimsire.


23. Tá leas na tire déanta ag RTÉ lasmuigh d’Éirinn. Thaispeáin RTÉ ina bpríomh-mheamram chun an Choiste gur chuidigh gníomhaíochtaí RTÉ le cáil chultúrtha na hÉireann thar lear. Gníomhaíochtaí iad sin a bhain le hAontas Craolacháin na hEorpa agus le malartú idirnáisiúnta dá samhail agus le díol ár gcláir teilifíse go hidirnáisiúnta. Na turasanna thar lear a thugann ceolfhoirne RTÉ is maith an chabhair iad chun dea-cháil na hÉireann thar lear a chruthú. Chomh maith leis sin, cuireann RTÉ suas le 500 post seachtrach ar fáil sna healaín taibhreoireachta, i gcúrsaí deartha agus i slite gaolmhara eile agus cuidíonn siad le scéimeanna oiliúna agus cultúrtha i measc an phobail. Is eol do RTÉ chomh maith go bhfuil freagrachtaí orthu i leith seirbhíse poiblí lasmuigh den limistéar craolacháin. Tugann siad aitheantas don fhreagracht sin trí pháirt a ghlacadh i mbainistiú an cheol-árais nua i mBaile Átha Cliath agus trí leabharlann scannán agus fuaime a chothabháil ar ionann í, go deimhin, agus cartlann náisiúnta. Tugann an Coiste aitheantas do bhearta RTÉ sna healaín taibhreoireachta agus cuireann siad in iúl conas mar atá an tír faoi chomaoin ag RTÉ go háirithe i gcúrsaí ceoil.


1.8 Tuarascáil an Choiste

24. Is é seo an tOchtú Tuarascáil Déag ón gCoiste agus an chéad cheann ar RTÉ. Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán ar RTÉ i mí na Samhna 1980 agus críochnaíodh é i mí na Bealtaine 1981. Glacadh le fianaise ag sé sheisiún. Bheartaigh an Coiste baint ó scóip an fhiosrúcháin agus gan ach roinnt áirithe pointí a phlé a raibh, ina dtuairim, tábhacht ar leith ag baint leo. Na nithe ar chuir an Coiste béim orthu baineann siad go príomha le hairgeadas, cláir agus foireannú. Tá an tuarascáil seo curtha le chéile d’fhonn béim ar leith a chur ar na pointí sin.


II AIRGEADAS

2.1 Cúlra Airgeadais

25. Éiríonn caiteachas RTÉ as an gcúram atá orthu soláthar do dhá bhealach teilifíse náisiúnta, dhá bhealach raidió náisiúnta, Raidió na Gaeltachta, roinnt clár raidió áitiúil, Raidió an Phobail agus roinnt seirbhísí comhghabhálacha eile. Is í an phríomhfhoinse ioncaim ná ioncam ó tháillí ceadúnais agus ó fhógraíocht.


26. Is é buan-pholasaí an Rialtais, mar atá léirithe in Achtanna 1926 agus 1960, ná gur chóir go ndíolfadh craoladh sa tír as féin. De bhua Achta 1960 agus leasuithe dá éis sin tá teacht ag RTÉ ar airleacain inaisíoctha ón Státchiste. Faoi láthair, tá teorainn uasta £25 mhilliún le hairleacain ón Státchiste. Ina theannta-san ceadaítear iasachtaí breise gearrthéarmacha nó fadtéarmacha. Feicfear i bhFoscríbhinn 2 an méid úsáide a bhain RTÉ as a gcumhachtaí iasachtaithe sna deich mbliana dheireanacha. Faoi alt 24 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960, tá sé de cheangal ar RTÉ féachaint chuige go mbeidh a ioncam “ar a laghad leordhóthanach — (a) chun gach suim atá inmhuirearaithe go cuí ar an gcuntas reatha a ghlanadh, agus (b) socrú oiriúnach a dhéanamh maidir le caiteachas caipitiúil”. Luaigh an Cathaoirleach ina fhianaise “go bhfuil RTÉ, murab ionann is gach cuideachta Stáit eile, difriúil, mar nach bhfuil aon smacht againn i ndáiríre ar ár n-ioncam. Socraíonn an tAire Poist agus Telegrafa cé mhéad a bheidh sa táille cheadúnais agus an chuid eile dár n-ioncam, is é sin, fógraíocht, bíonn orainn cur lenár niarrachtaí faoina comhair. Lean sé air “Dá mbeadh an táille cheadúnais dóthanach chun barrachas a chur ar fáil a ghlanfadh gach caiteachas caipitiúil, b’fhearr a bheimis as thiar i ndeireadh ná é bheith d’fhiachaibh orainn iasachtuithe a lorg ar rátaí arda úis.”7


27. Is trí airleacain inaisíoctha ón Státchiste, iasachtuithe tráchtála, iasachtaí ó Chiste Aoisliúntais RTÉ agus trí airgead a thagann as oibríochtaí trádála, a mhaoinítear an caiteachas caipitiúil. Tá glanleibhéal na n-iasachtaí iníoctha Státchiste méadaithe ó £3.6 mhilliún i 1976 go £18.3 mhilliún i 1980. Tá cinneadh déanta ag an Aire Airgeadais gur chóir an phríomhshuim atá le glanadh, móide ús iomchuí, a íoc i dtráthchodanna leath-bhliantúla thar thréimhse 30 bliain. Rinneadh an chéad íocaíocht ar an 1 Iúil 1980.


28. Is é atá go príomha i struchtúr caipitiúil RTÉ ná airleacain ón Státchiste agus barrachais choimeádta. Níl aon chothromas Stáit8 infheistithe in RTÉ, mar is léir ó Fhoscríbhinn 3.


2.2 Tábhacht atá le Freagracht Reachtúil

29. Ina bpríomh-aighneacht chun an Choiste, luaigh RTÉ:


“gurb é a bhí le tuiscint as an treoir reachtúil ‘foráil oiriúnach a dhéanamh maidir le caiteachas caipitiúil’ ná go mbeadh an tÚdarás, de thoradh an airgid a d’fhásfadh as ioncam, mar aon le hiasachtuithe a d’aisiocfaí as airgead tuillte, in ann cláir iomaitheacha a léiriú…gan brath, ach a laghad is féidir, ar an Státchiste le haghaidh maoiniú caipitil”.


Luaigh RTÉ freisin:


“go raibh RTÉ ag iarraidh soláthar do chaiteachas caipitiúil dar luach £6 mhilliún sa bhliain [praghsanna 1980] thar na chéad chúig bhliana atá le teacht agus dá éis sin…”


30. Airítear an liúntas dímheasa9 agus aon bharrachas a chruthaítear, in íocaíocht na heagraíochta féin chun an chaiteachais chaipitiúil. Níl ach meán-bharrachas de £0.5 mhilliún in aghaidh na bliana bainte amach ag RTÉ le cúig bliana anuas10 sa tslí gur léir mar a deir siad féin:—


“Nach bhfónfadh an leibhéal fáltas airgid sin do chlár forbartha caipitil de £6 mhilliún in aghaidh na bliana ná chun barrachas a chur ar fáil le haghaidh caipitil oibre gan cúnamh airgid suntasach ón Státchiste.”


31. Feicfear i dTábla 1 cad atá i gceist le maoiniú a dhéanamh ar phleananna RTÉ don todhchaí. Léirigh Cathaoirleach an Údaráis an fhadhb go soiléir ina chuid fianaise nuair a dúirt sé leis an gCoiste


TÁBLA 1


Radio Telefís Éireann


Caiteachas Caipitiúil agus Maoiniú Státchiste Réamh-mheasta — 1981/85*


 

1981

1982

1983

1984

1985

 

£m

£m

£m

£m

£m

1.

Caiteachas Caipitiúil Réamh-mheasta:

...

5.8

6.6

7.0

7.4

6.2

2.

Inaisíoctha: Airleacain ón Státchiste:

...

2.0

2.5

2.6

2.8

2.5

3.

(i)

Aisíocaíocht Airleacain ón Státchiste

 

 

 

 

 

 

 

(Príomhshuim):

...

...

...

...

0.10

0.12

0.14

0.17

0.20

 

(ii)

Ús ar Airleacain ón Státchiste:

...

...

2.13

2.40

2.69

3.00

3.33

 

 

Seirbhísiú Iomlán ar

 

 

 

 

 

 

 

Airleacain ón Státchiste:

...

...

...

2.23

2.52

2.83

3.17

3.53

Nóta: Áirítear go hiomlán sa chuid sin thuas na hAirleacain Státchiste Inaisíoctha uile a tarraingíodh ó bunaíodh Údarás RTÉ i 1960.


“creidimid go bhfuil an-deacracht againn an dualgas reachtúil sin a chomhlíonadh” i.e. alt 24 d’Acht 1960. Mar réiteach ar an bhfadhb seo, mhol RTÉ, i measc nithe eile, go bhféadfaí an t-ioncam ó na táillí ceadúnais a mhéadú agus gur chóir é sin a dhéanamh ach gur chonstaic maidir leis sin léiriú na Roinne ar alt 24. Ba é an tuiscint a bhain an Coiste as argóintí RTÉ ná nach gcuirfeadh an Roinn aon íocaíochtaí caipitil san áireamh tráth athbhreithniú na méaduithe ar tháillí ceadúnais.


32. Nuair a cuireadh an pointe seo chun na Roinne Poist agus Telegrafa dúirt siad narbh eol dóibh go ndúradh riamh le RTÉ go gcuirfí an socrú ar ceal atá ann chun airleacain ón Státchiste a aisíoc nuair a bheadh athbhreithniú á dhéanamh ar choigeartuithe ar tháillí ceadúnais agus dúirt siad gur faoin Rialtas a bhí sé a chinneadh ar chóir aon socrú a dhéanamh faoi chomhair aon chaiteachas ar leith a bheadh molta ag Údarás RTÉ, nuair a bheidh méadú ar bith sna táillí ceadúnais á bhreithniú.


33. Tá an t-imní céanna ar an gCoiste atá ar RTÉ maidir le scála na faidhbe airgeadais. Tá cuid mhór d’argóintí RTÉ dírithe ar mhodhanna a chruthú a mhéadódh a n-ioncam ó tháillí ceadúnais (feic Roinn 3.2 thíos). Caithfear, áfach, aird a thabhairt ar scála an phlean infheistíochta don todhchaí. Mar, cé go bhfuil cinnte gá le roinnt leasuithe agus le hathnuachan, braithimid go bhfuil claonadh ann dul san iomaíocht, agus coimeád suas, le hoibreacha ollmhóra na Ríochta Aontaithe lena bhfuil RTÉ san iomaíocht, de réir a dtuisceana féin. Mura léir go bhfuil na foinsí airgeadais ar fáil agus gá i ndáiríre le caiteachais ar thionscadail, níor chóir do RTÉ dá bhrí sin dul ar aghaidh le haon chláir chaipitiúla a bheadh rómhisniúil. Molaimidne gur chóir do RTÉ féachaint chuige go gcuirfí deireadh le haon mhíthuiscint idir iad féin agus an Roinn faoi mhíniú alt 24 trí mheamram foirmiúil i dtaobh an ábhair a chur faoi bhráid na Roinne.


34. Mar chríoch, más rud é go bhfuil sé i gceist ag RTÉ an nuachaighdeán ar chuntasaíocht chostála reatha, an Ráiteas ar Chleachtas Cuntasaíochta Caighdeánach Uimh. 16 (SSAP 16), a úsáid, mar atá á dhéanamh ag eagraíochtaí móra eile, ba chóir go léireofaí tuilleadh an fhadhb airgeadais atá acu.


2.3 Éifeacht an Bhoilscithe

35. Chuir RTÉ tuarascáil óna gcomhairleoirí bainistíochta dar dháta Lúnasa 1980, ar fáil don Choiste. Sa tuarascáil sin, áitíodh go raibh drochthoradh an bhoilscithe le brath go géar in aon eagraíocht a úsáideann trealamh ard-teicneolaíochta, cosúil le trealamh craolta. Luaigh na comhairleoirí go raibh de thoradh ar bhonn íseal cothromais RTÉ go raibh an coibhneas idir fiacha agus cothromas de réir 5.27 go 1 ina gcuid áireamh agus “go measfaí an coibhneas sin a bheith ró-iomarcach d’aon ghnóthas tráchtála. Tiocfaidh as sin ar deireadh go mbeidh teorainn le hacmhainn an Údaráis aon airgead breise a fháil ar iasacht ó na bainc, mura ndéanfar athrú bunúsach ar a bhonn caipitlithe nó mura bhfeabhsófar go suntasach a chion brabúis.”


36. Ba é tuairim na gcomhairleoirí, chun críche praghsála ar a laghad, gur chóir dímheas ar shócmhainní dochta a áireamh agus an t-áireamh sin a bheith bunaithe ar chostas athnuachana sócmhainní agus gan é bheith bunaithe ar a gcostas stairiúil iarbhír.


37. Ba mhaith leis an gCoiste a n-imní a chur in iúl i dtaobh leibhéil na dtáillí ceadúnais. Thaispeáin an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna i 1976 go raibh leibhéal na táille ceadúnais an-ard in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile, má chuirtear an leibhéal táille sin i gcoinne táirgiúlacht náisiúnta gach duine ar leith sa tír. De réir ár bhfigiúirí-na, tá an dealramh air go bhfuil leibhéal na táille ceadúnais, in aghaidh táirgiúlacht náisiúnta gach duine ar leith sa tír, ard fós in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile, bíodh gur fheabhsaigh an sceál roinnt éigin ón mbliain 1976. Ceapaimid nár mhór díriú láithreach ar na costais atá laistigh den eagraíocht agus ar an gcaillteanas ioncaim a thig as neamhíoc ceadúnas sula scrúdófar chor ar bith ar chóir an táille a ardú nó a threoir-nascadh. Sa chéad Roinn eile cuirfear síos ar na pointí sin.


III IONCAM AGUS CAITEACHAS

3.1 Ioncam

38. Tá dhá shlí ag RTÉ le hioncam a fháil, is é sin, ioncam ó tháillí ceadúnais agus ioncam ó fhógraíocht. Is ionann an dá ioncam sin le chéile agus 90 faoin gcéad den teacht isteach iomlán. Is trí dhíol tréimhseachán agus cláir ar an gcoigrích agus trí ioncam ó chuideachtaí teilifíse cábla maille le hioncam ó leaschraoladh RTÉ agus ó cheolchoirmeacha a thagtar ar an bhfuílleach.


3.2 Ioncam ó Tháillí Ceadúnais

39. Sna chéad bhlianta den tseirbhís teilifíse, bhí teacht isteach maith ann mar go raibh fás ag teacht ar an líon sealbhóirí ceadúnais. Le roinnt blianta anuas tá oiread fás agus is féidir tagtha ar an líon sin. Anois is mó atá an bhéim á chur ar mhéadú ar chostas na táille ceadúnais (Feic Foscríbhinn 4). Tá sé fiú, ag éirí níos deacra anois an táille cheadúnais a mhéadú “go réalach” i.e. gan éifeacht an bhoilscithe a chur san áireamh.


40. Sa bhliain 1979/1980, b’fhiú £17.1 milliún ioncam RTÉ ó tháillí ceadúnais. B’shin 41 faoin gcéad, go garbh, den ioncam iomlán. Aimsíodh an t-ioncam sin trí tháille cheadúnais £23 (aondathach) agus £38 (ildathach) a ghearradh. Bhí na táillí sin i bhfeidhm suas go Nollaig 1980. Measadh, trí áireamh TAM, go raibh gléas teilifíse i 785,000 teaghas go hiomlán sa tír11. Gléasanna ildathacha ab ea breis is 50 faoin gcéad díobh sin. Tá an córas bailiúcháin táille agus an chaoi a shocraítear í mar atá faoi láthair, mínithe i míreanna 46 agus 47. D’áitigh RTÉ go láidir ina n-aighneacht agus ina gcuid fianaise béil go raibh siad míshásta leis an scéal mar atá faoi láthair i gcás táillí ceadúnais, á rá mar a leanas:


(i)Go rabhamar i dtús áite san Eoraip, leis an gcéatadán daoine nach n-íocann a dtáillí ceadúnais, is é sin, 22 faoin gcéad. Is ionann sin agus caillteanas ioncam de £4 mhilliún sa bhliain má ghlactar leis na táillí ceadúnais a bhí i réim i Lúnasa 1980.


(ii)An céatadán den ioncam ó tháillí ceadúnais a chaitear ag bailiú na dtáillí sin, is é sin, 8.6 faoin gcéad, tá sé ar an gcéatadán is airde san Eoraip.


(iii)Tá modh bailiúcháin na Roinne bunaithe go príomha ar chórais taifeadta láimhe. Dá dheasca sin, tá neamhchinnteacht i gceist i gcás ioncam ó cheadúnais. Tharlódh sé go mbeadh an-díomá ar dhaoine mar gheall ar fhaisnéis dhéanach faoi easpa san ioncam. Tharla sin i Lúnasa 1980 rud a chur ar RTÉ gearradh siar ar a gcuid seirbhísí.


(iv)Ba chóir go ndéanfaí ráta na táille ceadúnais a athbhreithniú go rialta agus a choigeartú uair sa bhliain ar dháta socraithe.


(v)Ba chóir na táillí ceadúnais a threoir-nascadh leis an dTreoirphraghas do Thomhaltóirí nó iad a chur faoi threoir pá iomchuí éigin eile.


(vi)An cion den mhéadú ar tháillí ceadúnais atá riachtanach chun tionscadail forbartha sonracha a mhaoiniú ba chóir é bheith léirithe mar mhír ar leith in iarratais ar choigeartú táille.


41. Deir an Roinn Poist agus Telegrafa gurb é aidhm atá leis na méaduithe ar na táillí ceadúnais ná a chur ar chumas na Roinne deontais a íoc le RTÉ de réir an leibhéal sin a cheapann an Rialtas a bheith cuí, agus go mbeadh deontais níos airde ag dul do RTÉ de thoradh aon fheabhsuithe substaintiúla a dhéanfaidis ar líon na n-éalaitheoirí ó tháille, agus gur chóir dóibh, dá bhrí sin, dáta an chéad ardaithe eile a chur siar nó an t-ardú sin a laghdú. Mhínigh an Roinn go raibh rudaí eile seachas boilsciú ina gcúis le méid na méaduithe a tharla ó 1970 agus le minicíocht na n-arduithe sin. B’iad sin an leathnú ar na huaire craolta, tosú ar chóras daite agus seirbhísí nua costasacha a thabhairt ísteach, mar shampla RTÉ 2. Maidir le harduithe ar tháillí ceadúnais ní fhéadfadh RTÉ a bheith ag súil go gcaithfí leo, tráth crua-dhálaí eacnamaíochta, níos flaithiúla ná leis an earnáil phoiblí i gcoitinne. Deir an Roinn gurb é ba chúis leis an bhfadhb a bhí ann i bhFómhar na bliana 1980 ná (1) an difríocht idir bliain airgeadais RTÉ agus bliain airgeadais an Státchiste; (2) an gá atá le híocaíochtaí a dhéanamh i mbliain airgeadais RTÉ a bheadh comhionann leis an nglanfháltas ó tháillí ceadúnas; agus (3) an fonn atá ar RTÉ íocaíochtaí comhionanna míosúla a fháil, cé gur i míonna an Gheimhridh a thagann an phríomh-chuid den fháltas ó cheadúnais isteach. I mbliain airgeadais an Státchiste, íocadh le RTÉ an soláthar iomlán de £18 milliún a bhí i Meastachán 1980.


42. Deireann an Roinn linn chomh maith nár chuir RTÉ aon mholtaí sonracha faoina mbráid i dtaobh bailiú na gceadúnas, cé gur minic a d’iarr siad an cúram sin a chur orthu féin agus nach féidir a rá an mbeadh RTÉ níos éifeachtaí chun na hoibre sin ná an Roinn féin. Ní féidir a rá ach oiread an fearr a bheidis ná an Roinn ar thóir éalaitheoirí.


43. Mar chríoch, thug an Roinn le fios go rabhthas dulta go mór chun cinn le hoibriú ríomhaire d’obair cheadúnais RTÉ, gur chóir go mbeadh an bailiú níos éifeachtaí dá thoradh agus go rachadh an laghdú ar chostais bailiúcháin sna blianta atá romhainn chun tairbhe, go cinnte, do RTÉ.


44. Dúirt Cathaoirleach an Údaráis le linn dó a bheith ag tabhairt fianaise go mbeadh tábhacht ar leith, i gcás caidreamh tionscail, ag baint le gnó an bhailiúcháin a aistriú ón Roinn go RTÉ. Seo mar a dúirt sé:


“Tharlódh sé gurb é an gearr-bhuntáiste is túisce a thiocfadh as sin ná athrú beag a dhéanamh ar chúrsaí mar atá faoi láthair nach mbeadh i gceist leis ach aonad speisialta a bhunú a chuirfeadh feabhas mór ar an scéal tríd an data-thaifeadadh ríomhaireachta is fearr a úsáid. D’fhéadfadh cineál éigin comhbhainistíochta a bheith i gceist chomh maith ar a n-áireofaí RTÉ a bhfuil an-suim acu sa ghnó”12


45. Chuaigh an argóint sin i bhfeidhm orainn agus molaimid é do na páirtithe éagsúla mar bhonn réiteachta ar an scéal mar atá faoi láthair. I ndáil leis sin thug an Coiste faoi deara go bhfuil Grúpa Cheardchumann RTÉ chun a iarraidh ar na Cumainn Post-Oifige bualadh leo chun córas bailiúcháin na dtáillí ceadúnais a phlé. Tá sé fíor-thábhachtach, maidir le hacmhainn airgeadúil RTÉ, go mbeadh an gnó bailithe táillí á fheidhmiú de réir an mhodha is éifeachtaí is féidir. Mar a fheicfear i bhFoscríbhinn 7, tá an céatadán d’ioncam RTÉ a fhaightear ó tháillí ceadúnais ag dul i laghad le cúig bliana anuas. Mar sin féin, is ar na táillí céanna atá a bpríomhdhóchas á chur ag RTÉ chun iad a choimeád slán ó thaobh airgid de sna blianta atá romhainn.


Rátaí na dTáillí Ceadúnais

46. De réir an Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 ní mór ceadúnas a bheith ag gach duine ar mian leis “gaireas le haghaidh radio-thelegrafaíochta a choimeád nó a bheith ina sheilbh”. Áirítear gléas teilifíse sa sainmhíniú ar “radio-thelegrafaíocht”. Tá táillí ceadúnais teilifíse forordaithe i rialacháin reachtúla a rinne an tAire Poist agus Telegrafa, le réamhthoiliú an Aire Airgeadais. De réir mar a tharlaíonn, is é an Rialtas a chinneann méid na dtáillí ceadúnais. Cuireann an Roinn Poist agus Telegrafa meamram faoi bhráid an Rialtais ina léirítear tuairimí na Roinne sin, agus tuairimí Ranna Stáit eile lena mbaineann, i dtaobh moltaí an Údaráis.


47. Tá táillí ceadúnais iníoctha in aghaidh na bliana. Is í an Roinn a bhailíonn iad agus íoctar iad isteach sa Státchiste. Faoi alt 8 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976, féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa, le ceadú an Aire Airgeadais méid is comhionann le hiomlán na bhfáltas an bhliain sin, i leith táillí ceadúnais chraolta a íoc leis an Údarás as airgead a chuirfidh an tOireachtas ar fáil lúide caiteachais na Roinne (i) i ndáil le bailiú, (ii) i ndáil le trasnaíocht a sheachaint agus (iii) i dtaca leis an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin. Áirítear Deontas-i-gCabhair do RTÉ i Meastachán bliantúil na Roinne is comhionann leis na fáltais ó tháillí ceadúnais don bhliain sin. Nuair a dheimhnítear na fáltais chomhlána agus na caiteachais bhailiúcháin déantar aon ró-íocaíocht sa deontas nó aon easnamh íocaíochta ann, chuig RTÉ, a choigeartú sa deontas do bhliain dá éis sin.


48. Na costais a bhaineann le bailiú táillí ceadúnais teilifíse gheofar iad faoi fhocheannteidil éagsúla de Vóta na Roinne. Áirítear iontu freisin muirir phostais a leanann meabhrúcháin etc. a chur amach. Cuimsíonn na costais sin, go garbh, costais foirne maidir le heisiúint agus taifeadadh ceadúnas, eisiúint meabhrúchán, costais taistil, etc. a bhaineann le hobair iniúchta ó theach go teach (go háirithe i bhfeachtais in aghaidh foghlaithe ceadúnas) agus caiteachais a leanann ionchúisimh. Na costais a bhaineann le trasnaíocht a sheachaint agus leis an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin ní fiú iad a áireamh. Rinneadh an fhreagracht reachtúil le haghaidh transaíocht a iniúchadh agus a bhrath ar ghaireas glacadóireachta raidió-theileagrafaíochta, a tharmligean chun RTÉ faoin Ordú um Údarás Craolacháin (Trasnaíocht a Chosc), 1960.


49. Tá aird na Roinne agus RTÉ dírithe i gcónaí ar an méid foghlaithe ceadúnas teilifíse atá ann. Lasmuigh den ghnáth-bhealach ar nós taifeadchoimeád, eisiúint meabhrúchán agus ionchúiseamh lucht mainneachtana, is iad na feachtais tréimhsiúla in aghaidh foghlaithe teilifíse na príomhbhealaí a úsáidtear chun cur in aghaidh an líon foghlaithe sin agus chun é a laghdú.


50. Réitíonn an Coiste, mar a dúradh cheana, gur chóir feabhas a chur ar na modhanna a rialaíonn ioncam ó tháillí ceadúnais, aon áit ab fhéidir sin a dhéanamh. Ní fhéadann an Coiste, áfach, aon tacaíocht a thabhairt don mholadh gur chóir na táillí ceadúnais a threoir-nascadh. Sna laethanta seo, mar a bhfuil an boilsciú chomh hard sin, caithfidh RTÉ gach iarracht a dhéanamh a gcuid costas a choimeád faoi shrian díreach ar nós gach eagraíocht eile sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha.


Éalú ó Tháillí Ceadúnais

51. Dírimis ár n-aire anois orthu siúd a éalaíonn ó tháillí ceadúnas a íoc. I bhFoscríbhinn a 5, atá bunaithe ar ábhar a sholáthraigh comhairleoirí bainistíochta RTÉ, feicfimid dhá phríomh-thoradh a d’aimsigh na comhairleoirí céanna:


(i)Tá méadú géar tagtha ar an lucht éalaithe ceadúnas, le trí bliana anuas;


(ii)Má áirítear an chailliúint táillí ón 153,000 ceadúnas neamhíoctha don bhliain 1979/80, á áireamh de réir na táille ceadúnais £23 (aondathach) agus £38 (ildaite), gheofar amach gur chosain an neamhíoc sin idir £½ milliún agus £5½ milliún airgid, tuairim, ar RTÉ (£4 mhilliún a bhí i meastachán RTÉ féin).


Ar chuid de na cúiseanna a bhí leis an leibhéal ard éalaithe sin, bhí:


easnaimh ar an gcóras bailiúcháin.


faillí á dhéanamh ag roinnt déileálaithe teilifíse a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh maidir le faisnéis faoi dhíolacháin nó faoi ligean, a sholáthar.


leibhéal ard na táille ceadúnais, go háirithe i gcás na teilifíse ildaite,


an mífhonn a bhíonn ar mhórán daoine le gléas teilifíse táille cheadúnais a íoc le RTÉ mar nach mbreathnaíonn siad ach go hannamh ar RTÉ.


Dealraíonn sé go raibh baint nach beag ag an stailc postais i 1979 leis an méadú a tháinig ar an líon éalaitheoirí an bhliain sin.


52. Feicfear ón ábhar i bhFoscríbhinn 6 gur tháinig méadú mór ar an líon teaghlach a bhfuil gléas ildaite acu (rud atá fíor anois beagnach i gcás leath na dtithe le gléas teilifíse). Fadhb eile is ea an líon ard éalaitheoirí ina measc siúd (i 1980, bhí 157,000 teaghlach a raibh gléas ildaite acu nár cheannaigh ceadúnas ildaite). Ach mar a dúirt an Príomh-Stiúrthoir Cúnta linn:


“is é atá ag tarlú nach bhfuil ach ceadúnas aondathach ag mórán daoine do na gléasanna ildaite atá acu.”13


Ina chuid fianaise, chomh maith, thug an Príomh-Stiúrthóir roinnt samplaí dúinn le comparáid a dhéanamh le tíortha coigríche maidir leis an gcéatadán éalaitheoirí.


“In Eirinn 22 faoin gcéad ab ea an céatadán, san Iodáil, sa dara áit, 12 faoin gcéad a bhí ann. San Ostair 7 faoin gcéad agus sa Ríocht Aontaithe 5 faoin gcéad. Maidir leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis, 1 faoin gcéad agus 2 faoin gcéad ab ea é, faoi seach. Is ar éigean atá a leithéid in aon chor san Ioruaidh.”14


53. Maidir leis an gcéatadán 22 faoin gcéad d’éalaitheoirí a luaigh RTÉ d’innis an Roinn Poist agus Telegrafa don Choiste gurb é a dtuairim gur tháinig RTÉ ar an bhfigiúr sin trí chomparáid a dhéanamh idir an líon ceadúnas a bhí i bhfeidhm ag deireadh Meán Fómhair 1979 agus an meastachán den líon teaghlach le teilifís a bhí sa tír de réir ríomh TAM. Ag an am sin bhí droch-éifeacht na stailce Post-oifige a lean ó Fheabhra go Meitheamh 1979 ag cur as fós do dhíol ceadúnas. De thoradh feachtais i limistéir roghnaithe ag deireadh 1979 agus dhá mhórfheachtas ar fuaid na tíre i 1980, tháinig méadú de bhreis is 12 faoin gcéad ar an líon ceadúnas, a bhí tráthúil, agus dlite le hathnuachan, ag deireadh Márta, 1981, i gcomparáid leis an staid a bhí i réim ag deireadh Meán Fómhair, 1979. Tháinig méadú de 54 faoin gcéad ar líon na gceadúnas ildaite. Tuigtear don Roinn gur thart ar 5 faoin gcéad an céatadán d’éalaitheoirí ceadúnais sa Ríocht Aontaithe, cé go bhfuil sé cuid mhaith níos airde i dTuaisceart Éireann. Níl an Roinn sásta fós leis an líon éalaitheoirí sa Phoblacht agus leanfaidh sí uirthi i gcomhar le RTÉ ag déanamh gach dicheall deireadh a chur leis an bhfadhb seo agus san am céanna na costais bhailiúcháin a choimeád chomh híseal agus is féidir. Na hiarrachtaí sin a rinneadh chun an líon éalaitheoirí a laghdú chuir siad ar ndóigh leis na costais bhailiúcháin. Cosnaíonn feachtas ar fuaid na tíre £250,000, tuairim. Cuireann an Coiste a n-iontaoibh sa bheartas atá pleanáilte ag an Roinn i gcomhar le RTÉ chun an líon éalaitheoirí a laghdú go suntasach.


Costas Bhailithe na dTáillí Ceadúnas

54. I dTabla 2 (a sholáthraigh comhairleoirí bainistíochta RTÉ) tá na costais leagtha amach a bhain le táillí ceadúnas a bhailiú.


TÁBLA 2


Costais Bhailithe na dTáillí Ceadúnas


Bliain

Iomlán

Costais

Glanmhéid

Costais bhailithe mar % den Iomlán

 

£

£

£

 

1979

14,727,700

859,800

13,867,700

5.8*

1978

13,272,000

1,301,300

11,970,700

9.8

1977

11,152,800

806,200

10,346,600

7.2

1976

8,415,700

738,900

7,676,800

8.8

1975

6,529,400

637,500

5,891,900

9.8

55. Dúirt an Príomh-Stiúrthóir Cúnta linn ina chuid fianaise:


“gur chosain bailiú na dtáillí ceadúnas an bhliain seo caite [1980] £1.6 mhilliún. Déanaimid amach gurb é sin an figiúr is airde san Eoraip—8.6 faoin gcéad den ioncam. Sin £3 beagnach in aghaidh gach ceadúnas”.15


Cuir Cathaoirleach an údaráis roinnt comparáidí idirnáisiúnta os ár gcomhair:


“Tá costais bailithe RTÉ comhionann le 8.6 faoin gcéad den ioncam iomlán; sa Ríocht Aontaithe agus sa Danmhairg níl sa chéatadán sin ach 2 faoin gcéad; san Ostair 4 faoin gcéad, san Iodáil 6.9 faoin gcéad, sa tSualainn 3 faoin gcéad, san Fhionnlainn, 3.7 faoin gcéad, sa bhFrainc 5.9 faoin gcéad. Tá an dara áit is airde ag an Iodáil (6.9 faoin gcéad)”.16


56. Deir an Roinn gurb é atá san fhigiúr £1.6 mhilliún ná meastacháin faoi chostais bhailiúcháin 1980. Níl an chuma air go rachaidh na costais bhailiúcháin do 1980 thar £1.4 mhilliún. Sin 7 faoin gcéad dén ioncam iomlán ó dhíol ceadúnais teilifíse.


Ní heol don Roinn cad iad na caiteachais atá áirithe sna céatadáin den chostas bailiúcháin sna tíortha eile a luaigh RTÉ. Tá sé déanta amach ag an Roinn, áfach, gur tuairim 8 faoin gcéad atá sa chéatadán d’fháltais uile na Ríochta Aontaithe, a fhreagraíonn do chéatadán 7 faoin gcéad na Roinne.


57. Mhínigh an Roinn don Choiste go ndéanann timpeall 50 faoin gcéad dóibh siúd a bhfuil ceadúnas acu a gcuid ceadúnas a íoc tráth faighte an chéad fhógra meabhrúcháin. Tráth faighte an dara fógra meabhrúcháin, íocann 30 faoin gcéad eile an ceadúnas. Tá timpeall 10 faoin gcéad fágtha atá deacair le bogadh agus ní foláir cigireacht ó dhoras go doras a dhéanamh sula n-ath-íocann siad siúd a gceadúnas. I roinnt cásanna díobh sin bheadh sé riachtanach imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh tar éis iniúchta. Tá sé níos deacra fós gléasanna teilifíse nár íocadh ceadúnas riamh astu, a aimsiú. Usáideann an Roinn gach eolas a fhaigheann sí ó oibritheoirí teilifíse cábla faoi fhorálacha na Rialachán Raidio-Teileagrafaíochta (Ceadúnas Leaschraolacháin Shreangaithe), 1974 agus ó dhéileálaithe teilifíse faoi fhorálacha an Achta Raidió-Theileagrafaíochta, 1972. Níl ach aon slí amháin áfach, lena chinntiú go bhfuil gach gléas teilifíse i ngach teaghlach ceadúnaithe go ceart agus is é sin iniúchadh pearsanta a dhéanamh ar gach áitreabh. Tá níos mó gá anois le hiniúchadh a dhéanamh ón uair a tugadh isteach an ceadúnas do ghléasanna ildaite. Roimhe seo níor ghá ach scrúdú a dhéanamh ar na teaghlaigh sin narbh eol de réir na dtaifead ceadúnas teilifíse a bheith acu; anois tá sé riachtanach scrúdú a dhéanamh ar gach teaghlach nach bhfuil ceadúnas do theilfís ildaite taifeadta ina leith. Cé go gcosnaíonn an dianfheachtas sin ó dhoras go doras ar fuaid na tíre timpeall £250,000, dealraíonn sé don Choiste gurbh fhiú a leithéid a choimeád ar siúl má táthar ar aon aigne nach bhfuil aon slí eile ann le cur in aghaidh an chéatadáin ró-ard éalaitheoirí.


58. Táthar ar aon aigne go bhfuil an iomarca daoine fostaithe ar an gcóras bailiúcháin lámh-oibrithe mar atá faoi láthair agus gur chóir córas ríomhaireachta a chur ina ionad. Mar a taispeánadh i mír 43, tá an Roinn tar éis a chur in iúl don Choiste go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le hobair a bhaineann le ceadúnais teilifíse a chur faoi réir chórais ríomhaireachta.


59. Tá an-tuiscint ag an gCoiste ar na fadhbanna a chuireann isteach ar RTÉ agus a thagann as na heasnaimh sa chóras bailiúcháin táille faoi láthair. Chuidigh an Coiste cheana féin le moladh a chuirfeadh ar chumas RTÉ beart níos éifeachtaí a dhéanamh maidir le bailiú táillí ceadúnas.17 Is maith leis an gCoiste go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag an Roinn chun ríomhaire a chur ag obair ar an ngnó bailithe ceadúnais. Ba chóir féachaint arís ó thús ar nithe ar nós an dáta a mbíonn táillí ceadúnais dlite, córais chláraithe déileálaithe agus na pionóis a ghearrtar ar éalaitheoirí ón táille ceadúnais. Tuigimid nach mbeadh sé iomchuí dá gcuirfí na pionóis diana i bhfeidhm sa tír seo a chuirtear i bhfeidhm i dtíortha eile.18 Ach is léir go bhfuil gá le feabhas a chur ar chórais bhailiúcháin anseo in Éirinn.


60. D’fhéadfadh dhá phríomhbhuntáiste a bheith le bailiúchán níos éifeachtaí a dhéanamh ar cheadúnais:


(i)laghdú ar an ráta méadaithe táille; agus


(ii)laghdú ar éileamh airgid ón Státchiste.


3.3 Fógraíocht

61. Ón eolas i bhFoscríbhinn 7 is léir go bhfuil an-tábhacht ag baint le fógraíocht i gcúrsaí maoinithe RTÉ.


62. Taispeánann na figiúirí atá foilsithe go raibh fás de réir ráta 26.8 faoin gcéad in aghaidh na bliana le cúig bliana anuas ar an ioncaim ó fhógraíocht. Sin figiúir atá cuid nach beag os cionn an ráta boilscithe. Sa bhliain 1980, b’fhiú £19.7 milliún (47.4 faoin gcéad den ioncam iomlán) an t-ioncam. Sin méadú de 28 faoin gcéad ar 1979.


63. I 1980 shaothraigh an teilifís 72 faoin gcéad d’ioncam fógraíochta iomlán RTÉ; 26 faoin gcéad a bhí i gcion, an raidió agus tháinig 2 faoin gcéad ó fhoilseacháin. An-éacht ab ea an t-ioncam ó fhógraíocht raidió a mhéadú 44 faoin gcéad ar mhéid na bliana 1979.


An Cion Margaidh

64. Tá RTÉ in iomaíocht le meáin eile (go háirithe na Nuachtáin, mórfhógraí lasmuigh agus lucht craolta eile) maidir le hioncam ó fhógraíocht. Léiríonn an t-eolas ón bPríomh-Oifig Staidrimh do na blianta 1976, 1977 agus 1978 gurb iad an teilifís agus an raidió le chéile is cúis le 40 faoin gcéad tuairim den chaiteachas fógraíochta ar fad.


65. De réir eolas a sholáthraigh comhairleoirí bainistíochta RTÉ b’ionann an spás fógraíochta a ceannaíodh ar raidió agus ar theilifís RTÉ agus 42 faoin gcéad den spás fógraíochta iomlán i 1979, murab ionann is 39.4 faoin gcéad i 1975. Is é an méadú sa teilifís is cúis leis an ardú sin ar fad beagnach.


66. Tá an-imní ar an gCoiste go bhféadfaí cur as don fhoinse ioncaim sin de dheasca leathnú na teilifíse cábla agus forbairt na nuachóras teilifíse satailíte. Cé go bhfuil sé deacair aon tomhas cruinn a dhéanamh ag an bpointe seo, níl aon iomarca dóchais againn go mbeidh teacht isteach RTÉ ó fhógraíocht i riocht mhaith sna blianta atá romhainn. D’aontaigh an Príomh-Stiúrthóir ina chuid fianaise nach raibh puinn scóip ann chun aon mhéadú suntasach a dhéanamh ar leibhéal na fógraíochta.19


Tráthanna le haghaidh Fógraíochta agus Arduithe ar Phraghsanna

67. Níl aon chúram reachtúil ar an Aire Poist agus Telegrafa maidir le hardú a dhéanamh ar na muirir fógraíochta ar an raidió nó ar an teilifís. Tá siad sin faoi réir forálacha an Acht Praghsanna, 1972. Scrúdaíonn an Coimisiún Náisiúnta tograí RTÉ i leith arduithe ar mhuirir fógraíochta agus déanann an Roinn, de réir socruithe atá ceaduithe ag an Rialtas, moltaí an Choimisiúin ar an ábhar a chur faoi bhráid an Rialtais le cinneadh a dhéanamh.


68. Braitheann leibhéal an ioncaim ó fhógraíocht ar an méid ama atá ar fáil d’fhógraíocht, an muirear a ghearrtar orthu agus an méid ama a dhíoltar de réir na rátaí muirir sin.


69. Faoi na hAchtanna um Údarás Craolacháin, tá na hamanna uile le haghaidh craoladh fógraíochta agus na huastréimhsí atá le tabhairt d’fhógraíocht in aon uair a chloig socraithe ag an Údarás le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa mar a leanas:


Raidió 1

10 faoin gcéad de chlár-uaire laethanta na seach-taine, ach gan an tréimhse 7 a chlog p.m. go 11 a chlog p.m. a áireamh, faoi réir uasmhéid de 7½ nóiméad in aon uair a chloig (ní bhíonn aon fhógraíocht ann ar an Domhnach).

Raidió 2

10 faoin gcéad de chlár-uaire, faoi réir uasmhéid de 7½ nóiméad in aon uair a chloig.

RTÉ 1 & RTÉ 2

10 faoin gcéad de chlár-uaire, faoi réir uasmhéid de 7½ nóiméad in aon uair a chloig.

70. Chomh maith leis na teorainneacha sin, cuireann nithe eile isteach ar an ioncam a thagann isteach (go háirithe, an laghdú a tharlaíonn de ghnáth sa chion fógaíochta in Eanáir agus i Lúnasa gach bliain).


71. Dúirt an Príomh-Stiúrthóir leis an gCoiste in a chuid fianaise go raibh an t-am iomlán atá ceadaithe le haghaidh fógraíochta ar RTÉ 1 á dhíol. Ar RTÉ 2 táimid ag úsáid timpeall 65 faoin gcéad den am atá ceadaithe. Ar Raidió 1, tá 100 faoin gcéad agus ar Raidió 2 thart ar 80 faoin gcéad.” Dúirt sé leis an gCoiste freisin “ní dóigh liom go dteastódh aon am breise fógraíochta uainn—is leor 10 faoin gcéad”.20


72. Dealraíonn sé ón eolas a chuir comhairleoirí bainistíochta RTÉ ar fáil do na cúig bliana dar chríoch Fómhar 1980, gur tháinig méadú ar na rátaí fógraíochta raidió a d’fhág iad roinnt éigin os cionn an ráta boilscithe ach go raibh a mhalairt i gceist i gcás na rátaí fógraíochta teilifíse. Cé gur luaigh na comhairleoirí an mhoill measartha fada a bhain le cinneadh a fháil i gcás iarratais ar arduithe sa ráta, tá an Coiste den tuairim go bhfuil baint nach beag ag cúrsaí margaithe ginearálta le méid na n-arduithe ar phraghas na fógraiochta agus leis an tráth lena dhéanamh.


73. Chuir Cathaoileach an Údaráis in iúl don Choiste gur chinn an tÚdarás go bhfanfaí bliain eile sula ndéanfaí an fhógraíocht le haghaidh beorach a fhoirceannadh agus go bhféachfaidis aris ar a gcinneadh ag deireadh na bliana nuair a bheadh fáil acu ar chlár oideachasúil Chumann Ghrúdairí na hÉireann a “gheall siadsan a dhéanamh i gcomhar leis an mBiúró Oideachas Sláinte, leis an gComhairle Náisiúnta um Alcólachas agus leis an Roinn Sláinte agus a sholáthrófaí do scoileanna agus a phléifeadh fógraíocht chun freagracht agus measaracht i gcúrsaí ólacháin a chur chun cinn. Is orthusan atá an fhreagracht teacht thar n-ais chugainne ach má loiceann siad a gclár a chur i láthair ag deireadh na bliana seo, rachaimidne chun cinn ag cur deireadh le gach fógraíocht ar son deochanna meisciúla”.21 Deir RTÉ gur ró-dhócha go laghdófaí an t-ioncam fógraíochta timpeall 4 faoin gcéad ar fad trí dheireadh a chur le fógraíocht ar son an ólacháin.22


74. Dúirt Cathaoirleach an Údaráis ina chuid fianaise “go bhfuil sé beartaithe do RTÉ timpeall 50 faoin gcéad dá n-ioncam a fháil ó tháillí ceadúnais agus an 50 faoin gcéad eile ó fhógraíocht. Níl sé beartaithe againn aon athru mór a dhéanamh ar sin”.23 Is é tuairim an Choiste, afach, gur chóir oiread ioncaim agus is féidir a fháil ó fhógraíocht ionas go gcoimeádfaí aon ardú ar cheadúnais chomh híseal agus ab fhéidir.


75. Mhínigh an Príomh-Stiurthóir Cúnta don Choiste an chaoi a dtagann athrú ar na praghsanna a ghearrtar de réir figiúirí atá leagtha amach ar ráta-chárta. Is é thugtar ar seo ráta-chárta réamhcheannaigh agus tá sé bunaithe ar an gcóras ceant Dúitseach mar a bhféadann an fógraitheoir atá sásta íoc de réir ráta níos airde suas go tráth áirithe roimh tharchur ionad níos fearr a fháil d’fhógra. I gcás an ionaid is fearr, bheadh 50 faoin gcéad de bhreis ar luach fhógra ar leith. Tá an córas sin i bhfeidhm le dhá bhliain anois agus tá sé níos deaphleanáilte ná riamh i mbliana. Cuirfidh sé go suntasach lenár n-ioncam ó fhógraíocht”.24


76. Tá an Coiste ar aon aigne gur chóir do RTÉ an úsáid is deaphleanáilte is féidir a bhaint as na struchtúir ráta-chárta leis an ioncam fógraíochta a mhéadú. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil an tráth le haghaidh fógraíochta i bhfad ó bheith díolta go hiomlán i gcás teilifís RTÉ 2 agus Raidió 2. Molann an Coiste sin gur chóir do RTÉ gach dícheall a dhéanamh chun an bearna áirithe sin a dhúnadh.


3.4 Leaschraoladh RTÉ

77. Is rannóg ar leith dá ngairtear Leaschraoladh RTÉ a riarann gníomhaíochtaí theilifíse cábla RTÉ. Tá roinnt ceadúnas ón Aire Poist and Telegrafa á dteachtadh ag an rannóg sin chun seirbhísí teilifíse cábla a chur ar fáil.


78. Cabhraíonn Leaschraoladh RTÉ le hioncam RTÉ in dhá phríomshlí:


(i)Trí tháille cheadúnais, ar fiú 15 faoin gcéad é den ioncam iomlán (gan muirir shuiteála agus CBL a áireamh), a íocann sé, i dteannta na ngnólachtaí teilifíse cábla eile, leis an Roinn Poist agus Telegrafa, agus ar an gcuma sin le RTÉ (lúide costais bhailiúcháin na Roinne); agus


(ii)Glan-íocaíocht dhíreach, de réir a bharrachais ón obair. B’fhiú £525,000 é sin sa bhliain 1980. Sin méadú de 65 faoi gcéad ar chéatadán 1979.


Tríd is tríd, tá toradh an-sásúil ar obair Leaschraoladh RTÉ nuair a scrúdaítear an fás atá tagtha ar an nglan-íocaíocht le RTÉ.


3.5 RTE Guide

79. Is tréimhseachán seachtainiúil é tréimhseachán RTÉ (RTE Guide) ina bhfaightear eolas agus treoir ar chláracha raidió agus teilifíse. Ó 1977, nuair a bunaíodh é mar ionad costais ar leithligh, tá sé go rialta ag cailliúint airgid. I 1979 chaill sé £92,600 in aghaidh £90,700 an bhliain roimhe sin.


80. Luaigh RTÉ ina fhianaise go raibh deacrachtaí ar leith ag cur isteach ar an tréimhseachán, mar atá,


“tá an praghas ró-íseal i gcónaí do thréimhseachán snasta dá leithéid;”


“le cúpla bliain anuas chuir arduithe ar pháipéar, agus ar chostais a bhain lena chur amach, isteach air;”


“baineann níos mó saothair lena chur amach ná, abair, cuid de na tréimhseacháin ar chomh-mhéid leis a fhreastlaíonn ar na mná;”


“caithfidh sé bheith cruinn suas go tráthnóna Dé Luain agus cuirtear i gcló é istoíche Dé Máirt. Bíonn lámh ag mórán oibrithe ina chur amach;”


“níor mheán fógraíochta ró-tharraingteach a bhí ann ar feadh i bhfad . . . . . . . . [ach le déanaí] tá ardú faoi thrí tagtha ar a ioncam ó fhógraíocht”25


Dúirt RTÉ linn gur cheistigh siad IBA agus an BBC féachaint an bhfaighidís cead a gcláracha siúd a fhoilsiú agus gur diúltaíodh iad sa dá chás. Dúirt an Príomh-Stiúrthóir Cúnta linn “gur mhór an cúnamh é an t-eolas sin a bheith againn ar shlí éigin, go háirithe i gcás cheantar Bhaile Átha Cliath agus an oirthir”.26


81. Ní thuigeann an Coiste cén fáth nach bhféadfadh an RTE Guide a chuid costais a ghlanadh, ar a laghad, ón uair gurb é an tréimhseachán seachtainiúil é is mó a dhíoltar sa tír. Molann an Coiste gur chóir diansmaoineamh a dhéanamh ar stuchtúr nua a sholáthar don tréimhseachán nó é a thabhairt do dhream éigin eile má theipeann air an pointe thuas a shroichint maidir le costas.


3.6 Díol Cláracha

82. Le linn na gcainteanna a bhí againn leis, rinne Cathaoirleach an údaráis tagairt do dhíol cláracha ar nós “Strumpet City” agus “The Year of the French”. Dúirt sé leis an gComhchoiste “nach ndéanfaidis aon airgead go deo i ndáiríre ach go gcuirfidis craoladh de chaighdeán ard ar fáil mar chraoladh baile agus go laghdóidis an costas a leanann cláracha den chineál sin a chur amach”.27 Úsáidtear modhanna éagsúla le haghaidh maoinithe. Is iad RTÉ a chaill go hiomlán le “Strumpet City” a chur amach. I gcás “The Year of the French” comhchur amach a bhí ann le teilifís na Fraince. Bhí Roinnt airgid ó Mheiriceá i gceíst chomh maith.


83. Tá téacs an mheabhráin a fuarthas ó RTÉ i dtaobh “Strumpet City” le fáil i bhFoscríbhinn 12. Is é an méid a chosain an clár go díreach ná £345,500 (i.e. gan tuarastail foirne a áireamh ná aon chionroinnt ar chostais ghinearálta RTÉ). Nuair a ceistíodh é i dtaobh an chostais iomláin, dúirt Ceannasaí Airgeadais RTÉ, le linn dó fianaise a thabhairt, gur chosain sé go garbh . . . . . . . . £800,000 má áirítear na daoine go léir a bhí páirteach, a gcuid tuarastal fad a bhí siad ag glacadh páirt ann.28 Maidir le díol an chláir “Strumpet City”, thug RTÉ le fios go raibh £353,020 san iomlán tuillte aige ag tús na Bealtaine 1981, agus go raibh ina theannta-san conradh leis na Stáit Aontaithe á thabhairt chun críche a thabharfadh isteach £60,000 breise. B’shin £413,020 san iomlán um lár 1981. Feictear do RTÉ go mbeidh glan-sochar de bhreis is £300 00029 tuillte ó dhíolacháin um dheireadh na bliana 1981.


84. Tá faoin Choiste a chur in iúl gur faoi threoir an mhéid a chosain an clár go díreach agus nach faoi threoir na gcostas iomlán a ríomhann RTÉ a gcuid glan-sochar ar “Strumpet City”. Tuigeann an Coiste nach nglanfar na costais iomlána a bhain le “Strumpet City” a dhéanamh ach go rachaidh an t-ioncam iomlán measta ó dhíol an chláir cuid mhaith den slí chun na costais bhreise a ghlanadh faoina ndeachthas thar mar a bheadh i gceist le dráma níos teoranta nach mbeadh aon díol ró-fhairsing i ndán dó.


85. Maidir le haon léiriú mór, dúirt an Príomh-Stiúrthóir leis an gCoiste:


“Gurb é an claonadh anois ná comhoibriú níos mó ná riamh i gcomhléirithe. Gheofá eagraíocht chraolacháin eile nó cuideachta scannán chun dul i bpáirtíocht leat chun sraith áirithe cláracha a dhéanamh. Maidir leis an gclár “The Year of the French” cuirfimidne na haisteoirí agus na hoibrithe ar fáil ach is ó eagraíochtaí eile go príomha a thiocfaidh an t-airgead faoina chomhair. I ndeireadh na dála, nuair a bheidh an clár críochnaithe agus díolta tiocfaidh cuid den teacht isteach ó dhíol an chláir thar n-ais chugainn.”30


Dealraíonn sé don Choiste gurb é sin an bealach is fearr do RTÉ a leanacht.


3.7 Foinsí eile ioncaim

86. Ina gcuid aighneachta chun an Choiste, rinne RTÉ tagairt d’fhoinsí ioncaim eile atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, (mar shampla díol amharc-chiorcaid, díol saoráidí, tarchur téacsanna, fís-thaifeadadh). Ní raibh an chuma air go gcabhróidis puinn le feabhsú ioncaim. Is mian leis an gCoiste tacú le RTÉ agus a mholadh dhóibh a n-aigne a dhíriú i gcónaí ar airgead a thuilleamh leis na nithe sin. Is beag an chiall atá le níos nó airgid a fháscadh as táillí ceadúnas agus as fógraíocht, nuair atá caiteachas á thabhú ó fhoinsí eile.


3.8 Costais

87. Is cúis mhór imní don Choiste luas an mhéaduithe ar chostais RTÉ, go háirithe sna cúig bliana dheireanacha. Ba mhian linn béim a chur go háirithe ar chostais saothrúcháin, ar chaiteachas a bhaineann le cláracha a dhéanamh agus ar chostais taistil agus staidéar ar leith a dhéanamh orthu. Feicfear i bhFoscríbhinn 8 an ráta fáis ar chaiteachas RTÉ le deich mbliana anuas.


Foireann

88. Gheofar i dTábla 3 thíos an líon foirne a bhí ag fónamh sa tréimhse 1975/1981:


TÁBLA 3


An Lion d’Fhoireann RTÉ a bhí ag Fónamh ar an 30 Meán Fómhair gach bliain ó 1975


Ar 30 Meán Fómhair

Foireann ag fónamh

Méadú ón mbliain roimhe sin

1975

1,697

 

1976

1,797

5.9%

1977

1,830

1.8%

1978

2,015

10.1%

1979

2,260

12.2%

1980

2,373

5.0%

Ag 27 Aibreán 1981

2,378

0.2%

Nóta: Ní theictear do RTÉ go dtiocfaidh, roimh 30 Meán Fómhair, 1981, aon mhéadú suntasach ar an líon foirne is déanaí atá luaite.


89. De réir comhairleoirí bainistíochta RTÉ, tháinig méadú 111 faoin gcéad ar rolla pá iomlán RTÉ idir 1975 agus 1979 (is é sin bunphá, aoisliúntas, liúntais agus breis-am.) Tháinig méadú 115 faoin gcéad ar an ráta bunphá sa tréimhse chéanna.


90. Dhealródh sé nach raibh an meán-mhéadú ar thuillimh na bhfostaithe in RTÉ iomarcach, i gcomparáid leis na gnáth-threoracha náisiúnta. Is é a chuireann as don Choiste, áfach, ná an méadú ar fad a tháinig ar líon na bhfostaithe (feic Tábla 3). Rinneamar tagairt cheana don fhonn atá ar RTÉ seirbhísí a chur ar fáil díreach toisc iad a bheith ag “a n-iomaitheoirí” ollmhóra.


3.9 Costais Teilifíse ó Chláracha baile

91. Gheofar i bhFoscríbhinn 9 meabhrán a fuarthas ó RTÉ a bhaineann le Costais Cláracha Teilifíse Baile do na blianta 1976/77 go 1979/80. Is cúis imní don Choiste an méadú ar an gcostas in aghaidh na huaire atá tagtha ar chláracha a rinneadh sa bhaile. Sa tréimhse ceithre bliana ó 1976/77 go 1979/80, tháinig méadú 16½ faoin gcéad, ar an meán, in aghaidh na bliana ar an gcostas in aghaidh na huaire i gcomparáid le méadú bliantúil 12⅓ faoin gcéad ar an meán ar an Treoirphraghas do Thomhaltóirí. Tá áthas ar an gCoiste a fheiceáil, áfach, go bhfuil an ráta méaduithe ar chostais na gclár ag dul i laghad le dhá bhliain anuas. Rud eile, glacann an Coiste leis go bhfuil sé deacair costais cláracha a chur i gcomparáid óir bíonn difríochtaí móra sna costais ó chlár go chéile. D’fhéadfadh suimeanna an-mhóra airgid a bheith i gceist i gcás mórléirithe dráma nó scannáin faisnéise, má chuirtear i gcomparáid le díospóireacht stiúideó iad.


92. Chuir an Coiste a dtuairimí in iúl cheana i dtaobh a chiallmhaire a bheadh sé bealaí eile a lorg chun díol as léirithe móra.


3.10 Costais Taistil

93. Gheofar i bhFoscríbhinn 10 léiriú ar na nithe ba chúis leis na costais taistil a thabhaigh RTÉ i 1978/1979. Ar ndóigh caithfear nuacht agus eolas ón gcoigrích a chur ar fáil do lucht féachana agus d’éisteoirí. Ón mioneolas is déanaí atá i bhFoscríbhinn 11 tá an chuma air go dtarlaíonn sé minic go leor go seoltar ó sheisear foirne suas go deichniúr thar lear chun clár nó léiriú teilifíse d’fhad 25 go 60 nóiméad a chur ar fáil. Is léir gur mó an costas iomlán sna cásanna sin ná an costas atá ar taispeáint sna Sceidil Chostais.


94. Tá an Coiste den tuairim go mbíonn RTÉ ró-shotalach uaireanta sa mhéid a bhaineann le taibhiú costas taistil. Dírímid aird air sin agus molaimíd gurbh fhiú dian-iniúchadh agus rialú a dhéanamh ar an gcostas sin.


3.11 Rialú Costas

95. Maidir le riaradh airgid, tá RTÉ roinnte i hocht bpríomh-rannán oibríochta: Cláracha Teilifíse, Cláracha Raidió, Nuacht, Aiseanna Léiriúcháin Teilifíse, Innealtóireacht, Rialú Airgeadais, Díolacháin agus Pearsanra. Mhínigh RTÉ don Chomhchoiste:


“Tá na rannáin seo roinnte i ngrúpaí, i ranna agus, ar deireadh, in ionaid chostais. Riartar an t-airgead ar na ranna de réir mar atá luaite roimhe seo agus cuirtear amach tuarascálacha gach ceithre sheachtain ina léirítear an saothrú airgid i ngach tréimhse agus bliain suas go dtí an dáta i gceist, is é sin, caiteachas iarbhír in aghaidh an airgid ar fáil.”


Rinne an Coiste mionstaideár cúramach ar aighneacht RTÉ agus ar bhreith agus ar mholtaí comhairleoirí bainistíochta an Údaráis i dtaobh rialú ar chúrsaí airgid.


96. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil claonadh ann riaradh an airgid a bhunú ar chostais seanbhunaithe, arna gcoigeartú faoi chomhair boilscithe agus nach ndéantar iad a roinnt amach ar an dá mhí dhéag go hiomlán, ag cur nithe ar nós coir séasúracha agus coir eile a mbeifí ag súil leo, san áireamh. Tugann an Coiste faoi deara freisin cur cuireadh “Ciste Riachtanais” de £3 mhilliún nach mór, ar fáil i mbliain airgeadais 1980. Creideann an Coiste go gcoisceann Ciste mór den chineál sin rialú dian ceart a chur i bhfeidhm agus nach bhfoghlaimítear, dá dheasca, an dea-thoradh a thagann as athbhreithniú a dhéanamh go minic ar chúrsaí buiséadachta.


97. Léirigh RTÉ ina bhfianaise go bhféadfadh roinnt mhaith deacrachtaí a bheith i gceist le haon dlúth-chórais rialaithe a thabhairt isteach. Mar sin féin, is é tuairim an Choiste gur chóir go mbeadh buiséadú, i gcás RTÉ, chomh héifeachtach agus ab fhéidir i leith gach oibríocht de chuid RTÉ. Chun bainistíocht cheart a dhéanamh ní mór don lucht bainistíochta eolas iomlán a bheith acu ar staid sochair nó dochair a ngnó agus ina theannta sin eolas faoi oibríocht gach coda maidir le costas. Ní mór ina choinne sin féachaint chuige go mbeadh gach rud faoi réir buiséadachta nach rachadh thar fóir. Ina leith sin, tá roinnt nithe nár mhór do RTÉ súil a choinneáil orthu agus iad ag pleanáil faoi chomhair a mbuiséad bliantúil. Ar an gcéad dul síos, ba chóir na harduithe toimhdeana go léir ar chostais a áireamh in aon pleanáil airgid bhliantúil, mar shampla, an costas a d’fhéadfaidh leanacht as comhaontaithe pá a bheadh in oirchill nó réidh cheana féin agus as costas-bhoilsciú. Ar an dara dul síos ba chóir na buiséid a bheith léirithe in aghaidh na míosa. Sa tríú háit, ba chóir “riachtanais”, i gcás iad a áireamh sna costais, a bheith léirithe amhlaidh ar leithligh (Feic mír 96). Sa cheathrú áit, níor mhór iarracht a dhéanamh buiséadú “nialas-bhunaithe” a thabhairt isteach.31 Tuigeann an Coiste, mar a dúirt Cathaoirleach an Údaráis, “go ndéanann a lán daoine mórchuid cainte faoi ach ní heol dóibh cé chomh deacair is atá sé”.32 Cé go mbeadh sé an-deacair ar fad (nó dodhéanta fiú) buiséadú “nialas-bhunaithe” a thabhairt isteach ina iomláine, ba chóir triail a bhaint as roinnt éigin den chóras buiséadachta sin. D’fhéadfaidh RTÉ (agus rachadh sé i bhfábhar dóibh), clár a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar laghdú pleanáilte costais lena mbainfeadh athbhreithniú pleanáilte iomlán agus athscrúdú ar mhórláithreacha costais. Ní mór a thuiscint, áfach nach ionann athscrúdu a dhéanamh ar an gcóras buiséadachta agus rialú costas a chur i bhfeidhm. Is é an bhuntáiste a thagann as, áfach, go léiríonn sé na láithreacha nár mhór beart a dhéanamh chun críoch a chur le haon droch-chlaonta agus iad a cheartú. Dá réir sin, molann an Coiste gur chóir do RTÉ córais chostais-fhaireachais a chur i bhfeidhm, i dteannta athbhreithniú a dhéanamh ar a gcórais buiséadachta. Chuirfeadh córais dá leithéid in iúl na bearta ba chóir a dhéanamh chun aon chlaonta neamhfhábharacha ar chostais, a cheartú.


IV BEARTAS MAIDIR LE CLÁRACHA

4.1 Réamhrá

98. Faoi láthair, tá RTÉ ag tarchur níos mó cláracha ná riamh, chun líon teaghlach is mó ná riamh sa tír seo, agus tá raon na gcláracha sin níos fairsinge anois ná mar a bhí aon uair go dtí seo. Ní nach ionadh, cuireadh níos mó aighneachtaí i dtaobh ceist bheartas na gclár faoi chomhair an Choiste ná mar a cuireadh i dtaobh gnó eile RTÉ ina iomláine. Is mó an bhaint atá ag cúrsaí teilifíse agus raidió le saol an duine inniu ná aon tráth roimhe seo mar gur príomh-mheán caitheamh aimsire iad agus go bhfuil tionchar acu ar shaol beo an phobail. Mar a dúradh i dTuarascáil an Choiste um Athbhreithniú Craolachán 1974 “na háiseanna raidió agus teilifíse a bhfuil fáil orthu ag lucht craolta is saoráidí poiblí iad a bhfuil an-éileamh orthu. Is áis é an craoladh trínar féidir leis an lucht craolta an-tionchar, i bhfoirm fuaime agus pictiúirí, a bheith acu ar riar mór daoine. Na costais chaipitil agus oibre a bhaineann le saoráidí tarchuir, nasctha, stiúideó agus saoráidí teicniúla eile agus an t-airgead ar fad a chaitear ar ghléasanna glactha, is riar mór acmhainne i gcúrsaí airgeadais iad. Agus áis luachmhar eile nach bhfuil fáil athuair air, am, baineann lucht éisteachta agus féachana leas as freisin.


4.2 Cláracha Raidió

99. Tá athrú nach beag tagtha ar ghnó an raidió mar mheán cumarsáide le 30 bliain anuas. Éisteacht leis an raidió a bhí, tráth, ina phríomh-sprioc caitheamh aimsire sa teaghlach agus a bhíodh ar siúl go príomha tráthnóna—


“is rud príobháideach anois é, ar an gcuid is mó de, agus is mar chúlra do ghnó éigin eile a fhónann sé, mar shampla tiomáint, caitheamh bia, obair sa bhaile, san oifig nó sa mhonarcha”.33


Ceann de na príomh-thorthaí air sin an t-athrú ar tráthanna éisteachta. In Éirinn agus in Iarthar na hEorpa ar fad, geall leis, éisteann mórchuid daoine leis an raidió go luath ar maidin ar feadh scaithimh fhada agus ar feadh tamaill is giorra ná sin ag tráthanna béile eile. Ag tráthanna eile den lá bíonn laghdú ar an líon daoine a bhacann leis an raidió. Is é a deir RTÉ ina thaobh sin:


“Déantar na cláracha a bhfuil níos mó tarraingt acu, a chur amach i rith an lae, ag na tráthanna a mbíonn líon an lucht éisteachta measartha mór. Tráthnóna, nuair a mheallann an teilifís an chuid is mó den lucht éisteachta, déanann an raidió freastal orthusan ar mionlach iad ó thaobh dúil i gcláracha agus in ábhair neamhghnácha.”34


100. Tarchuireann RTÉ 5 sheirbhís raidió dhifriúla. Bíonn gach ceann acu dírithe ar chineálacha difriúla lucht éisteachta mar shampla, Raidió 1, Raidió 2, Raidió na Gaeltachta, Raidió Aitiúil Chorcaí agus Raidió an Phobail.


101. Ag na brú-thráthanna, éistíonn níos mó daoine le Raidió 1 ná le haon tarchur eile de chuid RTÉ. Mar a deir RTÉ “is meán náisiúnta uileghabhálach é Raidió 1 a chuireann nuacht agus cúrsaí reatha i láthair a chraolann ceol de gach cineál, drámaí, cúrsaí oideachais, creidimh, spóirt agus talmhaíochta; cláracha eolais, cláracha faisnéise agus siamsaíochta, lena n-áirítear cláracha Gaeilge ar mórchuid de na hábhair sin thuas. Is seirbhís náisiúnta go hiomlán é atá neamhspleách ar Raidió 2 agus nach bhfuil aon fheidhm chomhlánaithe aige ina leith sin óir ní hé an tIonad Raidió i nDomhnach Broc an t-aon fhoinse óna dtionscnaíonn cláracha. Cuireann na stiúideonna cúigí i gCorcaigh, i bPort Láirge, i Luimneach, i nGaillimh agus i mBéal Feirste cláracha amach chomh maith. Craolann Raidió 1 ar feadh seacht n-uaire a chloig déag go leith sa ló—ó 6.30 a.m. go meánoíche ar an meántonn (592m) ón Tulach Mór agus ar feadh cuid den lá ar an Ardmhinicíocht atá á riaradh acu le Raidió na Gaeltachta.”34


102. De réir an eolais atá ar fáil (Feic Foscríbhinn 14) le roinnt blianta anuas, dealraíonn sé go raibh méadú ar an gcéatadán ama ar Raidió 1 a caitheadh le Ceol agus Siamsaíocht i gcomparáid le Drámaí, Cláracha faisnéise, Cúrsaí Reatha etc. Bíodh go dtuigeann an Coiste go bhfuil sé riachtanach soláthar d’éilimh an lucht éisteachta, creideann siad san am céanna gur chóir soláthar go cothrom dóibh siúd eile a éilíonn Drámaí, Cláracha faisnéise, Cúrsaí Reatha etc.


103. Is cúis imní don Choiste é nach bhfuil fáil ar tharchur ardmhinicíocht leanúnach do chláracha Raidió 1. Cuireadh ar ár súile dúinn go raibh iarratas déanta ag RTÉ ar bhealach eile ardmhinicíochta. Fad atáthar ag fanacht le cinneadh air sin (agus i gcás, fiú, go dteipfeadh ar an iarratas) mholfadh an Coiste go mór go scaipfí RTÉ Raidió 1 oiread agus ab fhéidir, fiú dá gciallódh sé sin go gcuiffí seirbhís eile as an slí uaireanta, ó na bealaí ardmhinicíochta atá ann.


104. Is é atá i Raidió 2, mar a deir RTÉ “bealach do cheol éadrom, a fhreastalaíonn nach mór ar fad do dhaoine óga arb iad leath daonra na tíre nach mór anois iad. Tá teorainn leis an gcion cainte ach tugtar gearr-mhíreanna nuachta agus eolas faoi thrácht agus faoin aimsir. Chomh maith leis sin, déantar soláthar ar thomhaltóirí agus tugtar sonraí faoi chaitheamh aimsire agus cursaí spóirt. Úsáidtear an Ghaeilge i gcomhthéacs an cheoil traidisiúnta. Go minic craolann sé ceolchoirmeacha éadroma ar fuaid na tíre. Bíonn Raidió 2 ar an aer ó 6.30 a.m. go 1.50 a.m.—breis is naoi n-uaire a chloig deag sa ló—ar an meántonn (490 m) ó Áth Luain, Baile Átha Cliath (240m) agus ar an Ardmhinicíocht (steireo) ar a ghréasán féin”.35


Is seirbhís nua Raidio 2 dáiríre, óir níl sé ach dhá bhliain ó bunaíodh é agus níl dóthain fianaise ann lena fhiúntas a thomhas i gceart.


105. Bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972. Craolann sé ar tharchuradóirí meántonnta íseal-chumhachta chuig lucht éisteachta i gceantair Ghaeltachta agus ar an ardmhinicíocht ar fuaid na tíre. Craolann sé anois ar feadh 35 uaire a chloig gach seachtain. Mar a deir RTE “Is é an beart is fearr a rinne sé ná an pobal i ngach Gaeltacht éagsúil a thabhairt le chéile agus a gcéannacht agus a leas coitianta a chur ar a súile dóibh”.


106. Craolann Raidió Áitiúil Chorcaí ar an meántonn (253m) “mar bhealach éalaithe” ó Raidió 1, ón Luan go dtí an Aoine, ó 12.30 go 13.30 uaire. Deir RTÉ leis an gCoiste go n-éistíonn mórchuid daoine leis an tseirbhís sin ina cheantar féin agus go bhfuil éileamh láidir aitiúil ann na huaire a chloig craolta ar an tseirbhís sin a leathnú.


107. Maidir le Raidió an Phobail téann sé thart go tuairim ocht láthair déag gach bliain. Tugann lucht a riartha stiúidio iniompartha leo agus tugann léiritheoir agus foireann teicniúil comhairle agus cúnamh don phobal áitiúil chun cláracha a ullmhú agus a tharchur. Cláracha iad sin a bhaineann go dlúth leis an gceantar ina gcraoltar iad. Le tarchuradóirí ísealchumhachta meán-mhinicíochta agus ardmhinicíochta a théann thar réimse cúig / seacht míle, tarchuirtear cláracha ar feadh ceithre uaire a chloig gach lá (11.30 go 13.30 agus ó 16.30 go 18.30) ar feadh seachtaine nó mar sin sna láithreacha roghnaithe. Dúirt RTÉ leis an gCoiste go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis na tarchuir trialacha sin agus nach féidir le RTÉ fónamh chor ar bith ar an éileamh mór atá orthu. Deir siad freisin go leanfar an bunsamoineamh agus an modh oibre sin in aon fhorbairt a dhéanfar amach anseo.


4.3 Cláracha Teilifíse

108. Is mór an fhorbairt atá déanta ar chúrsaí teilifíse le roinnt blianta anuas. Is dócha gurb é an meán cumarsáide is tábhachtaí sa domhan anois é. In Éirinn, tá gléas teilifíse i ngach teach beagnach (785,000 de réir an chomhairimh is deireanaí).36 Tá claonadh láidir le tabhairt faoi deara i gcás rogha a bheith ag an lucht féachana agus cláracha de chineál áitiúil a bheith ar fáil.


109. Cuireann RTÉ dhá sheirbhís teilifíe ar fáil, is é sin, RTÉ 1 agus RTÉ 2. Chuir RTÉ rompu


“seirbhís chuimsitheach, ar mheán dhá bhealach, a sholáthar a chomhthacódh le chéile. Ní hamhlaidh nach bhfuil baint ag an dá bhealach le chéile ach níl siad san iomaíocht le chéile agus tá siad pleanáilte chun freastal ar an éileamh is fairsinge i measc an lucht féachana agus an rogha is mó is féidir a thabhairt dóibhsean. Is é RTÉ 1 an príomh-bhealach, mar a dtugtar an príomh-sheirbhís Nuachta, agus mar a gcuirtear síos ar chúrsaí tábhachtacha poiblí agus ar a gcraoltar ábhar bunaithe. I 1979 is in Éirinn a táirgeadh 43 faoin gcéad de na cláracha. Bunaíodh RTÉ 2 de thoradh éileamh poiblí le rogha féachana a chur ar fáil agus chun a chur ar chumas na limistéir aon-bhealaigh rogha chomh leathan agus ab fhéidir a bheith acu maidir le hábhar teilifíse na Breataine a fhaightear sa limistéar ilbhealaigh. De bhun a oibleagáidí ina leith sin, craolann RTÉ 2 faoi láthair 80 faoin gcéad d’ábhar allmhairithe cé go meastar cheana féin go n-éileoidh an pobal go méadófaí an riar cláracha baile”.37


110. Chuir RTÉ in iúl don Choiste go bhfuil costas cláracha teilifíse (déanta in Éirinn) bunaithe ar bhonn nach dtaispeánann costas gach clár ar leithligh ná liosta na dtuarastal a bhain leo. I Meán Fómhair, 1980, thug RTÉ na samplaí seo a leanas de na costais in aghaidh gach uair a chloig cláracha:—


Cláracha déanta in Éirinn


 

£

Dráma/seó ilghnéitheach d’ard-chaighdeán

7,000 - 10,000

Cúrsaí reatha

2,500 - 3,500

Scannáin Faisnéise

3,500 - 10,000

Clár “Seirbhíse” (i.e. “Motorways”)

2,500

Idirphlé sa Stiúideo

1,250

“Strumpet City”/tionscadail speisialta

20,000 - 45,000

Cláracha allmhairithe


 

£

Scannán

...

...

...

...

...

...

350

Scannán Faisnéise

...

...

...

...

500

Seónna Siamsaíochta

...

...

...

...

500

Drámaí culaithirte

...

...

...

...

500

Seónna Popcheoil

...

...

...

...

1,500

Seó teaghlaigh ó na Stáit Aontaithe

...

...

250

111. Tuigeann an Coiste go bhfuil an praghas a dhíoltar ar chláracha allmhairithe cuid mhaith níos ísle ná a gcostas iarbhír mar nach mbíonn na cuideachtaí soláthair ach ag súil le híocaíocht bheag astu. Chomh maith leis sin, tuigeann an Coiste to bhfuil an costas iarbhír a bhaineann le léiriú a gcláracha féin ag RTÉ níos airde ná Costas Díreach na gCláracha mar atá luaite.


4.4 Dualgais Reachtúla

112. San Acht um Údarás Craolacháin, 1960 (arna leasú leis an Acht um Údaráis Craolacháin (Leasú), 1976) tá roinnt forálacha maidir le clár-pholasaí. Ar an gcéad dul síos, leagann an reachtaíocht roinnt dualgais ginearálta ar RTÉ maidir le haidhmeanna náisiúnta. Tá na dualgais sin léirithe i mír 3. Ar an dara dul síos, leagann an reachtaíocht síos go bhfuil RTÉ faoi chuing ag forálacha áirithe maidir le hoibiachtúlacht agus neamhchlaontacht i gcomhlíonadh a ndualgas (i) ag craoladh nuachta agus á tuairisciú (ii) ag craoladh agus ag plé cúrsaí reatha agus (iii) ag cur ábhar i láthair a d’fhoilsigh an tÚdarás bíodh sé scríofa, le cloisteáil nó le feiceáil.38 Ar an tríú dul síos, tugann an reachtaíocht cumhacht don Aire Poist agus Telegrafa, i gcás go measfadh sé gur dhóigh d’aon ní craolta nó d’aon ábhar de chineál ar leith coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú nó gur de ghné é a dhéanfadh dochar d’údarás ar Stáit, ordú a thabhairt don Údarás gan an t-ábhar nó aon ábhar den chineál ar leith sin a chraoladh.39


113. De réir na reachtaíochta, tá sé ar cheann de dhualgais ghinearálta RTÉ “a bheith freagrach do leasanna agus do chúraimí an phobail go léir”. Is é tuairim an Choiste go dtuigtear leis an dualgas sin gur cúram lucht stiúrtha é treoir a thabhairt i gcás bun-aidhmeanna an phobail agus a gcuid fadhbanna.


Foirneart

114. Is cuid thábhachtach de shaol an duine an teilifís, ar fuaid an domhain. Meastar gur 15 uaire a chloig in aghaidh na seachtaine an meánfhad a chaitear ag amharc ar theilifís in Éirinn.40 In aighneacht a rinne an Buíon Staidéir ar Mhná ag Craoladh, chun RTÉ i Samhain 1980, dúradh gur léir ó staidéir sna Stáit Aontaithe go gcaitheann an gnáth-duine fásta naoi mbliana dá shaol nó dá saol ag breathnú ar theilifís agus go gcaitheann páistí 25 uaire in aghaidh na seachtaine ag breathnú uirthi sa Bhreatain. Cibé ar bith an mar sin atá i ngach cás, is léir go bhfuil tionchar uileghabhálach ag an teilifís mar áis inár gcaitheamh aimsire.


115. Tá tábhacht ar leith ag baint le feidhmiú RTÉ mar stáisiún seirbhíse poiblí náisiúnta. I gcás leath dhaonra na tíre is é an t-aon bhealach teilifíse acu é ach ina theannta-san tá RTÉ ceangailte ar chuma éigin le príomhshruth ceart-tuairimíochta nó oifigiúil na tíre. Mar gheall air sin, is meán fíor-chumhachtach é a théann i bhfeidhm ar shlite éagsúla go hoscailte agus go neamhoscailte ar thuairimí agus ar mheon na ndaoine.


116. Cuireann an foréigean agus an méid de a thaispeántar ar an teilifís an-imní ar an gCoiste. Is eol don Choiste go bhféadfaidh an foréigean sin, de réir eolaithe údarásacha, dul i bhfeidhm ar an aos-óg go háirithe. Deir Eysenck agus Nias ina leabhar “Sex, Violence and the Media”:


“The evidence is fairly unanimous that aggressive acts new to the subject’s repertoire of responses, as well as acts already well established, can be evoked by the viewing of violent scenes portrayed on film, TV or in the theatre. There is ample evidence that media violence increases viewer aggression, and may also increase viewer sexual libido”.


agus


“A given country, at a given time, has a certain moral climate; this climate can easily be disrupted by propaganda in the media and elsewhere”.


Léirigh Cathaoirleach an Údaráis, áfach, i bhfianaise, “nach raibh lucht taighde sóisialta ar aon fhocal chor ar bith i dtaobh tionchar an fhoréigin teilifíse” de réir páipéir a cuireadh faoi bhráid an Údaráis. 41


117. D’áitigh an Coiste ar RTÉ gur ar éigean a d’fhéadfá a rá go gcuireann an líon scannán le foréigean iontu a thaispéantar ó am go ham leis an tsíocháin agus leis an gcomhthuiscint. Seo mar a leanas achoimre ar a raibh le rá ag Stiúrthóir na gCláracha Teilifíse in RTÉ. Faightear faoi bhun 6 ghearán in aghaidh na míosa faoi fhoréigean. Ar an obair mheasúnachta ag RTÉ, áirítear réamhthriail tosaigh agus réamh-amharc “laistigh” ag daoine atá an-oilte, staidéartha agus eolaiseach i gcúrsaí ealaíne. Bhí drochbhearta agus cúrsaí gnéis mar théamaí riamh i ndrámaí ach féachann RTÉ chuige go dícheallach nach ligtear isteach ceachtar acu gan chúis in aon chlár dá gcuid a tharchuirtear. Déanann RTÉ cúram de nach mbíonn aon “fhoréigean samplach” ag baint le haon ábhar ina gcláracha a d’fhéadfadh daoine ar leith i measc an phobail a ghríosadh chun an fhoréigin. Ní tharchuirtear cláracha a ndealraíonn sé go bhfuil trom-fhoréigean ceadaithe, fiú más ar son an chirt féin é. Tuigeann RTÉ go maith freisin éifeacht an fhoréigin nach de chineál fisiciúil é. In aon chás amhrasach sa réamhléiriú, cuirtear an scéal faoi bhráid oifigigh níos uachtaraí sa tslí go bhféadann duine níos sinsearaí cinneadh a dhéanamh i gcónaí. Féachann RTÉ leis an bpobal a shásamh maidir leis an gcion foréigin trí féachaint chuige nach dtarchuirtear sraitheanna an tráth céanna ar an dá bhealach teilifíse má bhíonn mórchuid foréigin iontu. Aon chlár a d’fhéadfadh cur as don lucht féachana ní thaispeántar iad roimh 9.30 p.m. (athraítear an nós sin tráth laethanta saoire scoile). Tugtar fógra roimhe ré má bhíonn aon ábhar an-chorraitheach le taispeáint agus socraítear an clár le go mbíonn clár taithneamhach mar rogha ar an mbealach eile.42


118. Mar chríoch, dúirt an Coiste go bhfuil freagracht i bhfad níos mó ar an Údarás i dtír ina bhfuil an foréigean an-bheo inti ná mar atá i gcás tíre gan foréigean ar bith inti. Tá an Coiste deimhin de go bhfuil an iomarca foréigin i gcláracha RTÉ agus is é a dtuairim nar chóir aon chlár le haon chion suntasach foréigin ann a thaispeáint roimh 10 p.m. Tá áthas ar an gCoiste a chlos go bhfuil RTÉ tar éis geallúint a thabhairt go bhfuil siad chun gearradh siar ar aon ábhar atá ró-thugtha don mhórfhoréigean43 agus is é dóchas an Choiste go leanfar leis an ngearradh siar sin agus go gcuirfear dlús leis.


Mórluacha an Phobail: Neamhchlaontacht

119. Ar threorlínte d’fhoireann RTÉ tá an méid seo a leanas:


“Caithfidh craoladh meon maireachtála an phobail dá bhfónann sé a léiriú agus gníomhú de réir a mórluacha, féachaint le freastal ar a gcaighdeáin béasa, modhúlachta agus córa. Ní fhéadfadh sé, dá réir sin, freastal ar gach tuairim a ghabhann an treo ná ní fhéadfaidh sé gníomhú go neodrach i gcás a bhun-phrionsabail fealsúnachta agus meoin. Caithfidh sé a bheith neamhchlaonta, áfach. Ní mór dó eolas níos leithne agus níos doimhne a chur ar fáil don lucht éisteachta ina chuid cláracha agus aon ghnéithe de shaol an phobail is cuí a chur faoi cibé iniúchadh is gá le fiosrúchán neamhchlaonta a áirithiú. Réitíonn cách go bhfuil dlúth-bhaint ag an ábhar a roghnaítear le craoladh le caighdeáin luacha déantóra an chláir. Ba chóir é bheith d’fheidhm le haon rogha craolta an t-eolas a chur ar fáil go hiomlán don phobal agus gan bheith ag tnúth le tuairimí déantóra an chláir”.


120. Dúirt Cathaoirleach an Údaráis leis an gCoiste “go rabhamar sásta go bhfuil na treoracha sin á gcomhlíonadh sna cláracha a dhéantar agus a léirítear.”44 Luaigh Stiúrthóir na gCláracha Raidió:


“Ta srianta an-diana i bhfeidhm. I ndáiríre, maidir le cúrsaí reatha, . . . . pléann coiste eagarthóireachta arb é an Príomh-Stiúrthóir an Cathaoirleach an t-ábhar a bheidh ar an gclár don tseachtain atá le teacht, na daoine a bheidh ar an gclár agus cé hiad agus féachaimid chuige go gcloistear dhá thaobh an scéil i gcás aon ábhar ar leith. Ní féidir i gcónaí ná go deimhin ní gá é, go ndéanfaidh clár amháin plé iomlán ar aon fhadhb áirithe ar mhodh neamhchlaonta óir is féidir clár amháin a chraoladh a bheadh i bhfabhar na ceiste lena mbaineann agus clár eile a chraoladh cúpla lá ina dhiaidh sin a bheadh in aghaidh na ceiste céanna sin. Sa tslí sin féachaimid chuige go dtugtar dhá thaobh an scéil.”45


Is é tuairim an Choiste go bhfuil sé an-tábhachtach, i gcás aon ábhair conspóideacha a bheith á bplé, go gcraolfaí tuairimí coitinne go dóthanach. Is é tuairim an Choiste, leis, gur chóir go ginearálta gach taobh den scéal a phlé ar an gclár céanna.


121. Seoladh roinnt gearán chun an Choiste inar dúradh gur sháraigh RTÉ na treoracha sin thuas.


122. Mar shampla, deir an Irish Family League go bhfuil RTÉ ag baint níos mó úsáide i gcónaí as an monaplacht atá acu chun tuairimí colúla a chraobhscaoileadh a n-áirítear ina measc glébholscaireacht in aghaidh mhoráltacht agus mhodhúlacht an mhórlaigh sa lucht éisteachta, ar Caitlicigh iad agus ina theannta-san chun cosc a chur le daoine eile, ar mhalairt tuairime, an oiread céanna ama a chaitheamh á gcosaintsean …”


123. Mhaígh an Cumann in aghaidh Pornagrafaíochta “ní dhéanfaidh sé cúis a rá nach bhfreastlaíonn RTÉ ar an bpobal mar nach gcloíann siad le cód caighdeán sainordaitheach. Caithfear cur ina n-aghaidh freisin mar go bhfuil siad ag díspeagadh agus ag truailliú pobal na hÉireann”.


124. Deir an St. Thomas More Society: “…tá fianaise nach beag ann go bhfuil a lán daoine imníoch faoin gcaighdeán moráltachta i mórchuid de na cláracha a chraolann RTÉ agus faoin bhfaillí atá á dhéanamh meas a bheith ar na tréithe Críostaíochta traidisiúnta in aon phlé ar phointí moráltachta conspóideacha”; agus “… an cinneadh a rinneadh gan ach an oiread céanna ama a thabhairt do sheirbhísí Caitliceacha a thugtar don 6 faoin gcéad eile de na daoine, is cinneadh claonta seicteach é in aghaidh mórlach na ndaoine sa tír seo”.


125. Ó thaobh eile de, chuir an Eaglais Úinitéireach ráiteas chun an Choiste á mhíniú “… mar gheall ar shlatomhas garbh atá bunaithe ar uimhreacha i limistéar na Sé Chontae is Fiche táimidne sa tslí nach bhfaighimid go deo aon am in aon chor ar an aer”.


126. An aighneacht a tháinig ó Ridirí Naomh Colmán áitíodh inti gur cheart “gléas éifeacht a bhunú a d’fhéadfaí a úsáid ag an bpobal chun aon chlaonadh óna ndualgas sonraithe a tharlódh in RTÉ a chur ina cheart.” Chuaigh an méid a dúirt Iarphríomh-Ridire, le linn dó fianaise a thabhairt, i bhfeidhm ar an gCoiste. Mhínigh seisean croílár na faidhbe mar a b’fhacthas dó-san é. Dúirt sé—


“nach raibh aon fhianaise ar fáil i dtaobh RTÉ a bheith ag imeacht óna ndualgas. Mar is eol dúinn go léir, tá cuid mhaith cáineadh á dhéanamh faoin gclaontacht agus faoi gach rud eile cibé acu an fíor nó bréag é. Ach dar linne gur beag duine a bhféadfaí a rá ina thaobh go bhfuil sé chomh neodrach macánta sin agus nach bhfuil leas ar bith aige i gcúrsaí, go mbeadh sé in ann a dhéanamh amach cibé a tá nó nach bhfuil siad ag imeacht óna ndualgas.”46


Sin téama a bhfillfidh an Coiste air arís níos déanaí sa Tuarascáil. Feic Alt 4.13.


Alt 31 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960

127. Ar an 17 Eanáir 1978, rinne an tAire Poist agus Telegrafa ionstraim reachtúil dar teideal “an tOrdú fán Acht um Údarás Craolacháin, 1960 (Alt 31), 1978 (I.R. Uimh. 10 de 1978)” I measc nithe eile, bhí foráil ann mar a leanas:—


“Ordaítear leis seo do Radio Telefís Éireann gan aon ábhar a chraoladh is agallamh, nó tuairisc ar agallamh, le fear labhartha nó le fir labhartha d’aon cheann nó níos mó ná aon cheann de na heagraíochtaí seo a leanas, is é sin le rá,


(a)an eagraíocht a thugann an Irish Republican Army (freisin I.R.A. agus Óglaigh na hÉireann), uirthi féin,


(b)an eagraíocht a thugann Sinn Féin Sealadach uirthi féin,


(c)an eagraíocht a thugann an Ulster Defence Association uirthi féin,


(d)aon eagraíocht ar eagraíocht thoirmiscthe í i dTuaisceart Eireann de réir bhrí alt 28 d’Acht Pharlaimint na Breataine dar teideal an Northern Ireland (Emergency Provisions) Act, 1973.”


128. Maidir le halt 31 luaigh an Stiúrthóir Nuachta gurb é a thuairim:—


“nach ndéanfadh aon tuairisceoir ná craolaitheoir iarracht ar alt 31 a chosaint. Ní maith linn é ach is é dlí na tíre é agus toisc gur craolaitheoirí agus tuairisceoirí freagracha sinn, comhlíonaimid é. Is laincis é a choisceann nuacht áirithe a thuairisciú i gceart, go háirithe nuacht a bhaineann le Tuaisceart na hÉireann. Ach ní chuireann sé isteach ar a tuairisciú an oiread sin nach eol do dhaoine céard atá ag titim amach i dTuaisceart na hÉireann mar go gcraolaimid i gcónaí ráitis ó eagraíochtaí dleathacha agus neamhdhleathacha. Is ceadaitheach dúinn tagairt dá ngníomhaíochtaí agus foilsímid a gcuid admhálacha nó neamhadmhálacha i gcás ciontachta i dteagmhais áirithe. Níl cosc iomlán orainn ach braithimid go gcuireann sé isteach ar chuntas iomlán measta a thabhairt ar imeachtaí. Ceapann cuid mhaith tuairisceoirí freagracha go rachadh sé chun leas an phobail dá ndéanfaí daoine áirithe atá anghníomhach i ngníomhaíochtaí ar leith taobh Thuaidh agus taobh Theas den Teorainn a chur faoi dhian-agallamh.”47


Chuir Cathaoirleach an Údaráis in iúl don Choiste nach bhfuarthas aon ghearán ó aon Aire ná Roinn Rialtais ná ó aon duine eile gur sáraíodh ordachán an Aire sa mhéid a bhain leis an Údarás.48


129. Cé go dtugann an Coiste faoi deara tuairimí na dtuairisceoirí i dtaobh na ndeacrachtaí a bhaineann le halt 31, is é seasamh an Choiste, mar sin féin, go bhfuil an t-alt riachtanach mar thacaíocht don ord poiblí an tráth suaite áirithe seo inár stair. Rud eile, creideann an Coiste gur chóir do RTÉ meon na treorach san alt, chomh maith leis an alt lom féin, a chomhlíonadh gach tráth agus is é tuairim an Choiste nár tharla sin luath i mBealtaine, 1981.


130. Is mian leis an gCoiste aird a tharraingt ar phointe eile. Cúpla uair d’úsáid léitheoirí, tuairisceoirí etc RTÉ an focal “mharaigh” in áit an fhocail “dhúnmharaigh” a bheadh, sna cásanna sin, níos cruinne chun cur síos ar ar tharla. Dúirt stiúrthóir na Nuachta leis an gCoiste “nach raibh aon riail docht i bhfeidhm ina leith agus go minic, go deimhin, fágtar faoin tuairisceoir a chuireann síos ar an eachtra focal a roghnú de réir mar fheictear dó.49


4.5 Fógraíocht

131. Tá treoracha a bhaineann leis an méid seo a leanas áirithe ar an gcód caighdeán atá ag RTÉ faoi chomhair fógraíochta:


(i)Fógraíocht atá dírithe ar leanaí agus a fheiceann leanaí;


(ii)Fógraíocht i dtaobh cógas leighis agus cóireálacha;


(iii)Breoiteacht nach ceadaitheach cóireáil a fhógairt ina comhair;


(iv)Deochanna meisciúla a fhógairt;


(v)Fógraíocht airgeadais agus


(vi)Srianta reachtúla áirithe ar fhógraíocht (mar shampla, srianta a fhorchuirtear leis an Acht um Gheall-Chur, 1931, le hAcht an Bhainc Cheannais 1942 agus leis an Acht Cóipchirt, 1963).


4.6 An Tír uile a áireamh

132. Dúirt Cathaoirleach an Údaráis leis an gCoiste ina chuid fianaise, go raibh sé ina fhadhb ag an Údarás a laghad nuachta iomláine a chuirtear ar fáil faoi chúrsaí sna cúigí. Tuigeann an Coiste go bhfuil dhá shrian go príomha ina gcúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, tá deacrachtaí i dtaobh fadhbanna caidrimh tionscail a bhaineann le trealamh nua NBL/TAL50 a úsáid. Ar an dara dul síos, tá easpa mór ciorcad teileafón ann ó na cúigí, rud a leigheasfar nuair a bheidh an Nasc-Ghreásán Micreathonnach réidh ag an Roinn Poist agus Teile agrafa. Maidir leis an gcéad srian acu sin, is cúis áthais don Choiste a chlos ó Rúnaí Ghrúpa Cheardchumann RTÉ “go raibh an chuma air, ó mhórchuid den suathadh smaointe agus ón díospóireacht inmheánach ina measc siúd ar a raibh an t-imní is mó faoin scéal, go rabhthas ag an bpointe óna bhféadfaí dul ar aghaidh measartha tapaidh.”51 Maidir leis an dara srian, chuir an tAire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa in iúl don Dáil an 12 Márta 1981 go raibh nasc-ghréasán micreathonnach teilifíse nua á chur isteach a cheadóidh úsáid NBL níos éifeachtaí agus go raibh sé ag súil go mbeadh sé réidh le haghaidh seirbhíse faoi cheann sé mhí.52 Níl aon amhras ná go dtugtar, faoin gcóras mar atá, an iomarca nuachta i dtaobh cúrsaí i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird agus nach ndéantar dóthain cur síos ar scéalta suimiúla ó na cúigí. Caithfear an méid sin a chur ina cheart a luaithe is féidir i gcás nithe ar nós cúrsaí reatha, cláracha leanaí, cláracha teileaghlao, cláracha polaitíochta etc. Tráchtfar ar an ábhar seo arís in Alt 7.1 den Tuarascáil ag RTÉ.


4.7 Léiriú ag RTÉ

Uaire Craolta

133. Faoi alt 19 d’Acht 1960, arna leasú le halt 14 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976, shocraigh an tÚdarás na huaire a chloig craolacháin seo a leanas in aghaidh na bliana, le ceadú an Aire Poist agus Telegrafa:


 

Íosmhéid


(Uaire)

Uasmhéid


(Uaire)

Teilefís

5,000

5,700

 

(faoi réir an choinníll go gcoimeádfar uaire craolta theilifís RTÉ 1 idir íosmhéid de 3,000 uair a chloig agus uasmhéid de 3,400 uair a chloig).

Raidió

14,500

16,600

 

(lena n-áirítear Raidió 1, Raidió 2, Raidió na Gaeltachta, Raidió Áitiúil Chorcaí agus trialacha le Raidió Áitiúil).

Lucht Féachana RTÉ

134. Deir Desmond Fisher, Uas., ina leabhar dar teideal “Broadcasting in Ireland” (a céadfhoilsíodh in 1978) maidir le teaghlaigh ilbhealaigh, ina bhfaightear stáisiúin na Breataine, gurb é cion RTÉ lucht féachana ná thart faoi 60 faoin gcéad i gcomparáid le 40 faoin gcéad do BBC/IBA. Bunaíodh RTÉ 2 i Samhain 1978. Is é gnó RTÉ 2, de réir an Údaráis “… rogha a chur ar fáil do na limistéir a bhí ar aon bhealach go dtí sin, agus chomh maith leis sin, srian a chur leis an laghdú sa chion féachana i dteaghlaigh ilbhealaigh…”53 Creideann an Coiste go bhfuil laghdú ag teacht ó 1978 ar an riar daoine a fhéachann ar RTE sna teaghlaigh ilbhealaigh, d’ainneoin bunú RTÉ 2. Is cúis imní don Choiste an méid sin.


135. I Márta 1981, chuir RTÉ in iúl don Choiste go raibh cláracha de dhéantús RTÉ féin ag teacht chun cinn go mór sna TAM-mheastacháin i gcás RTÉ 1 agus RTÉ 2, d’ainneoin na hiomaíochta ó sheirbhísí na Breataine sa limistéar ilbhealaigh. Mar shampla, an tseachtain dar chríoch 25 Eanáir 1981 is ó RTÉ 1 a thionscnaigh cúig chlár den “Deich roghchlár” (agus an chéad trí chlár orthusan) agus de thionscnamh baile ab ea ceithre chlár den “Deich roghchlár” ar RTÉ 2 (agus an chéad roghchlár orthusan).


136. Is é tuairim an Cheiste ó na fíorais thuasluaite nach acmhainn do RTÉ a bheith ag iarraidh a bheith san iomaíocht le stáisiúin ollmhóra na Ríochta Aontaithe sa mhéid a bhaineann le leíriúcháin costasacha a roghnaíonn na stáisiúin sin dóibh féin. Tá an pobal á chur in iúl do RTÉ gurb é atá uathu ná méadú a dheánamh ar na cláracha a bhaineann leis an saol anseo agus na cláracha sin a bheith léirithe ar mhodh dúchasach, sonrach. Is léir go gcaighfear an líon cláracha a bhaineann leis an saol anseo in Éirinn a mhéadú de mhéid sonrach éigin thar mar a bhí roimhe seo.


137. Maidir le Cláracha de dhéantús Baile, cuireadh an Tábla seo a leanas le chéile ó Thuarascálacha Bliantúla RTÉ.


TÁBLA 4


Cláracha de dhéantús baile (Teilifís): % d’Uaire a chloig san iomlán


1979: RTÉ 1

43 faoin gcéad

RTÉ 2

14 faoin gcéad

Gach tarchur

33 faoin gcéad

RTÉ 1 amháin: 1978

44 faoin gcéad

1977

41 faoin gcéad

1976

41 faoin gcéad

1975

46 faoin gcéad

Is é cuspóir RTÉ cur leis an gcéatadán cláracha de dhéantús baile.54


138. Tá na huirlisí teicneolaíochta ar fáil le go bhféadfaí déanamh na gcláracha a éascú ar shlí a bheidh níos saoire agus níos baintí le gach ceantar sa tír. I gcás nach mbeadh RTÉ in ann an deis seo a thapú lena ranna léiriúcháin féin ba chóir dóibh beartú dáiríre ar stiúideónna áitiúla a úsáid le go ndéanfaidis siúd na cláracha ar mhodh conartha. Sa tslí sin, d’fhéadfaidis freastal ar éileamh poiblí agus cur le hiarrachtaí chun tionscal dúchasach a fhorbairt, san am céanna.


4.8 Raidió áitiúil agus Pobail

139. Tá difríocht idir:


Raidió áitiúil: Stáisiúin a oibrítear go gairmiúil, iad suite i gceantair uirbeacha móra, a phléann ábhar spéisiúla dá bpobal áitiúil agus a fhaigheann is dócha tacaíocht mhaith airgid ó dhreamanna fógraíochta;


agus


Raidió an Phobail: Is fiontar sóisialta an-mholtach é seo, céadtriailte ag RTÉ, a thugann deis go dhreamanna daoine cláracha a ullmhú agus a chur i láthair faoi threoir agus rialú eagarthóireachta fhoireann réigiúnach RTÉ.


140. Tuigeann RTÉ go bhfuil claonadh ann i dtreo raidió áitiúil a mbeadh rochtain-chraoladh ina chuid thábhachtach de. Tá moltaí RTÉ i dtaobh stáisiúin raidió áitiúla agus raidió pobail curtha faoi bhráid an Aire Poist agus Telegrafa. Maidir le raidió tráchtála, luaigh Cathaoirleach an Údaráis le linn dó fianaise a thabhairt,


“… má ligimid do dhream tráchtála craoladh den cineál tráchtála a sheoladh i gcathair Bhaile Átha Cliath, cé chraolfaidh do na daoine i gConamara nó i gCiarraí, áit a bhfuil sé faoi láthair róchostasach, geall leis, seirbhís ghlactha raidió a sholáthar dóibh? Sin í an fhadhb. Is é atá i gceist ná cumas glactha raidió a bheith ar fáil i ngach cearn den tír agus craoladh de chineál dúchasach a chinntiú agus duine éigin a bheith ann chun é bheith freagrach as an gcraoladh sin. Níl aon chiall leis an hargóintí a deir gur chóir breis iomaíochta a bheith i gceist anseo sa tír seo más ag caint faoi sheirbhís chraolacháin dhúchasach atáimid.”55


agus luaigh an Príomh-Stiúrthóir:


“má cheadúnaítear raidió áitiúil neamhspleách i gcathair Bhaile Átha Cliath amháin … cosnóidh sé idir £1.5 mhilliún agus £2 mhilliún in aghaidh na bliana ar RTÉ.”56


141. Pléifear na pointí atá luaite sa mhír sin roimhe seo nuair a bheidh an Bille um Údarás Raidió Áitiúil Neamhspleách, 1981 á phlé ag dhá Theach an Oireachtais. Tugann an Coiste tacaíocht do phleananna RTÉ chun Raidió Pobail a chur ar fáil.


4.9 Oideachas

142. I dtuarascáil na bliana 1976 ón gCoimisiún Náisiúnta Praghsanna, dúradh gur chaith RTÉ níos lú airgid ar chláracha oideachasúla ná stáisiúin thar lear. Ba é tuairim an Choiste um Athbhreithniú Craolacháin go bhféadfaí tairbhe tábhachtach amháin a bhaint as dara bealach teilifíse, is é sin, áis teilifíse a sholáthar do scoileanna. Mhol an Coiste Athbhreithnithe gur chóir go mbeadh RTÉ, an Roinn Oideachais agus dreamanna éagsúla eile, ar spéis leo oideachas, i gceangal agus i gcomhairle le chéile i gcónaí chun a chinntiú go mbainfí an tairbhe is fearr as an am a bheadh ar fáil ar an teilifís nó ar an raidió.


143. Faraoir, mar is léir ó Thábla 5, is é tharla ná gur tháinig laghdú ar uaireanta a chloig na gcláracha de dhéantús baile ó thráth na tuarascála ón gCoiste Athbhreithnithe, agus i 1979 ní raibh aon chraoladh oideachasúil ar RTÉ 2. Is dealraitheach gur easpa airgid is cúis leis an bhfadhb. Dúirt Cathaoirleach an Údaráis i bhfianaise “… ní fhéadfaimis, de réir ár n-acmhainn faoi láthair, craoladh oideachasúil den chineál atá ar fáil sa Bhreatain, a sholáthar57.” I Samhain na bliana 1980, bhunaigh an tAire Oideachais Coiste dá ngairtear An Coiste um Chraoladh Oideachasúil a raibh ionadaigh air ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, ón Roinn Poist agus Telegrafa, ó RTÉ, agus ó eagraíochtaí éagsúla eile sa saol múinteoireachta, ó Chomhar Ceardchumann na hÉireann agus ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann. Is é atá mar chuspóir ag an gCoiste seo “staideár a dhéanamh ar fhiúntas chraoladh oideachasúil ag gach leibhéal den chóras oideachais”. Creideann an Comhchoiste gur gearr go mbeidh a dTuarascáil réidh ag an gCoiste um Chraoladh Oideachasúil agus go ngníomhófar de réir a gcuid moltaí chomh luath agus is féidir.


TÁBLA 5


Uaire a Chloig de Chláracha Teilifíse Scoile/Réamhscoile


 

RTÉ 1

 

RTÉ 2

Uaire a chloig Baile

Uaire a chloig Coigríche

Uaire a chloig Baile

Uaire a chloig Coigríche

1974

103

5

 

 

1979

90

196

Tada

Tada

4.10 Cláracha Gaeilge

144. Luaigh RTÉ, ina dTuarascáil Bhliantúil do 1979, “gurbh é tuairim an Údaráis go bhfaighfí i bhfiche faoin gcéad de na cláracha de dhéantús baile, ach gach earnáil clár a chur san áireamh, an cion cuí d’ábhar trí Ghaeilge. I ngach cás cuireadh an bhéim thar aon ní eile ar chaílíocht na gcláracha.” Dúirt Cathaoirleach an Údaráis leis an gCoiste ina chuid fianaise:


“Is é ár bpríomhchuspóir in RTÉ ná tuairim 20 faoin gcéad de na cláracha a bheith i nGaeilge agus clár tábhachtach amháin Gaeilge a bheith ann gach oíche ag an rogha-am féachana. Ba mhaith linn spórt agus cúrsaí a bhaineann leis an aos óg a áireamh ar na cláracha sin … táimid ag pleanáil faoina chomhair sin. Tá clár substaintiúil réidh againn a bhaineann le foghlaim na Gaeilge agus craolfar é an fómhar seo chugainn… Maidir le cláracha i nGaeilge, beidh RTÉ tar éis dul cuid mhaith den slí taobh istigh de sé go hocht mí maidir lena gcuspóirí don teanga.”58


Ba chúis áthais don Choiste a fháil amach go raibh na nithe sin ar siúl.


145. Ón uair go ndearna dreamanna ar leith i nGluaiseacht na Gaeilge an oiread sin gearán agus clampar poiblí le roinnt blianta anuas b’ionadh leis an gCoiste a fháil amach nach ndearna eagraíocht Ghaeilge ar bith aon aighneacht chucu i dtaobh na ceiste.


4.11 Cláracha do Thomhaltóirí

146. Dúirt Cathaoirleach an Údaráis leis an gCoiste go raibh “cláracha tomhaltóra ann san am atá caithe nach raibh ach droch-rath orthu”.59 Dúirt an Príomh-Stiúrthóir linn go raibh struchtúir nua á mbunú in RTÉ agus go neartóidh siad na cláracha a phléann cúrsaí tomhaltóra. Tá aonad eacnamaícohta ag gabháil leis an Seomra Nuachta agus tá treisiú déanta ar phlé Cúrsaí Reatha. Fáiltíonn an Coiste roimh an méid sin. Is léir go gcaithfear cúram ar leith a dhéanamh as seo amach d’eolas a thabhairt do thomhaltóirí agus do chúrsaí tomhaltóra a mhúineadh don phobal i gcoitinne.


4.12 Mná i bhFógraíocht

147. Rinneadh roinnt aighneachtaí chun an Choiste i dtaobh mná a thaispeáint i bhfógraíocht agus i gcláracha i gcoitinne. Ba í an phríomh-argóint a ghaibh leis na haighneachtaí sin ná díspeagadh na mban agus an chuma ar caitheadh leo i gcláracha agus i bhfógraíochtaí.


Níor úsáideadh dóthain ban ag cur cláracha i láthair as tslí gur fir is mó a oibríonn ar an ngnó sin. Mar a dúirt an Seanadóir Gemma Uí Eodhusa “Is é an deacracht ná go bhfuil cúram an-srianta i gcónaí ar na mná a thaispeántar sna fógraí. Mar shampla, is annamh a thaispeántar fógra a thugann le fios go riartar cúraimí an tí sa teach i gceist. Bíonn na mná do shíor ag tabhairt seirbhíse, ag ní urlár, ag maíomh i dtaobh púdar níocháin éigin, ag siopadóireacht agus ag cócaireacht …. Chun a chur ar chumas an fhógróra a mhana a chur in iúl, cuirtear bean os ár gcomhair agus í an-bhuartha mar nach bhfuil léine a buachaillín féin níos gile ná léine an bhuachalla trasna an bhóthair agus ceapann an fógróir gur gníomh ceart é sin chun a phúdar níocháin a fhógairt”,60 Dúirt an Riarthóir sa Phráinn-Ionad Banéigin linn “Bíonn na mná ar an teilifís ag rith timpeall a gcuid cistineach go broidiúil agus ingne sármhaisithe orthu, agus san am céanna bíonn a leithéid eile seo de bhean sa bhaile ina cistin ag dul as a meabhair le leimhe . . . . Deir an fógra leis na mná: ‘tá rud éigin corr ag baint leat mura maireann tú de réir na bhfógraí sin agus de réir mar a deirtear leat iontu’. Dar liom go bhfuil tionchar anchumhachtach ag an bhfógraíocht sin agus ba chóir sin a admháil”.61


148. Chuaigh na hargóintí a léirigh na dreamanna eagsúla i measc na mban agus an tslí a chuir siad i láthair iad, i bhfeidhm go mór ar an gCoiste.


149. Ón tráth a chríochnaigh an Coiste lena gcuid éisteachtaí, fuaireamar an Tuarascáil chuig Údarás RTÉ ón mBuíon Oibre ar Mhná ag Craoladh (Aibreán 1981),62 agus tugaimid torthaí na tuarascála sin dár n-aire: “Níl RTÉ, sna cláracha a chuireann siad amach, ag comhlíonadh a ndualgais reachtúla [freastal ar leasanna agus ar chúraimí an phobail uile]”.


Ar chuid de na moltaí sin bhí an méid seo a leanas:


(i)Go dtuigfí ar chuma níos fearr, ón Nuacht, ó Chúrsaí Reatha agus ó Chláracha eile, an cion oibre atá á dhéanamh ag mná ar son saol na tíre seo agus go dtabharfadh foireann na gcláracha dá n-aire na hathruithe atá tagtha ar dhualgais traidisiúnta na mban;


(ii)Ba chóir go mbeadh clár teilifíse ann ar nós an chláir “Women Today”; agus


(iii)Ba chóir Cód an Údaráis faoi Chaighdeáin Fógraíochta a leasú d’fhonn clásal a chur isteach ann a dhéanfadh tagairt do chur i láthair ban i bhfógraíocht.


150. Thug an Coiste faoi deara gur fhógair Cathaoirleach RTÉ go raibh an tÚdarás sásta moltaí na Búine Oibre a chur i gcrích, ó thaobh prionsabail de, sa mhéid go bhféadfaí déanamh amhlaidh agus de réir scála ama a bheadh praiticiúil.


151. Mar chríoch, molann an Coiste gur chóir do RTÉ


(i)athbhreithniú a dhéanamh ar a dtreoracha chun fógróirí, agus


(ii)athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí um chláracha


d’fhonn aitheantas a thabhairt do mholtaí na Búine Oibre ar Mhná ag Craoladh agus do na pointí a rinne grúpaí éagsúla ban de bhéal leis an gCoiste.


4.13 Frituairimí agus Faireachas

Taighde faoin lucht éisteachta

152. Is príomhchuid de ghnó craolacháin a fháil amach cé chomh tógtha atá an pobal i gcoitinne le haon chláracha ar leith. Cuireann an t-eolas sin ar chumas léiritheoirí agus daoine eile feabhas a chur ar chláracha, a gcuid sceideal a athrú nó coigeartuithe ar bith eile a dhéanamh de réir mar is cuí chun dul i gcionn ar an lucht féachana ar mhodh níos éifeachtúla, agus iad a mhealladh ó cibé caitheamh aimsire eile a bheadh acu. In eagraíocht chraolacháin, déantar é sin faoi threoir Taighde ar an Lucht Éisteachta agus tá an-tábhacht ag baint leis an obair sin chun polasaí faoi chláracha a leagan amach.


153. Ina gcuid déileála ó lá go lá leis an bpobal, baineann RTÉ úsáid as roinnt slite le tuairimí an phobail ar aon chlár ar leith a mheas agus faire a dhéanamh ar a mbreith ar chraoladh go ginearálta. Tomhaiseann suirbhéithe TAM leibhéil suime an lucht éisteachta agus comhoibríonn RTÉ leis na nuachtáin náisiúnta i gComh-shuirbhéithe ar na Meáin Chumarsáide chun eolas a bhailiú i dtaobh an lucht éisteachta maidir le bealaí baile agus coigríche. Ullmhaítear go gairmiúil an t-eolas faoin lucht éisteachta agus na suirbhéithe ar theilifís agus ar raidió agus tugtar na torthaí ar ais do phleanálaithe na gclár. Ina theanntasan, féachann RTÉ chuige go seoltar suirbhéithe speisialta d’fhonn freastal ar éilimh an lucht éisteachta agus an fiúntas a bhaineann le béim a chur, i gcraoladh, ar athruithe difriúla sóisialta nó poiblí a mheas, mar atá, méadú ar an daonra óg, athruithe ar an gcineál saoil etc. De bhíthin litreacha, glaonna teileafóin, ráitis ón bpreas, ionadaithigh phearsanta agus iarratais a bhaineann le hábhar na gclár, táthar i gceangal le tuairimí an phobail agus lena meon.


Éifeacht Chraolacháin

154. Ina dTuarascáil i 1974 dúirt an Coiste um Athbhreithniú Craolacháin nach ionann in aon chor iniúchadh eolaíochta ar éifeacht chraolacháin agus tomhas a dhéanamh ar cé mhéad duine a fhéachann ar chláracha nó a éistíonn leo agus cad a cheapann siad ina dtaobh, mar gur taighde é sin a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar thorthaí sóisialta na teilifíse agus go mbaineann iniúchadh leanúnach fadtéarmach leis an taighde sin.


155. Tuigeann an Coiste go bhfuil roinnt taighde déanta faoin bpointe sin ach nach bhfuil aon ní leanúnach seasmhach ar siúl. Dar leis an gCoiste gurb í an fhadhb anseo nach bhfuil an cúram curtha ar aon dream go dtí seo an taighde sin a dhéanamh (feic mír 160).


An Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin

156. Mhol an Coiste um Athbhreithniú Craolacháin go mbunófaí coimisiún Craolacháin a bheadh, i measc nithe eile, “freagrach as struchtúir agus léiriú cláracha a athbhreithniú, déileáil le gearáin i dtaobh claontachta etc.” Ní raibh aon fhoráil san Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1975, inar moladh Coimisiún um Chraolacháin, ach bhí foráil ann go mbunófaí Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin (CGC) a mbeadh de dhualgas air gearáin a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina dtaobh maidir le sáruithe líomhnaithe ag RTÉ ar an méid seo a leanas:—


(i)ceanglais a bhain le hoibiachtúlacht agus le neamhchlaontacht,


(ii)gan aon ní a chraoladh ná a scaipeadh i gcás go measfaí gur dhóigh dó coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú nó gur de ghné é a dhéanfadh dochar d’údarás an Stáit.


(iii)ró-iomarca iniúchadh ar ghnóthaí duine a thoirmeasc,


(iv)an ceanglas ordacháin ón Aire a chomhlíonadh faoi alt 31 (1) den Acht um Údarás Craolacháin 1960, agus


(v)treoracha an Údarás faoi chaighdeáin fógraíochta.


157. Nuair a scrúdaigh an Coiste raon agus eágsúlacht na n-aighneachtaí a cuireadh os a gcomhair agus tar éis dóibh iad a chur i gcomparáid le gníomhaíochtaí an Choimisiúin sna ceithre bliana ó thráth a bhunaithe (31 Márta 1979), chinneamar nach raibh an córas seo ag oibriú ró-éifeachtach ar chuma éigin. Mar shampla, i 1979/80 (an bhliain is déanaí dá bhfuil Tuarascáil againn) ní dhearnadh ach beagán beag gearán chuig an gCoiste. An chuid is mó díobh sin, níor chuathas níos faide leo. Cé go dtuigimid gur tháinig méadú ar an líon gearán ón mbliain sin, táimid dearfa go bhfuil gá le hathscrúdú a dhéanamh ar an mbealach a dtéitear i gceangal leis an gCoimisiún. B’fhéidir gurb iad Ridirí Naomh Colmán is fearr a leag a méar air nuair a dúirt siad ina n-aighneacht “… ní hé an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin an gléas is oiriúnaí chun súil a choimeád ar chomhlíonadh éifeachtach an ailt 18 (i). Ní phléann sé ach gearáin ar leith a bhaineann leis an am atá thart … ní gléas é atá oiriúnach chun faireachas ginearálta, leathan leanúnach a dhéanamh”.


158. Tugann an Coiste faoi deara go bhfuil an Coimisiún an Ghearáin á mhaoiniú ag an Roinn Poist agus Telegrafa ó tháillí ceadúnais teilifíse agus braitheann siad gur bac neamhriachtanach é sin ar an gCoimisiún.


159. Is é tuairim an Choiste nach bhfuil an Coimisiún um Ghearáin ag gníomhú chomh héifeachtach agus a ceapadh dó le hAcht 1976.


160. Molann an Coiste go dtabharfaí reachtaíocht isteach a d’athródh aidhmeanna an Choimisiúin um Ghearáin le go bhféadfadh sé:


(a)a bheith freagrach as iniúchtaí eolaíochta a dhéanamh ar thorthaí sóisialta craolacháin (feic míreanna 154 agus 155);


(b)treoir a thabhairt don Rialtas agus do RTÉ i dtaobh tionchar na gcineálacha cláracha éagsúla;


(c)comhairle a thabhairt i gcás treoracha craolacháin a ullmhú;


(d)féachaint i ndiaidh gearáin ar leith i dtaobh sárú ar na treoracha;


(e)freagra a thabhairt, laistigh de 14 lá, ar chúisimh ón bpobal faoi shárú ar na treoracha; agus


(f)a bheith maoinithe go díreach ag an Státchiste.


V FOIREANN

5.1 An Cion Foirne

161. Tá RTÉ tar éis a áiteamh, ina n-aighneacht scríofa, go ndearnadh sábháil sonrach ó tosaíodh ar RTÉ 2 Samhain 1978 agus ar Raidió 2 i mBealtaine, 1979. Mar thacú leis sin chuir siad isteach na staitisticí atá leagtha amach i bhFoscríbhinn 13. Is é tuairim an Choiste, áfach, nach bhfuil na treoracha táirgiúlachta sin cruinn ar fad (atá bunaithe ar uaire craolta in aghaidh gach duine den fhoireann agus ar chostas in aghaidh an uair a chloig craolta) mar gheall ar na hathruithe móra a tharla i gcraolacháin RTÉ ó bunaíodh Raidió 2 agus RTÉ 2—feic Foscríbhinní 14 agus 15.


162. Tugann an Coiste faoi deara ón eolas atá i bhFoscríbhinn 13 gur tháinig, i gcás RTÉ, méadú de 48 faoin gcéad ar an méid uaire a chloig a craoladh in aghaidh gach duine den fhoireann sa tréimhse dhá bhliain ó 1978 go 1980. Ach, ón eolas is déanaí, is léir gur tháinig athrú ar an gcinéal cláir a cuireadh amach. Tá RTÉ tar éis méadú a dhéanamh ar an gcainníocht ceoil agus siamsaíochta; ina choinne sin, tá laghdú tagtha ar na cláracha a bhaineann le nuacht, spórt agus drámaí. Ar an teilifís, tá laghdú tagtha ar an gcéatadán ama a chaitear ar spórt na tíre seo, ar nuacht agus ar chláracha eolais agus ag freagairt do sin tá méadú tagtha ar an méid spórt, eolas agus cláracha drámaí coigríche a chraoltar. Ó na fíorais sin, dealraítear don Choiste go bhfuiltear tar éis athrú ó chláracha níos costasaí i bhfábhar cláracha níos saoire agus ó oibríochtaí a éilíonn líon ard daoine á ndéanamh go hoibríochtaí nach n-éilíonn an oiread sin. Ó sna hathruithe sin ar pholasaí i dtaobh cláracha, tá amhras ar an gCoiste faoin iontaoibh a d’fhéadfaí a chur sa treoir táirgiúlachta a chuir RTÉ ar fáil, is é sin, uaire a chloig in aghaidh gach duine ar an bhfoireann. Is léir nach bhfuil a léithéid de rud ann le treoir tairgiúlachta dearfa. Ach bheadh fonn ar an gCoiste glacadh leis an dtuairim go dtugann an treoir atá tugtha i dTábla 6 thíos, mar a dtaispeántar laghdú beag sa choibhneas idir foireann agus uaire a chloig teilifíse de dhéantús baile, cuntas níos fearr ar chúrsaí. De réir roinnt de na hathruithe ar bheartas na gcláracha atá déanta cheana féin, is ar éigean a d’fhéadfadh an Coiste glacadh leis go raibh an feabhas a léirítear sa Tábla sách dóthanach. Beadh an Coiste ag súil le breis tíosaíochta i ndáiríre de réir mar a bheadh méadú ag dul ar chur amach an Stáisiúin.


TÁBLA 6


Treoracha Táirgiúlachta—Teilifís Amháin


Bliain

1975/76

1976/77

1977/78

1978/79

1979/80

Uaire uile craolta

3,196

3,322

3,382

5,444

5,819

Uaire baile

1,304

1,371

1,494

1,810

1,890

Foireann uile*

1,797

1,830

2,015

2,260

2,373

Coibhneas: Foireann/Uaire baile

1.38

1.33

1.35

1.25

1.26

163. Mhínigh an Príomh-Stiúrthóir agus é ag cur i gcoinne an mhéid sin roimhe sin, go raibh RTÉ tar éis éirí as earcaíocht a dhéanamh: I Nollaig 1980 bhí laghdú de 50 duine faoi bhun an leibhéil bunaithe, déanta agus i gcomparáid le seirbhís teilifíse i dtíortha eile, ba lú an fhoireann in RTÉ. D’áitigh sé gur beag má bhí aon slí a bhféadfaí cur le táirgiúlacht.63 Níor cheap sé go raibh “cleachtais srianta RTÉ aon ní ní ba mheasa ná cleachtais dream ar bith eile”.64 Rinne sé tagairt go speisialta do tháirgiúlacht bhreise na foirne sa rannán tarchuradóra, tar éis do Raidió 2 agus RTÉ 2 tosú.65 Léirigh an Leasphríomh-Stiúrthóir gurb é atá i gcraoladh ná “bailiú de gach sórt saothair ó gach cineál áite… Caitear féachaint amach do theorainneacha ama. Is gnó anchasta é; cúram do gach lá de 365 lá na bliana. Is rud é a chuireann ualach ar leith orainn….”66 Rud eile, dúirt an Príomh-Stiúrthóir “go raibh orainn ón gcéad lá níos mó a bhaint as ár stiúideonna ná mar a bhí beartaithe riamh dóibh. Tógadh an t-ionad stiúideo chun léirithe de dhéantús baile a chur ar siúl ar feadh 12 uair a chloig in aghaidh na seachtaine ón bhfíorthús; tá 20 uair a chloig á dhéanamh againne díreach toisc go raibh orainn dul san iomaíocht leis na bealaí sa Bhreatain”.67


164. D’ainneoin na hargóna ó RTÉ is é tuairim an Choiste go bhfuil gnéithe áirithe de chleachtais RTÉ a bhfuil an chosúlacht orthu gur cleachtais srianta iad. Sampla amháin a d’fhéadfaimis a lua maidir leis sin is ea an líon daoine a mbíonn orthu taisteal thar lear chun craoladh ón gcoigrích a sholáthar.68


165. Tugann an Coiste dá aire an chúis a mhínigh RTÉ a bhí leis an bhfás ar a líon foirne sa tréimhse 1975-1980, is é sin, seirbhísí breise teilifíse agus raidió a thabhairt isteach.69 Níor mhór, áfach, aird a thabhairt ar na mór-chonstaicí airgeadais a bhfuil ar RTÉ gníomhú dá réir faoi láthair. Aon áit a bhfuil cleachtais srianta i bhfeidhm níor mhór iad a phlé go cuimsitheach leis na ceardchumainn lena mbaineann. Ba é tuairim a bhí ag an gCoiste óna gcuid cainte leis na ceardchumainn ná go bhféadfaí táirgiúlacht a fheabhsú ach an deis a bheith ar fáil leis an gcás a idir-phlé go hiomlán. Mholfadh an Coiste nár chóir do RTÉ bheith i dtaobh leis an argóint go dtarlaíonn mí-éifeacht in eagraíochtaí in áiteanna eile. Ba chóir dóibh a ndícheall a dhéanamh seirbhís chomh maith agus is féidir a thabhairt don phobal.


5.2 An Líon Léiritheoirí

166. Chuir RTÉ tuarascáil ar fáil, ina bhfianaise, a d’ullmhaigh an tOllamh Micheál Ó Fógartaigh i 1978 i dtaobh caidreamh tionscail in RTÉ. Rinne an tuarascáil seo tagairt do thuarascálacha roimhe sin a tharraing aird ar an bhfadhb ar a dtugtar “ardchlárú” léiritheoirí.70 Dúirt an Príomh-Stiúrthóir leis an gCoiste “go raibh, sa teilifís, méadú 50 faoin gcéad tagtha ar an líon cláracha de dhéantús baile ó thosaigh RTÉ 2. I gcomparáid le 1975, tá méadú 50 faoin gcéad tagtha ar an líon léiritheoirí. Tá an cion oibre, in aghaidh an léiritheora, mar an gcéanna nach mór. Ar an raidió, áfach, tá méadú 32 faoin gcéad tagtha ar an líon léiritheoirí agus méadú 100 faoin gcéad tagtha ar an líon uaireanta a chloig de chláracha baile mar gheall ar an gcineál cláir a ullmhaímid. Is é freagra na ceiste nach bhfuil an iomarca léiritheoirí againn. Tá a ndóthain oibre ag na léiritheoirí go léir san eagraíocht anois nach mór.71 Luaigh an Príomh-Stiúrthóir go raibh na daoine sin a bhí “ardchláraithe” sna blianta deireanacha seo ag athghníomhú go lánaimseartha arís i rannáin nach mbaineann an brú céanna leo”.72 Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl a riachtanaí atá sé gach iarracht a dhéanamh cúnamh agus gríosadh a thabhairt dóibh siúd atá in ionad a éilíonn saothar cruthaitheach agus nár chóir go dtarlódh sé go dtiocfadh daoine go “deireadh críche” i bpostanna tábhachtacha i seirbhís chraolacháin éifeachtach.


5.3 Struchtúr Bainistíochta

167. I 1978, rinneadh atheagrú ar an struchtúr coiste bairr in RTÉ agus ar idirphlé na bpostanna tuairisceoireachta. De réir téarmaí na hatheagraíochta sin cruthaíodh post nua, Leasphríomh-Stiúrthóir. Dúirt an Príomh-Stiúrthóir leis an gCoiste ina chuid fianaise “Oibríonn na príomhstiúrthóirí as láimh a chéile ach de ghnáth is é an Leasphríomh-Stiúrthóir a bhíonn freagrach as na rannáin aschuir, as rannán na gclár teilifíse, as rannán na nuachta agus as na háiseanna a ghabhann leo. Is é an Príomh-Stiúrthóir Cúnta atá freagrach as na rannáin seirbhíse, innealtóireachta, díolacháin, pearsanra agus rialú airgeadais. Sin é an modh atá ann leis an ualach ar aon duine amháin a laghdú. Is mise atá freagrach go díreach as cláracha raidió agus as Raidió na Gaeltachta chomh maith leis na gníomhaíochtaí corpraithe san eagraíocht”.73 Dúirt Cathaoirleach an Udaráis go raibh glactha go hiomlán leis an atheagrú sin anois.


5.4 Mná in RTÉ

168. Chuir RTÉ an Tábla seo a leanas ar fáil:—


TÁBLA 7


An líon Fear/Ban i b Poist Sinsearacha in RTÉ


 

Fear

Bean

Iomlán

Bainisteoir Rannáin—Grád 1

24

1

25

Bainisteoir Rannáin—Grád 2

35

2

37

Feidhmeannach Bainistíochta—Grád 1

50

4

54

Feidhmeannach Bainistíochta—Grád 2

56

10

66

 

165

17

182

169. Dúirt Cathaoirleach an Údaráis leis an gCoiste “Cosúil le gach foras eile sa tír seo, ní raibh, seans, na hoscailtí céanna ag mná in RTÉ ba chóir a bheith acu”.74 Luaigh an Príomh-Stiúrthóir “… bhíomar chun tosaigh i gcás ionannas pá a thabhairt do mhná; sa chéad cúpla áit i gcás saoire mháithreachais a thabhairt agus mná a choimeád ar fostaíocht tar éis pósta dóibh … Deacracht amháin is ea go bhfuil an chuma air nach dtagann mná ar aghaidh le cur isteach ar phostanna feidhmiúcháin sa roinn phoiblí ná laistigh den eagraíocht”.75 Mhínigh an Stiúrthóir Pearsanra gur sheol RTE 22 chomórtas feidhmiúcháin i 1979 agus i 1980 ach nár chuir aon bhean isteach ar naoi gcinn díobh, ar a laghad. Ach d’áitigh sé go raibh dul chun cinn á dhéanamh i slite áirithe, mar shampla, go luath i 1978 bhí trí bhanléiritheoir/stiúrthóir ann, anois tá dáréag. I 1975 bhí trí bhantuairisceoir ann, anois tá cúigear déag. Dúirt sé freisin go raibh dul chun cinn déanta ag RTÉ ag cur poist de chineál oibríochta teicniúla ar fáil do mhná.


170. Sa Tuarascáil ón mBuíon Oibre ar Mhná ag Craoladh (Aibreán 1981) rinneadh, i measc nithe eile, moltaí i dtaobh fostaíocht ban in RTÉ. Moladh sna moltaí sin:—


(i)Gur chóir feabhas a chur ar líon na mban sna gráid a bhfuil tionchar acu ar ábhar na gcláracha.


(ii)Gur chóir saoráidí oiliúna a leathnú chun a chur ar chumas na mban feabhas a chur, ina gcás, ar na deiseanna dul chun cinn.


(iii)Gur chóir bean amháin ar a laghad a bheith ar gach bord agallaimh.


(iv)Gur chóir aitheantas a thabhairt do ghráid cúnta cláracha mar phointí óna bhféadfaí gráid eagarthóireachta a shroichint, áit a bhfuil ganntanas ban.


(v)Gur chóir deireadh a chur le teorainneacha aoise i gcás earcaíochta.


(vi)Gur chóir saoráidí naíolainne a bhunú go práinneach.


(vii)Gur chóir go mbeadh Coiste Cothromaíochta leanúnach ann le dul chun cinn a mheas, ar a mbeadh ionadaíocht ag bainistíocht agus ag ceardchumainn RTÉ.


Mar adúradh cheana (feic mír 150) thug Cathaoirleach RTÉ le fios go raibh an tÚdarás sásta, ó thaobh prionsabail de, na moltaí sin ón mBuíon Oibre a chur i gcrích, ag féachaint don chás mar a raibh sé agus de réir am-scála phraiticiúil.


171. Molann an Coiste, gur chóir scrúdú cúramach a dhéanamh ar na moltaí ón mBuíon Oibre. Cé go n-admhaíonn siad go bhfuil deacrachtaí ag baint le breis ban a úsáid i struchtúr na heagraíochta caithfear san am céanna cothromas a chinntiú agus ba chóir geallúint a thabhairt go n-aimseofaí cothromas fíor a luaithe is féidir.


VI CAIDREAMH TIONSCAIL

172. Dúirt an tOllamh Micheál Ó Fógartaigh, ina Thuarascáil ar Chaidreamh Tionscail in RTÉ (1978) nach raibh sé in ann aon réiteacht simplí a fháil ar chúrsaí caidrimh thionscáil in RTÉ. D’fhéadfaí, ina thuairim, dul chun cinn mór a dhéanamh, ach bhí cuma fónta ar an scéal sna blianta deireanacha agus níor chóir dearmad a dhéanamh, gur tráth é sin inar chuaigh athrú agus suathadh mór i gcionn ar RTÉ. Léirigh sé pointí áirithe ar chóir tosaíocht a thabhairt dóibh. Ar bharr a liosta, luaigh sé na hathruithe a bhí riachtanach d’fhonn fónamh níos fearr ar bhainistíocht agus ar chumainn le go bhféadfaidís déileáil le cúrsaí de réir mar a thiocfaí orthu ó lá go lá agus ar mhodh fadtéarmach chomh maith. Ar na hathruithe sin áiríodh iad seo a leanas:


(1)Athruithe ar an gcóras Príomhstiúrthóra agus ar an struchtúr coiste bainistíochta;


(2)Breis foirne don Rannán Pearsanra agus gnáthobair phearsanra, murab ionann is obair ócáide amháin, a chur mar chúram ar na Rannáin;


(3)Socruithe a thabhairt chun críche i dtaobh scaoileadh go lánaimseartha le hoifigigh ó ghrúpa Ceardchumainn RTÉ agus dóthain foirne a chur ar fáil dóibh;


(4)Cúrsaí caidhrimh thionscail in RTÉ a chur ar bhonn foirmiúil agus go háirithe Binse Chaidreamh Tionscail in RTÉ a chruthú;


(5)Córas nua a thabhairt isteach trína ndéanfaí comhphlé ar nithe ar nós sábháilteacht, leas agus forbairt slí bheatha agus gníomh maidir leo; agus


(6)Iris inmheánach, nó “saor-phreas”, a bhunú in RTÉ.


173. Tá mórchuid de na hathruithe sin atá luaite curtha i bhfeidhm cheana féin. Rinneadh an t-athrú ar an bPríomh-Stiúrthóireacht i 1978 (feic mír 167). Tá méadú déanta ar an Rannán Pearsanra. Réitíodh an bóthar le go bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar ghrúpa ceardchumainn RTÉ trí chomhalta den fhoireann a scaoileadh le gníomhú go lánaimseartha mar Rúnaí ar an nGrúpa. Chinn RTÉ agus Grúpa Ceardchumainn RTÉ roinnt éigin ama ó shin go dtabharfaí isteach bealaí a bhaineann le gnáthchaidreamh tionscail den chineál a mhol an tOllamh Ó Fógartaigh ach tá deacracht ag an nGrúpa i gcás gluaiseacht ro-mhear ar chásanna den chineál sin. Tá an chuma air go ndearnadh dul chun cinn éigin ag ullmhú córas nua faoi chomhair comhchainteanna agus beartas in áiteanna mar sábháilteacht, sláinte etc. Mar chríoch, tá Iris inmheánach RTÉ (ACCESS) ar an saol ó Fhómhar na bliana 1979.


174. Tá an Coiste ar an aigne, ón méid a chuala siad mar fhianaise, go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí caidrimh thionscail in RTÉ ó 1978 agus ba mhaith leo dá dtiocfadh rud éigin fónta as sin, ar nós slí éigin le dul i mbun an leibhéal foirne agus rialú costas go ginearálta, ar mhodh níos soláimhsithe. Tá an Coiste tar éis aird a tharraingt ar an imní atá orthu i dtaobh na leibhéil foirne agus pointí diomailteachta eile. Tá ar an gCoiste a rá arís gurb é is ciall le caidreamh tionscail maith ná caidreamh a chuireann ar chumas daoine comhoibriú le chéile gan aon idirdhíospóidí agus ina theannta a fhéachann chuige go bhféachtar le cion fiúntach gach duine san eagraíocht a fheabhsú, a chleachtann modh oibre solúbtha agus a chuireann deireadh le diomailteacht.


175. Thug an tOllamh ó Fógartaigh faoi deara i 1977 gur ghabh mórán moille le deacrachtaí a réiteach (níor réitíodh ach 62½ faoin gcéad de na cásanna laistigh de shé mhí), agus gur bagraíodh stailc dhá uair is tríocha (lena n-áirítear 8 stop san obair). Dúirt sé gur cheap sé nár thug bainistíocht RTÉ faoi dheacrachtaí ar mhodh sách aontaithe, a mbeadh ina chuid de polasaithe cuimsitheacha fadtéarmacha maidir le caidrimh thionscail agus fadhbanna foirne. Dúirt sé, leis, nach raibh ach glac beag daoine i mbainistíocht RTÉ a thuigeann an scéal ina iomláine agus a fhéadann gníomhú dá réir sa mhéid a bhaineann lena bhfreagracht féin agus go raibh roinnt míthuisceana ann faoi ghnó an Údaráis agus na barr-bhainistíochta agus faoi dhualgas na bainistíochta is sinsearaí agus an Rannáin Phearsanra, faoi seach, i gcás caidrimh thionscail. Dúirt sé, gur minic nár thuig bainisteoirí i lár slí agus bainisteoirí sóisearacha, cad a bhí fúthu a dhéanamh agus cé chomh fada a rachaidís le haon fhadhb den chineál sin. Dúirt sé, áfach, go raibh an scéal curtha ina cheart cheana féin i gcás roinnt pointí agus gurbh í an fhadhb anois i 1978 ná féachaint le haon ní breise a d’fhéadfaí a dhéanamh, a shonrú.


176. Maidir le haon dul chun cinn ón tráth a d’ullmhaigh an tOllamh Ó Fógartaigh a thuarascáil, dúirt an Stiúrthóir Pearsanra leis an gCoiste “gur leanamar ag cur leis an bpolasaí sin ón bpointe sin. D’admhaíomar go bhfuil easpa eolais agus go deimhin suime i gceist i roinnt áiteanna san eagraíocht. Is clár oideachais leanúnach atá idir lámha againn. Le dhá bhliain anuas, tá cúrsaí maoirseachta curtha ar bun againn chun eolas a thabhairt do dhaoine faoina bhfreagracht mar mhaoirseoirí sna cúraimí sin agus chun cabhrú leo tuiscint iomlán a bheith acu ar chúrsaí pearsanra laistigh den eagraíocht. Dar linn go bhfuil dul chun cinn maith déanta againn maidir leis sin.”76


177. Ní thagann RTÉ faoi réim an Achta um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977. Dúirt an Stiúrthóir Pearsanra ina fhianaise nach raibh sé in aghaidh lucht oibre a bheith ina stiúrthóirí. Ba é a thuairim, áfach, nach gcuirfeadh bainistíocht ag an lucht oibre deireadh leis na deacrachtaí a chuireann as do thionscail in Éirinn, agus do RTÉ go speisialta. Ba é a thuairim gurb é a bhí ag teastáil ná i bhfad níos mó idirchainteanna laistigh den eagraíocht sa réimse faoi bhun leibhéal an Bhoird agus tá sin ag titim amach. Tá socrú rialta ann anois trína mbuaileann na hoifigigh ceardchumainn leis an bPríomh-Stiúrthóir agus leis na feidhmeannaigh sinsearacha chun aon ní a phlé is ábhar comhshuime acu. Áirítear ansin fadhbanna airgeadais san eagraíocht a phlé.77


178. Dúirt an Stiúrthóir Pearsanra leis an gCoiste “nach raibh cúrsaí tionscail, mar a bhí in RTÉ sna blianta 1977/78, ann níos mó inniu”; nach bhféadfaí na hathruithe móra agus an leathnú a rinneadh le dhá bhliain anuas a chur i gcrích gan mór-iarracht comhoibríochta ón bhfoireann, bíodh is gur tháinig fás mór ar líon na foirne, agus nach bhféadfaí an leathnú sin a dhéanamh gan glacadh le mórchuid athruithe teicneolaíochta.78 Déanann an Coiste comhghairdeas leis an Údarás agus leis an bhfoireann as an dul chun cinn atá déanta acu leis an gcúram sin.


VII CRÍOCH

7.1 Teicneolaíocht Nua

179. Tiocfaidh feabhas mór ar ábhar na gcláracha ó na cúigí nuair a thabharfar isteach dhá dheis theicneolaíochta nua i.e. trealamh a bhaineann le Nuachtbhailiú Leictreonach (NBL), Táirgeadh Allamuigh Leictreonach (TAL); agus Nasc-Ghréasán Micreathonnach Teilifíse.


180. Is í an Roinn Poist agus Telegrafa, ar bhonn cíosa, a sholáthraíonn agus a chothabhálann do RTÉ an córas nasc-dáilte micreathonnach náisiúnta le haghaidh craolacháin, cé is moite den nasc idir Domhnach Broc agus Cipiúir, arb iad RTÉ a chothabhálann agus a oibríonn é mar nasc seirbhíse speisialta. Ceapann RTÉ gur chóir oibriú agus cothabháil an nasc-ghréasáin chraolacháin mhicreathonnaigh uile a bheith faoina rialú in áit é bheith faoi rialú na Roinne Poist agus Telegrafa. Maíonn RTÉ nach bhfuil sé loighciúil go mbeadh RTÉ freagrach as na cláracha a dhéanamh ach san am céanna nach mbeadh aon chumhacht acu maidir le scaipeadh na gcláracha sin chun a dtarchuradóirí féin ar fuaid na tire. Mar chríoch, is é a chreideann RTÉ ná gur chóir gur orthu féin a bheadh an fhreagracht i gcás an chraolacháin go huile ón bpointe mar a gcuirtear tús le clár trí na naisc chun na dtarchuradóirí agus na dtrasuitheoirí.


181. Mar a dúradh i mír 132, luaigh an tAire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa, ar an 12 Márta 1981, go rabhthas ag súil go mbeadh an nasc-ghréasán micreathonnach teilifíse nua ullamh chun seirbhíse “i gceann sé mhí nó mar sin”. Is é tuairim an Choiste gur chóir tús a chur le hidirchainteanna idir RTÉ agus an Roinn Poist agus Telegrafa chun féachaint chuige an bhféadfaí an fhreagracht a bhaineann le hoibriú agus le cothabháil an ghréasáin chraolacháin mhicreathonnaigh a chomhordú níos fearr. Is é tuairim an Choiste, leis, gur chóir do RTÉ agus do Ghrúpa Ceardchumainn RTÉ gach iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach go luath i dtaobh na bpointí a choisceann an trealamh nua NBL/TAL a úsáid.


7.2 Dúshlán RTÉ sna blianta atá romhainn

182. Tá 45 faoin gcéad de dhaonra na tíre in ann na bealaí BBC agus ITV a ghlacadh ar a ngléasanna téilifíse i dteannta bealaí RTÉ. D’fhéadfadh sé go méadófaí fós an líon bealaí sin trí leathnú a dhéanamh ar na seirbhísí teilifíse cábla. Go luath, beidh an ceathrú bealach ón mBreatain ann agus an chosúlacht air go mbeidh fáil air acu siúd sna limistéir ilbhealaigh.


183. Táthar ag súil go mbeidh tuilleadh iomaíochta fós ann nuair a thosóidh Dír-Chraoladh Satailíte (DCS). Sa Ghinéiv, i 1977, d’ullmhaigh an Chomhdháil Raidió Dhomhanda um Riaradh Craolacháin Satailíte plean domhanda (gan an dá Mheiriceá a áireamh) don DCS don tréimhse 1 Eanáir 1979 go 31 Nollaig 1993. De réir an phlean sin, tá suíomh fithiseach dáilte ar thíortha san Eoraip faoi chomhair satailítí le haghaidh dír-chraoladh, maille le minicíochtaí chun bealaí teilifíse a chur ar fáil. Beidh gach bealach in ann fóirithint ar an tír uile de réir cumhachtaí a bheidh dóthanach le go bhféadfaidh daoine le trealamh glacadóireachta simplí baile na cláracha a chuirfear amach a ghlacadh go díreach. D’fhógair an Fhrainc agus an. Iar-Ghearmáin pleananna i 1979 chun comhoibriú maidir le forbairt a dhéanamh ar shatailítí dír-chraolacháin. Tá an dóchas acu satailítí réamh-oibritheacha a lainseáil, ceann do gach tír, i 1984. Tá na tíortha Lochlannacha agus an Eilvéis ag pleanáil seirbhísí DCS. Sa Ríocht Aontaithe, tá forbairt seirbhísí DCS á mbreithniú go gníomhach. Dá mba rud é go mbeadh fáil ar sheirbhísí DCS coigríche in Éirinn bheadh tábhacht nach beag aige i leith córas craolacháin na tíre seo mar atá sé. Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ leis an gCoiste; “Faoi cheann deich mbliana, beidh, i mo thuairimse, roinnt cláracha ó DCS coigríche ar fáil”.79


184. Dúshlán breise eile do RTÉ is ea teacht na bhfístéipeanna agus, le déanaí, an físdiosca. Creideann Príomh-Stiúrthóir RTÉ áfach, go bhfuil costas na dtéipeanna bunaidh pas ard agus “nach gceannóidh daoine iad gach lá”. Ní cheapann sé go gcuirfidh an físdiosca isteach oiread sin ar an teilifís.80


185. Is é tuairim an Choiste nach bhfuil dul as an mbreis iomaíochta sin, i gcás RTÉ de. Ón uair go bhfuil níos mó tábhacht ag baint le seirbhísí de chineál iomaíoch, beidh ar RTÉ iad féin a ullmhú agus aghaidh a thabhairt ar shaol a éireoidh i bhfad níos iomaíche, sna blianta atá romhainn.


7.3 Buíochas

186. D’éist an Coiste le fianaise béil ó RTÉ, ó Ghrúpa Ceardchumainn RTÉ, ón mBuíon Staidéir ar Mhná ag Craoladh, ó Ridirí Naomh Colmán, ón bPráinn-Ionad Banéigin, ón St. Thomas More Society agus ón Irish Family League.


Gheofar i bhFoscríbhinn 17 liosta de na heagraíochtaí agus de na daoine a chuir isteach fianaise scríofa.


Tá an Coiste faoi chomaoin ag gach duine a thug fianaise.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


7 Bealtaine 1981


1 An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960, Alt 16 (1).


2 Tá Croineolaíocht Chraolacháin don tréimhse 1923-1979 leagtha amach i bhFoscríbhinn 1.


3 An tAcht um Údarás Craolacháin, 1976, Alt 16 (1).


4 Fianaise (Ceist 178).


5 Fianaise (Ceist 203).


6 Fianaise (Ceisteanna 208-210).


7 Fianaise (Ceisteanna 1 agus 2).


8 Aistríodh maoin dár luach £249,000 go RTÉ faoi alt 32 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960.


* De réir buanphraghasanna (1980)


9 £2 mhilliún i 1979-80.


10 Barrachas (easnamh)—£0.14m. (1976); £1.52m. (1977); £1.23m (1978); (£0.51m.) (1979); £0.05m. (1980).


11 Television Audience Measurement Ltd. (TAM) is ainm don chuideachta a thomhaiseann na patrúin féachana teilifíse thar ceann RTE.


12 Fianaise (Ceist 11).


13 Fianaise (Ceist 10).


14 Fianaise (Ceist 16).


* Sa bhliain 1979 tháinig athrú ar na figiúirí toisc go raibh laghdú ar na muirir a d’éiligh an Roinn Poist agus Telegrafa de dheasca na stailce poist.


15 Fianaise (Ceist 24).


16 Fianaise (Ceist 26).


17 Feic mír 45.


18 San Ioruaidh, féadann na póilíní dul isteach in áitreabh agus gléas a ghabháil más cás an-neamhghnách atá i gceist [Fianaise (Ceist 17)].


19 Fianaise (Ceist 82).


20 Fianaise (Ceisteanna 72 agus 76).


21 Fianaise (Ceist 380).


22 Fianaise (Ceist 86).


23 Fianaise (Ceist 81).


24 Fianaise (Ceist 84).


25 Fianaise (Ceisteanna 110 agus 111).


26 Fianaise (Ceist 117).


27 Fianaise (Ceist 52).


28 Fianaise (Ceist 59).


29 Glan ar iarmhair, costas a bhain le díol an chláir agus coimisiún do ghníomhaire Díolacháin RTÉ.


30 Fianaise (Ceist 55).


31 Luaigh comhairleoirí bainistíochta RTÉ, maidir le coras rialaithe buiséadachta ina leagtar síos caiteachais buiséadachta gach bliana, go príomh faoi threoir costais iarbhír na bliana reatha nó na bliana roimhe sin, nach córas é a d’aimseodh bealaí neamhéifeachtúla nó diomailt eile ann, ná a chuirfeadh deireadh leo. Chuige sin, ba chóir buiséad gach ionad costais a leagadh amach go críochnaitheach mír ar mhír, chun a chinntiú go mbeadh gach costas buiséadachta riachtanach agus gan bheith ag gníomhú faoi threoir chostais taifeadta ó bhlianta roimhe sin, ag cur boilsciú san áireamh. Glaoitear Buiséadú Nialas-Bhunaithe ar an gcóras sin, mar a gcuirtear buiséid le chéile mír, go tomhaiste.


32 Fianaise (Ceist 167).


33 Aighneacht ó RTÉ chun an Choiste.


34 Aighneacht RTÉ chun an Choiste.


35 Aighneacht RTÉ chun an Choiste.


36 Fianaise (Ceist 10).


37 Aighneacht RTÉ chun an Choiste.


38 Alt 18 d’Acht 1960, arna leasú le halt 3 d’Acht 1976.


39 Alt 31 d’Acht 1960, arna leasú le halt 16 d’Acht 1976.


40 Broadcasting in Ireland, Desmond Fisher (1978).


41 Fianaise (Ceist 288).


42 Fianaise (Ceisteanna 251, 277 agus 278).


43 Fianaise (Ceist 287).


44 Fianaise (Ceist 309).


45 Fianaise (Ceist 311).


46 Fianaise (Ceist 480).


47 Fianaise (Ceist 329).


48 Fianaise (Ceist 330).


49 Fianaise (Ceist 363).


50 Nuacht-Bhailiú Leicreonach/Táirgeadh Allamuigh Leictreonach.


51 Fianaise (Ceist 423).


52 Freagra ar Cheist Parlaiminte Uimh. 6, 12 Márta 1981.


53 Meamram ó RTÉ.


54 Fianaise (Ceist 355).


55 Fianaise (Ceist 232).


56 Fianaise (Ceist 234).


57 Fianaise (Ceist 358).


58 Fianaise (Ceist 356).


59 Fianaise (Ceist 384).


60 Fianaise (Ceist 441).


61 Fianaise (Ceist 507).


62 Na moltaí ón mBuíon Oibre maidir le fostaíocht ban in RTÉ, tá siad pléite i mír 170.


* Ag fónamh 30 Meán Fómhair.


63 Fianaise (Ceisteanna 130-132).


64 Fianaise (Ceist 150).


65 Fianaise (Ceist 148).


66 Fianaise (Ceist 154).


67 Fianaise (Ceist 153).


68 Foscríbhinn 11.


69 Fianaise (Ceist 129).


70 Is é sin, fadhb an stálaithe i gcás léiritheoirí fadseirbhíse.


71 Fianaise (Ceist 135).


72 Fianaise (Ceist 137).


73 Fianaise (Ceist 138).


74 Fianaise (Ceist 157).


75 Fianaise (Ceist 158).


76 Fianaise (Ceist 171).


77 Fianaise (Ceist 175).


78 Fianaise (Ceist 177).


79 Fianaise (Ceist 217).


80 Fianaise (Ceist 223).